European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2046

13.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2046 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 a mhéid a bhaineann le cantaxaintin mar bhreiseán beatha le haghaidh catagóirí áirithe d’éanlaith chlóis, catagóirí áirithe d’iasc ornáideach agus catagóirí áirithe d’éan ornáideach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a mhodhnú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 ón gCoimisiún (2) údaraíodh cantaxaintin ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh catagóirí áirithe d’éanlaith chlóis, catagóirí áirithe d’iasc ornáideach agus catagóirí áirithe d’éan ornáideach.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim a eisiúint i dtaobh an gcomhlíonfadh údarú cantaxaintin mar bhreiseán beathaithe fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 dá ndéanfaí modhnú ar théarmaí an údaraithe sin. Is éard atá sa mhodhnú bealach táirgthe nua trí choipeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148. Luaigh an t-iarratasóir i dtaobh cantaxaintin, bíodh sí sintéiseach nó táirgthe trí choipeadh, nach gcuirfear ar an margadh é ach mar ullmhóid. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarraidh.

(4)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 26 Samhain 2024 (3) go bhfuil an ullmhóid arb é atá inti cantaxaintin arna táirgeadh trí choipeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148 sábháilte do na spriocspeicis, don tomhaltóir agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin, in éagmais sonraí leis an ullmhóid arb é atá inti cantaxaintin, nach féidir teacht ar chonclúidí maidir le sábháilteacht na hullmhóide sin don úsáideoir. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil cantaxaintin arna tháirgeadh trí choipeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148 éifeachtúil mar dhathán i mbeatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú, éanlaith chlóis atá ag breith agus éanlaith clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha. Ar deireadh, mhol sé coigeartú a dhéanamh ar fhoclaíocht fhoráil an údaraithe reatha maidir leis an ullmhóid arb é atá inti cantaxaintin a mheascadh le caraitéanóidigh eile.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún maidir leis an ullmhóid arb é atá inti cantaxaintin go gcomhlíonann sí go fóill na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus téarmaí an údaraithe á modhnú aige trí bhealach táirgthe nua trí choipeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148 a chur leis na téarmaí. Ina theannta sin, an fhoráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 maidir leis an ullmhóid arb é atá inti cantaxaintin a mheascadh le caraitéanóidigh eile, ba cheart an fhoráil sin a choigeartú i gcomhréir leis an moladh ón Údarás. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 a leasú dá réir sin.

(6)

Chun gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart uimhir aitheantais nua a dheonú do chantaxaintin arna táirgeadh trí choipeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2015 maidir le húdarú cantaxaintin mar bhreiseán beatha le haghaidh catagóirí áirithe d’éanlaith chlóis, catagóirí áirithe d’iasc ornáideach agus catagóirí áirithe d’éan ornáideach (IO L 229, 3.9.2015, lch. 5; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1486/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA], 23(1), e9134. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025,9134.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Uasleibhéil iarmhar

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

 

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: datháin: (ii) substaintí a chuireann dathanna ar bhia de bhunadh ainmhíoch nuair a úsáidtear in ábhar beatha d’ainmhithe iad

2a161g

Cantaxaintin

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Cantaxaintin

Ocsaíd trífheiniolfoisfín (TPPO) ≤ 100 mg/kg

Déchlóireitéin ≤ 600 mg/kg

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cantaxaintin

C40H52O2

Uimhir CAS: 514-78-3

Cantaxaintin, foirm sholadach arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach.

Íonacht:

Measúnacht: íosmhéid 96 %

Caraitéanóidigh eile seachas cantaxaintin:

cion nach mó ná 5 % de na datháin iomlána.

Modh anailíse  (1)

Maidir le cantaxaintin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: speictreafótaiméadracht ag 426 nm.

Maidir le cantaxaintin sna réamh-mheascáin agus na hábhair bheatha a chainníochtú: Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta Ghnáth-phas cúpláilte le brath le solas infheicthe (NP-HPLC-VIS, 466 nm).

Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú

-

-

25

1.

Féadfar cantaxaintin a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseán a bhfuil ullmhóid ann.

2.

Ceadaítear an breiseán seo a mheascadh le breiseáin eile ina bhfuil cantaxaintin agus caraitéanóidigh eile ar choinníoll nach mó tiúchan an mheascáin ná 80 mg de charaitéanóidigh iomlána/kg d’ábhar beatha iomlán.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

Éanlaith chlóis 15 mg de chantaxaintin/kg ae (fíochán tais) agus 2,5 mg de chantaxaintin/kg de chraiceann/saill (fíochán tais)

Béaróga 30 mg cantaxaintin/kg buíocán (fíochán tais)

23.9.2025

Béaróga agus éanlaithe chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga

-

-

8

2a161gi

Cantaxaintin

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid ina bhfuil cion íosta 10 % de chantaxaintin

Déchlóireitéin ≤ 80 mg/kg

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cantaxaintin, foirm sholadach, arna táirgeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148.

C40H52O2

Uimhir CAS: 514-78-3

— Íonacht:

Measúnacht: cion íosta 96 % de na datháin iomlána (arna sloinneadh mar chantaxaintin)

Caraitéanóidigh eile seachas cantaxaintin:

cion nach mó ná 5 % de na datháin iomlána.

Modh anailíse  (1)

Maidir le cantaxaintin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: speictreafótaiméadracht ag 426 nm.

Maidir le cantaxaintin sna réamh-mheascáin agus na hábhair bheatha a chainníochtú: Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta Ghnáth-phas cúpláilte le brath le solas infheicthe (NP-HPLC-VIS, 466 nm).

Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú

-

-

25

1.

Ceadaítear an breiseán seo a mheascadh le breiseáin eile ina bhfuil cantaxaintin agus caraitéanóidigh eile ar choinníoll nach mó tiúchan an mheascáin ná 80 mg de charaitéanóidigh iomlána/kg d’ábhar beatha iomlán.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

Éanlaith chlóis 15 mg de chantaxaintin/kg ae (fíochán tais) agus 2,5 mg de chantaxaintin/kg de chraiceann/saill (fíochán tais)

Béaróga 30 mg cantaxaintin/kg buíocán (fíochán tais)

23.9.2025

Béaróga agus éanlaithe chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga

-

-

8


Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Uasleibhéil iarmhar

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

 

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: datháin: (iii) substaintí a bhfuil éifeacht dhearfach acu ar dhath iasc agus éan ornáideach

2a161g

Cantaxaintin

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Cantaxaintin

Ocsaíd trífheiniolfoisfín (TPPO) ≤ 100 mg/kg

Déchlóireitéin ≤ 600 mg/kg

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cantaxaintin

C40H52O2

Uimhir CAS: 514-78-3

Cantaxaintin, foirm sholadach arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach.

Íonacht:

Measúnacht: íosmhéid 96 %

Caraitéanóidigh eile seachas cantaxaintin:

cion nach mó ná 5 % de na datháin iomlána.

Modh anailíse  (2)

Maidir le cantaxaintin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: speictreafótaiméadracht ag 426 nm.

Maidir le cantaxaintin sna réamh-mheascáin agus na hábhair bheatha a chainníochtú: Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta Ghnáth-phas cúpláilte le brath le solas infheicthe (NP-HPLC-VIS, 466 nm).

Éisc ornáideacha agus éin ornáideacha seachas cearca ghoir ornáideacha

-

-

100

1.

Féadfar cantaxaintin a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseán a bhfuil ullmhóid ann.

2.

Ceadaítear an breiseán seo a mheascadh le breiseáin eile ina bhfuil cantaxaintin agus caraitéanóidigh eile ar choinníoll nach mó tiúchan an mheascáin ná 100 mg de charaitéanóidigh iomlána/kg d’ábhar beatha iomlán.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

 

23.9.2025

Cearca ghoir ornáideacha

-

-

8

2a161gi

Cantaxaintin

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid ina bhfuil cion íosta 10 % de chantaxaintin

Déchlóireitéin ≤ 80 mg/kg

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cantaxaintin, foirm sholadach, arna táirgeadh le Yarrowia lipolytica CBS 146148.

C40H52O2

Uimhir CAS: 514-78-3

— Íonacht:

Measúnacht: cion íosta 96 % de na datháin iomlána (arna sloinneadh mar chantaxaintin)

Caraitéanóidigh eile seachas cantaxaintin:

cion nach mó ná 5 % de na datháin iomlána.

Modh anailíse  (2)

Maidir le cantaxaintin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: speictreafótaiméadracht ag 426 nm.

Maidir le cantaxaintin sna réamh-mheascáin agus na hábhair bheatha a chainníochtú: Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta Ghnáth-phas cúpláilte le brath le solas infheicthe (NP-HPLC-VIS, 466 nm).

Éisc ornáideacha agus éin ornáideacha seachas cearca ghoir ornáideacha

-

-

100

1.

Ceadaítear an breiseán seo a mheascadh le breiseáin eile ina bhfuil cantaxaintin agus caraitéanóidigh eile ar choinníoll nach mó tiúchan an mheascáin ná 100 mg de charaitéanóidigh iomlána/kg d’ábhar beatha iomlán.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

 

23.9.2025

Cearca ghoir ornáideacha

-

-

8


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2046/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)