European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2088

21.10.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2088 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 806/2014, (AE) 2021/523 agus (AE) 2024/1620 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, Airteagal 173 agus Airteagal 175, an tríú mír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe agus nochta chun faireachán cuí ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú ceart dhlí an Aontais a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, na ceanglais sin a fheabhsú, a chuíchóiriú agus a nuachóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an cuspóir atá beartaithe dóibh, chun an t-ualach riaracháin a theorannú agus chun dúbailt mhíchuí tuairiscithe a sheachaint d’údaráis agus d’eintitis.

(2)

Dá bhrí sin, is tosaíochtaí iad ceanglais tuairiscithe agus nochta a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a laghdú gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais gaolmhara, a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta san earnáil airgeadais agus le minicíocht an tuairiscithe a bhaineann le Clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(3)

Tá socruithe i Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010 (5), (AE) Uimh. 1093/2010 (6), (AE) Uimh. 1094/2010 (7), (AE) Uimh. 1095/2010 (8), (AE) Uimh. 806/2014 (9), (AE) 2021/523 agus (AE) 2024/1620 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun roinnt ceanglas tuairiscithe agus nochta a bhunú. Ba cheart bailiú agus malartú faisnéise faoi na ceanglais sin a shimpliú, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’.

(4)

Ceanglaítear ar institiúidí airgeadais agus ar eintitis eile atá gníomhach sna margaí airgeadais raon leathan faisnéise a thuairisciú chun cur ar chumas an Aontais agus na n-údarás náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an gcóras airgeadais faireachán a dhéanamh ar rioscaí, cobhsaíocht airgeadais agus sláine an mhargaidh a áirithiú, agus infheisteoirí agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais san Aontas a chosaint. Ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (ar a dtugtar le chéile na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna)) agus don Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620, ba cheart dóibh athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe agus nochta arna nglacadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm agus moladh a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ceanglais iomarcacha nó díréireacha nó ceanglais atá imithe i léig a chuíchóiriú nó a bhaint. Ina theannta sin, ba cheart do ÚMEnna agus ÚCSA aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála sna caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme ábhartha. Ba cheart do ÚMEnna a gcuid oibre a chomhordú trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (‘an Comhchoiste’). Ina theannta sin, ba cheart do ÚMEnna anailís rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na mBallstát agus ar na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith eatarthu maidir le ceanglais tuairiscithe agus nochta a eascraíonn as cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme dhlí an Aontais, agus dea-chleachtais a shainaithint chun cóineasú maoirseachta a chothú.

(5)

Eascraíonn na ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig go príomha as neamhréireachtaí cothrománacha sa reachtaíocht earnáilsonrach agus thrasearnálach, nó as neamhréireachtaí ingearacha idir ceanglais an Aontais agus ceanglais na mBallstát (‘rórialáil’). D’fhéadfadh ceanglais tuairiscithe eile teacht chun bheith míchuí i bhfianaise forbairtí gnó agus rialála. Dá bhrí sin, ní hamháin gur cheart do ÚMEnna agus ÚCSA athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, ach ba cheart dóibh a bheith in ann tuairimí a thabhairt freisin maidir le feidhmiú na ngníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm.

(6)

Déanann ÚMEnna, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, an Bord Réitigh Aonair (BRA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, an Banc Ceannais Eorpach mar údarás inniúil i ndáil leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (11), agus ÚCSA, i gcomhar leis na húdaráis inniúla earnála, raon leathan faisnéise a eascraíonn as ceanglais tuairiscithe faoi dhlí an Aontais a bhailiú go rialta. Trí chomhroinnt agus athúsáid na faisnéise sin le húdaráis eile an Aontais agus údaráis náisiúnta eile a dhéanann maoirseacht ar an gcóras airgeadais a éascú, agus cosaint sonraí, rúndacht ghairmiúil agus maoin intleachtúil á gcoimirciú, ba cheart go laghdófaí an t-ualach riaracháin ar eintitis tuairiscithe agus ar údaráis trí iarrataí dúblacha a sheachaint, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 dar teideal ‘Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh’. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh comhroinnt faisnéise rannchuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseachta agus ar chóineasú maoirseachta.

(7)

Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht maidir le bailiú, próiseáil agus úsáid faisnéise, ba cheart do ÚMEnna, BERS, BRA, BCE mar údaráis inniúla i ndáil leis na sonraí arna mbailiú mar chuid de na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus ÚCSA, arna iarraidh sin, an fhaisnéis a fhaigheann siad ó institiúidí airgeadais, ó eintitis tuairiscithe eile nó ó údaráis eile a chomhroinnt, ar bhonn tráthrialta nó cás ar chás, le húdaráis atá i dteideal an fhaisnéis chéanna a bhailiú de bhun dhlí an Aontais. Áirítear leis sin cásanna ina bhfuil na húdaráis sin i dteideal an fhaisnéis a bhailiú ó institiúidí airgeadais, eintitis tuairiscithe nó údaráis tuairiscithe éagsúla. Ar an gcúis chéanna, ba cheart údaráis a fheabhsaíonn faisnéis trína glanadh nó trína saibhriú a bheith in ann an fhaisnéis fheabhsaithe sin a chomhroinnt freisin. Chun an prionsabal ‘tuairisciú uair amháin’ a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí, seachas faisnéis a iarraidh ar eintitis tuairiscithe, ba cheart do ÚMEnna, BRA, BCE mar údarás inniúil agus ÚSAC, go ginearálta, faisnéis a iarraidh ar údaráis eile i gcás ina bhfuil a fhios acu nó inar féidir leo a bheith ag súil go réasúnta go bhfuil an fhaisnéis sin bailithe cheana féin ag na húdaráis eile sin, agus i gcás nach gcuirfeadh an iarraidh sin cumas ÚMEnna, BRA, BCE mar údarás inniúil nó ÚCSA a gcuid cúraimí i mbaol.

(8)

Cé go leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha sonracha maidir le comhroinnt faisnéise idir ÚMEnna, BERS, BRA, BCE mar údarás inniúil agus ÚCSA, ba cheart údaráis eile de chuid an Aontais agus údaráis náisiúnta a bheith in ann, agus moltar dóibh, faisnéis a chomhroinnt le húdaráis eile agus faisnéis a iarraidh orthu a mhéid is féidir, chun an t-ualach tuairiscithe a laghdú agus sreafaí sonraí éifeachtúla a áirithiú.

(9)

I gcás inar gá chun comhroinnt faisnéise eatarthu féin a éascú, moltar do na húdaráis meabhráin tuisceana a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta na mionsonraí teicniúla is gá a leagan amach sna meabhráin tuisceana sin chun malartú éifeachtúil sonraí gan uaim a chumasú, agus chun acmhainní a chomhroinnt chun sonraí comhroinnte a bhailiú agus a phróiseáil. D’fhonn formáid shimplí chaighdeánaithe a bhunú, a mhéid is féidir, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoirlínte a fhorbairt maidir le príomhghnéithe na meabhrán tuisceana sin.

(10)

Ba cheart na rialacha maidir le comhroinnt faisnéise a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith ina gcomhlánú ar na féidearthachtaí atá ann cheana maidir le malartú faisnéise dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais agus, in aon chás, níor cheart srian a bheith á chur ar na féidearthachtaí sin leis na rialacha sin. Go háirithe, i gcásanna áirithe, tá forálacha sonracha i ndlí an Aontais cheana féin maidir le ceanglais tuairiscithe agus maidir le comhroinnt faisnéise idir údaráis. Cuirtear na forálacha sin in oiriúint do na cuspóirí sonracha a shaothraítear le dlí an Aontais lena mbaineann. I gcás ina bhfuil forálacha níos sonraí ann cheana maidir le comhroinnt faisnéise, ba cheart na húdaráis a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt i gcomhréir leis na forálacha sonracha sin. Ba cheart forlámhas a bheith ag na forálacha sin i gcás ina mbeadh coinbhleacht ann leis an Rialachán seo. Go háirithe, le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, Rialachán (AE) 2024/1620 agus Treoir (AE) 2015/849 (12), agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle, tugadh isteach sásraí cuimsitheacha le haghaidh comhroinnt faisnéise idir BRA agus údaráis réitigh náisiúnta faoi chuimsiú an tsásra réitigh aonair, idir ÚCSA agus údaráis inniúla náisiúnta a bhíonn ag déileáil le hábhair frithsciúrtha airgid, agus idir BCE mar údarás inniúil agus údaráis inniúla náisiúnta atá mar chuid den sásra maoirseachta aonair. Chun a áirithiú go ndéantar an malartú faisnéise idir na húdaráis sin i gcomhréir leis na sásraí sonracha a tugadh isteach leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais, is iomchuí na malartuithe sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(11)

Ba cheart do ÚMEnna measúnú a dhéanamh ar roghanna chun gnéithe substainteacha agus nós imeachta na bpróiseas tuairiscithe a chomhtháthú tuilleadh. Ba cheart dóibh freisin measúnú a dhéanamh ar na deiseanna a eascraíonn as úsáid mhéadaithe na dteicneolaíochtaí digiteacha, d’fhonn socruithe tuairiscithe éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn lena gcothófaí iomaíochas na hearnála airgeadais.

(12)

I ndáil leis an méid sin, le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gCoimisiún agus na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras airgeadais maidir le féachaint an bhféadfaí córais tuairiscithe chomhtháite a bhunú in earnálacha áirithe. Tá gá le córais tuairiscithe nuálacha den sórt sin chun tairbhe a bhaint as comhroinnt bhreise sonraí idir na húdaráis sin. Ag cur leis an obair earnála leanúnach sin, ba cheart do na húdaráis sin tuarascáil a ullmhú ina bhfuil moltaí chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maoirseachta, ina ndéantar measúnú ar an indéantacht agus, bunaithe ar an measúnú sin, ina gcuirtear treochlár i láthair chun an córas tuairiscithe comhtháite trasearnála a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith mar sprioc córas tuairiscithe comhtháite aonair a bhunú.

(13)

Chun tacú leis an obair ar an tuairisciú a chomhtháthú agus d’fhonn deireadh a chur le haon ualach nach bhfuil gá leis, ba cheart do na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an earnáil airgeadais pointe teagmhála aonair buan a bhunú go pras ar féidir le heintitis ceanglais tuairiscithe agus nochta atá dúblach, imithe i léig nó iomarcach a chur in iúl dó.

(14)

Teastaíonn faisnéis chruinn agus chuimsitheach ón gCoimisiún chun beartais a fhorbairt, chun meastóireacht a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá ann cheana agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear an tionchar a bheadh ag gníomhartha reachtacha atá faoi chaibidil. Cé nach mbunaítear leis an Rialachán seo rialacha nua maidir le comhroinnt faisnéise ag na húdaráis leis an gCoimisiún, chun foráil a dhéanamh maidir le cur chuige fianaise-bhunaithe i ndáil le beartais an Aontais a chinneadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis, agus moltar dóibh é, an fhaisnéis a thuairiscigh institiúidí airgeadais nó eintitis eile dóibh i gcomhréir le dlí an Aontais a chomhroinnt leis an gCoimisiún, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

(15)

Tá dlús á chur le timthriallta nuálaíochta san earnáil airgeadais agus tá siad ag éirí níos oscailte agus níos comhoibríche. Dá bhrí sin, ba cheart údaráis a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt le hinstitiúidí airgeadais, taighdeoirí agus eintitis eile ar féidir leo a léiriú don údarás ábhartha go bhfuil leas dlisteanach acu an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha taighde agus nuálaíochta thar an gcuspóir tosaigh dár bailíodh an fhaisnéis. Chuirfeadh an chomhroinnt faisnéise sin feabhas ar a húsáideacht tríd an bhfaisnéis atá ar fáil le haghaidh taighde san earnáil airgeadais a mhéadú, agus sholáthródh sé níos mó deiseanna chun táirgí agus samhlacha gnó a thástáil. D’fhágfadh sé freisin go mbeadh níos mó comhair ann idir na rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh airgeadais, lena n-áirítear gnóthais teicneolaíochta airgeadais, gnólachtaí nuathionscanta agus institiúidí airgeadais atá ann faoi láthair. Rialaítear athúsáid sonraí arna gcomhroinnt ag údaráis leis an gcreat ginearálta a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Mar sin féin, i bhfianaise íogaireacht na sonraí a fhaigheann na húdaráis san earnáil airgeadais chun críoch maoirseachta, ba cheart cosaint leas an phobail agus go háirithe slándáil eacnamaíoch an Aontais a áirithiú nuair a athúsáidtear na sonraí sin. Dá bhrí sin, tugtar isteach leis an Rialachán seo coinníollacha éigeantacha sonracha maidir le hathúsáid na sonraí sin, lena n-áirítear anaithnidiú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta, chun a áirithiú nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint agus go gcosnaítear faisnéis rúnda. Ba cheart na nósanna imeachta agus na céimeanna uile i mbailiú, caighdeánú, anaithnidiú, stóráil agus comhroinnt sonraí a bheith faoi réir na mbeart cibearshlándála is déanaí dá bhforáiltear le dlí an Aontais.

(16)

Trí mhinicíocht an tuairiscithe ar Chlár InvestEU ag comhpháirtithe cur chun feidhme a athrú ó thuairisciú leathbhliantúil go bliantúil, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an ualach riaracháin ar na comhpháirtithe cur chun feidhme, na hidirghabhálaithe airgeadais, FBManna agus cuideachtaí eile gan aon cheann d’eilimintí substainteacha Rialachán (AE) 2021/523 a athrú.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin, ceanglais tuairiscithe a fheabhsú, a chuíchóiriú agus a nuachóiriú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go leagtar síos na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann i ndlí an Aontais agus, de bharr deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht an tuairiscithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 806/2014, (AE) 2021/523 agus (AE) 2024/1620 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Gan dochar d’Airteagail 15 agus 16 agus do chur i bhfeidhm an dlí choiriúil, ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 1 le linn a ndualgais a chomhlíonadh a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán atá de chineál a fhágann nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.’

;

(2)

in Airteagal 15, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘8.   Comhroinnfidh BERS, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó cheann de na húdaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, le húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.

9.   Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 8 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus BERS faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus na bhforálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 8 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais nó údaráis eile agus an t-údarás iarrthach, agus idir údaráis eile agus BERS.

10.   I gcás ina malartaíonn BERS faisnéis de bhun mhír 8, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar BERS an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.

11.   De mhaolú ar mhír 10, ní bheidh sé d’oibleagáid ar BERS an t-údarás a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

12.   Beidh feidhm ag míreanna 8 go 11 freisin maidir le faisnéis a fhaigheann BERS ó údaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag BERS uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh BERS ar shlí eile.

13.   Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 8 go 12 a éascú, féadfaidh BERS agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun faisnéis chomhroinnte a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.

14.   Beidh míreanna 8 go 13 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir BERS agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina bhfuil coimhlint idir míreanna 8 go 13 agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir BERS agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

15.   Féadfaidh BERS, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áirithíonn BERS gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí ná Ballstáit aonair a shainaithint;

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

16.   Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh BERS don Choimisiún maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc air, ar bealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlíthiúla sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

17.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a)

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(b)

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(c)

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(d)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(e)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(f)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(g)

na húdaráis atá sa Sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(h)

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(i)

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE;

(j)

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle (*3);

(k)

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(*1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj)."

(*2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj)."

(*4)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj)’."

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 16a(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘Sna tuairimí uaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú na ngníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear a iomchuí atá sé deireadh a chur le haon cheanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó i mbearta de chuid an dlí náisiúnta lena dtrasuitear dlí an Aontais.

Chun tuairimí a thabhairt maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle go sonrach leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile maidir leis an ábhar sin agus a n-ionchur a chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na tuairimí sin a bhreithniú, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’

;

(2)

in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin, lena n-áirítear leasuithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;

(ii)

ceanglais chomhréireacha agus chomhsheasmhacha maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú; agus

(iii)

aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta;’

;

(3)

in Airteagal 30(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid cóineasaithe na gceanglas sin arna nglacadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm nó á chur chun feidhme, agus saintréithe sonracha na gcreataí dlíthiúla airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh.’

;

(4)

in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon dúbailt ar na ceanglais tuairiscithe, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’

;

(5)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 35a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair siad ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.

2.   Iarrfaidh an tÚdarás agus BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó institiúidí airgeadais, ar choinníoll go bhfuil an tÚdarás nó BCE, de réir mar is infheidhme, i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír den mhír seo gan dochar do chumhachtaí an Údaráis nó BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá an fhaisnéis a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais chun cúraimí an Údaráis nó BCE a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

3.   Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an tÚdarás agus BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán seo, in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus idir an institiúid airgeadais agus an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i).

4.   I gcás ina malartaíonn an tÚdarás nó BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach institiúid airgeadais, má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó institiúidí airgeadais, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás ná ar BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), an institiúid airgeadais nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás ná BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), an t-údarás ná an institiúid airgeadais, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle (*6).

6.   De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i) an institiúid airgeadais ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann siad, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas iad, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.

7.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an tÚdarás agus BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta acu uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh siad ar shlí eile.

8.   Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i) agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.

9.   Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i) agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

10.   Féadfaidh an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), agus na húdaráis inniúla, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás, BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), nó an t-údarás inniúil a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an tÚdarás nó BCE a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair, a shainaithint;

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

11.   Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an tÚdarás agus BCE, mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

12.   Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35(4) agus Airteagal 70(3), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010;

(b)

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(c)

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(d)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), den Rialachán seo;

(e)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(f)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(g)

na húdaráis atá sa sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(h)

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(i)

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE;

(j)

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

(k)

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina bhfuil feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le BCE, dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (2)(i), den Rialachán seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cé is moite d’údaráis inniúla náisiúnta ar cuid den sásra aonair maoirseachta iad.

Airteagal 35b

Córas tuairiscithe comhtháite

1.   Faoin 11 Samhain 2030, ullmhóidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA, leis na húdaráis inniúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, tuarascáil ina gcuirtear roghanna i láthair chun éifeachtúlacht bhailiú na sonraí maoirseachta san Aontas a fheabhsú. Ag cur le hobair earnálach ÚMEnna ar thuairisciú a chomhtháthú, soláthrófar staidéar indéantachta sa tuarascáil sin, lena n-áirítear measúnú ar na tionchair, na costais agus na tairbhí a ghabhann le córas tuairiscithe comhtháite trasearnála agus, bunaithe ar an staidéar indéantachta sin, cuirfear treochlár i láthair chun an córas sin a chur chun feidhme.

Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

foclóir coiteann sonraí, lena n-áirítear stór ceanglas tuairiscithe agus nochta, lena n-áirithítear comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí; agus

(b)

spás sonraí chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú.

Agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur san áireamh agus tar éis measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, togra reachtach a thíolacadh chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá chun an córas tuairiscithe comhtháite a bhunú a áirithiú.

2.   Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA agus leis na húdaráis inniúla, pointe teagmhála aonair buan a bhunú go pras d’eintitis chun ceanglais tuairiscithe agus nochta atá dúblach, iomarcach nó imithe i léig a chur in iúl.

(*5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj)."

(*6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj)."

(*7)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj)."

(*8)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).’;"

(6)

in Airteagal 54(2), cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:

‘—

ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.’

;

(7)

in Airteagal 70(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla agus leis na húdaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 16a(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘Sna tuairimí uaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú na ngníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear a iomchuí atá sé deireadh a chur le haon cheanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó i mbearta de chuid an dlí náisiúnta lena dtrasuitear dlí an Aontais.

Chun tuairimí a thabhairt maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle go sonrach leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile maidir leis an ábhar sin agus a n-ionchur a chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na tuairimí sin a bhreithniú, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’

;

(2)

in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin, lena n-áirítear leasuithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;

(ii)

ceanglais chomhréireacha agus chomhsheasmhacha maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú; agus

(iii)

aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta;’

;

(3)

in Airteagal 30(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid cóineasaithe na gceanglas sin arna nglacadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm nó á chur chun feidhme, agus saintréithe sonracha na gcreataí dlíthiúla airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh.’

;

(4)

in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon dúbailt ar na ceanglais tuairiscithe, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’

;

(5)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 35a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.

2.   Iarrfaidh an tÚdarás faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó institiúidí airgeadais, ar choinníoll go bhfuil an tÚdarás i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar do chumhachtaí an Údaráis an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá an fhaisnéis a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais chun cúraimí an Údaráis a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

3.   Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an tÚdarás faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus idir an institiúid airgeadais agus an tÚdarás.

4.   I gcás ina malartaíonn an tÚdarás faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach institiúid airgeadais, má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó institiúidí airgeadais, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an institiúid airgeadais nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-údarás ná an institiúid airgeadais, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

6.   De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an tÚdarás an institiúid airgeadais ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.

7.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an tÚdarás ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an Údarás uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an tÚdarás ar shlí eile.

8.   Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.

9.   Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

10.   Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás nó an t-údarás inniúil a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an tÚdarás a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

11.   Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an tÚdarás don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

12.   Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35(4) agus Airteagal 70(3), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;

(b)

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(c)

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;

(d)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), den Rialachán seo;

(e)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(f)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(g)

na húdaráis arb iad an sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (*11);

(h)

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12);

(i)

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13);

(j)

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14);

(k)

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15);

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

Airteagal 35b

Córas tuairiscithe comhtháite

1.   Faoin 11 Samhain 2030, ullmhóidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA, leis na húdaráis inniúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, tuarascáil ina gcuirtear roghanna i láthair chun éifeachtúlacht bhailiú na sonraí maoirseachta san Aontas a fheabhsú. Ag cur leis obair earnálach ÚMEnna ar thuairisciú a chomhtháthú, soláthrófar staidéar indéantachta sa tuarascáil sin, lena n-áirítear measúnú ar na tionchair, na costais agus na tairbhí a ghabhann le córas tuairiscithe comhtháite trasearnála agus, bunaithe ar an staidéar indéantachta sin, cuirfear treochlár i láthair chun an córas sin a chur chun feidhme.

Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

foclóir coiteann sonraí, lena n-áirítear stór ceanglas tuairiscithe agus nochta, lena n-áirithítear comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí; agus

(b)

spás sonraí chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú.

Agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur san áireamh agus tar éis measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, togra reachtach a thíolacadh chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá chun an córas tuairiscithe comhtháite a bhunú a áirithiú.

2.   Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA agus leis na húdaráis inniúla, pointe teagmhála aonair buan a bhunú go pras d’eintitis chun ceanglais tuairiscithe agus nochta atá dúblach, iomarcach nó imithe i léig a chur in iúl.

(*9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj)."

(*10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj)."

(*11)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj)."

(*12)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj)."

(*13)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj)."

(*14)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrach Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj)."

(*15)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).’."

(6)

in Airteagal 54(2), cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:

‘—

ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.’

;

(7)

in Airteagal 70(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla agus leis na húdaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.’.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 16a(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘Sna tuairimí uaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú na ngníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear a iomchuí atá sé deireadh a chur le haon cheanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó i mbearta de chuid an dlí náisiúnta lena dtrasuitear dlí an Aontais.

Chun tuairimí a thabhairt maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle go sonrach leis na páirtithe leasmhara uile maidir leis an ábhar sin agus a n-ionchur a chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na tuairimí sin a bhreithniú, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’

;

(2)

in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin, lena n-áirítear leasuithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;

(ii)

ceanglais chomhréireacha agus chomhsheasmhacha maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú; agus

(iii)

aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta.’

;

(3)

in Airteagal 30(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid cóineasaithe na gceanglas sin arna nglacadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm nó á chur chun feidhme, agus saintréithe sonracha na gcreataí dlíthiúla airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh.’

;

(4)

in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon dúbailt ar na ceanglais tuairiscithe, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’

;

(5)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 35a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.

2.   Iarrfaidh an tÚdarás faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó institiúidí airgeadais, ar choinníoll go bhfuil an tÚdarás i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar do chumhachtaí an Údaráis an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá an fhaisnéis a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais chun cúraimí an Údaráis a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

3.   Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an tÚdarás faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus idir an institiúid airgeadais agus an tÚdarás.

4.   I gcás ina malartaíonn an tÚdarás faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach institiúid airgeadais, má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó institiúidí airgeadais, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe faisnéise ar bhonn tráthrialta, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an institiúid airgeadais nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-údarás ná an institiúid airgeadais, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17).

6.   De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an tÚdarás an institiúid airgeadais ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.

7.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an tÚdarás ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an Údarás uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an tÚdarás ar shlí eile.

8.   Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.

9.   Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

10.   Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás nó an t-údarás inniúil a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an tÚdarás a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

11.   Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an tÚdarás don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

12.   Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35(4) agus Airteagal 70(3), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;

(b)

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(c)

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;

(d)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(e)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(f)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), den Rialachán seo;

(g)

na húdaráis arb iad an sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (*18);

(h)

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19);

(i)

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3), de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20);

(j)

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*21);

(k)

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*22).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

Airteagal 35b

Córas tuairiscithe comhtháite

1.   Faoin 11 Samhain 2030, ullmhóidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA, leis na húdaráis inniúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, tuarascáil ina gcuirtear roghanna i láthair chun éifeachtúlacht bhailiú na sonraí maoirseachta san Aontas a fheabhsú. Ag cur le hobair earnálach ÚMEnna ar thuairisciú a chomhtháthú, soláthrófar staidéar indéantachta sa tuarascáil sin, lena n-áirítear measúnú ar na tionchair, na costais agus na tairbhí a ghabhann le córas tuairiscithe comhtháite trasearnála agus, bunaithe ar an staidéar indéantachta sin, cuirfear treochlár i láthair chun an córas sin a chur chun feidhme.

Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

foclóir coiteann sonraí, lena n-áirítear stór ceanglas tuairiscithe agus nochta, lena n-áirithítear comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí; agus

(b)

spás sonraí chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú.

Agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur san áireamh agus tar éis measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, togra reachtach a thíolacadh chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá chun an córas tuairiscithe comhtháite a bhunú a áirithiú.

2.   Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA agus leis na húdaráis inniúla, pointe teagmhála aonair buan a bhunú go pras d’eintitis chun ceanglais tuairiscithe agus nochta atá dúblach, iomarcach nó imithe i léig a chur in iúl.

(*16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj)."

(*17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj)."

(*18)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj)."

(*19)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj)."

(*20)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj)."

(*21)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj)."

(*22)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).’."

(6)

in Airteagal 54(2), cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:

‘—

ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.’

;

(7)

in Airteagal 70(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla agus leis na húdaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.’.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 31a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an Bord, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.

2.   Iarrfaidh an Bord faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó institiúidí airgeadais, ar choinníoll go bhfuil an Bord i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar do chumhachtaí an Bhoird an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá an fhaisnéis a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais chun cúraimí an Bhoird a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

3.   Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an Bord faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 88 agus 89 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus idir an institiúid airgeadais agus an Bord.

4.   I gcás ina malartaíonn an Bord faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach institiúid airgeadais, má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó institiúidí airgeadais, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mBord an institiúid airgeadais nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mBord an t-údarás ná an institiúid airgeadais, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*23) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*24).

6.   De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an Bord an institiúid airgeadais ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.

7.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an Bord ó institiúid airgeadais nó ó údaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an mBord uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an Bord ar shlí eile.

8.   Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an Bord agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.

9.   Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an Bord agus na hÚdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an Bord agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

10.   Féadfaidh an Bord agus na húdaráis réitigh, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an Bord nó an t-údarás réitigh a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an Bord a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

11.   Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an Bord don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

12.   Chun críocha an Airteagail seo, agus Airteagal 88(7), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;

(b)

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(c)

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;

(d)

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;

(e)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cé is moite de na húdaráis náisiúnta réitigh;

(f)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(g)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(h)

na húdaráis atá sa sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(i)

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*25);

(j)

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*26).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

(*23)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj)."

(*24)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj)."

(*25)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj)."

(*26)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).’;"

(2)

in Airteagal 88, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an mBord faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 31a(12).’.

Airteagal 6

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/523

In Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/523, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Uair amháin sa bhliain, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus í miondealaithe de réir urrann AE agus urrann an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis maidir le hurrann an Bhallstáit faoi bhráid an Bhallstáit a gcuireann sé a urrann chun feidhme freisin. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus ar chomhlíonadh na bpríomhtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Áireofar sonraí oibríochtúla, staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta sa tuarascáil freisin maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus meastachán ar na sreafaí airgid ionchasacha, ar leibhéal na hurrainne, ar leibhéal na réimse beartais agus ar leibhéal Chiste InvestEU. Áireofar faisnéis freisin sa tuarascáil ó Ghrúpa BEI agus, i gcás inarb iomchuí, ó chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, ar faisnéis í a bhaineann le bacainní ar infheistíocht ar thángthas orthu agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna gcumhdach leis an Rialachán seo á ndéanamh. Áireofar sna tuarascálacha an fhaisnéis nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme a sholáthar faoi Airteagal 158(1), pointe (a), den Rialachán Airgeadais.’.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/1620

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/1620 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(k)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear leasuithe ar an méid seo a leanas:

(i)

deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;

(ii)

ceanglais tuairiscithe chomhréireacha agus chomhsheasmhacha a áirithiú; agus

(iii)

aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe.’

;

(2)

in Airteagal 88, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3a.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 92a(12).’

;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 92a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, agus a eascraíonn as cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.

2.   Iarrfaidh an tÚdarás faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó eintitis faoi oibleagáid, ar choinníoll go bhfuil an tÚdarás i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír den mhír seo gan dochar do chumhachtaí an Údaráis an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó eintitis faoi oibleagáid i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá faisnéis a fháil go díreach ó eintitis faoi oibleagáid chun cúraimí an Údaráis a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

3.   Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an tÚdarás faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 88 agus 98 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an t-údarás iarrthach, agus idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an tÚdarás.

4.   I gcás ina malartaíonn an tÚdarás faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach eintiteas faoi oibleagáid má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó eintitis faoi oibleagáid, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-eintiteas faoi oibleagáid nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-údarás ná an t-eintiteas faoi oibleagáid, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

6.   De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an tÚdarás an t-eintiteas faoi oibleagáid ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.

7.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an tÚdarás ó eintiteas faoi oibleagáid nó ó na húdaráis eile agus a ndearna an tÚdarás seiceálacha cáilíochta uirthi ina dhiaidh sin nó a ndearna an tÚdarás próiseáil uirthi ar bhealach eile.

8.   Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomhghnéithe na meabhrán tuisceana sin.

9.   Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an Bord agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile an Rialacháin seo nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

10.   Féadfaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag eintitis faoi oibleagáid, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás nó na maoirseoirí airgeadais a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí eintitis aonair faoi oibleagáid, ábhair sonraí, ná, i gcás inarb é an tÚdarás a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;

(b)

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint;

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

11.   Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an tÚdarás don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na maoirseoirí airgeadais, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh ann freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

12.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (*27);

(b)

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(c)

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;

(d)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(e)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(f)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(g)

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(h)

na húdaráis atá sa sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(i)

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*28);

(j)

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE.

(*27)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1092/oj)."

(*28)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj).’;"

(4)

in Airteagal 55(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘Sna tuairimí uaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú na ngníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear a iomchuí atá sé deireadh a chur le haon cheanglais tuairiscithe atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó i mbearta de chuid an dlí náisiúnta lena dtrasuitear dlí an Aontais.

Chun tuairimí a thabhairt maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle go sonrach leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile maidir leis an ábhar sin agus a n-ionchur a chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na tuairimí sin a bhreithniú, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2024/5048, 16.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5048/oj.

(2)   IO C, C/2024/2485, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2485/oj.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (IO C, C/2025/1021, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1021/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 8 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1092/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach a bhaineann le beartais maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj).

(12)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/868/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2088/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)