|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2027 |
10.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2027 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí peintiaipiorad
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Liostaítear na substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1187/2013 ón gCoimisiún (3) formheasadh an tsubstaint ghníomhach peintiaipiorad go dtí an 30 Aibreán 2024. Liostaítear peintiaipiorad i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011. |
|
(3) |
Cuireadh isteach iarratas chun formheas na substainte gníomhaí peintiaipiorad a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/1740 ón gCoimisiún (4). An 19 Eanáir 2023, chuir an Ballstát is rapóirtéir na Ballstáit is comhrapóirtéirí, an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas go ndearna sé measúnú ar inghlacthacht, de bhun Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740, agus go háirithe iomláine agus tráthúlacht, an iarratais agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh sé inghlactha. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/787 ón gCoimisiún (5) leathnaíodh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí peintiaipiorad go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027, sula ndéanfar na céimeanna atá fós le déanamh sa nós imeachta um fhormheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan. |
|
(5) |
Dheimhnigh an t-iarratasóir an 13 Márta 2025 nach dtacaíonn sé a thuilleadh leis an iarratas chun formheas na substainte gníomhaí peintiaipiorad a athnuachan. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, níl údar a thuilleadh le síneadh a chur le tréimhse formheasa peintiaipiorad. Dá réir sin, ba cheart dáta éaga nua a shocrú ar an dáta is luaithe is féidir, agus am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit a n-údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí a bhfuil peintiaipiorad iontu a tharraingt siar. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1187/2013 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach peintiaipiorad, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 313, 22.11.2013, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1187/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/787 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, aimídeasulfúrón, beantazón, bicsifein, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, flocsaipiorocsad, aigéad gibrilineach, gibriliní, halaicsifein-meitil meiceapróp-P, ola phairifín, peintiaipiorad, pirimeafos-meitil, própamacarb, próipiosaimíd, próitiaconasól, riomsulfúrón, seadacsán agus sulfocsaflór (IO L, 2025/787, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/787/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, i gcuid B, i ró 57, ‘Peintiaipiorad’, sa séú colún, ‘Dul in éag an fhormheasa’, cuirtear ‘an 31 Deireadh Fómhair 2025 ’ in ionad an dáta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2027/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)