European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2007

2.10.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2007 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2025

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Roghnú eiticiúil ionadaithe Eorpacha’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)6500)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Meitheamh 2025 rinneadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Roghnú eiticiúil ionadaithe Eorpacha’ a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Is ab aidhm don tionscnamh, de réir mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a bheartú ‘lena dtabharfar isteach critéir choiteanna maidir le roghnú eiticiúil trédhearcach infhíoraithe iarrthóirí ar chúram poiblí Eorpach.’

(2)

A mhéid a bhaineann leis an iarraidh ar chlárú a cuireadh isteach an 30 Meitheamh 2025, chuir an Coimisiún in iúl don ghrúpa eagraithe, trí litir dar dáta an 28 Iúil 2025 (C(2025) 5234 final), agus de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2019/788, gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (e), den Rialachán sin agus nach raibh Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (b) de infheidhme. Mar sin féin, mhínigh an Coimisiún chomh maith nár chomhlíon an tionscnamh an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788.mar nach bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún reachtaíocht a bheartú lena dtabharfar isteach critéir choiteanna maidir le roghnú iarrthóirí le haghaidh cúram poiblí Eorpach, ós rud é go gceaptar comhaltaí d’institiúidí an Aontais de réir nósanna imeachta atá bunaithe sa dlí príomha.

(3)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún na heagraithe ar an eolas de bhun Airteagal 6(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/788 go bhféadfaidís an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh, nó an tionscnamh tosaigh a choimeád ar bun, nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/788.

(4)

An 29 Lúnasa 2025, chuir an grúpa eagraithe tionscnamh leasaithe isteach.

(5)

Is iad na haidhmeanna atá ag an tionscnamh leasaithe, de réir mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh ar an gCoimisiún: (i) moladh a eisiúint faoi Airteagal 292 CFAE lena n-iarrfar ar na Ballstáit agus ar na páirtithe polaitiúla íoschaighdeáin a thabhairt isteach maidir leis an eitic, le hoiriúnach shíceolaíoch agus inniúlacht i leith roghnú inmheánach iarrthóirí a bheidh le seasamh i dtoghcháin Eorpacha agus náisiúnta’; (ii) ‘Cód Eorpach Deonach Eitice’ a ghlacadh le haghaidh iarrthóirí; agus (ii) ‘feachtas poiblí feasachta agus oideachais’ a sheoladh.’ In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tá tuilleadh sonraí maidir lena chúlra, leis an ábhar atá ann agus leis na cuspóirí a bhaineann leis. Chuir na heagraithe dréachtghníomh dlí isteach chomh maith mar chuid dá n-iarraidh ar chlárú.

(6)

Maidir leis an gcéad bheart, mar atá go n-eiseodh an Coimisiún moladh ‘lena n-iarrfar ar na Ballstáit agus ar na páirtithe polaitiúla íoschaighdeáin a thabhairt isteach maidir leis an eitic, le hoiriúnach shíceolaíoch agus inniúlacht i leith roghnú inmheánach iarrthóirí a bheidh le seasamh i dtoghcháin Eorpacha agus náisiúnta’, is é conclúid an Choimisiúin nach n-iarrann an tionscnamh ar an gCoimisiún togra a chuir isteach le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thabhairt isteach chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann an tionscnamh an ceanglas dlí in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír:, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788. Thairis sin, fiú dá léirmhíneofaí go gcumhdaíonn an iarraidh ar chlárú an cás ina gcuirfeadh an Coimisiún togra isteach le haghaidh moladh ón gComhairle go dtabharfaí isteach na híoschaighdeáin sin, ní thugtar leis na forálacha a luaigh na heagraithe an inniúlacht don Aontas ar mholadh den chineál sin a ghlacadh. Ina theannta sin, ní dheonaítear le hAirteagal 223 CFAE, lena ndeonaítear don Chomhairle, tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa, an inniúlacht ar na forálacha is gá le haghaidh roghnú Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa a leagan síos, ní dheonaítear leis aon ról don Choimisiún. Fágann sin nach bhfuil aon chumhacht ag an gCoimisiún togra a chur isteach le haghaidh moladh ón gComhairle go dtabharfaí isteach íoschaighdeáin maidir le roghnú iarrthóirí le haghaidh toghchán.

(7)

Mar an gcéanna, is é conclúid an Choimisiún nach n-iarrann an dara beart agus an tríú beart, lena n-iarrann na heagraithe ar an gCoimisiún ‘Cód Eorpach Deonach Eitice’ le haghaidh iarrthóirí a ghlacadh agus ‘feachtas poiblí feasachta agus oideachais’ a sheoladh, nach n-iarrann siad ar an gCoimisiún togra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann na bearta sin an ceanglas dlí in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír:, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788.

(8)

Ar na cúiseanna sin, is follas nach dtagann an tionscnamh dar teideal ‘Roghnú eiticiúil ionadaithe Eorpacha’ faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an tríú fomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an iarraidh ar chlárú a dhiúltú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní chlárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Roghnú eiticiúil ionadaithe Eorpacha’.

Airteagal 2

Tá an cinneadh seo dírithe ar an ngrúpa eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Roghnú eiticiúil ionadaithe Eorpacha’, grúpa a bhfuil Gian Elio DE MARCO agus Jean-Pierre SAULNIER ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Maroš ŠEFČOVIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2007/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)