European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1972

29.9.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1972 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.

(2)

An 14 Iúil 2015, tháinig Cónaidhm na Rúise, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an tSín agus na Stáit Aontaithe, le tacaíocht ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), ar chomhaontú leis an Iaráin maidir le réiteach cuimsitheach fadtéarmach ar shaincheist núicléach na hIaráine. Le cur chun feidhme iomlán an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta (PCCG), bhí cineál iomlán síochánta chlár núicléach na hIaráine le háirithiú, agus bhí foráil le déanamh maidir le deireadh cuimsitheach a chur leis na smachtbhannaí uile a bhaineann le cúrsaí núicléacha.

(3)

An 20 Iúil 2015, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2231 (2015) lena bhformhuinítear PCCG, lena moltar go gcuirfí chun feidhme ina iomláine é i gcomhréir leis an amchlár a bunaíodh le PCCG agus lena bhforáiltear go ndéanfar gníomhaíochtaí i gcomhréir le PCCG.

(4)

An 20 Iúil 2015, ba dhíol sásaimh don Chomhairle PCCG agus d’fhormhuinigh sí é, agus gheall sí go gcloífidh sí lena théarmaí agus go leanfaidh sí an plean cur chun feidhme a comhaontaíodh. Thacaigh an Chomhairle go hiomlán freisin le Rún 2231 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(5)

An 18 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Dearbhú 2015/C 345/01 (2) inar tugadh ar aird go raibh an gealltanas deireadh a chur le smachtbhannaí uile an Aontais a bhaineann le cúrsaí núicléacha i gcomhréir le PCCG gan dochar don sásra um réiteach díospóidí a leagtar amach in PCCG agus gan dochar do smachtbhannaí an Aontais a thabhairt isteach in athuair i gcás neamh-chomhlíonadh suntasach na hIaráine maidir lena gealltanais faoi PCCG. Thairis sin, smachtbhannaí uile an Aontais a bhaineann le cúrsaí núicléacha a cuireadh ar fionraí nó a foirceannadh, i gcás nach gcomhlíonann an Iaráin a gealltanais faoi PCCG ar bhealach suntasach, gheall an Chomhairle iad a thabhairt isteach in athuair gan mhoill ar mholadh comhpháirteach don Chomhairle ón Ardionadaí, ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ón Ríocht Aontaithe.

(6)

An 14 Eanáir 2020, fuair an tArdionadaí, mar Chomhordaitheoir Choimisiún Comhpháirteach PCCG (‘an Comhordaitheoir’), litir ó Airí Gnóthaí Eachtracha na Fraince, na Gearmáine agus na Ríochta Aontaithe ina ndearnadh ábhar a bhaineann le cur chun feidhme ghealltanais na hIaráine faoi PCCG a tharchur chuig an gCoimisiún Comhpháirteach le go réiteofaí é tríd an Sásra um Réiteach Díospóidí, mar a leagtar amach i mír 36 de PCCG. An lá céanna, d’eisigh an Comhordaitheoir ráiteas inar cuireadh in iúl go ndéanfadh sé formhaoirseacht ar an bpróiseas Sásra um Réiteach Díospóidí (‘an próiseas’).

(7)

An 24 Eanáir 2020, d’eisigh an Comhordaitheoir ráiteas inar cuireadh in iúl, de bhun an phróisis, go ndearna sé comhairliúcháin chuimsitheacha dhéthaobhacha agus chomhchoiteanna agus gur athdhearbhaigh rannpháirtithe uile PCCG go raibh rún daingean acu PCCG a chaomhnú, rud a bhí chun leas na rannpháirtithe uile. Chuir an Comhordaitheoir in iúl, in ainneoin difríochtaí maidir le módúlachtaí, gur comhaontaíodh go raibh gá le níos mó ama mar gheall ar chastacht na saincheisteanna lena mbaineann. Cuireadh síneadh leis an amlíne don phróiseas dá bhrí sin. Chomhaontaigh na páirtithe uile lena mbaineann tabhairt faoi phlé ar leibhéal na saineolaithe lena dtabharfaí aghaidh ar na hábhair imní maidir le cur chun feidhme núicléach, chomh maith le tionchar níos leithne tharraingt siar na Stát Aontaithe ó PCCG agus na smachtbhannaí i gcoinne na hIaráine a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe an athuair, a chuir rannpháirtithe uile PCCG in iúl gur cúis aiféala dóibh iad.

(8)

An 21 Nollaig 2020, i Ráiteas Comhpháirteach Aireachta maidir le PCCG, chuir rannpháirtithe PCCG i dtábhacht an athuair go raibh siad tiomanta an comhaontú a chaomhnú agus leag siad béim ar a n-iarrachtaí faoi seach i ndáil leis sin. Leis an ráiteas, cuireadh in iúl gur phléigh na hAirí a ríthábhachtaí atá sé i gcónaí go gcuirfeadh na rannpháirtithe uile PCCG chun feidhme ina iomláine agus go héifeachtach, chomh maith leis an ngá le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha cur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le neamhleathadh núicléach agus gealltanais maidir le deireadh a chur le smachtbhannaí. Chomhaontaigh na hAirí leanúint den idirphlé chun a áirithiú go gcuirfeadh na rannpháirtithe uile PCCG chun feidhme ina iomláine. D’aithin na hAirí an fhéidearthacht go mbeidh na Stáit Aontaithe páirteach in PCCG arís agus chuir siad i bhfios go bhfuil siad réidh aghaidh a thabhairt air sin ar bhealach dearfach in iarracht chomhpháirteach.

(9)

Ó mhí Aibreáin 2021 go dtí mí Lúnasa 2022, bhí an Comhordaitheoir i gceannas ar chainteanna taidhleoireachta chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le na Stát Aontaithe a bheith páirteach in PCCG arís agus chun a áirithiú go mbeidh PCCG á chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach ag an Iaráin. In ainneoin na n-iarrachtaí sin, lena n-áirítear roinnt cruinnithe den Choimisiún Comhpháirteach le linn na tréimhse sin, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú.

(10)

An 14 Meán Fómhair 2023, fuair an Comhordaitheoir litir ó Airí Gnóthaí Eachtracha na Fraince, na Gearmáine agus na Ríochta Aontaithe maidir le cur chun feidhme PCCG. Dúirt na hAirí Gnóthaí Eachtracha nach raibh PCCG á chomhlíonadh ag an Iaráin ó 2019 i leith, agus mheas siad nár réitíodh é sin tríd an bpróiseas. Chuir siad in iúl nach bhfuil sé ar intinn acu bearta a dhéanamh maidir le deireadh a chur le smachtbhannaí breise an 18 Deireadh Fómhair 2023, Lá Idirthréimhse PCCG. An dáta céanna, d’eisigh an Comhordaitheoir ráiteas inar cuireadh in iúl gur scaip sé an litir aireachta ar rannpháirtithe eile PCCG, agus go rachadh sé i gcomhairle le rannpháirtithe uile PCCG maidir leis an mbealach ar aghaidh.

(11)

An 6 Deireadh Fómhair 2023, d’eisigh an Comhordaitheoir ráiteas inar cuireadh in iúl go raibh an t-ábhar a bhaineann le cur chun feidhme ghealltanais na hIaráine faoi PCCG fós gan réiteach fós gan réiteach tar éis an chomhairliúcháin le rannpháirtithe PCCG, mar gheall ar na tuairimí éagsúla a tugadh.

(12)

An 16 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2195 (3) lenar leasaíodh Cinneadh 2010/413/CBES. Mheas an Chomhairle go raibh foras bailí ag an Aontas chun na bearta sriantacha i gcoinne daoine agus eintitis áirithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle agus Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle (4) a choimeád ar bun tar éis Lá Idirthréimhse PCCG. Dá bhrí sin, aistríodh ainmneacha na ndaoine agus na n-eintiteas sin ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CEBS ón gComhairle go dtí Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin agus ó Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle go dtí Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán sin.

(13)

Mheas an Chomhairle freisin go raibh forais bhailí ag an Aontas chun na bearta sriantacha maidir le seirbhísí teachtaireachtaí airgeadais, a bhaineann le hearnáil an iompair, a bhaineann le gníomhaíochtaí núicléacha atá íogair ó thaobh leathadh núicléach de agus seirbhísí gaolmhara, agus iad siúd maidir le miotail agus seirbhísí gaolmhara, maidir le bogearraí agus seirbhísí gaolmhara agus maidir le hairm agus seirbhísí gaolmhara a choimeád ar bun tar éis Lá Idirthréimhse PCCG.

(14)

Mheas an Chomhairle freisin go raibh forais bhailí ag an Aontas gan na bearta sriantacha a cuireadh ar fionraí ar Lá Cur Chun Feidhme PCCG le Cinneadh (CBES) 2015/1863 ón gComhairle (5) a fhoirceannadh tar éis Lá Idirthréimhse PCCG.

(15)

An 28 Lúnasa 2025, fuair an Comhordaitheoir agus Uachtarán Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe litir ó Airí Gnóthaí Eachtracha na Fraince, na Gearmáine agus na Ríochta Aontaithe maidir le cur chun feidhme PCCG. Tríd an litir seo, chuir na hAirí Gnóthaí Eachtracha in iúl do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gur chreid siad, ar bhonn fianaise fhíorasach, gur ann do neamhchomhlíonadh suntasach na hIaráine maidir lena gealltanais faoi PCCG, rud a chuir tús leis an nós imeachta chun smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ar cuireadh deireadh leo faoi Rún 2231 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a athbhunú, i gcomhréir le mír 11 de Rún 2231 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(16)

An 29 Lúnasa 2025, i gcomhréir le Dearbhú 2015/C 345/01 ón gComhairle, sheol an tArdionadaí, an Fhrainc agus an Ghearmáin moladh comhpháirteach chuig an gComhairle inar moladh smachtbhannaí uile de chuid an Aontais a bhaineann le cúrsaí núicléacha a cuireadh ar fionraí nó a foirceannadh, nó an dá rud, a thabhairt isteach an athuair gan mhoill tráth a bheidh smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe athbhunaithe, i gcomhréir le Rún 2231 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(17)

Faoin 27 Meán Fómhair 2025, níor raibh rún nua glactha ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun leanúint le deireadh a chur leis na smachtbhannaí laistigh de 30 lá ón bhfógra a fháil an 28 Lúnasa 2025. Dá bhrí sin, i gcomhréir le forálacha mhír 37 de PCCG, tá forálacha Rúin 1696 (2006), 1737 (2006), 1747 (2007), 1803 (2008), 1835 (2008) agus 1929 (2010) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le forchur an athuair.

(18)

Measann an Chomhairle go bhfuil foras bailí ag an Aontas smachtbhannaí uile an Aontais ar an Iaráin a bhaineann le cúrsaí núicléacha a cuireadh ar fionraí nó a foirceannadh faoi PCCG a fhorchuir an athuair.

(19)

Sa chomhthéacs sin, measann an Chomhairle freisin, i bhfianaise ghníomhaíochtaí leata na hIaráine, go háirithe a mhéid a bhaineann le hearraí, ábhair, trealamh, táirgí agus teicneolaíocht atá ar liostaí Ghrúpa na Soláthróirí Ábhar Núicléach agus an Chórais Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán, gur cheart na srianta is déine a choimeád ar bun.

(20)

I gcomhréir leis an bhforáil a leagtar amach i mír 37 de PCCG, níl feidhm le héifeacht chúlghabhálach le bheith ag ath-fhorchur beart sriantach maidir le conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025, ná maidir le conarthaí coimhdeacha chun na conarthaí sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi na conarthaí sin, agus forghníomhú na gconarthaí sin, comhsheasmhach le PCCG agus leis na forálacha ath-fhorchurtha.

(21)

Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(22)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hearraí dá dtagraítear i bhfomhíreanna 3(b)(i) agus (ii) de Rún 1737 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le haghaidh imoibreoirí éadromuisce a tosaíodh roimh mhí na Nollag 2006 a aistriú go díreach nó go hindíreach chuig an Iaráin, nó lena n-úsáid san Iaráin, nó chun tairbhe na hIaráine, trí chríocha na mBallstát.’

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3c:

‘Airteagal 3c

1.   Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3a gan dochar d’fhorghníomhú, go dtí an 1 Eanáir 2026, conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú, atá le tabhairt i gcrích agus le forghníomhú tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026.

2.   Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3a gan dochar d’fhorghníomhú na n-oibleagáidí dá bhforáiltear i gconarthaí a tugadh i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025, nó i gconarthaí coimhdeacha a bhfuil gá leo chun na hoibleagáidí sin a fhorghníomhú sa chás gur ar mhaithe le méideanna gan íoc a aisíoc, i ndáil le conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025, le daoine nó le heintitis laistigh de chríocha na mBallstát nó faoina ndlínse, atá an soláthar amhola agus táirgí peitriliam de chuid na hIaráine nó na fáltais a fhaightear óna soláthar, i gcás ina bhforáiltear go sonrach sna conarthaí sin maidir leis na haisíocaíochtaí sin.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3d:

‘Airteagal 3d

1.   Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3b gan dochar d’fhorghníomhú go dtí an 1 Eanáir 2026 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025 nó conarthaí coimhdeacha a bhfuil gá leo chun na conarthaí sin a fhorghníomhú, atá le tabhairt i gcrích agus le forghníomhú tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026.

2.   Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3b gan dochar d’fhorghníomhú na n-oibleagáidí dá bhforáiltear i gconarthaí a tugadh i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025 nó i gconarthaí coimhdeacha a bhfuil gá leo chun na hoibleagáidí sin a fhorghníomhú sa chás gur ar mhaithe leis na méideanna atá gan íoc a aisíoc, i ndáil le conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025, le daoine nó le heintitis laistigh de chríocha na mBallstát nó faoina ndlínse, atá an soláthar táirgí peitriceimiceacha nó na fáltais a fhaightear óna soláthar, i gcás ina bhforáiltear go sonrach sna conarthaí sin maidir leis na haisíocaíochtaí sin.’

;

(4)

in Airteagal 4b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2, 3 agus 4:

‘1.   Beidh an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 4(1) gan dochar d’fhorghníomhú aon oibleagáide, go dtí an 1 Eanáir 2026, a bhaineann le seachadadh earraí dá bhforáiltear i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025.

2.   Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 4 gan dochar d’fhorghníomhú aon oibleagáide, go dtí an 1 Eanáir 2026, a eascraíonn as conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025 agus a bhaineann le hinfheistíochtaí arna ndéanamh san Iaráin roimh an dáta deireanach sin ag fiontair atá bunaithe sna Ballstáit.

3.   Beidh an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 4a(1) gan dochar d’fhorghníomhú oibleagáide, go dtí an 1 Eanáir 2026, oibleagáid a bhaineann le seachadadh earraí dá bhforáiltear i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025.

4.   Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 4a gan dochar d’fhorghníomhú oibleagáide, go dtí an 1 Eanáir 2026, a eascraíonn as conarthaí a tugadh i gcrích roimh agus an 30 Meán Fómhair 2025 agus a bhaineann le hinfheistíochtaí arna ndéanamh san Iaráin roimh na dátaí sin ag fiontair atá bunaithe sna Ballstáit.’

;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4f:

‘Airteagal 4f

Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 4e gan dochar d’fhorghníomhú, go dtí an1 Eanáir 2026, conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4h:

‘Airteagal 4h

Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 4g gan dochar d’fhorghníomhú, go dtí an 1 Eanáir 2026, conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4j:

‘Airteagal 4j

Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 4i gan dochar d’fhorghníomhú, go dtí an 1 Eanáir 2026, conarthaí roimh an 30 Meán Fómhair 2025 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 6 (a) agus (b) faoi seach:

(a)

beidh siad gan dochar d’fhorghníomhú oibleagáide a eascraíonn as conarthaí nó comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025;

(b)

ní chuirfidh siad cosc ar shíneadh a chur le rannpháirtíocht, más oibleagáid é an síneadh sin faoi chomhaontú arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025;

2.   Na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 6a (a) agus (b) faoi seach:

(a)

beidh siad gan dochar d’fhorghníomhú oibleagáide a eascraíonn as conarthaí nó comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025;

(b)

ní chuirfidh siad cosc ar shíneadh a chur le rannpháirtíocht, más oibleagáid é an síneadh sin faoi chomhaontú arna dtabhairt i gcrích roimh an 30 Meán Fómhair 2025.’

;

(9)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit cigireacht, i gcomhréir lena n-údaráis náisiúnta agus lena reachtaíocht náisiúnta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe dlí na farraige agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha maidir le heitlíocht shibhialta, ar gach lastas chuig an Iaráin agus ón Iaráin ina gcríocha, lena n-áirítear calafoirt mhara agus aerfoirt, má tá faisnéis acu a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint go bhfuil earraí sa lastas a bhfuil toirmeasc ar a soláthar, a ndíol, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú faoin gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe dlí na farraige, cigireachtaí ar shoithí ar an mórmhuir a iarraidh le toiliú an Stáit brataí, má tá faisnéis acu a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint go n-iompraíonn na soithí earraí a bhfuil toirmeasc faoin gCinneadh seo ar a soláthar, a ndíol, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5.   I gcásanna ina ndéantar cigireacht dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2, déanfaidh na Ballstáit earraí a bhfuil toirmeasc ar a soláthar, a ndíol, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú faoin gCinneadh seo i gcomhréir le mír 16 de Rún 1929 (2010) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a urghabháil agus a dhiúscairt, mar shampla, trína scriosadh, trína ndéanamh do-oibrithe, trína stóráil nó trína n-aistriú chuig Stát seachas na Stáit thionscnaimh nó na Stáit chinn scríbe lena ndiúscairt. Is ar chostas an allmhaireora a dhéanfar an urghabháil agus an diúscairt sin nó, mura féidir na costais sin a aisghabháil ón allmhaireoir, féadfar iad a aisghabháil, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ó aon duine nó eintiteas eile atá freagrach as an iarracht ar sholáthar, díol, aistriú nó onnmhairiú aindleathach.

6.   Toirmiscfear ar náisiúnaigh de chuid na mBallstát nó ó na críocha atá faoi dhlínse na mBallstát seirbhísí buncaeireachta nó soláthair long a sholáthar, nó seirbhísiú eile a dhéanamh ar shoithí, do shoithí atá faoi úinéireacht na hIaráine nó atá ar conradh ag an Iaráin, lena n-áirítear soithí cairtfhostaithe, má tá faisnéis acu a thugann forais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil earraí á n-iompar ag na soithí a bhfuil toirmeasc faoin gCinneadh seo ar a soláthar, a ndíol, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú ach amháin más gá na seirbhísí sin a sholáthar chun críoch daonnúil nó go dtí go ndéanfar cigireacht ar an lastas, agus go n-urghabhfar agus go ndiúscrófar é más gá, i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 5.’

;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Toirmiscfear ar náisiúnaigh Ballstát, nó ar náisiúnaigh ó chríocha na mBallstát, seirbhísí innealtóireachta agus cothabhála a sholáthar d’aerárthaí lastais na hIaráine má tá faisnéis acu lena soláthraítear forais réasúnacha chun a chreidiúint go n-iompraíonn na haerárthaí lastais earraí a bhfuil toirmeasc ar a soláthar, a ndíol, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú faoin gCinneadh seo ach amháin más gá na seirbhísí sin a sholáthar chun críoch daonnúil agus sábháilteachta nó go dtí go ndéanfar cigireacht ar an lastas, agus go n-urghabhfar agus go ndiúscrófar é más gá, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus (5).’

;

(11)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír (1), scriostar pointí (d) agus (e);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirthuras trí chríocha na mBallstát chun críocha gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis na hearraí a shonraítear i bhfomhíreanna 3(b)(i) agus (ii) de Rún 1737 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i gcás imoibreoirí éadromuisce lenar cuireadh tús roimh mhí na Nollag 2006.’

;

(c)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

an gá atá le cuspóirí Rún 1737 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Rún 1929 (2010) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal XV de Reacht IAEA;’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 9 agus 10:

‘9.   I gcásanna, de bhun mhíreanna 4, 5 agus 7, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina chríoch, nó idirthuras trína chríoch do dhaoine a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a tugadh é agus do na daoine lena mbaineann.

10.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choiste maidir le teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, do na daoine a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i gcás inar deonaíodh díolúine.’

;

(12)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointí (d) agus (e);

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta críochnaithí:

‘tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choiste faoin rún atá aige rochtain ar na cistí agus ar na hacmhainní eacnamaíocha sin a údarú, i gcás inarb iomchuí, agus in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra sin a fháil.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfar díolúintí a dhéanamh freisin i gcás cistí agus acmhainní eacnamaíocha:

(a)

atá riachtanach i gcás costais urghnácha, tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choiste agus formheas a fháil uaidh;

(b)

is ábhar do lian nó breithiúnas breithiúnach, riaracháin nó eadrána, agus sa chás sin féadfar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a úsáid chun an lian nó an breithiúnas sin a shásamh ar choinníoll gur iontráladh an lian nó an breithiúnas roimh dháta Rún 1737 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus nach chun tairbhe duine nó eintitis dá dtagraítear i mír 1 é, tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choiste;

(c)

atá riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis na hearraí a shonraítear i bhfomhíreanna 3(b)(i) agus (ii) de Rún 1737 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le himoibreoirí éadromuisce ar cuireadh tús leo roimh mhí na Nollag 2006.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘6.   Ní chuirfidh mír 1 cosc ar dhuine nó ar eintiteas ainmnithe íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh a rinneadh roimh liostú an duine nó an eintitis sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát ábhartha an méid seo a leanas:

(a)

nach mbainfidh an conradh le haon cheann de na hearraí, ábhair, trealamh, earraí, teicneolaíochtaí, cúnamh, oiliúint, cúnamh airgeadais, infheistíocht, bróicéireacht nó seirbhísí a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b)

nach bhfaighidh duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht go díreach nó go hindíreach;

agus tar éis don Bhallstát ábhartha fógra a thabhairt don Choiste faoin rún atá aige na híocaíochtaí sin a dhéanamh nó a fháil nó údarú a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha a dhíreo chun na críche sin, 10 lá oibre roimh an údarú sin.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

‘Airteagal 22

Ní dheonófar aon éileamh, lena n-áirítear éileamh ar chúiteamh nó éilimh eile mar sin, mar shampla éileamh ar fhritháireamh nó éileamh faoi ráthaíocht, i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, mar gheall ar bhearta arna gcinneadh de bhun Rún 1737 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe, Rún 1747 (2007) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe, Rún 1803 (2008) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe nó Rún 1929 (2010) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear bearta de chuid an Aontais nó aon Bhallstáit i gcomhréir le cur chun feidhme chinntí ábhartha na Comhairle Slándála nó na mbeart a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, mar a cheanglaítear leis an gcur chun feidhme sin nó i dtaca leis an gcur chun feidhme sin, do na daoine nó na heintitis ainmnithe a liostaítear in Iarscríbhinní I nó II, nó d’aon duine nó eintiteas eile san Iaráin, lena n-áirítear Rialtas na hIaráine, nó d’aon duine nó eintiteas a dhéanann éileamh trí aon duine nó eintiteas den chineál sin nó ar mhaithe le haon duine nó eintiteas mar sin.’

;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

‘Airteagal 23

1.   Cuirfidh an Chomhairle modhnuithe ar Iarscríbhinn I chun feidhme ar bhonn na gcinntí arna ndéanamh ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó na Ballstáit nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an liosta in Iarscríbhinn II a bhunú agus modhnuithe air a ghlacadh.’

;

(15)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás ina liostóidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste duine nó eintiteas, áireoidh an Chomhairle an duine nó an t-eintiteas sin in Iarscríbhinn I.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nó eintiteas a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 20(1), pointí (b) agus (c), leasóidh sí Iarscríbhinn II dá réir sin.’

;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

1.   Áireofar in Iarscríbhinní I agus II na forais le daoine agus eintitis liostaithe a liostú, dá bhforáiltear ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste maidir le hIarscríbhinn I.

2.   Áireofar in Iarscríbhinní I agus II freisin, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an fhaisnéis is gá chun na daoine nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint, arna soláthar ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste i ndáil le hIarscríbhinn I. Maidir le daoine, féadfar a áireamh san fhaisnéis sin ainmneacha lena n-áirítear ailiasanna, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhreacha pas agus cárta aitheantais, inscne, seoladh, más eol é agus feidhm nó gairm. Maidir le heintitis, féadfaidh ainmneacha, áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. Áireofar dáta an ainmniúcháin in Iarscríbhinní I agus II freisin.’

;

(17)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (b), a mhéid a bhaineann siad le Ali Akbar Salehi, cuirfear ar fionraí iad.’

;

(b)

scriostar mír 5;

(18)

scriostar Airteagail 26a, 26b, 26c, 26d, 26f agus 26g;

(19)

scriostar Iarscríbhinní III, IV, V agus VI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BØDSKOV


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/413/oj).

(2)  Dearbhú 2015/C 345/1 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2015 (IO C 345, 18.10.2015, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/2195 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L, 2023/2195, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2195/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/267/oj).

(5)  Cinneadh (CBES) 2015/1863 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L 274, 18.10.2015, lch. 174, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1863/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1972/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)