|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2023 |
3.10.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2023 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Deireadh Fómhair 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Comhlachais’) i bhfeidhm an 1 Márta 2000. |
|
(2) |
Áirítear leis an gComhaontú Comhlachais Prótacal 4 a bhaineann leis an sainmhíniú ar tháirgí tionscnaimh agus le modhanna comhair riaracháin (‘Prótacal 4’), lena leagtar síos na rialacha tionscnaimh. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 39 de Phrótacal 4, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais a bunaíodh le hAirteagal 78 den Chomhaontú Comhlachais (‘an Chomhairle Comhlachais’) a chinneadh forálacha Phrótacal 4 a leasú. De bhun Airteagal 80, an dara mír, den Chomhaontú Comhlachais, tá na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Comhlachais le bheith ina gceangal ar na Páirtithe, a dhéanfaidh na bearta is gá chun na cinntí sin a chur chun feidhme. |
|
(4) |
Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh, ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici nó trí mhalartú litreacha, maidir le leasú atá beartaithe ar Phrótacal 4. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Comhlachais a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leis an gCinneadh ón gComhairle Comhlachais. |
|
(6) |
Mar thoradh ar bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt’) i gCás C-104/16 P (2) an 21 Nollaig 2016, chun bunús dlí a bhunú chun na fabhair tharaife a leagtar síos sa Chomhaontú Comhlachais a dheonú d’earraí de thionscnamh an tSahára Thiar, thug an tAontas agus Ríocht Mharacó Comhaontú i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha maidir le leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais (3) (‘an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha’), a síníodh an 25 Deireadh Fómhair 2018. |
|
(7) |
Mar thoradh ar bhreithiúnas ón gCúirt i gcásanna uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P (4) an 4 Deireadh Fómhair 2024, chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar na sreafaí trádála a forbraíodh thar na blianta agus go mbeidh feidhm ag na fabhair tharaife faoin gComhaontú Comhlachais maidir le hearraí de thionscnamh an tSahára Thiar, rinne an tAontas Eorpach agus Maracó Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha a chaibidil, a chuirtear in ionad an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha (‘an Comhaontú nua’). Síníodh an Comhaontú nua an 3 Deireadh Fómhair 2025 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 4 Deireadh Fómhair 2025 ann. |
|
(8) |
Maidir leis an Dearbhú Comhpháirteach atá sa Chomhaontú nua, agus a cuireadh isteach i ndiaidh Phrótacal 4, sonraítear ann go mbainfidh táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Ríocht Mharacó tairbhe as na fabhair thrádála chéanna a thugann an tAontas do tháirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhlachais agus go mbeidh feidhm mutatis mutandis ag Prótacal 4 chun stádas tionscnaimh na dtáirgí sin a shainiú, lena n-áirítear maidir le cruthúnais tionscnaimh. |
|
(9) |
Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe nua, ba cheart Prótacal 4 a leasú chun a áirithiú go mbeidh an Prótacal sin infheidhme maidir le táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar agus go leanfar den trádáil, go háirithe in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an iascaigh. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar Phrótacal 4, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 70, 18.3.2000, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/204/oj.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2016, Comhairle an Aontais Eorpaigh v Front Polisario, C-104/16 P, ECLI:EU:C:2016:973.
(3) Cinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle an 28 Eanáir 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 34, 6.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/217/oj).
(4) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh v Front Polisario,ECLI:EU:C:2024:835.
DRÉACHT
CINNEADH Uimh … ÓN gCOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS MARACÓ
an …
lena leasaítear Prótacal 4, a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin, den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-MARACÓ,
Ag féachaint don Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 5 de Phrótacal 4 de a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 29 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó den pháirt eile (‘an Comhaontú Comhlachais’), tagraítear do Phrótacal 4 den Chomhaontú sin (‘Prótacal 4’) lena leagtar síos na rialacha tionscnaimh. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 5 de Phrótacal 4 go bhféadfaidh an Chomhairle Comhlachais a chinneadh forálacha Phrótacal 4 a leasú. |
|
(3) |
Sonraítear sa Dearbhú Comhpháirteach a bhaineann le Prótacal 4 go mbainfidh táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Ríocht Mharacó tairbhe as na fabhair thrádála chéanna a dheonaíonn an tAontas Eorpach do tháirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhlachais agus go mbeidh feidhm mutatis mutandis ag Prótacal 4 chun stádas tionscnaimh na dtáirgí sin a shainiú, lena n-áirítear maidir le cruthúnais tionscnaimh, cé is moite d’eisceachtaí dá ndéantar foráil i gcinntí ón gComhairle Comhlachais. |
|
(4) |
Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, arna thabhairt i gcrích an … 2025. |
|
(5) |
Ba cheart Prótacal 4 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis na leasuithe is gá chun infheidhmeacht an Phrótacail sin maidir le táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar agus leanúint den trádáil a áirithiú, go háirithe i gcás earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil an iascaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear Teideal III* le Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, maidir le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin:
‘Teideal III (1)*
Forálacha a bhaineann leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir le cur i bhfeidhm Phrótacal 1 agus Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile
Airteagal 8*
Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm mutatis mutandis Phrótacal 4
Agus an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha á gcur i bhfeidhm,
Tagraíonn na focail “longa na gcríoch sin” agus “longa próiseála na gcríoch sin” i dTeideal II den Choinbhinsiún agus sna Rialacha Idirthréimhseacha do Bhallstát den Aontas, do Mharacó nó don Sahára Thiar.
Ní dhéanfaidh oibriú, próiseáil nó modhnú i Maracó ná coinsíneachtaí arna n-onnmhairiú ó Mharacó chuig an Aontas difear d’fhorálacha Theideal III den Choinbhinsiún ná do na Rialacha idirthréimhseacha.
Déanfar na cruthúnais ar thionscnamh a chomhlánú mar seo a leanas:
Sa deimhniú gluaiseachta EUR.1:
I mbosca 2 “Deimhniú a úsáidtear i dtrádáil fhabhrach idir … agus …”, tá tagairt do “Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara an … 2025” le cur isteach.
Ní líonfar isteach Bosca 4 “Tír, grúpa tíortha nó críoch as a meastar gur tháinig na táirgí”.
Áireofar tagairtí do “Dakhla Oued Ed-Dahab” nó “Laâyoune-Sakia El Hamra”, de réir mar is iomchuí, i mbosca 7 “Barúlacha”.
Sa dearbhú tionscnaimh, áireofar tagairtí do “Dakhla Oued Ed-Dahab” nó “Laâyoune-Sakia El Hamra”, de réir mar is iomchuí, i ndáil le fonóta (2) de na hiarscríbhinní maidir le téacs an dearbhaithe tionscnaimh.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige amhail ón …
Arna dhéanamh i/in/sa …, …
Thar ceann na Comhairle Comhlachais
An tUachtarán
(1) IO L 70, 18.3.2000, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/204/oj.
(1) Uimhriú atá le seiceáil i gcomhréir le teacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gComhairle Comhlachais lena dtugtar isteach an nasc dinimiciúil leis an gCoinbhinsiún agus na Rialacha Idirthréimhseacha, lena laghdaítear líon na dTeideal agus na nAirteagal i bPrótacal 4 go dhá Theideal agus seacht nAirteagal.
IARSCRÍBHINN
Teimpléad le haghaidh deimhniú gluaiseachta EUR.1
(Gan athrú) |
EUR.1 |
Uimh. A |
000 000 |
|||||||
|
Féach na nótaí ar an taobh thall sula líonfaidh tú isteach an fhoirm seo. |
||||||||||
....................................... agus Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (Cuir isteach na tíortha, grúpaí tíortha nó críocha lena mbaineann) |
||||||||||
(Gan athrú) |
||||||||||
(Ná líon isteach) |
(Gan athrú) |
|||||||||
(Gan athrú) |
Tagairt do thionscnamh réigiúnach (Laâyoune-Sakia El Hamra, Dakhla Oued Ed-Dahab) |
|||||||||
Tuairisc ar na hearraí2 (Gan athrú) |
(Gan athrú) |
(Gan athrú) |
||||||||
Teimpléad le haghaidh dearbhú tionscnaimh
An leagan Gaeilge
Onnmhaireoir na dtáirgí a chumhdaítear sa doiciméad seo (údarú custaim Uimh. …(1)) dearbhaíonn sé leis seo, mura sonraítear a mhalairt go soiléir, gur táirgí de thionscnamh fabhrach iad na táirgí seo.
Tagairt do thionscnamh réigiúnach (Laâyoune-Sakia El Hamra, Dakhla Oued Ed-Dahab)(2).
..........................................................................................................................................................
(Áit agus dáta)(3)
..........................................................................................................................................................
(Síniú an onnmhaireora agus tagairt, i bhfocail, d’ainm an duine a shíníonn an dearbhú)(4)
|
(1) |
I gcás inarb onnmhaireoir formheasta a tharraingíonn suas an dearbhú tionscnaimh, ní mór uimhir údaraithe an onnmhaireora fhormheasta a iontráil sa spás seo. I gcás nach onnmhaireoir formheasta a tharraingíonn suas an dearbhú tionscnaimh, fágfar ar lár na focail idir lúibíní nó fágfar bán an spás. |
|
(2) |
Tionscnamh na dtáirgí le sonrú. Nuair a bhaineann an dearbhú tionscnaimh ina iomláine nó nuair a bhaineann cuid de, le táirgí de thionscnamh Ceuta agus Melilla, ní mór don onnmhaireoir iad a léiriú go soiléir sa doiciméad ina bhfuil an dearbhú tarraingthe suas trí bhíthin an chomhartha ‘CM’. |
|
(3) |
Féadfar na tásca sin a fhágáil ar lár má tá an fhaisnéis ar fáil sa doiciméad féin. |
|
(4) |
I gcás nach bhfuil gá le síniú na n-onnmhaireoirí, tugtar le tuiscint leis an díolúine ón síniú go bhfuil díolúine ann freisin maidir le hainm an tsínitheora. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2023/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)