European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2018

6.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2018 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meán Fómhair 2025

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/3202 ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (3) (‘an Prótacal’) an 12 Nollaig 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Is iad cuspóirí an Phrótacail é a chur ar a gcumas do shoithí de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus é a chur ar a chumas don Aontas agus don Ghraonlainn comhoibriú go dlúth le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Graonlainne a chur chun cinn a thuilleadh. Leis an gcomhar sin rannchuideofar le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(4)

I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Phrótacal a thabhairt.

(5)

Le hAirteagal 12 den Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (4) (‘an Comhaontú’), bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail. Tá sé de chumhacht ag an gCoiste sin leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Chun formheas na leasuithe sin a éascú, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe.

(6)

Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal atá beartaithe. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in aghaidh na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 11 Nollaig 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (‘an Prótacal’) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais, chun na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Phrótacal a thabhairt, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl (6).

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear Coimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 12 den Chomhaontú a fhormheas.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. AAGAARD


(1)  Toiliú an 8 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2024/3202 ón gComhairle an 5 Nollaig 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025–2030) (IO L, 2024/3202, 30.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3202/oj).

(3)   IO L, 2024/3203, 30.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/3203/oj.

(4)   IO L 175, 18.5.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/793/oj.

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(6)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


IARSCRÍBHINN

RAON FEIDHME AN CHUMHACHTAITHE AGUS AN NÓS IMEACHTA CHUN SEASAMH AN AONTAIS SA CHOMHCHOISTE A BHUNÚ

1.   

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú agus le hAirteagail 4 agus 7 den Phrótacal, tá an Coimisiún údaraithe chun caibidlíocht a dhéanamh le Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge agus, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir chomhlíonadh phointe 3, na leasuithe atá beartaithe a fhormheas ar an bPrótacal thar ceann an Aontais Eorpaigh a chomhaontú i leith na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

coigeartú na ndeiseanna iascaireachta agus, mar iarmhairt, na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4 den Phrótacal;

(b)

comhaontuithe tacaíochta earnála i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal;

(c)

na socruithe agus coinníollacha teicniúla faoina ndéanann soithí an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta.

2.   

Laistigh den Chomhchoiste, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí an gcomhbheartas iascaigh;

(b)

seasamh a chur chun cinn atá comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus aird a thabhairt ar chomhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta.

3.   

I gcás ina bhfuil cinneadh maidir le leasuithe ar an bPrótacal dá dtagraítear i bpointe 1 le glacadh le linn cruinniú de chuid an Chomhchoiste, glacfar na céimeanna is gá chun a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis staitistiúil, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus aon fhaisnéis ábhartha eile arna tarchur chuig an gCoimisiún san áireamh leis an seasamh a léireofar thar ceann an Aontais.

4.   

Chuige sin agus agus ar bhonn na faisnéis sin, déanfaidh an Choimisiúin doiciméad a tharchur ina leagfar amach sonraíochtaí sheasamh molta an Aontais, in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste, chuig an gComhairle nó a comhlachtaí ullmhúcháin lena bhreithniú agus a fhormheas.

5.   

I leith na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe 1(a), ceanglófar tromlach cáilithe chun seasamh beartaithe an Aontais a fhormheas ag an gComhairle sa Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Sna cásanna eile, maidir le seasamh beartaithe an Aontais sa doiciméad ullmhúcháin, measfar é a bheith comhaontaithe ach amháin i gcás ina gcuireann roinnt Ballstát, líon is comhionann le mionlach blocála sa Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) CAE„ ina choinne le linn cruinniú de chuid chomhlacht ullmhúcháin na Comhairle nó laistigh de 20 lá an dáta a fhaightear an doiciméad ullmhúcháin, cibé acu is túisce. I gcás an chur in aghaidh sin, cuirfear an cheist faoi bhráid na Comhairle.

6.   

Más rud é, le linn cruinnithe an Chomhchoiste ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an toirt, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an cás ar aghaidh ar ais chuig an gComhairle nó a comhlachtaí ullmhúcháin, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais,

7.   

Iarrtar ar an gCoimisiún, aon chéim is gá a ghlacadh, in am trátha, mar ghníomh leantach i leith chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a chur isteach a bhfuil gá leis chun an cinneadh sin a chur chun feidhme.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2018/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)