European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2038

23.10.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2025/2038 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2025

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES.

(2)

I bhfianaise thromchúis na staide sa Bhealarúis, ba cheart 2 dhuine nádúrtha agus 3 dhuine dhlítheanacha a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach sa roinn ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)’:

 

Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha (An litriú Bealarúisise) (An litriú Rúisise)

Faisnéis Aitheantais

Na cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘313.

Ilya Valerievich IKAN

Iлля Валер’евіч IКАН

Илья Валерьевич ИКАН

Feidhm: Cathaoirleach Belneftekhim, Comhalta de Chomhairle Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise

Dáta breithe: 10.1.1981

Áit bhreithe: Pchelnik, Borisov District, Réigiún Mhionsc/Oblast, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Belneftekhim

Is é Ilya Ikan an Cathaoirleach ar Belarusian State Concern for Oil and Chemistry (Belneftekhim).

Tá Belneftekhim ar cheann de na coimpléisc thionsclaíocha is mó i bPoblacht na Bealarúise agus tá sé comhdhéanta d’iliomad cuideachtaí eile faoi úinéireacht stáit a bunaíodh in 1997. Measann Aliaksandr Lukashenka go bhfuil Belneftekhim ar cheann de na gnóthais is tábhachtaí agus is straitéisí sa Bhealarúis.

Go háirithe, is sócmhainn bhunúsach é Belneftekhim do gheilleagar agus do bheartas eachtrach na Bealarúise, go háirithe i ndáil leis an gcomhar idir an Rúis agus an Bhealarúis maidir le cómhargadh ola a fhorbairt. Bíonn comhairliúcháin rialta ann idir an gnóthas agus an tUachtarán Lukashenka. Baineann Belneftekhim tairbhe as an tacaíocht arna tabhairt ag réimeas Lukashenka, go háirithe i bhfianaise éifeachtaí na smachtbhannaí. Tá Belneftekhim, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

Ina cháil mar Chathaoirleach Belneftekhim, tá Ilya Ikan ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

23.10.2025

314.

Yuri Ivanovich PREDKO

ar a dtugtar freisin Yuriy Ivanovich PREDKO

Юрий Иванович ПРЕДКО

Feidhm: Stiúrthóir Ginearálta OJSC Horizont

Dáta breithe: 1964

Áit bhreithe: an Bhealarúis

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Horizont Holding, ICT Horizont

Is é Yuri Predko bainisteoir ginearálta OJSC “Management Company of the Holding Horizont”, atá ar cheann de na monaróirí is mó de leictreonaic do thomhaltóirí agus d’fhearais tí i bPoblacht na Bealarúise. Is é cuideachta bainistíochta Horizont Holding é.

Tá Horizont Holding ar cheann de na gabháltais éagsúlaithe is mó agus is forbartha go dinimiciúil i bPoblacht na Bealarúise, agus gabhann raon leathan réimsí gnó leis. Tá gníomhaíochtaí Horizont Holding á gcur chun feidhme de réir threoracha Aliaksandr Lukashenka.

Tá ICT Horizont, ar cuid de Horizont Holding é, ar cheann de na heintitis atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh fhorbairt agus tháirgeadh leictreonaice speisialta i bPoblacht na Bealarúise. Forbraíonn agus táirgeann an chuideachta earraí speisialta agus earraí dé-úsáide, mar shampla gléasanna físamhairc le haghaidh feithiclí armúrtha. Oibríonn ICT Horizont i gcomhar le hAireacht Cosanta Phoblacht na Bealarúise chun samhlacha trealaimh raoin oiliúna a chruthú agus a nuachóiriú i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le hoiliúint a chur ar fhoirmíochtaí agus ar aonaid mhíleata de chuid na bhFórsaí Armtha.

Ina theannta sin, glacann ICT Horizont páirt i gclár eolaíoch-teicniúil “Intelavto” Stát Aontais na Rúise agus na Bealarúise. D’fhormheas Comhairle Airí Phoblacht na Bealarúise an clár.

Dá bhrí sin, tá baint ag Yuri Predko le heintitis ar cuid de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Bealarúise iad trí bheith rannpháirteach i bhforbairt teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025’;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach sa Roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)’:

 

Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha (An litriú Bealarúisise) (An litriú Rúisise)

Faisnéis Aitheantais

Na cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘56.

JSC Holography Industry

ZAT Galagrafichnaya Industryya

ZAO Golograficheskaya Industriya

Закрытае акцыянернае таварыства “ГАЛАГРАФIЧНАЯ IНДУСТРЫЯ”

Закрытое акционерное общество “ГОЛОГРАФИЧЕСКАЯ ИНДУСТРИЯ”

Seoladh: Kalinina 12, Mionsc, an Bhealarúis

Uimhir chlárúcháin: 101482057

Dáta clárúcháin: 7.5.1998

Teileafón: +375 266 01 31, +375 266 34 17

Ríomhphost: info@holography.by

Suíomh gréasáin: www.holography.by

Is é JSC Holography Industry an táirgeoir is mó de holagraim chosanta agus criostalghraim sa Bhealarúis. Faoi reachtaíocht na Bealarúise, cuirtear greamáin chosanta holagrafacha ar stampaí máil, lena n-áirítear stampaí máil ar dheochanna alcólacha, ar raon leathan earraí tomhaltais, ar chláir airgid agus ar mheaisíní sliotáin. Leis sin bíonn éileamh mór ar tháirgí JSC Holography Industry.

Tá dlúthchaidreamh oibre ag JSC Holography Industry le heintitis stáit, ar scairshealbhóirí iad cuid acu. Is ann don dlúthchaidreamh sin de bharr gur bhronn iar-chomhpháirtí gnó bunaidh na cuideachta scaireanna ar an stát. I gcomaoin air sin, rinne an stát orduithe leis an gcuideachta.

Dá bhrí sin, tá JSC Holography Industry ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

23.10.2025

57.

ICT Horizont

ar a dtugtar freisin Research Unitary Enterprise “INSTITUTE OF DIGITAL TELEVISION HORIZONT”

ar a dtugtar freisin DIGITAL TELEVISION INSTITUTE HORIZONT

ar a dtugtar freisin UE “Institute of Digital Television Horizon”

ar a dtugtar freisin Chelyabinsk Institute of Digital television “Horizont”

Навукова-даследчае ўнітарнае прадпрыемства “IНСТЫТУТ ЛIЧБАВАГА ТЭЛЕБАЧАННЯ ГАРЫЗОНТ”

ar a dtugtar freisin Унітарнае прадпрыемства “IЛТ ГАРЫЗОНТ”

Унитарное предприятие “ИЦТ ГОРИЗОНТ”

ar a dtugtar freisin Научно-исследовательское унитарное предприятие “ИНСТИТУТ ЦИФРОВОГО ТЕЛЕВИДЕНИЯ ГОРИЗОНТ”

Seoladh: Kuibysheva 35-1, Mionsc, 220029, an Bhealarúis

An cineál eintitis: cuideachta faoi úinéireacht stáit

Uimhir chlárúcháin: 100085149

OKPO: 37406850

Dáta clárúcháin: 26.11.1991

Áit chlárúcháin: an Bhealarúis

Teileafón: 8 740 740 91 00, +375 740 740 91 00

Facs: +375 17 288 11 82

Ríomhphost: office@horizont-rnd.by, ict@dtv.horizont.by

Suíomh gréasáin: https://h-rnd.by/

Is cuideachta Bhealarúiseach é ICT Horizont, agus tá sé ar cheann de na hionaid ardteicneolaíochta is nua-aimseartha sa tír. Tá ICT Horizont ar cheann de na heintitis atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh fhorbairt agus tháirgeadh leictreonaice speisialta i bPoblacht na Bealarúise.

Forbraíonn agus táirgeann an chuideachta earraí speisialta agus earraí dé-úsáide, mar shampla gléasanna físamhairc le haghaidh feithiclí armúrtha. Oibríonn ICT Horizont i gcomhar le hAireacht Cosanta Phoblacht na Bealarúise chun trealamh raoin a chruthú agus a nuachóiriú, i gcomhréir le ceanglais na bhFórsaí Armtha.

Ina theannta sin, glacann ICT Horizont páirt sa chlár eolaíoch-teicniúil “Intelavto”, clár darb aidhm comhpháirteanna agus córais ardteicneolaíochta dhigiteacha agus leictreonacha a chruthú le haghaidh feithiclí iompair speisialta agus dé-úsáide. D’fhormheas Comhairle Airí Phoblacht na Bealarúise an clár.

Dá bhrí sin, is cuid de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Bealarúise é ICT Horizont trí bheith rannpháirteach i bhforbairt teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

58.

Horizont Holding

ar a dtugtar freisin Horizon Holding

ar a dtugtar freisin OJSC N Holding

ar a dtugtar freisin The Horizon Group of Companies

Xолдынга “Гарызонт”

Холдинг “Горизонт”

ar a dtugtar freisin ОАО “Н Холдинг”

ar a dtugtar freisin Группа компаний “Горизонт”

Seoladh: S. Kovalevskaya Lane, 62, room 16, 220014, Mionsc, an Bhealarúis

An cineál eintitis: cuideachta sealbhaíochta

Uimhir chlárúcháin: 101050240

Dáta clárúcháin: 2010

Áit chlárúcháin: an Bhealarúis

Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis

Teileafón: +375 (17) 226 36 01

Facs: +375 (17) 303 76 07

Ríomhphost: info@h-tv.by

Suíomh gréasáin: https://h-tv.by/, https://h-holding.by/

Eintitis chomhlachaithe: ICT Horizont

Daoine aonair comhlachaithe: Yuri Ivanovich Predko

Is cuideachta sealbhaíochta Bhealarúiseach é Horizont Holding. Tá Horizont Holding ar cheann de na gabháltais éagsúlaithe is mó agus is forbartha go dinimiciúil i bPoblacht na Bealarúise, agus gabhann raon leathan réimsí gnó leis. Rinneadh cur síos air mar cheann de thionscnaimh shuaitheanta de chuid thionscal Mhionsc. Tá tionscadail Horizont Holding á gcur chun feidhme de réir threoracha Aliaksandr Lukashenka.

Is cuid de Horizont Holding é ICT Horizont. Tá ICT Horizont ar cheann de na heintitis atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh fhorbairt agus tháirgeadh leictreonaice speisialta i bPoblacht na Bealarúise.

Forbraíonn agus táirgeann an chuideachta earraí speisialta agus earraí dé-úsáide, mar shampla gléasanna físamhairc le haghaidh feithiclí armúrtha. Oibríonn ICT Horizont i gcomhar le hAireacht Cosanta Phoblacht na Bealarúise chun samhlacha trealaimh raoin a chruthú agus a nuachóiriú i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le hoiliúint a chur ar fhoirmíochtaí agus ar aonaid mhíleata de chuid na bhFórsaí Armtha.

Ina theannta sin, glacann ICT Horizont páirt i gclár eolaíoch-teicniúil “Intelavto” Stát Aontais na Rúise agus na Bealarúise, clár darb aidhm comhpháirteanna agus córais ardteicneolaíochta dhigiteacha agus leictreonacha a chruthú le haghaidh feithiclí iompair speisialta agus dé-úsáide. D’fhormheas Comhairle Airí Phoblacht na Bealarúise an clár.

Tacaíonn Horizont Holding, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka. Thairis sin, tá baint aige le ICT Horizont, ar cuid de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Bealarúise é, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2038/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)