European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1961

24.9.2025

CINNEADH UIMH. 1/2025 ÓN gCOISTE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN MHOLDÓIV I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA

an 19 Meán Fómhair 2025

maidir le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú de bhun Airteagal 147(4) den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile [2025/1961]

TÁ AN COISTE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN MHOLDÓIV I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 147(4) agus Airteagail 438(3) agus (4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) an 27 Meitheamh 2014, tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Meán Fómhair 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 147(4) den Chomhaontú, is féidir leis na Páirtithe a chomhaontú, tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, machnamh a dhéanamh ar dhlús a chur leis an raon feidhme maidir le dleachtanna custaim atá ar an trádáil idir na Páirtithe a dhíothú, agus ar an raon feidhme sin a leathnú. Cuirfear cinneadh ón gCoiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála maidir le dlús a chur le dleacht chustaim ar earra nó maidir lena díothú in ionad aon ráta dleachta nó catagóire céimnithe arna cinneadh de bhun Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú.

(3)

Tar éis chogadh foghadh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta aontaobhacha léirscaoilte trádála don Mholdóiv trína Bhearta Trádála Uathrialacha (BTUnna) an 18 Iúil 2022 (2), a ndearnadh iad a athnuachan in 2023 (3) agus 2024 (4). Tar éis do na BTUnna dul in éag an 24 Iúil 2025, chomhaontaigh na páirtithe, mar thoradh ar an bplé eatarthu, go leathnófaí an raon feidhme maidir le dleachtanna custaim a dhíothú agus go dtacófaí le hailíniú na Moldóive le acquis an Aontais, rud atá ina chuid thábhachtach de chaibidlíocht aontachais na Moldóive leis an Aontas.

(4)

Tá sé d’aidhm ag na Páirtithe an raon feidhme a leathnú a thuilleadh maidir le dleachtanna custaim a dhíothú faoin gComhaontú. Dá bhrí sin, is iomchuí gealltanais gach Páirtí a leagan amach maidir le dleachtanna custaim ar earraí tionscnaimh de chuid an Pháirtí eile a laghdú nó a dhíothú sna Sceidil a leagtar amach in Iarscríbhinn XV-E nua, a ionchorprófar sa Chomhaontú agus a bheidh ina chuid dhílis de. Cuirfear Iarscríbhinn XV-E nua a ghabhann leis an gComhaontú in ionad na Sceideal atá in Iarscríbhinn XV-A, XV-B agus XV-D a ghabhann leis an gComhaontú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XV-E.

(5)

Aithníonn na Páirtithe cineál dinimiciúil na gcaidreamh trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv, agus méadú beagnach 150 faoin gcéad tagtha ar an trádáil ó cuireadh Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála an Chomhaontaithe i bhfeidhm ar bhonn sealadach. I bhfianaise chaibidlíocht na Moldóive maidir le haontachas leis an Aontas, leanfaidh comhtháthú na Moldóive de réir a chéile isteach i gcodanna de mhargadh aonair an Aontais roimh an aontachas de bheith ag neartú an chaidrimh trádála freisin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, lena n-áirítear na foscríbhinní a ghabhann léi, cuirtear í leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile mar Iarscríbhinn XV-E.

Airteagal 2

In 2027, déanfaidh na páirtithe measúnú ar leibhéal laghdaithe agus díothaithe na ndleachtanna custaim a comhaontaíodh sa phróiseas athbhreithnithe faoi Airteagal 147(4) den Chomhaontú. Déanfar é sin d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh léirscaoilte i bhfianaise dhul chun cinn phróiseas aontachais na Moldóive, na n-athruithe atá ag teacht ar acmhainneachtaí ionsúcháin táirgthe agus allmhairiúcháin na bpáirtithe, na bpátrún déthaobhach trádála i dtáirgí nach bhfuil léirscaoilte go hiomlán go fóill, úsáid na gcuótaí ábhartha roimhe seo, agus i bhfianaise na leasanna agus na n-íogaireachtaí ar leith ar an dá thaobh.

Airteagal 3

Rinneadh an Cinneadh seo a tharraingt suas sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá déag tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i gCísineá, an 19 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála

An Cathaoirleach

Cristina CEBAN

Na rúnaithe

Lola FERRAND

Victoria BEJAN


(1)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 195, 22.7.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1279/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1524/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L, 2024/1501, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1501/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an Iarscríbhinn nua seo a leanas agus na foscríbhinní a ghabhann léi isteach sa Chomhaontú tar éis Iarscríbhinn XV-D.

‘IARSCRÍBHINN XV-E

Airteagal 1

DLEACHTANNA CUSTAIM A DHÍOTHÚ

Déanfaidh gach Páirtí dleachtanna custaim ar earraí tionscnaimh de chuid an Pháirtí eile a laghdú nó a dhíothú i gcomhréir le Foscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, a chuirtear in ionad na rátaí dleachta custaim a leagtar amach in Iarscríbhinní XV-A, XV-B agus XV-D a ghabhann leis an gComhaontú. I gcás ina gcuirfear Foscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo nó codanna di ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 2(5) nó Airteagal 3 den Iarscríbhinn seo, beidh feidhm ag na rátaí dleachta custaim a leagtar amach in Iarscríbhinní XV-A, XV-B agus XV-D ar feadh thréimhse na fionraí.

Airteagal 2

CAIGHDEÁIN TÁIRGTHE

1.   Déanfaidh an Mholdóiv a reachtaíocht a ailíniú le reachtaíocht an Aontais atá liostaithe i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo faoin 31 Nollaig 2027.

2.   Tabharfaidh an Mholdóiv tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn atá déanta aici maidir lena hailíniú rialála. Pléifear an tuarascáil sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála.

3.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027 (31 Nollaig 2028 i gcás Rialachán (AE) 2017/625 (1) a liostaítear i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo), seolfaidh an Mholdóiv tuarascáil chríochnaitheach chuig an gCoimisiún ina leagfar amach a comhlíontacht le mír 1. Áireofar leagan Béarla ar na doiciméid a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin i gcónaí. Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil chríochnaitheach a chuirfidh an Mholdóiv isteach:

a.

an gníomh inmheánach le tábla traschomparáide (“tábla trasuite”) ina léireofar go mionsonrach an chaoi a gcomhfhreagraítear do gach airteagal de reachtaíocht an Aontais; agus

b.

más infheidhme, liosta de reachtaíocht na Moldóive ba ghá a leasú nó a neamhniú chun reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme.

4.   Más rud é, ar bhonn na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i mír 3 nó ar bhonn faisnéis ábhartha eile, nach féidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil oibleagáid na Moldóive faoi mhír 1 comhlíonta aici, tabharfaidh an tAontas fógra don Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála faoi agus rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin gan moill mhíchuí, rud a thabharfaidh 2 mhí don Mholdóiv gnéithe breise a sholáthar chun a chur in iúl go bhfuil mír 1 á comhlíonadh aici.

5.   Más rud é, d’ainneoin mhír 4, nach féidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil oibleagáid na Moldóive faoi mhír 1 comhlíonta aici, féadfaidh an tAontas na fabhair uile, nó cuid díobh, a dheonaítear de bhun Airteagal 1 le haghaidh táirgí ábhartha a chur ar fionraí. Tabharfaidh an tAontas fógra don Mholdóiv, gan mhoill, ina leagfar amach an rún atá aige fabhair a chur ar fionraí. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag an bhfionraí tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis an dáta a sheachadfar an fógra don Mholdóiv.

6.   Arna iarraidh sin don Mholdóiv agus tar éis faisnéis nua a sheachadadh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chomhlíontacht na Moldóive le mír 1 maidir le reachtaíocht ábhartha an Aontais. Ní mhairfidh an t-athbhreithniú níos faide ná 4 seachtaine agus féadfaidh comhairliúcháin idir na Páirtithe a bheith i gceist leis. Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil oibleagáid na Moldóive faoi mhír 1 comhlíonta aici, tabharfaidh an tAontas an chuid de na fabhair faoi Airteagal 1 a cuireadh ar fionraí isteach arís laistigh de 2 mhí.

7.   Cuirfidh an tAontas an Mholdóiv ar an eolas go bliantúil maidir leis na forbairtí a bhaineann leis na gníomhartha dlí atá liostaithe i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo san Fhochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta idir an tAontas agus an Mholdóiv.

Airteagal 3

BEARTA COSANTA

1.   Más rud é gur tháinig deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil de chineál earnála nó réigiúnach, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh, chun cinn nó má tá baol ann go dtiocfaidh siad chun cinn, i gcás ceachtar den dá Páirtí, lena n-áirítear i gcás an Aontais i mBallstát amháin nó níos mó, mar thoradh ar allmhairí táirge a chumhdaítear leis an léirscaoileadh breise faoi Airteagal 1, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce iomchuí a dhéanamh i leith na bhfabhar a dheonaítear faoi Airteagal 1.

2.   Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra don Pháirtí eile, gan mhoill, go bhfuil sé beartaithe aige bearta coimirce a dhéanamh agus soláthróidh sé gach faisnéis ábhartha. Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán láithreach d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach.

3.   Ní fhéadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce a dhéanamh go dtí go mbeidh mí amháin istigh ó dháta an fhógra faoi mhír 2, ach amháin má thugtar i gcrích an nós imeachta comhairliúcháin faoi mhír 2 sula rachaidh an teorainn ama a shonraítear in éag. I gcás ina n-eisiatar réamhscrúdú de bharr imthosca eisceachtúla a éilíonn gníomh láithreach, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann na bearta coimirce is gá a chur i bhfeidhm láithreach chun an scéal a leigheas.

Foscríbhinn A

TÁIRGÍ ATÁ FAOI RÉIR TARAIF-CHUÓTAÍ BLIANTÚLA SAOR Ó DHLEACHT (AE)

Sraithuimhir

Cód AC 2025

Tuairisc ar an táirge

Méid (tonaí)

Ráta dleachta

1

0806 10 10

Fíonchaora boird, iad úr

40 000

díolúine

2

0808 10 80

Úlla úra (gan úlla ceirtlise, ar an mórchóir, ón 16 Meán Fómhair go dtí an 15 Nollaig a áireamh)

50 000

díolúine

3

0809 29 00

Silíní, iad úr (gan silíní searbha a áireamh)

4 500

díolúine

4

0809 40 05

Plumaí, iad úr

61 000

díolúine

TÁIRGÍ FAOI RÉIR PRAGHAS IONTRÁLA  (2)

a bhfuil comhpháirt ad valorem na dleachta allmhairiúcháin díolmhaithe ina leith (AE)

Cód AC 2025

Tuairisc ar an táirge

0702 00 10

Trátaí iomlána, atá < 47 mm ar trastomhas, iad úr nó fuaraithe

0702 00 91

Trátaí i dtrusanna, atá => 47 mm ar trastomhas, iad úr nó fuaraithe

0702 00 99

Trátaí, nach bhfuil i dtrusanna, atá =>47mm ar trastomhas, iad úr nó fuaraithe

0707 00 05

Cúcamair, iad úr nó fuaraithe

0709 91 00

Bliosáin chruinne, iad úr nó fuaraithe

0709 93 10

Cúirséid, iad úr nó fuaraithe

0805 10 22

Oráistí imleacáin, iad úr

0805 10 24

Oráistí bána, iad úr

0805 10 28

Oráistí milse, iad úr (gan oráistí imleacáin agus bána a áireamh)

0805 21 10

Satsúmaí, iad úr nó triomaithe

0805 21 90

Mandairíní, iad úr nó triomaithe, lena n-áirítear táinséiríní

0805 22 00

Cleimintíní, iad úr nó triomaithe, lena n-áirítear monreales

0805 29 00

Builcíní agus hibridí citris comhchosúla, iad úr nó triomaithe

0805 50 10

Líomóidí, iad úr nó triomaithe (Citrus limon, Citrus limonum)

0808 30 90

Piorraí úra (gan piorraí leanna, ar an mórchóir, ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig a áireamh)

0809 10 00

Aibreoga, iad úr

0809 21 00

Silíní searbha (Prunus cerasus), iad úr

0809 30 20

Péitseoga leathana (Prunus persica var. platycarpa) agus neachtairíní leathana (Prunus persica var. platerina)

0809 30 30

Neachtairíní, iad úr

0809 30 80

Péitseoga, iad úr (gan neachtairíní a áireamh)

2204 30 92

Úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, tiubhaithe de réir bhrí Nóta Ceannteidil 7 a ghabhann le Caibidil 22, atá <= 1,33 g/cm3 ar dlús ag teocht 20 °C agus <= 1 % ach > 0,5 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte (gan úrfhíon fíonchaor ar stadadh a choipeadh trí alcól a chur leis a áireamh)

2204 30 94

Úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, gan bheith tiubhaithe, atá <= 1,33 g/cm3 ar dlús ag teocht 20 °C agus <= 1 % ach > 0,5 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte (gan úrfhíon fíonchaor ar stadadh a choipeadh trí alcól a chur leis a áireamh)

2204 30 96

Úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, tiubhaithe de réir bhrí Nóta Ceannteidil 7 a ghabhann le Caibidil 22, atá > 1,33 g/cm3 ar dlús ag teocht 20 °C agus <= 1 % ach > 0,5 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte (gan úrfhíon fíonchaor ar stadadh a choipeadh trí alcól a chur leis a áireamh)

2204 30 98

Úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, gan bheith tiubhaithe, atá > 1,33 g/cm3 ar dlús ag teocht 20 °C agus <= 1 % ach > 0,5 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte (gan úrfhíon fíonchaor ar stadadh a choipeadh trí alcól a chur leis a áireamh)

SCEIDEAL LAMHÁLTAS (POBLACHT NA MOLDÓIVE)

Ainmníocht Phoblacht na Moldóive 2022

Tuairisc

Dleacht NBF a chuirtear i bhfeidhm

Catagóir

0203 11 10

Conablaigh agus cliatháin ó mhucra clóis, iad úr nó fuaraithe

20  % + 200  EUR/t

TRQ 1 (5 500  t)

0203 12 11

Liamhása agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, ar an gcnámh, iad úr nó fuaraithe

20  % + 200  EUR/t

0203 12 19

Guaillí agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, ar an gcnámh, iad úr nó fuaraithe

20  % + 200  EUR/t

0203 19 11

Ceathrúna tosaigh agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad úr nó fuaraithe

20  % + 200  EUR/t

0203 19 13

Luanta agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad úr nó fuaraithe

20  % + 200  EUR/t

0203 19 15

Boilg “stríocacha” agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad úr nó fuaraithe

20  % + 200  EUR/t

0203 19 55

Feoil ó mhucra clóis, gan chnámha, í úr nó fuaraithe (gan boilg agus gearrthacha díobh a áireamh)

20  % + 200  EUR/t

0203 19 59

Feoil ó mhucra clóis, ar an gcnámh, í úr nó fuaraithe (gan conablaigh agus cliatháin, liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, agus ceathrúna tosaigh, luanta, boilg agus gearrthacha díobh a áireamh)

20  % + 200  EUR/t

0203 21 10

Conablaigh agus cliatháin ó mhucra clóis, iad reoite

20  % + 200  EUR/t

0203 22 11

Liamhása agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, ar an gcnámh, iad reoite

20  % + 200  EUR/t

TRQ 1 (5 500  t)

TRQ 1 a (le haghaidh 2 026 : 500  t; le haghaidh 2 027 : 650  t; le haghaidh 2 028 : 800  t; ó 2 029 ar aghaidh: 1 000  t)

0203 22 19

Guaillí agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, ar an gcnámh, iad reoite

20  % + 200  EUR/t

0203 29 11

Ceathrúna tosaigh agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad reoite

10  % + 200  EUR/t

0203 29 13

Luanta agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, ar an gcnámh, iad reoite

10  % + 200  EUR/t

0203 29 15

Boilg “stríocacha” agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad reoite

10  % + 200  EUR/t

0203 29 55

Feoil ó mhucra clóis, gan chnámha, í reoite (gan boilg agus gearrthacha díobh a áireamh)

10  % + 200  EUR/t

0203 29 59

Feoil ó mhucra clóis, í reoite, ar an gcnámh (gan conablaigh agus cliatháin, liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, agus ceathrúna tosaigh, luanta, boilg agus gearrthacha díobh a áireamh)

10  % + 200  EUR/t

0207 11 10

Éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad cluimhrithe agus glanta, agus an ceann agus na croibh orthu, ar a dtugtar “sicíní 83 %”, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

TRQ 2 (le haghaidh 2 025 : 6 000  t; le haghaidh 2 026 : 6 500  t; le haghaidh 2 027 : 6 650  t; le haghaidh 2 028 : 6 800  t; ó 2 029 ar aghaidh: 7 000  t)

0207 11 30

Éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad cluimhrithe agus dí-innithe, gan an ceann ná na croibh orthu, ach an muineál, an croí, an t-ae agus an eagaois iontu, ar a dtugtar “sicíní 70 %”, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

0207 11 90

Éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad cluimhrithe agus dí-innithe, gan an ceann, na croibh agus an muineál orthu agus gan an croí, an t-ae agus an eagaois iontu, ar a dtugtar “sicíní 65 %” iad úr nó fuaraithe, agus cineálacha eile éanlaithe clóis, iad úr nó fuaraithe, nach bhfuil gearrtha ina bpíosaí (gan sicíní “83 % agus 70 %” a áireamh)

20  % + 100  EUR/t

0207 12 10

Éanlaithe chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad cluimhrithe agus dí-innithe, gan an ceann ná na croibh orthu ach an muineál, an croí, an t-ae agus an eagaois iontu, ar a dtugtar “sicíní 70 %”, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

 

0207 12 90

Éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad cluimhrithe agus dí-innithe, gan an ceann, na croibh, ná an muineál orthu, ná an croí, an t-ae ná an eagaois iontu, ar a dtugtar “sicíní 65 %” agus cineálacha eile éanlaithe clóis, nach bhfuil gearrtha ina bpíosaí (gan “sicíní 70 %” a áireamh), iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 13 10

Gearrthacha ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

0207 13 20

Leatha nó ceathrúna ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

0207 13 30

Sciatháin ina n-iomláine, bíodh na reanna orthu nó ná bíodh, ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

0207 13 50

Brollaigh agus gearrthacha díobh ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, ar an gcnámh, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

0207 13 60

Cosa agus gearrthacha díobh ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, ar an gcnámh, iad úr nó fuaraithe

20  % + 100  EUR/t

0207 13 99

Scairteach inite ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad úr nó fuaraithe (gan aenna a áireamh)

20  % + 100  EUR/t

0207 14 10

Gearrthacha ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, gan chnámha, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 14 20

Leatha nó ceathrúna ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 14 30

Sciatháin ina n-iomláine, bíodh na reanna orthu nó ná bíodh, o éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 14 40

Dromanna, muiníl, dromanna agus an muineál greamaithe díobh, tóineanna agus reanna sciatháin ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

 

0207 14 50

Brollaigh agus gearrthacha díobh ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, ar an gcnámh, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 14 60

Cosa agus gearrthacha díobh ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, ar an gcnámh, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 14 70

Gearrthacha ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, ar an gcnámh, iad reoite (gan leatha agus ceathrúna, sciatháin ina n-iomláine, bíodh na reanna orthu nó ná bíodh, dromanna, muiníl, dromanna agus muiníl greamaithe díobh, tóineanna agus reanna sciatháin, brollaigh, cosa agus gearrthacha díobh a áireamh)

15  % + 100  EUR/t

0207 14 91

Aenna inite ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

15  % + 100  EUR/t

0207 14 99

Scairteach inite ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus, iad reoite (gan aenna a áireamh)

15  % + 100  EUR/t

0401 10 10

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 1 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo

15

TRQ 3 (2 000  t)

0401 10 90

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 1 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0401 20 11

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 3 % ach > 1 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo

15

0401 20 19

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 3 % ach > 1 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0401 20 91

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille > 3 % ach <= 6 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo

15

TRQ 3 (2 000  t)

TRQ 3 a (le haghaidh 2 026 : 500  t; le haghaidh 2 027 : 650  t; le haghaidh 2 028 : 800  t; ó 2 029 ar aghaidh: 1 000  t)

0401 20 99

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille > 3 % ach <= 6 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0401 40 10

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 10 % ach > 6 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo

15

TRQ 3 (2 000  t)

0401 40 90

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 10 % ach > 6 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0401 50 11

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 21 % ach > 10 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo

15

0401 50 19

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille <= 21 % ach > 10 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0401 50 31

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille > 21 % ach <= 45 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo

15

0401 50 39

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille > 21 % ach <= 45 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0401 50 91

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille > 45 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe <= 2 l, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo

15

0401 50 99

Bainne agus uachtar ina bhfuil cion saille > 45 % de réir meáchain, nach bhfuil comhdhlúite ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsithe eile curtha leo (gan bainne agus uachtar i gcéadphacáistithe <= 2 l a áireamh)

15

0405 10 11

Im nádúrtha ina bhfuil cion saille >= 80 % ach <= 85 % de réir meáchain, i gcéadphacáistithe ina bhfuil ghlanmhéid <= 1 kg (gan im díhiodráitithe agus gí a áireamh)

15  % + 500  EUR/t

TRQ 3 (2 000  t)

TRQ 3 b (le haghaidh 2 026 : 200  t; le haghaidh 2 027 : 300  t; le haghaidh 2 028 : 400  t; ó 2 029 ar aghaidh: 500  t)

0405 10 19

Im nádúrtha ina bhfuil cion saille >= 80 % ach <= 85 % de réir meáchain (seachas i gcéadphacáistithe de ghlanmhéid <= 1 kg, agus gan im díhiodráitithe agus gí a áireamh)

15  % + 500  EUR/t

0405 10 30

Im ath-chomhcheangailte ina bhfuil cion saille >= 80 % ach <= 85 % de réir meáchain (gan im díhiodráitithe agus gí a áireamh)

15  % + 500  EUR/t

0405 10 50

Im meidhg ina bhfuil cion saille >= 80 % ach <= 85 % de réir meáchain (gan im díhiodráitithe agus gí a áireamh)

15  % + 500  EUR/t

0405 10 90

Im ina bhfuil cion saille > 85 % ach <= 95 % de réir meáchain (gan im díhiodráitithe agus gí a áireamh)

15  % + 500  EUR/t

0405 20 10

Leatháin déiríochta, ina bhfuil cion saille >= 39 % ach < 60 % de réir meáchain

20  % + 500  EUR/t

TRQ 3 (2 000  t)

0405 20 30

Leatháin déiríochta, ina bhfuil cion saille >= 60 % ach <= 75 %, de réir meáchain

20  % + 500  EUR/t

0405 20 90

Leatháin déiríochta, ina bhfuil cion saille > 75 % ach < 80 %, de réir meáchain

20  % + 500  EUR/t

0405 90 10

Saillte agus olaí a fhaightear ó bhainne ina bhfuil cion saille >= 99,3 % de réir meáchain agus ina bhfuil cion uisce <= 0,5 % de réir meáchain

20  % + 500  EUR/t

TRQ 3 (2 000  t)

TRQ 3 b (le haghaidh 2 026 : 200  t; le haghaidh 2 027 : 300  t; le haghaidh 2 028 : 400  t; ó 2 029 ar aghaidh: 500  t)

0405 90 90

Saillte agus olaí a fhaightear ó bhainne, im díhiodráitithe agus gí (gan saillte agus olaí ina bhfuil cion saille>= 99,3 % de réir meáchain agus ina bhfuil cion uisce <= 0,5 %, agus im nádúrtha, im ath-chomhcheangailte agus im meidhg a áireamh)

20  % + 500  EUR/t

1601 00 10

Ispíní ae agus táirgí comhchosúla agus ullmhóidí bia atá bunaithe orthu

15

TRQ 4 (1 700  t)

1601 00 91

Ispíní neamhchócaráilte agus táirgí comhchosúla ó fheoil, scairteach nó fuil agus ullmhóidí bia atá bunaithe orthu (gan ae a áireamh)

15

1601 00 99

Ispíní agus táirgí comhchosúla ó fheoil, scairteach nó fuil agus ullmhóidí bia atá bunaithe orthu (gan ispíní ae agus ispíní neamhchócaráilte a áireamh)

15

1602 32 11

Éineoil nó scairteach éineola ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus , í neamhchócaráilte, ullmhaithe nó leasaithe, ina bhfuil cion éineola nó scairtí >= 57 % ó éanlaith chlóis (gan ispíní agus táirgí comhchosúla, agus ullmhóidí ó ae a áireamh)

20

TRQ 4 (1 700  t)

1602 32 19

Éineoil nó scairteach éineola, ó éanlaith chlóis den speiceas Gallus domesticus ina bhfuil cion éineola nó scairtí >= 57 % ó éanlaith chlóis (gan ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí a homaiginítear go mion lena miondíol mar bhia do naíonáin nó chun críoch diaitéiteach, iad i gcoimeádáin ina bhfuil glanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó ae agus úisc feola a áireamh)

20

1602 32 30

Éineoil nó scairteach éineola ullmhaithe nó leasaithe ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, í ullmhaithe nó leasaithe, ina bhfuil cion éineola nó scairtí >= 25 % ach < 57 % ó éanlaith chlóis (seachas ó thurcaithe agus éanlaith ghuine, agus gan ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí a homaiginítear go mion lena miondíol mar bhia do naíonáin nó chun críoch diaitéiteach, iad i gcoimeádáin ina bhfuil glanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó ae agus úisc feola a áireamh)

20

1602 32 90

Feoil nó scairteach feola ullmhaithe nó leasaithe ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus (seachas sin ina bhfuil >= 25 % feoil nó scairteach éanlaithe clóis ó thurcaithe nó ó éanlaith ghuine, ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí mínhomaiginithe atá cóirithe lena miondíol mar bhia do naíonáin nó chun críocha cothaithe, i gcoimeádáin de ghlanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó úisc ae agus feola agus súnna)

20

1602 41 10

Liamhása agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad ullmhaithe nó leasaithe

20

TRQ 4 (1 700  t)

1602 42 10

Guaillí agus gearrthacha díobh ó mhucra clóis, iad ullmhaithe nó leasaithe

20

1602 49 11

Luanta agus codanna díobh ó mhucra clóis, lena n-áirítear meascáin de luanta nó liamhása, iad ullmhaithe nó leasaithe (gan coiléir a áireamh)

15

1602 49 13

Coiléir agus codanna díobh ó mhucra clóis, lena n-áirítear meascáin de choiléir agus guaillí, iad ullmhaithe nó leasaithe

15

1602 49 15

Meascáin de liamhása, guaillí, luanta, coiléir agus codanna díobh ó mhucra clóis, iad ullmhaithe nó leasaithe (gan meascáin nach bhfuil iontu ach luanta agus liamhása nó meascáin nach bhfuil iontu ach coiléir agus guaillí a áireamh)

15

1602 49 19

Feoil nó scairteach, lena n-áirítear meascáin díobh, ó mhucra clóis, iad ullmhaithe nó leasaithe, ina bhfuil cion feola nó scairtí >= 80 % de chineál ar bith de réir meáchain, lena n-áirítear saillte muiceola nó saillte de chineál nó de thionscnamh ar bith, (gan liamhása, guaillí, luanta, coiléir agus codanna díobh, ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí a homaiginítear go mion lena miondíol mar bhia do naíonáin nó chun críoch diaitéiteach, iad i gcoimeádáin ina bhfuil glanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó ae agus úisc feola a áireamh)

15

1602 49 30

Feoil, scairteach agus meascáin díobh, ó mhucra clóis, ina bhfuil cion feola nó scairtí >= 40 % ach < 80 % de chineál ar bith de réir meáchain lena n-áirítear saillte de chineál ar bith, iad ullmhaithe nó leasaithe (gan ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí a homaiginítear go mion lena miondíol mar bhia do naíonáin nó chun críoch diaitéiteach, iad i gcoimeádáin ina bhfuil glanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó ae agus úisc feola a áireamh)

15

1602 49 50

Feoil, scairteach agus meascáin díobh, ó mhucra clóis, ina bhfuil cion feola nó scairtí < 40 % de chineál ar bith de réir meáchain lena n-áirítear saillte de chineál ar bith, iad ullmhaithe nó leasaithe (gan ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí a homaiginítear go mion lena miondíol mar bhia do naíonáin nó chun críoch diaitéiteach, iad i gcoimeádáin ina bhfuil glanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó ae agus úisc feola a áireamh)

15

1602 90 51

Feoil nó scairteach, ina bhfuil feoil nó scairteach ó mhucra clóis, í ullmhaithe nó leasaithe (seachas ó éanlaith chlóis, ó bhó-ainmhithe, ó réinfhianna, ó ghéim nó ó choiníní agus gan ispíní agus táirgí comhchosúla, ullmhóidí a homaiginítear go mion lena miondíol mar bhia do naíonáin ar bhia do naíonáin nó chun críoch diaitéiteach, iad i gcoimeádáin ina bhfuil glanmheáchan <= 250 g, ullmhóidí ó ae agus úisc feola a áireamh)

15

TRQ 4 (1 700  t)

1701 12 10

Amhshiúcra biatais lena scagadh (gan blastán ná dathú breise a áireamh)

75

TRQ 5 (9 000  t)

1701 12 90

Amhshiúcra biatais (seachas lena scagadh agus gan blastán ná dathú breise a áireamh)

75

1701 13 10

Amhshiúcra cána lena scagadh (gan blastán ná dathú breise a áireamh)

75

1701 13 90

Amhshiúcra cána (seachas lena scagadh agus gan blastán ná dathú breise a áireamh)

75

1701 91 00

Siúcra cána nó biatais scagtha, a bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leis, i bhfoirm sholadach

75

1701 99 10

Siúcra bán, ina bhfuil cion siúcróis >= 99,5 % ina riocht tirim (gan siúcra bán blaistithe nó daite a áireamh)

75

1701 99 90

Siúcra cána nó biatais agus siúcrós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach (gan siúcra cána agus siúcra biatais ina bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leis, siúcra amh agus siúcra bán a áireamh)

75

1702 30 10

Iseaglúcós i bhfoirm sholadach, nach bhfuil fruchtós ann nó ina bhfuil cion fruchtóis < 20 % de réir meáchain sa riocht tirim

75

TRQ 6 (640  t)

1702 30 50

Glúcós agus síoróip ghlúcóis, i bhfoirm púdair chriostalaigh bháin, bíodh sé ceirtleánaithe nó ná bíodh, nach bhfuil fruchtós ann nó ina bhfuil cion fruchtóis níos lú ná 20 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan iseaglúcós a áireamh)

75

1702 30 90

Glúcós agus síoróip ghlúcóis, nach bhfuil fruchtós iontu nó ina bhfuil cion fruchtóis níos lú ná 20 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan iseaglúcós agus glúcós agus síoróip ghlúcóis i bhfoirm phúdair chriostalaigh bháin, bíodh sé ceirtleánaithe nó ná bíodh, a áireamh)

75

1702 40 10

Iseaglúcós i bhfoirm sholadach, ina bhfuil cion fruchtóis >= 20 % agus < 50 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan siúcra inbhéartaithe a áireamh)

75

1702 40 90

Glúcós i bhfoirm sholadach agus síoróip glúcóis, nach bhfuil ábhar breise blaistithe nó dathúcháin curtha leo, agus ina bhfuil cion fruchtóis >= 20 % agus < 50 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan iseaglúcós agus siúcra inbhéartaithe a áireamh)

75

1702 50 00

Fruchtós atá íon ó thaobh ceimice i bhfoirm sholadach

75

1702 60 10

Iseaglúcós i bhfoirm sholadach, ina bhfuil cion fruchtóis > 50 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan fruchtós atá íon go ceimiceach agus siúcra inbhéartaithe a áireamh)

75

1702 60 95

Fruchtós i bhfoirm sholadach agus síoróip fruchtóis, nach bhfuil ábhar breise blaistithe nó dathúcháin curtha leo, agus ina bhfuil cion fruchtóis > 50 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan iseaglúcós, síoróip ionúiline, fruchtós atá íon go ceimiceach agus siúcra inbhéartaithe a áireamh)

75

1702 90 10

Maltós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach

75

 

1702 90 30

Iseaglúcós i bhfoirm sholadach, ina bhfuil cion fruchtóis 50 % de réir meáchain sa riocht tirim, a fhaightear ó pholaiméirí glúcóis

75

1702 90 71

Siúcra agus molás, iad caramalaithe, ina bhfuil cion siúcróis >= 50 % de réir meáchain sa riocht tirim

75

1702 90 75

Siúcra agus molás, iad caramalaithe, ina bhfuil cion siúcróis < 50 % de réir meáchain sa riocht tirim, i bhfoirm phúdair, bídís ceirtleánaithe nó ná bídís

75

1702 90 79

Siúcra agus molás, iad caramalaithe, ina bhfuil cion siúcróis < 50 % de réir meáchain sa riocht tirim (gan siúcra agus molás i bhfoirm phúdair, bídís ceirtleánaithe nó ná bídís a áireamh)

75

1702 90 95

Siúcraí i bhfoirm sholadach, lena n-áirítear siúcra inbhéartaithe agus cumaisc de shiúcraí agus síoróipí ina bhfuil cion fruchtóis 50 % de réir meáchain sa riocht tirim, nach bhfuil ábhar breise blaistithe ná dathúcháin curtha leo (gan siúcra cána nó biatais, siúcrós agus maltós atá íon go ceimiceach, lachtós, siúcra mailpe, glúcós, fruchtós, maltaideistrin, agus síoróipí di, iseaglúcós, síoróip ionúiline agus caramal a áireamh)

75

Foscríbhinn B

LIOSTA NA gCAIGHDEÁN TÁIRGTHE

Séanadh: ní chuimsítear sa liosta seo ach bunghníomhartha reachtacha ábhartha atá ann faoi láthair. Tá na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh faoi na gníomhartha sin le comhlíonadh, cé nach n-áirítear iad thíos.

Leis na gníomhartha dlí liostaithe, tuigfear go n-áireofar leasuithe orthu agus a ngníomhartha comharba a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis dháta theacht i bhfeidhm na foscríbhinne seo.

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj).

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).


(1)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(2)  Féach Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2024/2522 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gCOMHAIRLE maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gCOMHTHARAIF Chustaim.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1961/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)