|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2083 |
17.10.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2083 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/956 a mhéid a bhaineann le simpliú agus neartú an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ó thus na hidirthréimhse an 1 Deireadh Fómhair 2023 a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sonraí agus faisnéis á mbailiú ag an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) dá bhforáiltear ann, lena n-áirítear tríd an anailís a dhéantar ar thuarascálacha ráithiúla arna dtíolacadh ag dearbhóirí tuairiscithe. Leis an bhfaisnéis a bailíodh agus sna malartuithe leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear malartuithe laistigh den ghrúpa saineolaithe maidir le SCCT, léiríodh réimsí chun SCCT a shimpliú agus a neartú i gcomhréir le tiomantas an Aontais cur chun feidhme rianúil SCCT a áirithiú a luaithe a bheidh deireadh leis an idirthréimhse an 1 Eanáir 2026. |
|
(2) |
Bunaithe ar an taithí a fuarthas agus na sonraí a bailíodh le linn na hidirthréimhse maidir le dáileadh allmhaireoirí earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 isteach san Aontas, níl ach sciar beag de na hallmhaireoirí sin freagrach as formhór mór na n-astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe. An maolú a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí ar luach diomaibhseach, eadhon iad sin nach mó ná EUR 150 iad n aghaidh na coinsíneachta, dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle (4), is cosúil nach leor é chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag SCCT maidir le hallmhaireoirí i gcomhréir le tionchar na n-allmhaireoirí sin ar na hastaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/956. I gcás allmhaireoirí a allmhairíonn cainníochtaí beaga earraí, d’fhéadfadh ualach míchuí a bheith ag baint le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe agus airgeadais a leagtar síos in Rialachán (AE) 2023/956. Ba cheart, dá bhrí sin, maolú nua a thabhairt isteach chun allmhaireoirí cainníochtaí beaga ó thaobh mais earraí de a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán sin a dhíolmhú ó oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/956, agus caomhnú á dhéanamh ag an am céanna ar chuspóir comhshaoil CBAM agus ar a acmhainneacht a chuspóir aeráide beartaithe a ghnóthú. |
|
(3) |
Ba cheart tairseach nua atá bunaithe ar ghlanmhais charnach na n-earraí allmhairithe i mbliain féilire ar leith (‘an tairseach mhais-bhunaithe aonair’) a thabhairt isteach in aghaidh an allmhaireora i Rialachán (AE) 2023/956, agus a shocrú ar dtús ar leibhéal 50 tona. Ba cheart feidhm charnach a bheith ag tairseach mhais-bhunaithe aonair maidir le gach earra in earnálacha an iarainn agus na cruach, an alúmanaim, na leasachán agus na stroighne. I gcás nach ndéanann glanmhais na n-earraí uile arna n-allmhairiú ag allmhaireoir i mbliain féilire ar leith an tairseach mhais-bhunaithe aonair a shárú go carnach, ba cheart allmhaireoir den sórt sin, lena n-áirítear aon allmhaireoir ag a bhfuil stádas dearbhóra SCCT údaraithe, a dhíolmhú, sa bhliain féilire ar leith, ó na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/956 (‘an díolúine de minimis’). I gcás ina sáraíonn allmhaireoir, le linn bliain féilire ábhartha, an tairseach mhais-bhunaithe aonair, ba cheart an t-allmhaireoir sin a bheith faoi réir oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/956 i leith na n-astaíochtaí uile atá leabaithe sna hearraí uile a allmhairítear le linn na bliana féilire ábhartha sin, lena n-áirítear, go háirithe, an oibleagáid stádas dearbhóra SCCT údaraithe a fháil, an oibleagáid dearbhú SCCT a thíolacadh i leith na n-astaíochtaí uile atá leabaithe sna hearraí uile a allmhairítear sa bhliain féilire ábhartha sin agus an oibleagáid deimhnithe SCCT a cheannach agus a ghéilleadh i leith na n-astaíochtaí sin go léir. |
|
(4) |
In earnálacha an leictreachais agus na hidrigine, tá difríocht shubstaintiúil idir príomhghnéithe, amhail cainníocht na n-allmhairí, patrúin trádála, faisnéis chustaim agus déine na n-astaíochtaí agus na príomhghnéithe sin in earnálacha an iarainn agus na cruach, an alúmanaim, na leasachán agus na stroighne. Tugann na difríochtaí sin le tuiscint go mbeadh gá le coigeartuithe casta a thabhairt isteach chun allmhairí leictreachais agus hidrigine a dhéanamh faoi réir tairseach mhais-bhunaithe aonair nach bhfágfadh go bhféadfaí costais riaracháin d’allmhaireoirí sna hearnálacha sin a laghdú go substaintiúil leo. Dá bhrí sin, níor cheart allmhairí leictreachais ná hidrigine a áireamh faoin díolúine de minimis. |
|
(5) |
Le bunú na tairsí mais-bhunaithe aonair a léiríonn meándéine astaíochtaí chainníocht na n-earraí allmhairithe, saothraítear an cuspóir maidir lena áirithiú go bhfanfaidh 99 % ar a laghad d’astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe faoi raon feidhme SCCT agus go mbeidh feidhm ag an díolúine de minimis, dá bhrí sin, maidir le méid nach mó ná 1 % d’astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe. Bheadh an díolúine de minimis ina cur chuige láidir spriocdhírithe toisc go léiríonn sé go cruinn cineál comhshaoil agus cuspóir aeráide SCCT agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le SCCT á laghdú go substaintiúil d’allmhaireoirí, a ndéanfar formhór mór díobh a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/956. Ag an am céanna, leanann SCCT d’fheidhm a bheith aige maidir le 99 % ar a laghad d’astaíochtaí atá leabaithe sna hearraí allmhairithe. Le tairseach mhais-bhunaithe aonair den sórt sin cuirtear deireadh freisin leis an riosca imchéimniúcháin trí choinsíneachtaí a roinnt go saorga ag allmhaireoir aonair. |
|
(6) |
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh gach bliain, ar bhonn sonraí allmhairiúcháin don 12 mhí féilire roimhe sin, i dtaobh ar tharla athrú ábhartha ar mheándéiní astaíochta na n-earraí nó ar an bpatrún trádála in earraí, lena n-áirítear cleachtais imchéimniúcháin. Chun a áirithiú go bhfanfaidh 99 % ar a laghad d’astaíochtaí atá leabaithe sna hearraí allmhairithe faoi raon feidhme SCCT, ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an tairseach mhais-bhunaithe aonair a leasú trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VII de Rialachán (AE) 2023/956. Chun éifeachtacht agus deimhneacht a áirithiú, níor cheart don Choimisiún na gníomhartha sin a ghlacadh ach amháin i gcás inar mó ná 15 thona an méid a dhiallann luach na tairsí a eascraíonn as sin ón tairseach is infheidhme. I gcás ina leasaítear an tairseach mhais-bhunaithe aonair, Ba cheart feidhm a bheith aici amhail ó thús na bliana féilire dár gcionn. |
|
(7) |
Chun a áirithiú go mbeidh an maolú spriocdhírithe go leordhóthanach, ba cheart feidhm a bheith ag an tairseach mhais-bhunaithe aonair maidir le gach allmhaireoir, lena n-áirítear na hallmhaireoirí sin a bhfuil stádas dearbhóra SCCT údaraithe acu. Chun na críche sin, ba cheart allmhairí allmhaireora a chur san áireamh gan beann ar cé acu a dhearbhaigh an t-allmhaireoir féin nó ionadaí indíreach custaim iad. Ba cheart a cheangal i gcónaí ar an ionadaí indíreach custaim, mar gheall ar chineál a ghníomhaíochta agus na hoibleagáidí gaolmhara faoi Rialachán (AE) 2023/956, stádas dearbhóra SCCT údaraithe a fháil sula ngníomhóidh sé thar ceann allmhaireoir i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956. I gcás inar sháraigh allmhaireoir, a ndéanann ionadaí indíreach custaim amháin nó níos mó ionadaíocht air, an tairseach mhais-bhunaithe aonair, ba cheart do gach ionadaí indíreach custaim atá ag gníomhú mar dhearbhóir SCCT údaraithe dearbhú SCCT a chur isteach i leith na n-earraí a d’allmhairigh an t-ionadaí indíreach custaim sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear aon earraí atá faoi bhun na tairsí mais-bhunaithe aonair, i gcás na n-allmhaireoirí sin a ndéantar ionadaíocht orthu agus a sháraigh an tairseach mhais-bhunaithe aonair, agus ba cheart dóibh líon na ndeimhnithe SCCT a chomhfhreagraíonn d’astaíochtaí atá leabaithe sna hearraí sin a ghéilleadh. |
|
(8) |
Chun críocha na deimhneachta dlíthiúla, i gcás ina ngníomhaíonn ionadaí indíreach custaim mar dhearbhóir SCCT údaraithe thar ceann an allmhaireora, is iomchuí a fhoráil go sainráite gur cheart an t-ionadaí indíreach custaim a bheith faoi réir na n-oibleagáidí is infheidhme maidir leis an allmhaireoir sin de bhun Rialachán (AE) 2023/956, go háirithe an oibleagáid dearbhú SCCT a chur isteach i leith na n-earraí arna n-allmhairiú ag an ionadaí indíreach custaim thar ceann an allmhaireora sin agus na deimhnithe SCCT a ghéilleadh i leith na n-astaíochtaí atá leabaithe sna hearraí sin. Mar thoradh air sin, i gcás neamhchomhlíontachta, ba cheart gurbh é an t-ionadaí indíreach custaim a bheadh faoi réir pionós faoi Rialachán (AE) 2023/956. Níor cheart an t-ionadaí indíreach custaim a bheith faoi réir pionós áfach, i gcás nár chomhaontaigh ionadaí indíreach custaim, a ghníomhaíonn thar ceann allmhaireoir atá bunaithe i mBallstát, gníomhú mar dhearbhóir SCCT údaraithe. |
|
(9) |
Bunaithe ar fhaisnéis chustaim, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chainníochtaí na n-earraí a allmhairítear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na tairsí mais-bhunaithe aonair. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann faireachán den sórt sin a dhéanamh freisin. Chun go mbeidh na húdaráis inniúla ábalta cinneadh feasach a dhéanamh, is gá socruithe iomchuí a leagan síos chun an fhaisnéis agus na sonraí is gá a chur ar fáil do na húdaráis inniúla. Ba cheart do gach údarás inniúil a bheith in ann an fhaisnéis agus an fhianaise is gá a iarraidh ar údaráis chustaim, lena n-áirítear ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála allmhaireoirí, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don údarás inniúil ar shlí eile. I gcás ina bhfaighidh na húdaráis chustaim amach gur sháraigh allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis ón údarás inniúil, níor cheart dóibh allmhairiú breise earraí ag an allmhaireoir sin go dtí deireadh na bliana féilire ábhartha a cheadú, nó go dtí go mbeidh stádas dearbhóra SCCT údaraithe faighte ag an allmhaireoir sin. |
|
(10) |
Maidir le hallmhaireoir a bhfuil coinne leis go sáróidh sé an tairseach mhais-bhunaithe aonair bhliantúil, ba cheart dó iarratas ar údarú a chur isteach. Ba cheart d’allmhaireoir den sórt sin stádas dearbhóra SCCT údaraithe a fháil sula sárófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair. Maidir le hallmhaireoirí nár deonaíodh an t-údarú dóibh sular sháraigh siad an tairseach mhais-bhunaithe aonair, ba cheart iad a bheith faoi réir pionós. |
|
(11) |
D’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach líon ard iarratas ag tús 2026 mar thoradh ar an oibleagáid stádas dearbhóra SCCT údaraithe a fháil sula sárófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair. Chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 a éascú tar éis dul in éag forálacha idirthréimseacha, agus chun cur isteach féideartha ar allmhairí a sheachaint, is iomchuí cead a thabhairt d’allmhaireoirí agus d’ionadaithe indíreacha custaim a chuir iarratas ar údarú isteach go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo faoin 31 Márta 2026 leanúint de na hearraí a allmhairiú in 2026 fiú tar éis dóibh an tairseach mhais-bhunaithe aonair a shárú go dtí go ndéanfar an cinneadh maidir leis an údarú a dheonú. Chun imchéimniú Rialachán (AE) 2023/956 a sheachaint, i gcás ina ndiúltaítear an t-údarú a dheonú, ba cheart na hallmhaireoirí agus na hionadaithe indíreacha custaim a bheith faoi réir pionóis i gcomhréir le hAirteagal 26(2a) den Rialachán sin. |
|
(12) |
Chun a áirithiú go gcumhdófar leis an sainmhíniú ar allmhaireoir na nósanna imeachta custaim ábhartha uile, is gá é a leasú chun cás an nós imeachta custaim shimplithe a chur san áireamh i gcás nach ndéantar ach bille urscaoilte a chur i láthair de bhun Airteagal 175(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (5). |
|
(13) |
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir éifeachtacht an nós imeachta údarúcháin agus próifíl riosca na n-iarratasóirí, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a bheith roghnach don údarás inniúil. Leis an nós imeachta comhairliúcháin, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile agus leis an gCoimisiún nuair a mheastar gur gá sin ar bhonn na faisnéise arna cur isteach ag an iarratasóir agus ar bhonn na faisnéise custaim a chuirtear ar fáil i gclárlann SCCT. |
|
(14) |
Chun solúbthacht bhreise a sholáthar, ba cheart an dearbhóir SCCT údaraithe a bheith in ann cur isteach an dearbhaithe SCCT a tharmligean chuig tríú páirtí. Ba cheart an dearbhóir SCCT údaraithe a bheith freagrach i gcónaí as cur isteach an dearbhaithe SCCT. Chun a chur ar chumas an dearbhóra SCCT údaruithe an tarmligean agus an rochtain is gá a sholáthar do thríú páirtí, ba cheart don tríú páirtí sin dintiúir theicniúla áirithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) a bheith aige agus é a bheith bunaithe i mBallstát. |
|
(15) |
Ba cheart do dhearbhóirí SCCT údaraithe a ndearbhú SCCT bliantúil a chur isteach agus an líon comhfhreagrach deimhnithe a ghéilleadh faoin 30 Meán Fómhair den bhliain tar éis an bhliain a allmhairítear na hearraí. Chun solúbthacht a thabhairt do dhearbhóirí SCCT údaraithe chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, thabharfadh dáta níos déanaí chun an dearbhú a chur isteach níos mó ama do dhearbhóirí SCCT údaraithe an fhaisnéis is gá a bhailiú, a áirithiú go ndéanfaidh fíoraitheoir creidiúnaithe astaíochtaí leabaithe a fhíorú, agus an líon comhfhreagrach deimhnithe SCCT a cheannach. Ba cheart an dáta maidir le cealú deimhnithe SCCT a choigeartú dá réir. |
|
(16) |
Maidir le hastaíochtaí leabaithe roinnt earraí alúmanaim agus cruach a áirítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956 faoi láthair, cinntear iad go príomha le hastaíochtaí leabaithe na n-ábhar ionchuir (réamhtheachtaithe), agus is iondúil go mbíonn na hastaíochtaí a thagann chun cinn le linn chéimeanna táirgthe na n-earraí sin réasúnta íseal. Is é atá sna céimeanna táirgthe sin próisis bhailchríche a dhéantar le suiteálacha ar leithligh nach gcumhdaítear le córas trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE) amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cé is moite de chás saoráidí comhtháite. D’fhonn comhleanúnachas le rialacha CTA AE a áirithiú agus cur i bhfeidhm rialacha SCCT a shimpliú d’oibreoirí i dtríú tíortha, ba cheart astaíochtaí leabaithe na bpróiseas táirgthe sin a eisiamh ó theorainneacha córais ríomh le haghaidh na n-astaíochtaí, trí theorainneacha córais na bpróiseas táirgthe a ailíniú leo siúd a chumhdaítear le CTA AE. |
|
(17) |
Meastar gur de thionscnamh an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin, faoi seach, leictreachas a ghintear ar scairbh ilchríochach Ballstáit nó tríú tír nó i limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit nó tríú tír, faoi seach. Maidir le hidrigin ar de thionscnamh scairbh ilchríochach nó limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit nó tríú tír í, meastar gur de thionscnamh an Bhallstáit nó an tríú tír sin í. |
|
(18) |
I gcás ina raibh ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) faoi réir CTA AE cheana féin nó faoi réir córas praghsála carbóin atá nasctha go hiomlán le CTA AE, níor cheart astaíochtaí leabaithe na réamhtheachtaithe sin a chur san áireamh agus astaíochtaí leabaithe earraí coimpléascacha á ríomh. |
|
(19) |
Ceanglaítear ar dhearbhóirí SCCT údaraithe dearbhú SCCT bliantúil a chur isteach ina mbeidh ríomh na n-astaíochtaí leabaithe ar bhonn luachanna réamhshocraithe nó luachanna iarbhír arna bhfíorú ag fíoraitheoirí creidiúnaithe. Ba cheart don Choimisiún luachanna réamhshocraithe a ríomh agus a chur ar fáil. Níor cheart feidhm a bheith, dá bhrí sin, ag fíorú astaíochtaí leabaithe ach amháin maidir le luachanna iarbhír. |
|
(20) |
Léiríonn an fhaisnéis a bhailítear le linn na hidirthréimhse go mbíonn deacrachtaí ag dearbhóirí tuairiscithe an fhaisnéis is gá maidir le híocaíocht iarbhír phraghas an charbóin i dtríú tír a fháil. Chun asbhaint phraghas an charbóin a éascú, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar féidir, meánphraghas carbóin bliantúil a bhunú arna shloinneadh in EUR/tona CO2e den phraghas carbóin a íocadh go hiarbhír, lena n-áirítear ar bhonn coimeádach, bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil ó fhaisnéis iontaofa atá ar fáil go poiblí agus ó fhaisnéis arna soláthar ag tríú tíortha don Choimisiún. |
|
(21) |
An fhianaise is gá chun íocaíocht iarbhír phraghas an charbóin a asbhaint, braitheann sí ar fhaisnéis atá ábhartha chun na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh agus a fhíorú. I gcás ina ndearbhaítear na hastaíochtaí leabaithe ar bhonn luachanna réamhshocraithe, níor cheart é a bheith indéanta asbhaint an phraghais carbóin a éileamh ach amháin trí thagairt a dhéanamh do phraghsanna carbóin réamhshocraithe bliantúla, i gcás ina bhfuil siad ar fáil. Thairis sin, ós rud é nár cheart astaíochtaí leabaithe réamhtheachtaithe a chur san áireamh i gcás ina raibh siad faoi réir CTA AE cheana, nó faoi réir córas praghsála carbóin atá nasctha go hiomlán le CTA AE, níl an praghas carbóin a bhaineann leis na hastaíochtaí leabaithe sin ábhartha don asbhaint. |
|
(22) |
Is féidir le dearbhóirí SCCT údaraithe laghdú a éileamh ar an líon deimhnithe SCCT atá le géilleadh a chomhfhreagraíonn d’íocaíocht iarbhír phraghas an charbóin sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe dearbhaithe. Ós rud é gur féidir an praghas carbóin a íoc i dtríú tír seachas tír thionscnaimh na n-earraí allmhairithe, ba cheart praghas carbóin den sórt sin a bheith incháilithe lena asbhaint freisin. |
|
(23) |
Chun iontaofacht na sonraí maidir le hastaíochtaí leabaithe atá i gclárlann SCCT a fheabhsú agus chun tíolacadh sonraí a éascú, ba cheart d’fhíoraitheoirí creidiúnaithe rochtain a fháil, arna iarraidh sin d’oibreoir i dtríú tíortha, ar chlárlann SCCT chun na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag máthairchuideachtaí nó eintitis rialúcháin na n-oibreoirí sin rochtain a fháil ar chlárlann SCCT chun sonraí ábhartha a chlárú agus a chomhroinnt thar ceann na n-oibreoirí sin. Ba cheart ceangal a chur ar na hoibreoirí cláruimhir chorparáideach nó ghníomhaíochta a sholáthar chun a gcéannacht a áirithiú. |
|
(24) |
Chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún, a áirithiú (8), ba cheart fíoraitheoir a bheith ina dhuine dlítheanach atá creidiúnaithe chun críoch Rialachán (AE) 2023/956 le cinneadh ó chomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, ba cheart don chomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin na grúpaí ábhartha gníomhaíochtaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí an duine dhlítheanaigh. |
|
(25) |
Chun cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/956 ar an leibhéal náisiúnta a chothú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a chomhlíonadh. |
|
(26) |
Ba cheart na costais arna dtabhú i dtaca le bunú, oibriú agus bainistiú an ardáin lárnaigh choitinn a mhaoiniú le táillí is iníoctha ag dearbhóirí SCCT údaraithe. Le linn fhad tréimhse an chéad chonartha soláthair phoiblí chomhpháirtigh chun an t-ardán lárnach coiteann a bhunú, a oibriú agus a bhainistiú, ba cheart na costais sin a íoc ar dtús as buiséad ginearálta an Aontais agus, chuige sin, ba cheart an t-ioncam a ghintear leis na táillí sin a shannadh do bhuiséad an Aontais chun na costais ábhartha a chumhdach. I bhfianaise chineál na n-ioncam, is iomchuí caitheamh leis na hioncaim mar ioncaim shannta inmheánacha. Aon ioncam a bheidh fágtha tar éis na costais sin a ghlanadh, ba cheart é a shannadh do bhuiséad an Aontais. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinntear, struchtúr agus leibhéal na dtáillí, ionas go mbeidh eagrú agus úsáid an ardáin lárnaigh choitinn costéifeachtúil, go socrófar na táillí chun na costais ábhartha a chumhdach go docht agus go seachnófar costais riaracháin mhíchuí. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh freisin lena gcinntear ar feadh thréimhse na gconarthaí soláthair chomhpháirtigh ina dhiaidh sin gur cheart do na táillí na costais a bhaineann le hoibriú agus bainistiú an ardáin a mhaoiniú go díreach. |
|
(27) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do dhearbhóirí SCCT údaraithe ullmhú do chomhlíonadh na n-oibleagáidí leasaithe faoi Rialachán (AE) 2023/956, ba cheart do na Ballstáit tús a chur le deimhnithe SCCT a dhíol in 2027 le haghaidh astaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairítear le linn na bliana 2026. Ba cheart go léireodh praghas na ndeimhnithe SCCT a cheannófar in 2027 agus a chomhfhreagraíonn d’astaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairítear isteach san Aontas in 2026 praghsanna lamháltais CTA AE in 2026. |
|
(28) |
An oibleagáid atá ar na dearbhóirí SCCT údaraithe a áirithiú go gcomhfhreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a gcuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe do 80 % ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe sna hearraí atá allmhairithe acu ó thús na bliana, is oibleagáid í nach bhfuil saincheaptha go leordhóthanach don choigeartú airgeadais a bhfuil coinne leis. Is gá, dá bhrí sin, an céatadán a laghdú ó 80 % go 50 % agus leithdháileadh saor in aisce lamháltais CTA AE a chomhtháthú. Thairis sin, ba cheart an dearbhóir SCCT údaraithe a bheith in ann brath ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach sa dearbhú SCCT sa bhliain roimhe sin, le haghaidh na n-earraí céanna agus na dtríú tíortha céanna. |
|
(29) |
Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an teorainn athcheannaigh a ailíniú ar bhealach níos cruinne leis an líon deimhnithe SCCT a cheanglaítear ar na dearbhóirí SCCT údaraithe a cheannach le linn bhliain na n-allmhairithe. |
|
(30) |
Ós rud é go gcuirtear deimhnithe SCCT ar ceal gan aon chúiteamh, níl aon ghá le malartú faisnéise ón ardán lárnach coiteann chuig clárlann SCCT ag deireadh an lae oibre. |
|
(31) |
I gcás ina mainníonn dearbhóir SCCT údaraithe an líon ceart deimhnithe SCCT a ghéilleadh mar thoradh ar fhaisnéis mhícheart arna soláthar ag tríú páirtí, eadhon oibreoir, fíoraitheoir nó duine neamhspleách a dheimhníonn doiciméadacht an phraghais carbóin, ba cheart do na húdaráis inniúla, agus pionóis á gcur i bhfeidhm acu, a bheith in ann na himthosca sonracha lena mbaineann a chur san áireamh amhail fad tréimhse, tromchúis, raon feidhme, cineál d’aon ghnó nó faillíoch nó athdhéanamh an neamhchomhlíonta nó leibhéal comhair an dearbhóra SCCT údaraithe. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí méid an phionóis a laghdú i gcás ina ndéanfaí mionearráidí nó earráidí neamhbheartaithe. |
|
(32) |
Ba cheart allmhaireoirí seachas dearbhóirí SCCT údaraithe a sháraigh an tairseach mhais-bhunaithe aonair a bheith faoi réir pionós dá bhforáiltear in Airteagal 26(2a). Chun na críche sin, ba cheart iomlán na n-astaíochtaí atá leabaithe sna hearraí arna n-allmhairiú ag allmhaireoir den sórt sin gan údarú sa bhliain féilire ábhartha a chur san áireamh. Is iomchuí foráil a dhéanamh go scaoilfidh íocaíocht an phionóis an t-allmhaireoir ón oibleagáid dearbhú SCCT a chur isteach agus deimhnithe SCCT a ghéilleadh i leith na n-allmhairí sin. Chun mionsárú nó cineál neamhbheartaithe mionsáraithe a chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann pionós níos ísle a fhorchur i gcás nár sáraíodh an tairseach mhais-bhunaithe aonair le níos mó ná 10 % den tairseach sin nó i gcás inar lean an t-allmhaireoir go sealadach de bheith ag allmhairiú earraí agus i gcás inar diúltaíodh dá iarratas ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe. |
|
(33) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2023/956 maidir le hearraí áirithe atá dian ar charbón agus a allmhairítear isteach san Aontas. Áirítear ‘créanna caoilíneacha eile’ ar na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 sa liosta d’earraí stroighne. Cé gur táirgí atá dian ar charbón iad créanna caoilíneacha cailcínithe, ní hamhlaidh atá i gcás créanna caoilíneacha neamhchailcínithe. Dá bhrí sin, ba cheart créanna caoilíneacha neamhchailcínithe a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956. |
|
(34) |
Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 na hearraí nár cheart ach astaíochtaí díreacha a chur san áireamh ina leith agus astaíochtaí leabaithe á ríomh. I gcás na n-earraí nach liostaítear san Iarscríbhinn sin, ba cheart idir astaíochtaí díreacha agus astaíochtaí indíreacha a chur san áireamh. Ós rud é nach bhfuil astaíochtaí indíreacha ábhartha i gcás giniúint leictreachais, ba cheart leictreachas a chur le liosta na n-earraí san Iarscríbhinn sin. |
|
(35) |
Is gá simpliú a dhéanamh ar na modhanna chun luachanna réamhshocraithe a chinneadh nuair nach mbeadh sonraí iontaofa maidir leis an tír is onnmhaireoir ar fáil le haghaidh cineál áirithe earraí. Sna cásanna sin, chun sceitheadh carbóin a chosc, ba cheart an luach réamhshocraithe a shocrú ar leibhéal mheándéine astaíochtaí na 10 dtír onnmhairiúcháin a bhfuil an déine astaíochtaí is airde acu agus a bhfuil sonraí iontaofa ar fáil ina leith, ar meán iomchuí é chun cuspóir comhshaoil SCCT a áirithiú. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht na luachanna réamhshocraithe sin a oiriúnú bunaithe ar ghnéithe réigiún-sonracha de bhun phointe 7 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956. |
|
(36) |
Chun gnéithe áirithe neamhriachtanacha de Rialachán (AE) 2023/956 a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar an tairseach mhais-bhunaithe aonair in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcás inar gá, de réir mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 2(3a) den Rialachán sin, agus i leith an Rialacháin sin a fhorlíonadh chun a chinneadh go maoinítear leis na táillí is iníoctha ag dearbhóirí CCCT údaraithe go díreach na costais a bhaineann le hoibriú agus bainistiú an ardáin lárnaigh choitinn. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(37) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon oibleagáidí áirithe a shimpliú agus an sásra atá glactha ag an Aontas a neartú chun an riosca sceite carbóin a chosc agus, dá bhrí sin, astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(38) |
Ionas gur féidir gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2023/956 a ghlacadh go tráthúil, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(39) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/956 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/956
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/956 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 2a Díolúine de minimis 1. Beidh allmhaireoir, lena n-áirítear aon allmhaireoir ag a bhfuil stádas dearbhóra SCCT údaraithe, díolmhaithe ó na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, i gcás nach ndéanfaidh glanmhais na n-earraí allmhairithe i mbliain féilire ar leith an tairseach mhais-bhunaithe aonair a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VII a shárú go carnach (“an tairseach mhais-bhunaithe aonair”). Beidh feidhm ag an tairseach sin maidir le glanmhais iomlán earraí faoi na cóid AC uile a chomhiomlánaítear in aghaidh an allmhaireora agus in aghaidh na bliana féilire. I gcás den sórt sin, dearbhóidh an t-allmhaireoir sin, lena n-áirítear allmhaireoir ag a bhfuil stádas dearbhóra SCCT údaraithe, an díolúine sin sa dearbhú custaim ábhartha. 2. I gcás, laistigh den bhliain féilire ábhartha, ina sáraíonn allmhaireoir, lena n-áirítear aon allmhaireoir ag a bhfuil stádas dearbhóra SCCT údaraithe, an tairseach mhais-bhunaithe aonair, beidh an t-allmhaireoir nó an dearbhóir SCCT údaraithe faoi réir na n-oibleagáidí uile faoin Rialachán seo i leith na n-astaíochtaí uile atá leabaithe sna hearraí uile a allmhairítear sa bhliain féilire sin. 3. Faoin 30 Aibreán gach bliain féilire, déanfaidh an Coimisiún measúnú, ar bhonn na sonraí allmhairiúcháin don 12 mhí féilire roimhe sin, i dtaobh an áirithítear leis an tairseach mhais-bhunaithe aonair go bhfuil feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le méid nach mó ná 1 % de na hastaíochtaí atá leabaithe sna hearraí allmhairithe agus sna táirgí próiseáilte. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an tairseach mhais-bhunaithe aonair a leasú trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VII, i gcás inar mó ná 15 thona an méid a dhiallann luach na tairsí a eascraíonn as sin ón tairseach is infheidhme. Beidh feidhm ag an tairseach mhais-bhunaithe aonair leasaithe ón 1 Eanáir an bhliain féilire dár gcionn. 4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hallmhairí leictreachais ná hidrigine.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. I gcás ina gcinnfear astaíochtaí leabaithe ar bhonn astaíochtaí iarbhír, áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go bhfíoróidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dhearbhaítear sa dearbhú SCCT arna chur isteach de bhun Airteagal 6, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.’ |
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 Praghas carbóin a íocadh i dtríú tír 1. I gcás ina gcinnfear astaíochtaí leabaithe ar bhonn astaíochtaí iarbhír, féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe laghdú ar an líon deimhnithe SCCT atá le géilleadh a éileamh sa dearbhú SCCT chun an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe dearbhaithe a chur san áireamh. Ní fhéadfar an laghdú a éileamh ach amháin má íocadh an praghas carbóin go hiarbhír i dtríú tír. Sa chás sin, cuirfear san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tír sin a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin sin mar thoradh air. 2. Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe taifid den doiciméadacht a éilítear chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtríú tír a íocadh go hiarbhír amhail dá dtagraítear i mír 1. Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe, go háirithe, fianaise a bhaineann le haon lacáiste nó le haon chineál cúitimh eile atá ar fáil, go háirithe na tagairtí do reachtaíocht ábhartha na tíre sin. Déanfaidh duine atá neamhspleách ar an dearbhóir SCCT údaraithe agus ar údaráis an tríú tír an fhaisnéis sa doiciméadacht sin a dheimhniú. Beidh ainm agus sonraí teagmhála an duine neamhspleách sin le feiceáil ar an doiciméadacht. Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe fianaise ar íocaíocht iarbhír an phraghais carbóin freisin. 3. Coinneoidh an dearbhóir SCCT údaraithe na taifid dá dtagraítear i mír 2, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana ar lena linn a tíolacadh an dearbhú SCCT nó inar cheart an dearbhú SCCT a chur isteach. 4. De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe éileamh a dhéanamh, sa dearbhú SCCT, ar laghdú ar an líon deimhnithe SCCT atá le géilleadh chun an praghas carbóin a íocadh as na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe a chur san áireamh, trí thagairt do phraghsanna carbóin réamhshocraithe bliantúla. Sa chás sin, cuirfear san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tír sin agus a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin réamhshocraithe sin mar thoradh air. Ní fhéadfar an laghdú a éileamh ach amháin i gcás inar socraíodh praghas carbóin leis na rialacha is infheidhme sa tríú tír agus inar féidir praghas carbóin réamhshocraithe bliantúil a chinneadh, lena n-áirítear ar bhonn coimeádach, le haghaidh an tríú tír sin. I gcás ina gcinntear na hastaíochtaí leabaithe ar bhonn luachanna réamhshocraithe, ní fhéadfar laghdú a éileamh ach amháin trí thagairt do phraghsanna carbóin réamhshocraithe bliantúla. Amhail ó 2027, féadfaidh an Coimisiún, i gcás tríú tíortha ina bhfuil rialacha praghsála carbóin i bhfeidhm, na praghsanna carbóin réamhshocraithe do na tríú tíortha sin a chinneadh, agus a chur ar fáil i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14, agus an mhodheolaíocht chun iad a ríomh a fhoilsiú. Déanfaidh an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na sonraí is fearr atá ar fáil ó fhaisnéis iontaofa atá ar fáil go poiblí agus ó fhaisnéis arna soláthar ag na tríú tíortha sin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tríú tír ábhartha a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin réamhshocraithe mar thoradh air. 5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le híocaíocht iarbhír mheánphraghas bliantúil an charbóin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus na praghsanna bliantúla carbóin réamhshocraithe arna gcinneadh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo a chomhshó ina laghdú comhfhreagrach ar an líon deimhnithe SCCT atá le géilleadh. Rialóidh na gníomhartha sin an bpraghas carbóin arna shloinneadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag an meánráta malairte bliantúil, an fhianaise a cheanglaítear maidir le híocaíocht iarbhír an phraghais carbóin, samplaí d’aon lacáiste ábhartha nó de chineál eile cúitimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cáilíochtaí an duine neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus na coinníollacha chun neamhspleáchas an duine sin a fhionnadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: ‘Airteagal 10 Oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha a chlárú 1. Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14. 2. Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárú dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:
3. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don oibreoir faoin gclárú i gclárlann SCCT. Beidh an clárú bailí ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a thugtar fógra faoi d’oibreoir na suiteála. 4. Cuirfidh an t-oibreoir an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thagann chun cinn tar éis an chláraithe, agus tabharfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha cothrom le dáta i gclárlann SCCT. 5. Déanfaidh an t-oibreoir an méid seo a leanas:
6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c), den Airteagal seo mionsonraithe a ndóthain chun fíorú na n-astaíochtaí leabaithe a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Iarscríbhinn VI, agus chun an t-athbhreithniú a chumasú, i gcomhréir le hAirteagal 19, ar an dearbhú SCCT arna dhéanamh ag dearbhóir SCCT údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo. 7. Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis ar fhíorú astaíochtaí leabaithe agus an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a nochtadh do dhearbhóir SCCT údaraithe. Beidh an dearbhóir SCCT údaraithe i dteideal úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nochta sin chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh. 8. Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh, tráth ar bith, go ndéanfaí é a dhíchlárú ó chlárlann SCCT. Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó, agus tar éis dó fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, an t-oibreoir a dhíchlárú agus an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a scriosadh ó chlárlann SCCT, ar choinníoll nach mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun an t-athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT a cuireadh isteach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó deis a thabhairt don oibreoir lena mbaineann éisteacht a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, an fhaisnéis a dhíchlárú freisin má fhionnann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis faoin oibreoir sin cruinn a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas faoin díchlárú sin.’ |
|
(10) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 10a Fíoraitheoirí creidiúnaithe a chlárú 1. I gcás ina ndeonaítear creidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 18, cuirfidh an fíoraitheoir iarraidh ar chlárú i gclárlann SCCT faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin bunaithe. Déanfaidh an fíoraitheoir an iarraidh ar chlárú a chur isteach laistigh de 2 mhí ón dáta a deonaíodh an creidiúnú, ach tráth nach luaithe ná an 1 Meán Fómhair 2026. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis maidir le fíoraitheoirí creidiúnaithe a chlárú i gclárlann SCCT. 2. San iarraidh ar chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh i gclárlann SCCT tráth a chláraítear an fíoraitheoir. 3. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don fhíoraitheoir faoin gclárú i gclárlann SCCT. Ina theannta sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil, trí chlárlann SCCT, fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla eile faoin gclárú. 4. Tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don údarás inniúil maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a eascraíonn tar éis an chláraithe i gclárlann SCCT. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go dtabharfar clárlann SCCT cothrom le dáta dá réir sin. 5. Chun críoch Airteagal 10(5), pointe (b), úsáidfidh an fíoraitheoir clárlann SCCT chun na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú. 6. Déanfaidh an t-údarás inniúil fíoraitheoir a dhíchlárú ó chlárlann SCCT i gcás nach bhfuil an fíoraitheoir sin creidiúnaithe a thuilleadh de bhun Airteagal 18 nó i gcás nár chomhlíon an fíoraitheoir an oibleagáid a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla eile faoin díchlárú. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis maidir leis an bhfíoraitheoir creidiúnaithe sin a scriosadh ó chlárlann SCCT ar choinníoll nach bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT a cuireadh isteach.’ |
|
(11) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(14) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
|
(15) |
in Airteagal 19(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Éascóidh an Coimisiún freisin an malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha, na conclúidí ar thángthas orthu de bhun Airteagal 25a agus na pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 26.’ ; |
|
(16) |
leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(17) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(18) |
leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
|
|
(19) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: ‘Airteagal 24 Deimhnithe SCCT a chur ar ceal 1. An 1 Samhain gach bliain, cuirfidh an Coimisiún ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntas dearbhóra SCCT údaraithe i gclárlann SCCT. Cuirfear na deimhnithe SCCT sin ar ceal gan aon chúiteamh. 2. De mhaolú ar mhír 1, an 1 Samhain 2027, cuirfidh an Coimisiún ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh i ndáil leis na hastaíochtaí leabaithe don bhliain 2026. Cuirfear na deimhnithe SCCT sin ar ceal gan aon chúiteamh. 3. I gcás ina ndéantar líon na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh a chonspóid i ndíospóid atá ar feitheamh i mBallstát, cuirfidh an Coimisiún cealú na ndeimhnithe SCCT ar fionraí a mhéid a chomhfhreagraíonn don mhéid is ábhar don díospóid. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún.’ |
|
(21) |
in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4: ‘1. Gan dochar d’Airteagal 2a, ní cheadóidh na húdaráis chustaim d’aon duine cé is moite de dhearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú. 2. Déanfaidh na húdaráis chustaim go tréimhsiúil agus go huathoibríoch, go háirithe trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis shonrach maidir leis na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairiú a chur in iúl don Choimisiún. Áireofar leis an bhfaisnéis sin an uimhir EORI nó cineál aitheantais an allmhaireora nó an dearbhóra SCCT údaraithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, chomh maith le huimhir chuntais SCCT an dearbhóra SCCT údaraithe, cód AC ocht ndigit na n-earraí, an chainníocht, an tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe custaim agus an nós imeachta custaim. I gcás nach bhfuil aon uimhir EORI ag an allmhaireoir, cuirfidh na húdaráis chustaim ainm, seoladh agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis teagmhála an allmhaireora in iúl don Choimisiún freisin. 3. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo in iúl go tréimhsiúil d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe nó an t-allmhaireoir bunaithe agus déanfaidh sé, i gcás gach dearbhóra SCCT, cros-seiceáil ar an bhfaisnéis sin leis na sonraí i gclárlann SCCT de bhun Airteagal 14. 4. Féadfaidh na húdaráis chustaim, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl don Choimisiún agus d’údarás inniúil an Bhallstáit a rinne stádas an dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú nó d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe nó an t-allmhaireoir bunaithe.’ |
|
(22) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 25a Forfheidhmiú na tairsí mais-bhunaithe aonair agus faireachán a dhéanamh uirthi 1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar allmhairí earraí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na tairsí mais-bhunaithe aonair. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe faireachán a dhéanamh freisin ar chomhlíonadh na tairsí mais-bhunaithe aonair. Malartóidh an Coimisiún go tréimhsiúil agus go huathoibríoch leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar allmhaireoirí trí chlárlann SCCT. Áireofar san fhaisnéis sin liosta allmhaireoirí a sháraíonn 90 % den tairseach mhais-bhunaithe aonair. 2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, bunaithe ar réamh-mheasúnú agus ar an bhfaisnéis a chuir na húdaráis chustaim in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 25(2), gur sháraigh allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chomh maith leis an mbonn dá réamh-mheasúnú in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe. Féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh go soláthródh an t-allmhaireoir nó an Coimisiún an fhianaise dhoiciméadach is gá chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an t-allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair. I gcás nach leor an fhianaise dhoiciméadach chun a mheas cé acu ar sháraigh nó nár sháraigh an t-allmhaireoir an tairseach sin, féadfaidh na húdaráis inniúla fianaise dhoiciméadach bhreise a iarraidh ar na húdaráis chustaim má tá fianaise den sórt sin ar fáil. 3. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gur sháraigh allmhaireoir nach dearbhóir SCCT údaraithe é an tairseach mhais-bhunaithe aonair, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí chuige sin. Déanfar na cúiseanna ar a bhfuil an cinneadh bunaithe a shonrú ann agus áireofar ann faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-allmhaireoir ar an eolas faoi na hoibleagáidí is infheidhme faoin Rialachán seo lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid stádas dearbhóra SCCT údaraithe a fháil i gcomhréir le hAirteagal 5 sula ndéantar aon earraí eile a allmhairiú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do na húdaráis chustaim agus don Choimisiún freisin faoin gcinneadh sin trí chlárlann SCCT. I gcás ina ndéanann ionadaí indíreach custaim amháin nó níos mó ionadaíocht ar allmhaireoir agus i gcás ina sáraíonn sé an tairseach mais-bhunaithe aonair, cuirfidh an t-údarás inniúil na hionadaithe indíreacha custaim arna gceapadh ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 5(1a) nó 5(2). Ní bheidh éifeacht fionraíochta ann má chuirtear achomharc isteach in aghaidh cinneadh lena gcinntear gur sháraigh an t-allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair. 4. Chun a chinneadh ar sháraigh allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair nó nár sháraigh, tabharfaidh údarás inniúil neamhaird ar chleachtas, ar shocrú nó ar shraith cleachtas nó socruithe a cuireadh i bhfeidhm arb é is príomhchuspóir dó nó dóibh, nó a bhfuil sé de phríomhchuspóir aige nó acu, titim faoi bhun na tairsí mais-bhunaithe aonair agus nach bhfuil fíor. Measfar nach fíorchleachtas ná fíorshocrú é, nó nach fíorshraith de chleachtais ná de shocruithe é, i gcás nach féidir a mheas, agus na fíorais agus do na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, gur cuireadh i bhfeidhm iad ar chúiseanna tráchtála bailí a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch an allmhaireora. Chun críocha Airteagal 17(2), pointe (a), agus Airteagal 26(2a), i gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal go raibh an t-allmhaireoir ag gabháil do chleachtas, do shocrú, nó do shraith de chleachtais nó de shocruithe, a meastar nach fíorchleachtais ná fíorshocruithe iad, measfar go raibh baint ag an allmhaireoir le sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo. 5. Chun críoch an fhaireacháin faoin Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún na fachtóirí sonracha riosca agus pointí airde a shainaithint go tréimhsiúil, uair amháin sa bhliain féilire ar a laghad nó i gcás inar gá, bunaithe ar anailís ar na rioscaí a bhaineann leis an tairseach mhais-bhunaithe aonair, agus faisnéis atá i gclárlann SCCT, sonraí arna gcur in iúl ag údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 25, agus foinsí faisnéise ábhartha eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear neamhrialtachtaí arna sainaithint mar thoradh ar na rialuithe a rinneadh i gcomhréir le Airteagal 15(1). Cuirfear na fachtóirí rioscaí sin agus na pointí airde sin in iúl do na húdaráis inniúla agus, i gcás inar gá, do na húdaráis chustaim.’ |
|
(23) |
leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
|
|
(24) |
in Airteagal 27(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(25) |
leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
|
(26) |
leasaítear Airteagal 30(6), an dara fomhír, pointe (b), mar a leanas:
|
|
(27) |
leasaítear Airteagal 36(2) mar a leanas:
|
|
(28) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear ‘ex 2507 00 80 – Créanna caoilíneacha eile seachas créanna caoilíneacha neamhchailcínithe’ in ionad an chóid AC ‘2507 00 80 – Créanna caoilíneacha eile’; |
|
(29) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an tábla seo a leanas leis: ‘Leictreachas
|
|
(30) |
leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(31) |
i bpointe 2 d’Iarscríbhinn V, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(32) |
i bpointe 2, pointe (k), d’Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):
; |
|
(33) |
cuirtear leis Iarscríbhinn VII nua mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO C, C/2025/3201, 2.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3201/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025.
(3) Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail um fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1186/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).
(6) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).
(9) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3: ‘3. NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ COIMPLÉASCACHA Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha a tháirgtear i suiteáil ar leith, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4: ‘4. NA LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) AGUS (3) A CHINNEADH Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh, bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Beidh na sonraí is fearr a bheidh ar fáil bunaithe ar fhaisnéis iontaofa a bheidh ar fáil go poiblí. Athbhreithneofar luachanna réamhshocraithe go tréimhsiúil trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Airteagal 7(7) bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.’ |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.1: ‘4.1. Na luachanna réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) Socrófar luachanna réamhshocraithe ag meándéine astaíochta gach tíre onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus méadófar iad trí chorrlach a chur leo a cheapfar go comhréireach. Cinnfear an corrlach sin sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7) agus socrófar iad ar leibhéal iomchuí chun sláine comhshaoil SCCT a áirithiú, ag tógáil ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise a bhailítear le linn na hidirthréimhse. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí na 10 dtír onnmhairiúcháin a bhfuil na déine astaíochtaí is airde acu ar féidir sonraí iontaofa a chur i bhfeidhm ina leith maidir leis an gcineál sin earraí.’; |
|
(4) |
i bpointe 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Maidir le dearbhóirí i leith earraí a tháirgtear i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír, i gcás inar féidir leis na dearbhóirí sin, ar bhonn sonraí iontaofa, a léiriú gurb ísle na luachanna réamhshocraithe malartacha arna n-oiriúnú de réir gnéithe réigiún-sonracha ná na luachanna réamhshocraithe arna gcinneadh ag an gCoimisiún, féadfar na luachanna réamhshocraithe réigiún-sonracha sin a úsáid.’ |
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an Iarscríbhinn VII seo a leanas leis:
‘IARSCRÍBHINN VII
An tairseach mhais-bhunaithe aonair
1.
Socrófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 2a ag 50 tona glanmhaise.
2.
Chun críche Airteagal 2a(3), beidh feidhm ag an modheolaíocht seo a leanas:|
|
arna roghnú ar bhealach go mbeidh
|
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
is é 99 % |
an sprioc-sciar d’astaíochtaí; |
| is é
|
an tairseach mhaise i dtonaí lenar féidir sprioc-sciar áirithe d’astaíochtaí a ghabháil; |
Astaíochtaí bliantúla in aghaidh an allmhaireora;
|
is é qi,j |
cainníocht na n-allmhairí i dtonaí ag an allmhaireoir i den chód AC j; |
|
is é Ji |
an líon cód AC arna n-allmhairiú ag an allmhaireoir i i measc na gceithre earnáil a chuirtear san áireamh (alúmanam, stroighin, leasacháin, iarann agus cruach); |
|
is é EIj |
an déine astaíochtaí le haghaidh chód AC j (1); |
|
Iomlán na n-astaiochtaí: |
iomlán na n-astaíochtaí CO2 ó na ceithre earnáil SCCT arna gcur san áireamh, is é sin suim na n-astaíochtaí comhfhreagracha le haghaidh na n-allmhaireoirí uile:
i gcás inarb é N an líon allmhaireoirí; |
|
|
cainníocht iomlán, i dtonaí, na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I arna n-allmhairiú ag an allmhaireoir i; |
is feidhm táscaire é
Chun éiginnteacht maidir le hathruithe ar phatrúin trádála a ghabháil agus cuspóir comhshaoil an Rialacháin seo á choinneáil ar bun an tráth céanna, cuirtear corrlach 0,25 pointe céatadáin leis an sprioc-sciar thuas d’astaíochtaí.
Slánófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair go dtí an deich is gaire.’.
(1) Tá an déine astaíochtaí Ej bunaithe ar na luachanna réamhshocraithe (gan uasmharcáil) le haghaidh astaíochtaí a fhoilsítear le haghaidh na hidirthréimhse. I gcás stroighne agus táirgí leasacháin, cuirtear astaíochtaí díreacha agus astaíochtaí indíreacha san áireamh; i gcás alúmanaim agus táirgí iarainn agus cruach, ní chuirtear ach astaíochtaí díreacha san áireamh. Maidir le nuashonruithe ar an tairseach mhais-bhunaithe aonair a dhéanfar amach anseo, socrófar na luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV gan an uasmharcáil dá dtagraítear i bpointe 4.1 d’Iarscríbhinn IV.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2083/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)