|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2080 |
14.10.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2080 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1). |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/638/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2026. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 8(2) de Chinneadh 2010/638/CBES, cuirtear an dáta ‘an 27 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad ‘an 27 Deireadh Fómhair 2025’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HUMMELGAARD
(1) Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/638/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2080/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)