European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2014

22.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/823 maidir le bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais nó atá nasctha leis

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a mbeidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025, bunaítear córas maidir le bearta trádála uathrialacha (‘BTUnna’) idir an tAontas agus tíortha agus críocha na mBalcán Thiar trí tháirgí talmhaíochta áirithe de thionscnamh na mBalcán Thiar a dhíolmhú ó dhleachtanna custaim agus na muirir chomhéifeachta agus trí rochtain ar tharaif-cuóta iomlán a chur ar fáil do tháirgí fíona áirithe de thionscnamh na mBalcán Thiar.

(2)

Cumhdaítear leis na BTUnna atá ann faoi láthair dhá thairbhe atá fós ann: ar an gcéad dul síos, fionraíocht na ndleachtanna sonracha le haghaidh gach toradh agus glasra atá faoi réir chóras an phraghais iontrála, agus ar an dara dul síos, an rochtain ar tharaif-chuóta iomlán d’fhíon atá ar fáil ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce a luaithe atá an cuóta náisiúnta ídithe ag tíortha na mBalcán Thiar ina gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais féin. D’ainneoin raon feidhme teoranta na BTUnna, tá na BTUnna sin tábhachtach go fóill.

(3)

Is tacaíocht luachmhar é an córas de BTUnna do gheilleagair chomhpháirtithe na mBalcán Thiar, agus ní chruthaíonn sé éifeachtaí diúltacha don Aontas.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do gheilleagair leochaileacha réigiún na mBalcán Thiar trí thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/823 a fhadú 5 bliana eile. Léiríonn an fadú sin gealltanas láidir an Aontais i dtaobh lánpháirtiú trádála na mBalcán Thiar a ráthú.

(5)

Dá bhrí sin, is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/823 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2030.

(6)

Tréimhse chur i bhfeidhm na BTUnna, tá sé comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar bunaíodh an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar.

(7)

Tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Chosaiv (*1) (4), an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais deireanach a tháinig i bhfeidhm, ba cheart tagairtí do lamháltais trádála in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2024/823 a scriosadh ós rud é gur aistríodh na cuótaí sin le haghaidh na bpáirtithe uile is tairbhithe chuig na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais déthaobhacha faoi seach.

(8)

Le hAirteagal 2(3) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/823 ón gComhairle, déantar foráil do shásraí contrártha maidir le sochair a chur ar fionraí agus ba cheart iad a leasú dá bhrí sin, chun cinnteacht dhlíthiúil a chruthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/823 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha agus maidir leis an bhfionraíocht lena mbaineann’

;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

rannpháirtíocht na bpáirtithe is tairbhithe i gcomhoibriú riaracháin éifeachtach leis an Aontas, lena n-áirítear de réir mar is gá chun cruthúnas tionscnaimh a fhíorú, chun aon riosca calaoise a sheachaint; agus’

;

(c)

i mír 2, scriostar an dara fomhír;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   I gcás neamh-chomhlíonadh mhír 1, pointe (d), den Airteagal seo, ag páirtí is tairbhí, féadfaidh an Coimisiún an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, de bhun Airteagal 6.’

;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   D’ainneoin forálacha eile den Rialachán seo, go háirithe Airteagal 10, i bhfianaise íogaireacht ar leith na margaí talmhaíochta, i gcás ina bhfuil allmhairí táirgí talmhaíochta ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach do mhargaí an Aontais agus dá sásraí rialála, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta iomchuí a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).’

;

(3)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Bearta sealadacha fionraí eile’

;

(b)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go ndearnadh calaois, nó go bhfuil méadú ollmhór ar allmhairí isteach san Aontas thar an ngnáthleibhéal táirgthe agus thar an ngnáth-acmhainn onnmhairiúcháin, féadfaidh sé bearta a dhéanamh chun na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar feadh tréimhse 3 mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:’

;

(4)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2030.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2025.

(2)  Rialachán (AE) 2024/823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 maidir le bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais nó atá nasctha leis (IO L, 2024/823, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/823/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj).

(*1)  Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(4)  An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv *, den pháirt eile (IO L 71, 16.3.2016, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2016/342/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2014/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)