|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1956 |
28.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1956 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meán Fómhair 2025
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), Airteagal 11(4), Airteagal 20(9), Airteagal 22(9), Airteagal 25(9), Airteagal 27(4), Airteagal 30(6), Airteagal 31(11), Airteagal 32(10), Airteagal 37(7), Airteagal 38(2), Airteagal 48(8), Airteagal 62(4) agus Airteagal 65(6),
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/2411 bunaítear creat comhchoiteann aonair de chuid an Aontais chun tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chlárú agus a chosaint. |
|
(2) |
Chun feidhmiú rianúil mhargadh na dtásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, agus coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2411 a áirithiú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Tá gá leis na rialacha sin sna réimsí seo a leanas: iarratas ar chlárú, nós imeachta freasúra, leasuithe ar an tsonraíocht táirge, nós imeachta an chealaithe, clár an Aontais, córas digiteach chun iarratais a chur isteach go leictreonach, siombail de chuid an Aontais a úsáid, tásc agus giorrúchán, táillí atá le gearradh ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (an ‘Oifig’), cúnamh frithpháirteach agus comhar idir na Ballstáit maidir le rialuithe forfheidhmiú agus teachtaireachtaí. |
|
(3) |
Ar mhaithe le soiléireacht, comhsheasmhacht agus trédhearcacht, ba cheart foirmiúlachtaí maidir leis an iarratas ar thásc geografach a chlárú ag céim an Aontais le haghaidh tásca geografacha de thionscnamh an Aontais agus lasmuigh de a leagan síos. |
|
(4) |
Chun críocha an iarratais ar thásc geografach a chlárú, ba cheart na coinníollacha faoina bhféadfaidh táirgeoir aonair cáiliú mar iarratasóir incháilithe a shainiú. Ba cheart don táirgeoir aonair bunús a thabhairt go gcomhlíontar na coinníollacha sin, ní leor ráiteas simplí. Níor cheart táirgeoirí aonair a eisiamh ón bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar thásc geografach a chlárú, má chuireann imthosca áirithe cosc orthu grúpa táirgeoirí a chruthú. Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh táirgeoirí eile atá bunaithe sa limistéar geografach sainithe an t-ainm faoi chosaint a úsáid ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, fiú i gcás inarb é an t-ainm faoi chosaint ainm ghabháltas an táirgeora aonair nó i gcás ina bhfuil ainm ghabháltas an táirgeora aonair ann. |
|
(5) |
I gcás nach féidir táirge ceardaíochta nó tionsclaíoch ar a bhfuil tásc geografach a phacáistiú ach amháin laistigh de limistéar geografach sainithe de réir na sonraíochta táirge, féadfaidh sé sin a bheith ina shrian ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá bhforáiltear in Airteagail 26, 36, 52 agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfar srianta den sórt sin a fhorchur ach amháin má tá siad riachtanach agus comhréireach chun cáilíocht a chosaint, chun tionscnamh an táirge a dheimhniú nó chun rialú a áirithiú. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh údar cuí le haon riail maidir le pacáistiú. |
|
(6) |
Scrúdaíonn údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann iarratais ar chosaint trí réamhnós imeachta náisiúnta, ach amháin sa nós imeachta clárúcháin dhírigh (‘clárúcháin dhíreacha’), i gcás ina dtaisctear na hiarratais go díreach leis an Oifig. De bhun Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfaidh na Ballstáit agus, i gcás clárúcháin dhíreacha, an Oifig, aird ar leith ar an tuairisc ar an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith ar leith eile agus tionscnamh geografach an táirge, agus an limistéar geografach sainithe agus saintréithe an táirge á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar an limistéar geografach sainithe a bheith mionsonraithe, beacht agus gan débhrí go leor ionas gur féidir le táirgeoirí, leis na húdaráis inniúla agus leis na comhlachtaí deimhnithe táirgí agus leis na daoine nádúrtha arna n-ainmniú le haghaidh cúraimí rialaithe a fháil amach an bhfuil oibríochtaí á ndéanamh laistigh dá theorainneacha. |
|
(7) |
Tá eolas, saineolas agus rochtain ag na Ballstáit ar shonraí agus ar fhíorais a fhágann gurb iad is fearr atá in ann a mheas an gcomhlíonann iarratas a bhaineann le tásc geografach na coinníollacha maidir le cosaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a ráthú go bhfuil toradh an mheasúnaithe sin, atá le taifeadadh i ndoiciméad aonair ina bhfuil achoimre ar eilimintí ábhartha na sonraíochta táirge, iontaofa agus cruinn. Ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart don Oifig iarratais a scrúdú ina dhiaidh sin chun a áirithiú nach mbeidh aon earráidí follasacha ann. I nósanna imeachta caighdeánacha, díríonn an Oifig a scrúdú go príomha ar an doiciméad aonair. Mar sin féin, i gcásanna nach bhfuil an doiciméad aonair soiléir go leor, nó i gcás ina dtagann amhras chun cinn maidir leis an doiciméad aonair a bheith ina achoimre dhílis ar an tsonraíocht táirge, féadfaidh an Oifig an doiciméad aonair a chros-seiceáil leis an tsonraíocht táirge sa nós imeachta caighdeánach agus, i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar aon neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. I gcás iarratais ó thríú tír agus clárúcháin dhíreacha, ba cheart don Oifig an doiciméad aonair a chros-seiceáil leis an tsonraíocht táirge chun difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. I gcás inar iarratas ar chlárúchán díreach é an t-iarratas, ba cheart don Oifig iarratais dhíreacha ar shubstaint a scrúdú le cúnamh ón bpointe teagmhála aonair arna cheapadh ag na Ballstáit. |
|
(8) |
Sna nósanna imeachta caighdeánacha, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit, i gclárúcháin dhíreacha, agus don iarratasóir agus in iarratais tríú tír, don iarratasóir nó don údarás inniúil sa tríú tír, ag brath ar cé a chuir an t-iarratas isteach, a ráthú go bhfuil achoimre dhílis sa doiciméad aonair ar eilimintí ábhartha na sonraíochta táirge. |
|
(9) |
Féadfaidh na páirtithe sa nós imeachta freasúra a chomhaontú úsáid a bhaint as réiteach malartach díospóidí, amhail idirghabháil, chun teacht ar réiteach cairdiúil. Tá sé de shaoirse acu an t-idirghabhálaí a roghnú, bíodh sé á sholáthar ag an Oifig nó ag idirghabhálaí eile. Féadfaidh na páirtithe sa nós imeachta freasúra agus, más infheidhme, na Ballstáit faoi seach, teacht ar chomhaontú costas na dtáillí, más ann dóibh, a chomhroinnt de mheon macánta an réitigh mhalartaigh díospóidí, amhail idirghabháil. |
|
(10) |
I gcás táirge a thagann ó limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt iarratasóirí as Ballstáit éagsúla, as Ballstáit agus tríú tíortha, nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú táisc gheografaigh a thaisceadh le haghaidh táirge den sórt sin. Sa chás sin, ba cheart a shonrú cén áit ar cheart don Oifig na fógraí nó na cinntí a dhíriú. |
|
(11) |
Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart céimeanna áirithe den nós imeachta lena rialaítear iarratas ar thásc geografach a chlárú le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a leagan amach go mion. Leis na mionsonraí breise sin, ba cheart an soiléiriú is gá a sholáthar ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht agus chun seoladh rianúil na nósanna imeachta éagsúla a ráthú chun tairbhe úsáideoirí an chórais chun tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha. |
|
(12) |
Ba cheart foilsiú sonraí pearsanta a sheachaint, ach amháin más gá sin chun na cearta a ráthaítear leis na nósanna imeachta a fheidhmiú. |
|
(13) |
Ba cheart rialacha breise a leagan síos maidir le hiarratais ar chlárúchán díreach agus maidir le comhar na hOifige leis na pointí teagmhála aonair arna gcur in iúl ag na Ballstáit. |
|
(14) |
Chun nós imeachta clárúcháin aonfhoirmeach agus éifeachtúil a áirithiú, is gá ábhar agus aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh an doiciméid aonair. Ba cheart teorainn le fad an doiciméid aonair, lena n-áirítear i gcás clárúcháin dhíreacha, a leagan amach chun próiseas níos cuíchóirithe a bheith ann chun caighdeánú a bhaint amach. Mar sin féin, ní chuireann an teorainn sin ar fhad an doiciméid aonair cosc ar iarratasóirí dul níos faide ná é i gcásanna a bhfuil údar cuí leis sin, go háirithe, i gcás ina sainítear roinnt céimeanna táirgthe casta sa tsonraíocht táirge. |
|
(15) |
Ba cheart a áireamh sa tsonraíocht táirge le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint na bearta a dhéantar chun a áirithiú go dtagann an táirge ón limistéir gheografaigh shainithe. Ba cheart na bearta sin a bheith soiléir, oibiachtúil agus iomchuí ionas gur féidir an táirge, an fios gnó, na hamhábhair, más infheidhme, agus míreanna eile a thagann ón limistéar geografach sainithe a rianú. |
|
(16) |
Ar mhaithe le feidhmiú rianúil an chórais, ba cheart foráil a dhéanamh do nósanna imeachta maidir le hiarratais, freasúraí, leasuithe ar an tsonraíocht táirge agus cealuithe. |
|
(17) |
Nuair a ghlacann an Coimisiún an chumhacht cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas aonair ar chlárú, iarraidh ar leasú ar an tsonraíocht táirge nó iarraidh ar chealú, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2023/2411, ba cheart nós imeachta a bhunú. |
|
(18) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart formáid agus cur i láthair ar líne na ndoiciméad tionlacain is gá a leagan síos. |
|
(19) |
Le leasuithe ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge, ba cheart an nós imeachta lena rialaítear iarratais ar chlárú a chomhlíonadh mutatis mutandis chun an éifeachtúlacht agus na ráthaíochtaí céanna a áirithiú. Ba cheart an nós imeachta le haghaidh leasuithe caighdeánacha agus leasuithe sealadacha a bhunú chun go mbeidh na Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme an Oifig, in ann measúnú iomchuí a dhéanamh ar na hiarratais agus cur chuige comhsheasmhach a ráthú ar fud an Aontais. Ba cheart cruinneas agus uileghabhálacht mheasúnú na mBallstát agus na hOifige ar leasuithe a bheith coibhéiseach leis an gcruinneas agus leis an uileghabhálacht is gá don phróiseas measúnaithe laistigh den nós imeachta lena rialaítear an t-iarratas ar chlárú. |
|
(20) |
Ba cheart go leanfadh leasuithe caighdeánacha agus leasuithe sealadacha a bhaineann le tásca geografacha faoi chosaint tríú tíortha an cur chuige atá le soláthar do na Ballstáit agus don Oifig, agus ba cheart cinneadh formheasa na leasuithe sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gcóras atá i bhfeidhm sa tríú tír ábhartha. |
|
(21) |
Ba cheart nós imeachta an chealaithe a bheith trédhearcach agus soiléir. Chuige sin, ba cheart go leanfadh nós imeachta an chealaithe, mutatis mutandis, an nós imeachta lena rialaítear iarratais ar chlárú, agus go háirithe, ba cheart go bhféadfaí cur i gcoinne na hiarrata ar chealú. |
|
(22) |
I gcomhthéacs tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, ba cheart do chóras aonadach uileghabhálach tásc geografach rannchuidiú go mór le feasacht, aitheantas agus tuiscint tomhaltóirí a mhéadú maidir leis an tsiombail, na tásca, na giorrúcháin, san Aontas agus i dtríú tíortha araon. Chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis iomchuí in iúl don tomhaltóir, ba cheart saintréithe teicniúla shiombail an Aontais atá ceaptha chun tásca geografacha faoi chosaint a phoibliú, mar aon leis an ngiorrúchán comhfhreagrach agus na rialacha maidir lena n-úsáid, a shonrú. |
|
(23) |
Chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus éifeachtúla i bhfeidhm, ba cheart foirmeacha leictreonacha a sholáthar le haghaidh iarratais ar chlárú a chur isteach, freasúraí, fógra barúlacha, leasuithe ar leibhéal an Aontais, leasuithe caighdeánacha agus leasuithe sealadacha, fógra faoi dheireadh an chomhairliúcháin tar éis an nós imeachta freasúra agus iarrataí ar chlárú a chealú. |
|
(24) |
Féadfar tásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas de bhua clárú idirnáisiúnta faoi Ionstraim na Ginéive nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach a iontráil i gclár an Aontais, nuair a chinneann an Coimisiún amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2023/2411. |
|
(25) |
Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht a áirithiú ar fud na mBallstát, is gá rialacha a ghlacadh maidir le hailtireacht agus cur i láthair na teicneolaíochta faisnéise (‘TF’) ar chlár an Aontais de thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha (‘clár an Aontais’). |
|
(26) |
Tá an Oifig le córas digiteach a chur i bhfeidhm chun iarratais a chur isteach go leictreonach chuig an Oifig, chuig clár an Aontais agus chuig an tairseach dhigiteach ina mbeidh ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí agus na ndaoine nádúrtha atá ainmnithe le haghaidh cúraimí rialaithe. Ba cheart don Oifig, do na Ballstáit, don Choimisiún agus don iarratasóir an córas digiteach sin a úsáid chun iarratais a chur isteach go leictreonach sna nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. |
|
(27) |
Chun cumarsáid éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú i gcomhthéacs an chomhair fhrithpháirtigh agus an chúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit maidir le rialuithe agus forfheidhmiú, ba cheart rialacha mionsonraithe a shainiú sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a mhalartú, módúlachtaí an chúnaimh a sholáthraíonn údaráis inniúla dá chéile, lena n-áirítear an fhéidearthacht cumarsáid oifigiúil a dhéanamh trí chóras bainistíochta faisnéise. Maidir leis an dara ceann, féadfaidh an Coimisiún córas bainistíochta faisnéise a chur ar fáil. |
|
(28) |
Ba cheart an bealach ina bhfuil an Oifig leis an bhfaisnéis a bhaineann le tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chur ar fáil don phobal a leagan síos chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. |
|
(29) |
Má chinneann Bord Bainistíochta agus Coiste Buiséid na hOifige, arna iarraidh sin don Choimisiún, sásra lacáiste táillí a bhunú i gcomhar leis an gCoimisiún, ba cheart é a bhunú ar bhealach ina gcuirfear san áireamh riachtanais na micrifhiontar, na bhfiontar beag nó na bhfiontar meánmhéide (‘MFBManna’). Ba cheart don Oifig breithniú a dhéanamh ar scéim tacaíochta MFBManna atá ann cheana a úsáid nó scéim nua tacaíochta MFBManna a bhunú i gcomhar leis an gCoimisiún, d’fhonn inrochtaineacht agus inacmhainneacht an chórais a áirithiú do na táirgeoirí nó do na grúpaí táirgeoirí sin. |
|
(30) |
Chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir le cur in iúl agus foilsiú na bhfógraí, na cumarsáide, na ndoiciméad agus na faisnéise uile is gá chun Rialachán (AE) 2023/2411 agus forálacha gaolmhara an Rialacháin seo agus Rialachán Tarmligthe C(2025) 9101 ón gCoimisiún (3) a chur chun feidhme, is gá rialacha áirithe a leagan síos. |
|
(31) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Thásca Geografacha Ceardaíochta agus Tionsclaíocha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
ROINN I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
|
(1) |
an t-iarratas ar chlárú; |
|
(2) |
an nós imeachta freasúra; |
|
(3) |
leasuithe ar na sonraíochtaí táirge; |
|
(4) |
nós imeachta an chealaithe; |
|
(5) |
clár an Aontais; |
|
(6) |
an córas digiteach chun iarratais a chur isteach go leictreonach; |
|
(7) |
siombail, tásc agus giorrúchán an Aontais a úsáid; |
|
(8) |
táillí; |
|
(9) |
an cúnamh frithpháirteach agus comhar idir na Ballstáit maidir le rialuithe agus forfheidhmiú; |
|
(10) |
teachtaireachtaí. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘doiciméadacht tionlacain’ na doiciméid a leagtar síos in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘córas digiteach’ dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/2411 an córas digiteach chun iarratais a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘cinneadh ag an gcéim náisiúnta’ cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2023/2411 arna dhéanamh ag údarás inniúil Ballstáit; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘táirgeoir’ oibreoir atá ag gabháil do chéim tháirgthe amháin nó níos mó le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí’ aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí a bhíonn ag obair leis an táirge céanna lena mbaineann, den chuid is mó; |
|
(6) |
Ciallaíonn ‘Rialachán (AE) 2023/2411’ Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘doiciméad aonair’ doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/2411 atá san iarratas; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘táirgeoir aonair’ iarratasóir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘leasú caighdeánach ar an tsonraíocht táirge’ leasú ar an tsonraíocht táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘leasú sealadach ar shonraíochtaí táirge’ leasú ar an tsonraíocht táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(11) |
Ciallaíonn ‘leasú ar leibhéal an Aontais’ leasú ar an tsonraíocht táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
ROINN 2
IARRATAS AR CHLÁRÚ
Airteagal 3
Táirgeoir aonair
1. Agus iarratas ar thásc geografach á chomhdú aige, soláthróidh an táirgeoir aonair dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2023/2411 mínithe agus fianaise iomchuí chun a chruthú go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha a shonraítear san Airteagal sin.
2. Má tá tásc geografach faoi chosaint comhdhéanta de ghabháltas táirgeora aonair, nó má tá ainm an ghabháltais sin ann, ní chuirfidh sé sin cosc ar tháirgeoirí eile an t-ainm sin a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann siad an tsonraíocht táirge.
Airteagal 4
Fógra a thabhairt faoin iarratas ar chlárú
Cuirfidh an Oifig an Coimisiún ar an eolas faoi gach iarratas ar chlárú a fhaightear faoi Rialachán (AE) 2023/2411 laistigh de mhí amháin tar éis iad a bheith curtha isteach.
Airteagal 5
Ainmneacha atá ann cheana
1. An oibleagáid faisnéise atá ar Bhallstát leasmhar i leith na hOifige faoi Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2023/2411, comhlíonfar í trí na hainmneacha atá ann cheana is mian leis an mBallstát a chlárú agus a chosaint faoi Rialachán (AE) 2023/2411 agus na hiarratais chomhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 70(4) den Rialachán sin a chur faoi bhráid na hOifige, tríd an gcóras digiteach nó chuig a bhosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe.
2. An oibleagáid faisnéise atá ar Bhallstát leasmhar i leith an Choimisiúin faoi Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2023/2411, comhlíonfar í trí na hainmneacha atá ann cheana is mian leis an mBallstát a chlárú agus a chosaint faoi Rialachán (AE) 2023/2411 a chur faoi bhráid an Choimisiúin trína bhosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe.
3. Mura gcríochnófar aon cheann de na haighneachtaí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 faoin 2 Nollaig 2026, measfar nach bhfuil an fhaisnéis a shonraítear faoi Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2023/2411 comhdaithe.
4. Déanfar na hiarratais a ghabhann leis na hainmneacha atá ann cheana a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 70(4) de Rialachán (AE) 2023/2411.
Airteagal 6
Iarratais chomhpháirteacha
1. I gcás nach mbaineann an t-iarratas comhpháirteach ach leis na Ballstáit a fuair maolú i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/2411, cuirfidh duine de na hiarratasóirí an t-iarratas comhpháirteach faoi bhráid na hOifige.
2. I gcás ina mbaineann an t-iarratas comhpháirteach le Ballstát a fuair maolú i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 agus le Ballstát eile faoin nós imeachta caighdeánach, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit sin an t-iarratas comhpháirteach faoi bhráid na hOifige faoin nós imeachta caighdeánach.
3. I gcás ina mbaineann an t-iarratas comhpháirteach le Ballstát a fuair maolú i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 agus le tríú tír, cuirfidh an t-iarratasóir sa Bhallstát an t-iarratas comhpháirteach faoi bhráid na hOifige.
4. Cuirfidh an Oifig aon fhógra nó aon chinneadh chuig údarás inniúil an Bhallstáit, chuig an iarratasóir sa Bhallstát nó chuig údarás inniúil an tríú tír nó chuig an iarratasóir i dtríú tír a chuir iarratas comhpháirteach ar chlárú faoi bhráid na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2023/2411 agus míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo.
Airteagal 7
Sonraíocht táirge
1. An tsonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/2411, nuair a chuirfear faoi bhráid na hOifige í i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán sin, i gcás inarb infheidhme, soláthrófar í ar an bhfoirm a chuirfidh an Oifig ar fáil ar líne agus cuirfear faoi bhráid na hOifige í tríd an gcóras digiteach.
2. Maidir le nósanna imeachta faoi Airteagal 21, pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/2411, cuirfidh an Oifig an tsonraíocht táirge ar fáil don phobal i gclár an Aontais sa teanga a d’úsáid an t-iarratasóir sa chomhdú.
Airteagal 8
Cruthúnas tionscnaimh
1. Beidh sa tsonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach faoi chosaint na nósanna imeachta nach mór a bheith i bhfeidhm ag táirgeoirí a mhéid a bhaineann le cruthúnas tionscnaimh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an táirge; |
|
(b) |
amhábhair, más infheidhme; agus |
|
(c) |
ítimí eile nach mór, de réir na sonraíochta táirge, teacht ón limistéar geografach sainithe. |
2. Aon srian ar thionscnamh amhábhar, más infheidhme, dá bhforáiltear i sonraíocht táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach faoi chosaint, beidh údar cuí leis i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/2411.
3. Beidh na táirgeoirí in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
soláthróir, cainníocht agus tionscnamh an amhábhair, más infheidhme, agus/nó na dtáirgí a fuarthas, más ann dóibh, a shainaithint agus faighteoir, cainníocht agus ceann scríbe na dtáirgí arna soláthar a shainaithint; agus |
|
(b) |
fianaise a sholáthar go monaraítear an táirge i gcomhréir leis na céimeanna táirgthe a shainítear sna sonraíochtaí táirge. |
Airteagal 9
Tuairisc ar roinnt táirgí ar leith
1. I gcás ina dtagraíonn iarratas ar ainm a chlárú nó ar fhormheas ar leasú do dhá tháirge shainiúla nó níos mó atá i dteideal an t-ainm sin a úsáid, taispeánfar ar leithligh gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú i gcás gach táirge den sórt sin.
2. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn an téarma ‘táirgí ar leith’ táirgí a bhfuil an t-ainm cláraithe céanna orthu ach a dhéantar a dhifreáil nuair a chuirtear ar an margadh iad nó táirgí a mheasann tomhaltóirí gur táirgí éagsúla iad. Féadfaidh sé tagairt a dhéanamh freisin do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chumhdaítear le haicmithe éagsúla faoin Ainmníocht Chomhcheangailte dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (4) ón gComhairle.
Airteagal 10
An doiciméad aonair a chur i láthair
1. I gcásanna faoi Airteagal 21, pointe (a) de Rialachán (AE) 2023/2411, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit, i gcásanna faoi Airteagal 21, pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/2411, an t-iarratasóir, agus i gcásanna faoi Airteagal 21, pointe (c) de Rialachán (AE) 2023/2411, an t-iarratasóir nó údarás inniúil an tríú tír, a chuir an doiciméad aonair faoi bhráid na hOifige, gur achoimre dhílis ar an tsonraíocht táirge é an doiciméad aonair agus nach bhfuil aon éagsúlacht shubstaintiúil eatarthu. I gcás ina n-aimsítear neamhréireacht tar éis chlárú an táisc gheografaigh, i gcásanna faoi Airteagal 21, pointe (a) de Rialachán (AE) 2023/2411, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit, i gcásanna faoi Airteagal 21, pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/2411, an t-iarratasóir, agus i gcásanna faoi Airteagal 21, pointe (c) de Rialachán (AE) 2023/2411, déanfaidh an t-iarratasóir nó údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, na bearta is gá chun an neamhréireacht sin a leigheas.
2. Foilseofar ainmneacha na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a áirítear sa doiciméad aonair.
3. Beidh an doiciméad aonair achomair agus ní bheidh sé níos faide ná 2 500 focal, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leis.
4. Déanfar an doiciméad aonair a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2411 agus a chur isteach tríd an gcóras digiteach.
Airteagal 11
Doiciméadacht tionlacain
Déanfar na doiciméid tionlacain a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a chuirfidh an Oifig ar fáil ar líne.
Airteagal 12
Sainmhíniú ar an limistéar geografach san iarratas ar chlárú
Déanfar an limistéar geografach a shainiú ar bhealach beacht agus gan débhrí, ag tagairt a mhéid is féidir do theorainneacha fisiciúla nó riaracháin agus, i gcás inar féidir, soláthrófar léarscáil freisin.
Airteagal 13
Athruithe ar an tsonraíocht táirge le linn an nós imeachta iarratais
1. Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(4) agus Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2023/2411 idir an Oifig agus údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, go ndéanfar athruithe ar an tsonraíocht táirge, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit an doiciméad aonair cothrom le dáta agus áiritheoidh sé go dtabharfaidh an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge an léitheoir chuig an leagan de atá cothrom le dáta.
2. Má mheasann údarás inniúil an Bhallstáit go bhfuil na hathruithe ar an tsonraíocht táirge substaintiúil, rud a dhéanann difear do leasanna nár breithníodh sa nós imeachta náisiúnta freasúra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2023/2411, beidh na hathruithe sin faoi réir nós imeachta náisiúnta freasúra breise. Sa nós imeachta náisiúnta freasúra breise sin, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit go gceadófar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit sin agus a ndéanann na hathruithe sin difear dó, freasúra a chur isteach sula gcuirfear an leagan den doiciméad aonair atá cothrom le dáta, arna oiriúnú don tsonraíocht táirge atá cothrom le dáta, faoi bhráid na hOifige.
3. I gcás clárúcháin dhíreacha, más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 14(8) agus (9) den Rialachán seo, go ndéantar athruithe ar an tsonraíocht táirge, déanfaidh an t-iarratasóir an doiciméad aonair a thabhairt cothrom le dáta.
4. Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear i mír 1, gur gá athruithe a dhéanamh ar an tsonraíocht táirge i gcás iarratas a bhaineann le tásc geografach de thionscnamh tríú tír, tabharfaidh iarratasóir nó údarás inniúil na tríú tíre, de réir mar is infheidhme, an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge cothrom le dáta, agus cuirfidh sé na hathruithe sin in iúl don Oifig.
Airteagal 14
Nós imeachta scrúdúcháin na hOifige
1. I nósanna imeachta caighdeánacha, díreoidh an Oifig a scrúdú go príomha ar an doiciméad aonair, ach i gcás iarratais ó thríú tír agus clárúcháin dhíreacha, déanfaidh an Oifig an doiciméad aonair a chros-seiceáil leis an tsonraíocht táirge chun difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.
2. I gcás clárúcháin dhíreacha, scrúdóidh an Oifig na hiarratais le cúnamh ón bpointe teagmhála aonair arna cheapadh ag na Ballstáit.
3. Mura gcomhlíonann iarratas na critéir dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2023/2411, agus aghaidh á tabhairt ar na barúlacha faoi Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfaidh an Oifig fógra don iarratasóir agus d’údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge, nó i gcás clárúcháin dhíreacha, don iarratasóir, nó, i gcás iarratais ó thríú tír, don iarratasóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, sa teanga inar cuireadh an t-iarratas isteach, faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
na forais leis an diúltú féideartha; |
|
(b) |
an sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 23(6) den Rialachán sin chun an t-iarratas a dhiúltú nó a cheartú nó a chomhlánú nó chun barúlacha a chur isteach; |
|
(c) |
faisnéis go ndiúltófar don iarratas mura mbeidh sé comhlánaithe nó ceartaithe laistigh den sprioc-am. |
4. I gcás ina gcinnfidh an t-iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar, sa nós imeachta caighdeánach, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit, i gcás clárúcháin dhíreacha, an t-iarratasóir, agus i gcás iarratais tríú tír, an t-iarratasóir nó údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, an Oifig ar an eolas, tríd an gcóras digiteach, faoi tharraingt siar an iarratais. Measfar nár comhdaíodh iarratais a tarraingíodh siar.
5. Tabharfar fógra faoin gcinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2023/2411, ina luaitear forais an diúltaithe, don iarratasóir agus d’údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge, nó i gcás clárúcháin dhíreacha, don iarratasóir, agus i gcás iarratais ó thríú tír, don iarratasóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme.
6. Má chinneann an Rannóg um Thásca Geografacha, arna bhunú le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/2411 (‘An Rannóg um Thásca Geografacha’) dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach le linn an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Rialachán sin, tabharfar fógra don iarratasóir agus d’údarás inniúil an Bhallstáit agus don iarratasóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, as a dtagann an táirge, tríd an gcóras digiteach, faoin gcomhairliúchán sin agus faoi fhionraí na tréimhse scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(5) de Rialachán (AE) 2023/2411.
7. Tabharfaidh an Rannóg um Thásca Geografacha fógra faoi thuairim an Bhoird Chomhairligh don iarratasóir agus d’údarás inniúil nó do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit, i dteangacha oifigiúla an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach agus don iarratasóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, as a dtagann an táirge i dteanga oifigiúil an Aontais ina gcuirtear an t-iarratas ar chlárú isteach.
8. Sa bhreis ar mhír 3, i gcás clárúcháin dhíreacha, scrúdóidh an Oifig an gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8 de Rialachán (AE) 2023/2411.
9. I gcás clárúcháin dhíreacha, de bhun Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/2411, agus aghaidh á tabhairt ar na barúlacha faoi Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2023/2411, nuair is gá, cuirfidh an Oifig an iarraidh chuig an iarratasóir chun faisnéis fhorlíontach a sholáthar. Tabharfaidh an Oifig fógra faoin iarraidh don phointe teagmhála aonair freisin.
10. I gcás clárúcháin dhíreacha, de bhun Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) 2023/2411, seolfaidh an Oifig a hiarrataí sonracha ar shoiléiriú tríd an gcóras digiteach chuig an bpointe teagmhála aonair, cuirfidh sí in iúl na gnéithe sonracha nach mór don phointe teagmhála aonair a scrúdú agus/nó a fhíorú agus léireoidh sí cathain atá dearbhú le heisiúint chun an fhaisnéis sin a fhíorú. Sa scrúdú a dhéanfaidh an Oifig, beidh sí ag brath ar na dearbhuithe arna n-eisiúint ag an bpointe teagmhála aonair.
11. I gcás clárúcháin dhíreacha, de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/2411, déanfaidh an Oifig cartlannú ar gach cumarsáid i scríbhinn leis an bpointe teagmhála aonair, a bhaineann leis an scrúdú arna dhéanamh ag an Oifig.
Airteagal 15
Agóidí i gcoinne chinneadh ag an gcéim náisiúnta
Seolfaidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 chuig an Oifig tríd an gcóras digiteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.
ROINN 3
NÓS IMEACHTA FREASÚRA
Airteagal 16
Rialacha nós imeachta maidir le freasúra
1. Beidh an méid seo a leanas sa fhreasúra dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2023/2411:
|
(a) |
an ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(b) |
náisiúntacht an fhreasúróra, más duine nádúrtha é; agus |
|
(c) |
údarú don Oifig fógra a thabhairt d’fhreasúra an iarratasóra agus d’údarás inniúil nó do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit nó an tríú tír as a dtagann an táirge agus, más infheidhme, d’údarás inniúil nó do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit nó an tríú tír ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina gcónaíonn sé, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta. |
2. Féadfaidh doiciméid tacaíochta a bheith sa fhreasúra dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2023/2411 freisin, i gcás inarb ábhartha.
3. Cuirfear an freasúra faoi bhráid na hOifige trína córas digiteach. Cuirfidh an Oifig an Coimisiún ar an eolas faoin bhfreasúra laistigh de mhí amháin tar éis dhul in éag na tréimhse freasúra.
4. Mura bhfuil an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) sa fhreasúra nó má fhaigheann an Oifig an freasúra lasmuigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfaidh an Oifig fógra don fhreasúróir faoin easnamh sin agus beidh 7 lá féilire ag an bhfreasúróir chun an freasúra a chur i gcrích, nó measfar nach bhfuil an freasúra comhdaithe.
5. Nuair a fhaigheann an Oifig freasúra de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfaidh sí fógra faoin bhfreasúra a luaithe is féidir don iarratasóir agus d’údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge, i gcás clárúcháin dhíreacha, don iarratasóir agus don phointe teagmhála aonair, sa teanga inar comhdaíodh é, mar aon le meaisínaistriúchán fíoraithe air go teangacha oifigiúla ábhartha an Aontais. I gcás iarratais ó thríú tír, tabharfaidh an Oifig fógra faoin bhfreasúra don iarratasóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, sa teanga inar comhdaíodh é, mar aon le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil an Aontais inar comhdaíodh an t-iarratas.
6. Tosóidh an tréimhse nach faide ná 3 mhí dá dtagraítear in Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2023/2411 ar an dáta a thabharfar fógra do na páirtithe tríd an gcóras digiteach faoin gcuireadh chun dul i mbun comhairliúcháin. Tabharfaidh an Oifig fógra freisin d’údarás inniúil nó do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit nó, de réir mar is infheidhme, d’údarás inniúil an tríú tír, as a dtagann an táirge agus, más infheidhme, ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina bhfuil cónaí air, faoin gcomhairliúchán. Cuirfidh an freasúróir agus an t-iarratasóir tús le comhairliúcháin den sórt sin gan moill mhíchuí.
7. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit nó an tríú tír as a dtagann an táirge agus údarás inniúil an Bhallstáit nó an tríú tír ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina bhfuil cónaí air páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin, ag cuidiú leis an iarratasóir nó leis an bhfreasúróir.
8. Cuirfidh an Oifig faisnéis mhionsonraithe ar fáil tríd an gcóras digiteach don iarratasóir, don fhreasúróir agus d’údarás inniúil agus do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit nó, mar is infheidhme, d’údarás inniúil an tríú tír, as a dtagann an táirge agus ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina gcónaíonn sé, maidir le réiteach malartach díospóidí a bheith ar fáil, amhail idirghabháil, le haghaidh na gcomhairliúchán idir an t-iarratasóir agus an freasúróir, dá dtagraítear in Airteagal 170 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ina theannta sin, cuirfidh an Oifig faisnéis ar fáil maidir leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as seirbhísí idirghabhála seachas na seirbhísí a thairgeann an Oifig. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga oifigiúil ábhartha na mBallstát as a dtagann an táirge agus ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina gcónaíonn sé nó, i gcás iarratasóir nó freasúróir tríú tír, i dteanga oifigiúil an Aontais ina ndearna an t-iarratasóir nó an freasúróir tríú tír a iarratas nó a fhreasúra a chomhdú.
9. Má chinneann an Rannóg um Thásca Geografacha dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach le linn an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfar fógra tríd an gcóras digiteach don iarratasóir, don fhreasúróir agus d’údarás inniúil an Bhallstáit, agus do phointe teagmhála aonair nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, as a dtagann an táirge agus ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina bhfuil cónaí air, faoin gcomhairliúchán sin agus faoi fhionraí na tréimhse comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2023/2411.
10. Tabharfaidh an Rannóg um Thásca Geografacha fógra faoi thuairim an Bhoird Chomhairligh don iarratasóir agus don fhreasúróir agus d’údarás inniúil nó do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit, i dteangacha oifigiúla an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach, agus don iarratasóir agus don fhreasúróir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, as a dtagann an táirge agus óna bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina bhfuil cónaí air, i dteanga oifigiúil an Aontais inar cuireadh an t-iarratas ar chlárú isteach.
11. Cuirfidh an t-iarratasóir toradh na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) 2023/2411 in iúl don Oifig trína chóras digiteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm atá ar fáil sa chóras digiteach. Tabharfaidh an Oifig fógra d’údarás inniúil agus do phointe teagmhála aonair an Bhallstáit nó, de réir mar is infheidhme, d’údarás inniúil an tríú tír, as a dtagann an táirge agus ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an bhfreasúróir, faoi thoradh na gcomhairliúchán. Leis an bhfógra, iarrfaidh an Oifig ar an mBallstát as a dtagann an táirge a léiriú an measann sí gur gá nós imeachta freasúra náisiúnta breise a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 16(15) den Rialachán seo.
12. Beidh an méid seo a leanas san fhógra faoi thorthaí na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) 2023/2411:
|
(a) |
an t-ainm arna fhoilsiú i gclár an Aontais lena mbaineann an freasúra; |
|
(b) |
an uimhir chomhaid agus an t-ainm i gclár an Aontais lena mbaineann an freasúra; |
|
(c) |
ainm an fhreasúróra nó na bhfreasúróirí; |
|
(d) |
toradh doiciméadaithe na gcomhairliúchán; |
|
(e) |
léiriú ar leasaíodh an doiciméad aonair nó an tsonraíocht táirge agus tuairisc ar na leasuithe sin. |
13. I gcás inar leasaíodh an tsonraíocht táirge, tabharfaidh an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 23(7) de Rialachán (AE) 2023/2411 an léitheoir chuig an tsonraíocht táirge atá cothrom le dáta. I gcás clárúcháin dhíreacha agus iarratais tríú tír, tabharfar fógra don Oifig faoin tsonraíocht táirge nuashonraithe.
14. Má leasaíodh an doiciméad aonair, cuirfear an doiciméad aonair leasaithe isteach arís tríd an gcóras digiteach.
15. I gcás ina measann údarás inniúil na mBallstát gur athruithe substaintiúla iad na hathruithe iarmhartacha ar an tsonraíocht táirge a rinneadh le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2023/2411, rud a dhéanann difear do leasanna nár breithníodh sa nós imeachta freasúra náisiúnta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin, beidh na hathruithe sin faoi réir nós imeachta freasúra breise. Ceadófar d’údaráis inniúla na mBallstát as a dtagann an táirge an nós imeachta freasúra breise a dhéanamh tar éis fógra a fháil faoi thoradh an chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) 2023/2411. Sa nós imeachta freasúra breise sin, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit go gceadófar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, a ndéanann na hathruithe sin difear dó, agus atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit atá i gceist, freasúra a chur isteach sula gcuirfear an leagan leasaithe den doiciméad aonair agus den tsonraíocht táirge in iúl don Oifig, d’fhonn an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2023/2411 a dhéanamh an athuair. Ar feadh thréimhse an nós imeachta freasúra náisiúnta breise, cuirtear an nós imeachta ag céim an Aontais ar fionraí. Más rud é, tar éis an fhreasúra bhreise, go ndiúltaíonn údarás inniúil an Bhallstáit don iarratas, cuirfidh an t-údarás inniúil an Oifig ar an eolas, tríd an gcóras digiteach, faoi tharraingt siar an iarratais.
Airteagal 17
Fógra maidir le barúlacha a chur isteach
1. Déanfar an fógra maidir le barúlacha dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2023/2411 a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a chuirfidh an Oifig ar fáil ar líne agus a chuirfear faoi bhráid na hOifige trí úsáid a bhaint as an gcóras digiteach.
2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra maidir le barúlacha:
|
(a) |
ainm an táisc gheografaigh arna fhoilsiú i gclár an Aontais; |
|
(b) |
uimhir an chomhaid mar a iontráladh í i gclár an Aontais; |
|
(c) |
ainm agus sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nó an údaráis a chuir an fógra faoi bharúlacha isteach; |
|
(d) |
barúlacha lena léirítear na míchruinnis san iarratas, i dtuairim an duine nó an údaráis a chuireann an fógra maidir le barúlacha isteach; agus |
|
(e) |
an t-údarú don Oifig chun an fógra iomlán faoi bharúlacha a chur ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge, agus, i gcás iarratais ó thríú tír, chuig an iarratasóir nó chuig údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, agus na sonraí pearsanta ag gabháil leis freisin, más ann dóibh. |
3. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a liostaítear i mír 2 san fhógra maidir le barúlacha, measfar nach bhfuil sé comhdaithe.
4. I gcás ina bhfaighidh an Oifig fógra maidir le barúil de bhun Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfaidh sí fógra faoin bhfógra maidir le barúil don iarratasóir, d’údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge agus i gcás clárúcháin dhíreacha, don iarratasóir agus don phointe teagmhála aonair, sa teanga inar comhdaíodh í, mar aon le meaisínaistriúchán fíoraithe uirthi i dteanga oifigiúil ábhartha an Bhallstáit sin. I gcás iarratais ó thríú tír, tabharfaidh an Oifig fógra faoin bhfógra maidir le barúil don iarratasóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, sa teanga inar comhdaíodh, mar aon le meaisínaistriúchán fíoraithe uirthi go dtí teanga oifigiúil an Aontais inar comhdaíodh an t-iarratas.
5. Comhlíonfaidh an bharúil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 ceanglais Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2023/2411.
6. Féadfaidh an Oifig, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra maidir le barúil, an nós imeachta freasúra a chur ar fionraí, más infheidhme, agus i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sí leanúint ar aghaidh, i gcomhréir le hAirteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2023/2411.
7. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an tsonraíocht táirge nó ar an doiciméad aonair tar éis an fhógra maidir le barúlacha a thabhairt, cuirfidh an Oifig an freasúróir, más ann dó, agus, más infheidhme, údarás inniúil an Bhallstáit nó údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an freasúróir bunaithe nó ina gcónaíonn sé ar an eolas faoin athrú sin agus iarrfaidh sí ar an bhfreasúróir an freasúra a tharraingt siar nó leanúint leis na himeachtaí.
8. I gcás athruithe substaintiúla ar an tsonraíocht táirge nó ar an doiciméad aonair, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2023/2411.
ROINN 4
LEASUITHE AR AN TSONRAÍOCHT TÁIRGE
Airteagal 18
Iarraidh ar leasuithe ar leibhéal an Aontais
1. Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar leasuithe an Aontais ar shonraíocht táirge mar a thagraítear dó sin in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2023/2411:
|
(a) |
an t-ainm faoi chosaint lena mbaineann an leasú; |
|
(b) |
ainm an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann an limistéar geografach; |
|
(c) |
tásc maidir le cé acu is é nó nach é an t-iarratasóir é i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2023/2411 dá bhforáiltear i gclár an Aontais nó táirgeoir a úsáideann an tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 ina n-iarrtar an leasú ar leibhéal an Aontais; |
|
(d) |
na ceannteidil sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a ndéanann an leasú difear dóibh; |
|
(e) |
na cúiseanna go dtagann an leasú faoi Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(f) |
tuairisc ar gach ceann de na hiarrataí ar na leasuithe atá molta agus na cúiseanna atá leo; |
|
(g) |
léiriú ar aon leasú caighdeánach a bhfuil dlúthbhaint aige leis na leasuithe ar leibhéal an Aontais; |
|
(h) |
an doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú; |
|
(i) |
i gcás iarrataí faoi Airteagal 21, pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/2411, an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite arna leasú; |
|
(j) |
i gcás iarrataí faoi Airteagal 21, pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/2411, an tsonraíocht táirge chomhdhlúite, arna leasú; |
|
(k) |
i gcás iarrataí faoi Airteagal 21, pointe (c) de Rialachán (AE) 2023/2411, cruthúnas go gcomhlíonann an leasú a iarradh na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír ábhartha; |
|
(l) |
an dearbhú ó údarás inniúil an Bhallstáit go measann sé go gcomhlíonann an iarraidh na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2411. |
2. Gheobhaidh an Oifig na nithe seo a leanas ar leithligh agus ní fhoilseoidh sé iad mar chuid den iarratas:
|
(a) |
ainm agus sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit nó an údaráis tríú tír nó an iarratasóra nó údarás inniúil an tríú tír a d’iarr le linn chéim an Aontais den nós imeachta go bhformheasfaí leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge; |
|
(b) |
ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra a d’iarr céim náisiúnta an nós imeachta chun leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas, lena léirítear an grúpa táirgeoirí é; |
|
(c) |
aon doiciméadacht a ghabhann leis, de réir mar is iomchuí. |
3. Déanfar iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge agus ar an doiciméad aonair leasaithe a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil ar líne ag an Oifig agus cuirfear faoi bhráid na hOifige í trí úsáid a bhaint as an gcóras digiteach.
4. Áiritheoidh údarás inniúil na mBallstát, i gcás clárúcháin dhíreacha, an t-iarratasóir, agus i gcás iarrataí tríú tír, an t-iarratasóir nó údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, comhsheasmhacht idir an iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas agus an tsonraíocht táirge chomhdhlúite agus nach bhfuil aon éagsúlacht shubstaintiúil eatarthu. Comhfhreagróidh na leasuithe a liostaítear san iarraidh ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais do na leasuithe a rinneadh ar an tsonraíocht táirge. I gcás ina n-aimsítear neamhréireacht tar éis leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas, sa nós imeachta caighdeánach, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit, i gcás clárúcháin dhíreacha, an t-iarratasóir, agus i gcás iarratais ó thríú tír, an t-iarratasóir nó údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, na bearta is gá chun an neamhréireacht sin a leigheas.
5. Beidh iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais gonta agus ní rachaidh sí thar 5 000 focal, lena n-áirítear doiciméad aonair, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
6. Chun críocha Airteagal 31(2) den Rialachán seo, sa bhreis ar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear iontu, arna leasú, foilseoidh an Oifig i gclár an Aontais an iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge.
7. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4, Airteagail 6-17 agus Airteagail 27-28 den Rialachán seo maidir leis an iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge.
8. Beidh feidhm ag an Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le hiarrataí ar leasuithe caighdeánacha ar an tsonraíocht táirge arna gclárú de bhun Airteagal 21, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2411.
Airteagal 19
Leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge
1. Cuirfear iarrataí ar fhormheas ar leasú caighdeánach ar an tsonraíocht táirge faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann.
2. Féadfaidh údarás inniúil na mBallstát foráil a dhéanamh go bhfoilseofar an iarraidh ar leasú caighdeánach le haghaidh freasúra ar an leibhéal náisiúnta. Mura bhforáiltear don fhreasúra náisiúnta, agus mura dtagann an iarraidh ar fhormheas ar leasú caighdeánach ar an tsonraíocht táirge ón iarratasóir a chuir isteach an t-iarratas ar chosaint an ainm nó na n-ainmneacha dá dtagraíonn an tsonraíocht táirge, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit deis don iarratasóir sin barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh.
3. San iarraidh ar leasú caighdeánach a fhormheas, tabharfar tuairisc ar na leasuithe caighdeánacha, achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe agus na cúiseanna a bhfuil na leasuithe atá beartaithe incháilithe mar leasuithe caighdeánacha i gcomhréir le hAirteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2023/2411.
4. I gcás ina measfaidh údarás inniúil an Bhallstáit go gcomhlíontar ceanglais Rialachán (AE) 2023/2411 agus na forálacha a glacadh de bhun an Rialacháin sin, féadfaidh sé an leasú caighdeánach a fhormheas. Áireofar sa chinneadh formheasa, i gcás inarb ábhartha, an tsonraíocht táirge chomhdhlúite leasaithe agus, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite leasaithe.
5. Poibleoidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an cinneadh formheasa. Beidh an leasú caighdeánach formheasta infheidhme sa Bhallstát de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm.
6. I gcás ina n-éilíonn an leasú caighdeánach leasú ar an doiciméad aonair, poibleoidh an Oifig an méid seo a leanas i gclár an Aontais laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a fhaigheann sí an teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach:
|
(a) |
an tuairisc ar an leasú caighdeánach; agus |
|
(b) |
an doiciméad aonair leasaithe. |
7. I gcás nach gá leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair de bharr an leasaithe chaighdeánaigh, poibleoidh an Oifig an tuairisc ar an leasú caighdeánach i gclár an Aontais, sa teanga ina bhfuarthas í, laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a fuair sí an teachtaireacht faoin leasú caighdeánach sin.
8. Beidh feidhm ag leasuithe caighdeánacha i gcríoch an Aontais ón dáta a phoibleofar iad de bhun mhíreanna 6 agus 7, de réir mar is infheidhme.
9. I gcás ina gcumhdaíonn an limistéar geografach níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit lena mbaineann an nós imeachta le haghaidh leasuithe caighdeánacha a chur i bhfeidhm ar leithligh. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát ábhartha fógra dá chéile faoin gcinneadh formheasa náisiúnta agus, arna iarraidh sin, coinneoidh siad a chéile ar an eolas maidir le dul chun cinn an nós imeachta náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an leasú caighdeánach i gcríoch na mBallstát lena mbaineann go dtí go dtiocfaidh an ceann deireanach de na cinntí formheasa náisiúnta i bhfeidhm. An t-údarás inniúil sa Bhallstát is deireanaí a fhormheasfaidh an leasú caighdeánach, cuirfidh sé an teachtaireacht ábhartha chuig an Oifig tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta poiblithe a chinnidh formheasa.
10. I gcás ina gcumhdóidh an limistéar geografach níos mó ná Ballstát amháin, má dhiúltaíonn údarás inniúil amháin nó níos mó de chuid na mBallstát lena mbaineann an iarraidh ar leasú caighdeánach nó mura ndéanann siad aon ghníomhaíocht chun an cinneadh formheasa náisiúnta a ghlacadh maidir le leasuithe caighdeánacha arna nglacadh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, féadfaidh údaráis inniúla aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann an limistéar geografach trasteorann an iarraidh sin a chur isteach faoi nós imeachta leasaithe an Aontais chun go ndéanfaidh an Oifig cinneadh. Sa chás sin, léireoidh údarás inniúil an Bhallstáit a chuir an iarraidh ar fhormheas an leasaithe ar leibhéal an Aontais isteach nár tháinig an nós imeachta caighdeánach um leasú i gcrích i mBallstát amháin as a dtagann an tásc geografach nó níos mó. Beidh an nós imeachta freasúra gaolmhar de chuid an Aontais ar oscailt do na Ballstáit agus do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sna Ballstáit sin, seachas an Ballstát a chuir an iarraidh ar fhormheas ar an leasú ar leibhéal Aontais isteach agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sa Bhallstát sin.
11. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 9 agus 10 i gcás ina bhfuil cuid den limistéar geografach lena mbaineann suite i gcríoch tríú tír. Mar sin féin, nuair a bhaineann an leasú caighdeánach le críoch Ballstáit agus tríú tír, fanann an oibleagáid an teachtaireacht a sheoladh chuig an Oifig sa Bhallstát.
Airteagal 20
An gaol idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha
1. I gcás ina bhformheastar leasú caighdeánach lena gceanglaítear leasú ar an doiciméad aonair agus iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas ar feitheamh, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an doiciméad aonair a áirítear san iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.
2. I gcás inar foilsíodh an leasú ar leibhéal an Aontais atá ar feitheamh i gclár an Aontais le haghaidh freasúra, foilseofar an leagan nuashonraithe den doiciméad aonair i gclár an Aontais freisin mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena bhformheastar an leasú ar leibhéal an Aontais.
3. I gcás nach gcuirtear san áireamh sa leagan leasaithe den doiciméad aonair atá in iarratas ar leasú caighdeánach arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta na leasuithe is déanaí ar leibhéal an Aontais a formheasadh, ní phoibleoidh an Oifig an leagan leasaithe sin. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a d’fhormheas an leasú caighdeánach sin an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair arna leasú leis na leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leis na leasuithe caighdeánacha araon a sheoladh chuig an Oifig lena fhoilsiú i gclár an Aontais.
4. Tá feidhm mutatis mutandis ag an airteagal seo freisin maidir le hiarratais a chuirtear isteach faoi Airteagal 21, pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2411.
Airteagal 21
Leasuithe caighdeánacha a bhaineann le leasuithe ar leibhéal an Aontais
Maidir le leasú caighdeánach a áirítear in iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a bhfuil dlúthbhaint aige leis an leasú ar leibhéal an Aontais atá ar feitheamh, measfar gur cuid den leasú sin ar leibhéal an Aontais é agus déanfaidh an Oifig é a fhormheas in éineacht leis an leasú ar leibhéal an Aontais faoin nós imeachta céanna.
Airteagal 22
Leasuithe sealadacha ar shonraíochtaí táirgí
1. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar ina chríoch atá limistéar geografach sainithe an ainm lena mbaineann leasuithe sealadacha ar shonraíochtaí táirge a fhormheas agus a phoibliú. Féadfaidh leasuithe sealadacha a bheith bainteach le cuid den limistéar geografach.
2. Cuirfear leasuithe sealadacha in iúl don Oifig tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta poiblithe an chinnidh formheasa náisiúnta. Léireofar sa chumarsáid sin na cúiseanna atá leis na leasuithe sealadacha.
3. Beidh an leasú sealadach infheidhme sa Bhallstát de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme.
4. Beidh feidhm ag gach leasú sealadach ar feadh tréimhse teoranta ama arna leagan amach ag an údarás inniúil a fhormheasann leasú den sórt sin. Ní fhéadfar é a athnuachan ach amháin más ann fós do na himthosca eisceachtúla, dá dtagraítear in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2023/2411, agus más ann fós do na cúiseanna ar formheasadh é. Cuirfear athnuachan ar leasuithe sealadacha in iúl don Oifig de réir an nós imeachta dá bhforáiltear maidir le leasuithe sealadacha a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 24.
5. I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin cumhdaithe ag limistéar geografach, beidh feidhm, ar leithligh, sna Ballstáit lena mbaineann, ag an nós imeachta um leasuithe sealadacha i gcás na coda den limistéar atá ina gcríoch faoi seach.
6. Cuirfear leasuithe sealadacha a bhaineann le tásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha in iúl don Oifig tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis a bhformheasta. Léireofar sa teachtaireacht sin na cúiseanna atá leis na leasuithe sealadacha.
7. Poibleoidh an Oifig an teachtaireacht maidir le leasú sealadach trína córas digiteach laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a gheobhaidh sí an teachtaireacht maidir leis an leasú sealadach sin, sa teanga inar fuarthas í. Beidh feidhm ag leasú sealadach i gcríoch an Aontais ón dáta a phoibleoidh an Oifig é.
8. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2411.
Airteagal 23
Leasuithe caighdeánacha a chur in iúl
1. Beidh an méid seo a leanas sa teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta ar an tsonraíocht táirge:
|
(a) |
an t-ainm faoi chosaint a mbaineann an leasú leis; |
|
(b) |
an Ballstát nó an tríú tír ar léi an limistéar geografach; |
|
(c) |
ainm an Bhallstáit nó an tríú tír a chuireann an leasú caighdeánach ar an tsonraíocht táirge in iúl don Oifig; |
|
(d) |
na cúiseanna leis an leasú a thagann faoi Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(e) |
tuairisc ar an leasú formheasta, ina léirítear an mbeidh leasú ar an doiciméad aonair mar thoradh ar an leasú; |
|
(f) |
an cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach mar a thagraítear dó sin in Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(g) |
i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú; |
|
(h) |
an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite, arna leasú. |
2. I gcás inarb é údarás inniúil Ballstáit a dhéanfaidh an teachtaireacht, áireofar inti dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2411.
3. I gcás iarrataí ó thríú tír, áireofar sa chumarsáid, i dteannta na faisnéise a liostaítear i mír 1, cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír. Áireofar inti an tsonraíocht táirge arna poibliú in ionad na tagartha leictreonaí dá foilsiú.
4. Déanfar teachtaireacht i leith leasú caighdeánach formheasta a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil ar líne ag an Oifig agus cuirfear faoi bhráid na hOifige í trí úsáid a bhaint as an gcóras digiteach.
5. Déanfar sonraí teagmhála údaráis inniúla an Bhallstáit nó an tríú tír a chuireann an leasú caighdeánach in iúl don Oifig a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na n-údarás inniúil mar chuid den teachtaireacht. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.
6. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit an méid seo a leanas in iúl don Oifig gan moill mhíchuí:
|
(a) |
aon bhreithiúnas náisiúnta críochnaitheach lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhformheastar leasú caighdeánach. |
|
(b) |
an doiciméad aonair comhdhlúite leasaithe, lena n-áirítear tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge, nó i gcás leasú nach modhnaíonn an doiciméad aonair, an doiciméad aonair amháin, arna thabhairt cothrom le dáta tar éis an leasú caighdeánach sin a neamhniú. |
7. Foilseoidh an Oifig i gclár an Aontais faisnéis gur neamhníodh an cinneadh náisiúnta lena bhformheastar an leasú caighdeánach. Beidh leagan nuashonraithe den doiciméad aonair, arna fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, arna chur in iúl ag údarás inniúil an Bhallstáit i gcomhréir le mír 6, pointe (b) den Airteagal seo ag gabháil leis an bhfaisnéis sin.
8. Déanfaidh údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann cinntí lena bhformheastar leasuithe caighdeánacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha a chur in iúl don Oifig, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta a poiblíodh an cinneadh ábhartha.
9. Measfar teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta ar an tsonraíocht táirge chuig an Oifig a bheith déanta go cuí nuair a chomhlíonfaidh sé an tAirteagal seo. Ní fhoilseoidh an Oifig teachtaireacht maidir le formheas ar leasú caighdeánach nach ndearnadh go cuí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Cuirfidh an Oifig an t-údarás inniúil agus an t-iarratasóir ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, nach ndearnadh an teachtaireacht maidir leis an leasú caighdeánach go cuí laistigh de 3 mhí. I gcás nach bhfaightear aon fhreagra laistigh de 2 mhí ón dáta a fuarthas an litir ón Oifig, measfar nár comhdaíodh an teachtaireacht a rinneadh go mícheart.
10. An t-údarás inniúil a chuir leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge in iúl don Oifig, leanfaidh sé de bheith freagrach as a inneachar.
11. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2411.
Airteagal 24
Leasuithe sealadacha a chur in iúl
1. Beidh an méid seo a leanas sa teachtaireacht maidir le leasú sealadach formheasta ar an tsonraíocht táirge:
|
(a) |
an tagairt don ainm faoi chosaint lena mbaineann sé; |
|
(b) |
ainm an Bhallstáit nó an tríú tír a chuireann an leasú sealadach in iúl don Oifig; |
|
(c) |
tuairisc ar an leasú sealadach formheasta mar aon leis na cúiseanna a thacaíonn leis; |
|
(d) |
cinneadh na n-údarás lena n-aithnítear go foirmiúil tubaiste nádúrtha nó drochaimsir, nó tubaiste de dhéantús an duine, amhail cogadh, bagairt cogaidh nó ionsaí sceimhlitheoireachta, nó, i gcás inarb infheidhme, bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta a fhorchur; |
|
(e) |
an cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach nó an tagairt leictreonach foilseacháin. |
2. I gcás inarb é údarás inniúil Ballstáit a dhéanfaidh an teachtaireacht, áireofar inti dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2411.
3. I gcás tásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha, áireofar sa teachtaireacht cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír. Áireofar inti an cinneadh náisiúnta lena bhformheastar an leasú sealadach arna phoibliú in ionad na tagartha leictreonaí don tagairt foilsithe ina leith.
4. Déanfar teachtaireacht maidir le leasú sealadach formheasta a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a chuirfidh an Oifig ar fáil ar líne agus a chur faoi bhráid na hOifige trí úsáid a bhaint as an gcóras digiteach.
5. Déanfar sonraí teagmhála údaráis inniúla an Bhallstáit nó an tríú tír a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na n-údarás inniúil mar chuid den teachtaireacht. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.
6. Measfar an teachtaireacht i leith leasú sealadach formheasta chuig an Oifig a bheith déanta go cuí nuair a chomhlíonfaidh sí an tAirteagal seo. Ní fhoilseoidh an Oifig teachtaireacht maidir le formheas ar leasú sealadach nach ndearnadh go cuí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Cuirfidh an Oifig an t-údarás inniúil agus an t-iarratasóir ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, nár cuireadh an leasú sealadach in iúl go cuí laistigh de 3 mhí. I gcás nach bhfuarthas aon fhreagra laistigh de 2 mhí ón dáta a fuarthas an litir ón Oifig, measfar nár comhdaíodh an teachtaireacht a rinneadh go mícheart.
7. Leanfaidh an t-údarás inniúil a chuir an t-ábhar in iúl don Oifig de bheith freagrach as a inneachar.
8. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2411.
ROINN 5
NÓS IMEACHTA AN CHEALAITHE
Airteagal 25
Cealú
1. Maidir le hiarraidh ar thásc gheografach faoi chosaint a chealú dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/2411, beidh an méid seo a leanas inti:
|
(a) |
an t-ainm cláraithe atá molta lena chealú; |
|
(b) |
ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach a mbaineann an cealú leis; |
|
(c) |
ainm Ballstáit nó tríú tír, nó, chun críocha mhíreanna 10 agus 11 den Airteagal seo, ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an iarraidh ar chealú á cur isteah aige; |
|
(d) |
i gcás iarrataí ó thríú tíortha, ainm agus seoladh na n-údarás nó, má tá siad ar fáil, ainm agus seoladh na gcomhlachtaí nó na ndaoine nádúrtha a fhíoraíonn go gcomhlíontar soláthar na sonraíochta táirge; |
|
(e) |
ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an cealú á iarraidh aige ag céim náisiúnta an nós imeachta, más ann dó; |
|
(f) |
tuairisc ar leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a iarrann an clárú a chealú; |
|
(g) |
léiriú ar na forais le cealú dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(h) |
na mínithe agus na cúiseanna leis an gcealú; |
|
(i) |
i gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(j) |
cruthúnas gur íocadh táillí, más infheidhme. |
2. Nuair a chuirfear an iarraidh ar chealú isteach i gcomhréir le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/2411, ní bheidh feidhm ag an bhfaisnéis i mír 1, pointe (g).
3. Measfar nár tháirg an tásc geografach na héifeachtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/2411 ón tús, a mhéid a cuireadh an tásc geografach ar ceal ar na forais a leagtar amach in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/2411.
4. Measfar nár tháirg an tásc geografach na héifeachtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/2411, a mhéid a cuireadh an tásc geografach ar ceal ar na forais a leagtar amach in Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2023/2411. Tá sé sin infheidhme freisin maidir le cealuithe arna dtionscnamh faoi Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/2411.
5. Déanfar sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó sonraí teagmhála údaráis nó chomhlachtaí an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear i mír 1, pointí (c), (d) agus (e), a chur in iúl ar leithligh, tríd an gcóras digiteach. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-údarás ná na gcomhlachtaí sin mar chuid den iarraidh ar chealú. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.
6. Déanfar iarraidh ar chosaint táisc gheografaigh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/2411 a chealú a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a chuirfidh an Oifig ar fáil ar líne agus cuirfear faoi bhráid na hOifige í trí úsáid a bhaint as an gcóras digiteach.
7. Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit, lena n-áirítear an Ballstát óna dtagann an táirge, tús a chur le céim náisiúnta nós imeachta an chealaithe ar a dtionscnamh féin. Sa chás sin, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (e) agus (f), a fhágáil ar lár. Cuirfidh an Ballstát céimeanna na céime náisiúnta i gcrích de bhun Airteagal 32(6) de Rialachán (AE) 2023/2411 sula gcuirfidh sé an iarraidh ar chealú faoi bhráid na hOifige, ach amháin má tá maolú faighte ag an mBallstát de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/2411.
8. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát, iarraidh ar chealú a chur faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air, lena gceadaítear don Bhallstát sin an iarraidh sin a scrúdú agus a chinneadh an ndéanfaidh sé í a thaisceadh leis an Oifig.
9. I gcás ina bhfuil an iarraidh ar chealú bunaithe ar fhoras dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 agus go bhfuil feidhm ag an bhforas a léirítear go heisiach lasmuigh d’inniúlacht chríochach an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarrthóir bunaithe nó ina bhfuil cónaí air nó i gcás inar de thionscnamh Ballstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil an t-iarrthóir bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an iarrthóir nó ó thríú tír an tásc geografach a bhfuil an t-iarrthóir bunaithe nó ina chónaí ina leith, seiceálfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarrthóir bunaithe nó ina bhfuil cónaí air, an bhfuil an iarraidh ar chealú comhlánaithe agus ar cuireadh isteach í i gcomhréir le míreanna 1, 2, 5 agus 6 den Airteagal seo. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar aon fhreasúra náisiúnta. Tar éis na seiceála foirmiúlachta dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, má tá an iarraidh ar chealú inghlactha, déanfaidh an t-údarás inniúil í a thaisceadh leis an Oifig lena scrúdú.
10. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát a fuair maolú de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/2411, féadfaidh sé iarraidh ar chealú a chur isteach go díreach leis an Oifig.
11. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír, iarraidh ar chealú a chur faoi bhráid na hOifige, go díreach nó trí údarás inniúil an tríú tír.
12. Gan dochar do mhír 9, Airteagal 4, Airteagal 6, Airteagail 14-17 agus Airteagail 27-28 den Rialachán seo, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le nós imeachta an chealaithe.
Airteagal 26
Cealú arna thionscnamh ag an gCoimisiún nó ag an Oifig
1. I gcás ina ndéanann an Coimisiún cealuithe as a stuaim féin, cuirfear tús leis an nós imeachta go díreach ag céim an Aontais. Seolfaidh an Coimisiún an iarraidh ar chealú chuig an Oifig agus foilseoidh an Oifig í le haghaidh freasúra i gcomhréir le hAirteagal 23(7) de Rialachán (AE) 2023/2411. Beidh na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 25(1), mutatis mutandis, san iarraidh ar chealú.
2. I gcás ina ndéanann an Oifig cealuithe as a stuaim féin, cuirfear tús leis an nós imeachta go díreach ag céim an Aontais. Foilseoidh an Oifig, le haghaidh freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 23(7) de Rialachán (AE) 2023/2411, a thogra féin maidir le cealú, ina mbeidh na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 25(1), mutatis mutandis.
3. Léireofar sa togra nó san iarraidh ar chealú a fhoilseofar le haghaidh freasúra forais an chealaithe dá dtagraítear in Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2023/2411.
ROINN 6
CINNTÍ
Airteagal 27
Cinntí a fhoilsiú
1. Tar éis don Oifig an Coimisiún a chur ar an eolas, socróidh sí go bhfoilseofar an tagairt do chinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir tar éis an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2023/2411 a fhoilsiú i gclár an Aontais.
2. Áireofar leis an tagairt uimhir an chinnidh, ainm (nó ainmneacha) cláraithe, leasaithe nó cealaithe an táirge, an cineál táirge, an tír thionscnaimh agus an dáta clárúcháin, leasaithe nó cealaithe.
Airteagal 28
Cinneadh an Choimisiúin maidir leis an iarratas
1. Maidir leis an iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit nó ón Oifig ar an gCoimisiún an chumhacht a ghlacadh ar láimh cinneadh a dhéanamh i nós imeachta, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2023/2411, cuirfear í faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe, arna seoladh chuig an gceann aonaid atá i gceannas ar thásca geografacha ceardaíochta agus tionsclaíocha sa mhargadh inmheánach, agus úsáid á baint as an bhfoirm a chuireann an Oifig ar fáil ar líne, agus léireoidh sé an foras ar a bhfuil an iarraidh bunaithe agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an iarraidh.
2. Cuirfidh an Coimisiún an Oifig ar an eolas tríd an gcóras digiteach agus trí ríomhphost chuig údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an iarraidh á déanamh aige, laistigh de 2 mhí tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil maidir lena chinneadh i dtaobh an nglacfaidh sé an chumhacht ar láimh chun cinneadh a dhéanamh i nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2023/2411. Léireofar sa teachtaireacht ón gCoimisiún na forais atá léi agus tabharfar údar léi.
3. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an chumhacht a ghlacadh ar láimh chun cinneadh a dhéanamh i nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 ar a thionscnamh féin, cuirfidh sé an Oifig ar an eolas tríd an gcóras digiteach agus trí ríomhphost a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge. Léireofar sa teachtaireacht ón gCoimisiún na forais atá léi agus tabharfar údar léi.
4. Déanfaidh an Oifig faisnéis go bhfuil an nós imeachta glactha ar láimh ag an gCoimisiún, an foras a agraíodh, agus an t-údar atá leis a fhoilsiú i gclár an Aontais laistigh de 2 sheachtain tar éis don Choimisiún an Oifig a chur ar an eolas faoin táthcheangal, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
5. Cuirfear an nós imeachta os comhair na hOifige ar fionraí ón dáta a chuirfear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go dtí go gcuirfidh an Coimisiún in iúl don Oifig agus d’údarás inniúil iarrthach an Bhallstáit an nglacfaidh sé an chumhacht ar láimh chun cinneadh a dhéanamh. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan an nós imeachta a ghlacadh ar láimh, fillfidh an Oifig ar an nós imeachta gan mhoill.
6. I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún an nós imeachta ar láimh ón Oifig dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2023/2411, cuirfidh an Oifig dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2023/2411 ar fáil don Choimisiún i bhfoirm leictreonach.
7. Féachfaidh an Coimisiún leis an ngníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gcinneadh críochnaitheach i nós imeachta ar leith de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 laistigh de 9 mí tar éis chur isteach na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó tar éis dó an Oifig a chur ar an eolas go bhfuil sé ag gníomhú ar a thionscnamh féin. Beidh faisnéis sa ghníomh cur chun feidhme ar ghlac an Coimisiún an cás ar láimh, na forais agus an t-údar atá leis.
ROINN 7
SIOMBAILÍ AN AONTAIS A ÚSÁID
Airteagal 29
Siombail, tásc agus giorrúchán an Aontais a úsáid
1. Nuair a úsáidtear í, déanfar siombail an Aontais, an tásc ‘TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT’ atá laistigh den tsiombail chomh maith leis an ngiorrúchán ‘TGFC’ dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2023/2411 agus a bunaíodh le hAirteagal 34 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26 ón gCoimisiún (6) a atáirgeadh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo chun tásc geografach faoi chosaint a léiriú le haghaidh táirge ceardaíochta agus tionsclaíoch. Féadfar an tsiombail, an tásc agus an giorrúchán sin de chuid an Aontais a úsáid in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.
2. Siombail, tásc agus giorrúchán an Aontais lena dtagraítear don tásc geografach faoi chosaint, ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i dtaca le táirgí a chumhdaítear faoi rialacha Rialachán (AE) 2023/2411.
3. Ní fhéadfar siombail, tásc nó giorrúchán an Aontais a bheith ar lipéadú táirge ach amháin tar éis fhoilsiú an chinnidh lena gcláraítear an tásc geografach sin. Má tá siad le feiceáil ar lipéadú táirge, beidh an t-ainm cláraithe ag gabháil leo.
4. Féadfar siombail, tásc agus giorrúchán an Aontais a úsáid sna meáin nó in ábhair fógraíochta chun críche cosaint an táisc gheografaigh a nochtadh nó chun críche ainmneacha cláraithe a fhógairt.
ROINN 8
TÁILLÍ
Airteagal 30
Táillí
1. Bunóidh an Oifig modhanna íocaíochta de bhun Airteagal 157(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/1001, le haghaidh na dtáillí.
2. Déanfar na híocaíochtaí uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn II den Rialachán seo in euro laistigh de 10 lá féilire tar éis an t-iarratas ar chlárú, an iarraidh ar leasú ar leibhéal an Aontais, an iarraidh ar chealú nó an fógra achomhairc a chomhdú.
3. Léireofar le gach íocaíocht an tásc geografach comhfhreagrach, agus ainm an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus beidh an fhaisnéis is gá ag gabháil léi chun a chur ar a cumas don Oifig críoch na híocaíochta a shuíomh láithreach.
4. Mura féidir cuspóir na híocaíochta dá dtagraítear i mír 3 a fháil amach láithreach, ceanglóidh an Oifig ar an duine a dhéanann an íocaíocht fógra a thabhairt fúithi trí mheán leictreonach cumarsáide laistigh de thréimhse réasúnta áirithe a shonraítear san fhógra. Más rud é nach gcomhlíonann an duine an fógra sin in am trátha, measfar nach bhfuil an íocaíocht déanta. Déanfar aon mhéid a íocadh a aisíoc.
5. Aisíocfar táille an achomhairc le hordú ón mBord Achomhairc in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina ndéanann an Rannóg um Thásca Geografacha an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm de bhun Airteagal 103 de Rialachán (AE) 2017/1001; |
|
(b) |
i gcás ina measfar nár comhdaíodh an t-achomharc i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an dara habairt, de Rialachán Tarmligthe C(2025) 9101; |
|
(c) |
i gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil an aisíocaíocht sin cothrom mar gheall ar shárú substaintiúil nós imeachta. |
6. Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh an Oifig measúnú ar an bhféidearthacht sásra lacáiste táillí a ghlacadh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘MFBManna’) i gcomhar leis an gCoimisiún.
7. Beidh feidhm ag na táillí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
ROINN 9
CLÁR AN AONTAIS
Airteagal 31
Clár an Aontais
1. Bunófar clár an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2023/2411 mar réiteach digiteach lenar féidir gach iontráil a bhaineann le tásca geografacha a stóráil go teicniúil agus lenar féidir leis an bpobal rochtain a fháil orthu, lena n-áirítear iarratais ar chlárú, ar leasú ar leibhéal an Aontais agus ar chealú, diúltuithe, foilsithe le haghaidh freasúra, clárúcháin, formheasanna ar leasuithe ar leibhéal an Aontais, foilsithe leasuithe caighdeánacha agus sealadacha, agus cealuithe. Cuirfear clár an Aontais ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
2. I dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2023/2411 agus tagairtí sonracha sa Rialachán seo agus i Rialachán Tarmligthe (AE) C(2025) 9101, déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh i gclár an Aontais:
|
(a) |
ainm (nó ainmneacha) cláraithe an táirge, lena n-áirítear leaganacha tras-scríofa nó traslitrithe díobh i gcarachtair Laidineacha, i gcás inarb infheidhme; ainmneacha iomadúla, leaganacha tras-scríofa agus leaganacha traslitrithe, déanfar iad a thaifeadadh mar ainmneacha malartacha, agus cuirfear spás, tulslais agus an dara spás eatarthu; |
|
(b) |
an dáta a cuireadh an t-iarratas faoi bhráid na hOifige; |
|
(c) |
an dáta foilsithe i gclár an Aontais; |
|
(d) |
an dáta clárúcháin; |
|
(e) |
an cinneadh lena gcláraítear an tásc geografach; |
|
(f) |
an tagairt leictreonach d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 29(6) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(g) |
uimhir an chomhaid; |
|
(h) |
an doiciméad aonair, lena n-áirítear an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge; |
|
(i) |
mura bhfuil tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge ar fáil, an tsonraíocht táirge; |
|
(j) |
na tuairimí a thug an Bord Comhairleach maidir le hiarratais aonair, más infheidhme; |
|
(k) |
tásc an údaráis rialaithe i gcás tásca geografacha de thionscnamh tríú tír. |
3. I gcás ina bhformheasfaidh an Oifig leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge nó i gcás ina bhfaighidh sí teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta nó neamhnithe ar an tsonraíocht táirge, rud a fhágann gur gá athrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá taifeadta i gclár an Aontais, tabharfaidh sí na sonraí a liostaítear i míreanna 2 cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, le héifeacht ón dáta a bheidh an leasú infheidhme san Aontas. Déanfaidh an Oifig tagairtí leictreonacha d’fhoilsiú teachtaireachta maidir le leasuithe caighdeánacha agus leasuithe sealadacha a thaifeadadh. I gcás clárúcháin dhíreacha, déanfar an leasú le héifeacht ó dháta chinneadh na hOifige maidir leis an leasú caighdeánach agus an leasú sealadach a thaifeadadh i gclár an Aontais.
4. I gcás inar cealaíodh clárú táisc gheografaigh, sonrófar i gclár an Aontais na hainmneacha mar a cuireadh ar ceal iad i gcomhréir le hAirteagal 25(3) agus (4) den Rialachán seo. Coinneofar taifead ar an gcealú i gClár an Aontais, lena n-áirítear an tagairt leictreonach don chinneadh maidir le cealú.
5. I gcás ina bhfaighidh an Oifig iarratas ar chlárú, nó iarraidh ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais nó iarraidh ar chealú, faoi Airteagal 22(7) de Rialachán (AE) 2023/2411, déanfar ainm, uimhir chomhaid, cineál an táirge, an tír thionscnaimh, cineál an iarratais, dáta an iarratais agus stádas an iarratais nó na hiarrata a fuarthas a thaifeadadh i gclár an Aontais. Déanfar an dáta foilsithe agus an tagairt leictreonach don fhoilsiú sin a thaifeadadh freisin a luaithe a fhoilseofar an t-iarratas i gclár an Aontais. Coimeádfaidh clár an Aontais taifead ar an gcinneadh iarratas a dhiúltú.
6. Fanfaidh na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 i gclár an Aontais.
7. Beidh na Ballstáit freagrach as an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge a choimeád gníomhach agus ag feidhmiú i gceart fad a bheidh an tásc geografach fós faoi chosaint. Tabharfaidh an tagairt leictreonach an léitheoir go díreach chuig an leagan den tsonraíocht táirge aonair is déanaí atá cothrom le dáta.
8. Déanfar próiseáil na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2023/2411, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a) |
na hiarratais agus/nó na cláruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha a ghlacfar dá bhun a riaradh; |
|
(b) |
clár poiblí a choinneáil ar bun le go bhféadfaidh na húdaráis phoiblí agus na hoibreoirí eacnamaíocha é a iniúchadh agus le go mbeidh sé mar eolas dóibh, chun é a chur ar a gcumas na cearta a bhronntar orthu leis an Rialachán seo a fheidhmiú agus le go mbeidh siad ar an eolas maidir le tásca geografacha roimhe seo; agus |
|
(c) |
tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh a chuirfidh ar a cumas don Oifig a hoibríochtaí a bharrfheabhsú agus feabhas a chur ar fheidhmiú an chórais chun tásca geografacha a chosaint. |
9. Is chun leas an phobail iad na sonraí uile, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhaineann leis na hiontrálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2023/2411, agus féadfaidh aon tríú páirtí rochtain a fháil orthu. Ní choinneofar na hiontrálacha i gclár an Aontais níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear na sonraí pearsanta.
Airteagal 32
Sleachta ó chlár an Aontais
1. Áireofar sa sliocht as clár an Aontais na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointí (a) go (g) den Rialachán seo agus in Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2023/2411.
2. Déanfar foirm agus cur i láthair ar líne an tsleachta ó chlár an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) 2023/2411 a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil ar líne ag an Oifig.
ROINN 10
CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH AGUS COMHAR MAIDIR LE RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 33
Rialacha ginearálta
1. Tagraíonn na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Roinn 10 den Rialachán seo d’údaráis inniúla na mBallstát arna n-ainmniú de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2023/2411.
2. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát cúnamh frithpháirteach dá chéile i gcomhréir leis an Roinn seo, chun a áirithiú go gcuirfear rialacha Rialachán (AE) 2023/2411 i bhfeidhm i gceart i gcásanna atá ábhartha i níos mó ná Ballstát amháin.
3. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin, faisnéis ábhartha in iúl dá chéile faoi na rialuithe arna ndéanamh de bhun Theideal IV de Rialachán (AE) 2023/2411.
4. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2023/2411 faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát.
5. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar an bhfaisnéis atá le malartú idir údaráis inniúla na mBallstát chun tacú le gníomhaíochtaí rialaithe agus forfheidhmithe:
|
(a) |
toradh na rialuithe arna ndéanamh faoi Airteagal 51(5) de Rialachán (AE) 2023/2411 agus faoi Airteagal 54(2) den Rialachán sin; |
|
(b) |
féindearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(c) |
deimhniú um údarú úsáide dá dtagraítear in Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2023/2411, agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn III den Rialachán seo; |
|
(d) |
bearta arna ndéanamh chun an neamhchomhlíonadh a leigheas dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Rialachán (AE) 2023/2411; |
|
(e) |
bearta dá dtagraítear in Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2023/2411. |
6. Déanfar gach cumarsáid oifigiúil idir údaráis inniúla na mBallstát i scríbhinn, trí mheán leictreonach. Féadfaidh an Coimisiún córas ríomhairithe bainistíochta faisnéise a chur ar fáil le haghaidh oibriú comhtháite na sásraí trína ndéantar sonraí, faisnéis agus doiciméid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a mhalartú go huathoibríoch. Féadfar an córas bainistíochta faisnéise a idirnascadh le bunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin a úsáideann údaráis forfheidhmithe san Aontas ar mhaithe le sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí.
7. Áireofar leis an gcúnamh, i gcás inarb iomchuí, agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil lena mbaineann, rannpháirtíocht údarás inniúil Ballstáit i rialuithe oifigiúla ar an láthair a dhéanann údaráis inniúla Ballstáit eile.
8. Beidh an Roinn seo gan dochar don dlí náisiúnta:
|
(a) |
beidh sí infheidhme maidir le scaoileadh doiciméad agus faisnéise atá ina ndíol imscrúduithe breithiúnacha agus imeachtaí cúirte, nó atá bainteach leo, lena n-áirítear imscrúduithe coiriúla; agus |
|
(b) |
déanfaidh sí leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosaint. |
9. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun tarchur faisnéise ó údaráis forfheidhmithe dlí, ó ionchúisitheoirí poiblí agus ó údaráis bhreithiúnacha chuig na húdaráis inniúla a éascú maidir le neamhchomhlíonadh féideartha na rialacha dá dtagraítear i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2023/2411 atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na Roinne seo agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte an duine, nó don chomhshaol.
Airteagal 34
Cúnamh ar é a iarraidh
1. I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát go bhfuil sonraí nó faisnéis ó údaráis inniúla Ballstáit eile ag teastáil uathu, chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh nó chun bearta leantacha éifeachtacha a dhéanamh maidir le rialuithe den sórt sin ina gcríoch, déanfaidh siad iarraidh réasúnaithe ar chúnamh frithpháirteach ar údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin an méid seo a leanas:
|
(a) |
admhóidh siad go bhfuair siad an iarraidh gan mhoill; |
|
(b) |
i gcás ina sonróidh an t-údarás inniúil iarrthach amhlaidh, cuirfidh sé in iúl laistigh de 10 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil, an t-am measta a bheidh ag teastáil chun freagra feasach a thabhairt ar an iarraidh; agus |
|
(c) |
déanfaidh siad na rialuithe nó na himscrúduithe oifigiúla is gá chun an fhaisnéis riachtanach agus na doiciméid riachtanacha ar fad a chur ar fáil do na húdaráis inniúla iarrthacha gan mhoill chun gur féidir leo cinntí feasacha a dhéanamh agus comhlíonadh rialacha an Aontais laistigh dá ndlínse a fhíorú. |
2. Trí chomhaontú idir na húdaráis inniúla iarrthacha agus na húdaráis inniúla iarrtha, féadfaidh an fhoireann arna hainmniú ag na húdaráis inniúla iarrthacha a bheith i láthair le linn na rialuithe oifigiúla agus na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla iarrtha.
3. Maidir le foireann na n-údarás inniúil iarrthach agus i gcásanna den sórt sin:
|
(a) |
beidh siad in ann údarú i scríbhinn a chur ar fáil i gcónaí ina sonraítear cé hiad féin agus a gcumas oifigiúil; |
|
(b) |
tabharfaidh an t-oibreoir rochtain dóibh ar na háitribh agus na doiciméid chéanna a bheidh ag foireann na n-údarás inniúil iarrtha, trína n-idirghabhálaí, chun críocha an fhiosrúcháin riaracháin atá á dhéanamh agus chun na gcríoch sin amháin; agus |
|
(c) |
ní dhéanfaidh siad na cumhachtaí fiosrúcháin arna dtabhairt d’oifigigh na n-údarás inniúil iarrtha a fheidhmiú ar a dtionscnamh féin. |
Airteagal 35
Cúnamh gan iarraidh i gcás neamhchomhlíonta
1. A luaithe a thiocfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát chun bheith eolach ar neamhchomhlíonadh, agus i gcás ina mbeidh impleachtaí ag neamhchomhlíonadh den sórt sin ar Bhallstát eile, tabharfaidh siad fógra faoi fhaisnéis den sórt sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit eile sin gan iarraidh a fháil déanamh amhlaidh agus gan mhoill mhíchuí.
2. Maidir leis na húdaráis inniúla faoin dtugtar fógra i gcomhréir le mír 1:
|
(a) |
admhóidh siad gan mhoill mhíchuí go bhfuair siad an fógra; |
|
(b) |
i gcás ina sonróidh an t-údarás inniúil a thugann fógra amhlaidh, tabharfaidh sé an méid seo a leanas le fios laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra a fháil:
|
|
(c) |
i gcás ina meastar gur gá na himscrúduithe dá dtagraítear i bpointe (b) a dhéanamh, imscrúdóidh siad an cás agus cuirfidh siad na húdaráis inniúla a thugann fógra ar an eolas gan mhoill faoi na torthaí agus, más iomchuí, faoi aon bhearta a rinneadh. |
3. Tabharfar fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 trí bhosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe arna bhainistiú ag an Stiúrthóireacht atá freagrach as an scéim um thásca geografacha ceardaíochta agus tionsclaíocha.
Airteagal 36
Neamhchomhlíonadh lena gcruthaítear riosca nó athshárú nó sárú a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach
1. Más rud é, le linn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar earraí de thionscnamh Ballstáit eile, go suíonn na húdaráis inniúla nach gcomhlíonann na hearraí sin rialacha Rialachán (AE) 2023/2411 ar bhealach a chruthaíonn riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol, nó a d’fhéadfadh a bheith ina shárú tromchúiseach ar na rialacha sin, tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, d’údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha agus d’údaráis inniúla aon Bhallstáit eile lena mbaineann chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla sin imscrúduithe iomchuí a dhéanamh.
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas gan mhoill:
|
(a) |
admhóidh siad go bhfuair siad an fógra; |
|
(b) |
i gcás ina sonróidh an t-údarás inniúil a thug an fógra amhlaidh, tabharfaidh siad le fios cé na himscrúduithe atá sé i gceist acu a dhéanamh; agus |
|
(c) |
an t-ábhar a imscrúdú, gach beart is gá a dhéanamh sa Bhallstát lena mbaineann chun Rialachán (AE) 2023/2411 a fhorfheidhmiú agus na húdaráis inniúla a thugann fógra a chur ar an eolas faoi chineál na n-imscrúduithe agus na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh, faoi na cinntí a rinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis na cinntí sin. |
3. Má tá cúis ag na húdaráis inniúla a thugann fógra lena chreidiúint nach dtugann na himscrúduithe nó na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla faoina dtugtar fógra aghaidh leordhóthanach ar an neamhchomhlíonadh a suíodh, iarrfaidh siad, nuair atá sé réasúnta, ar na húdaráis inniúla faoina dtugtar fógra na rialuithe oifigiúla nó na bearta arna ndéanamh a chomhlánú. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh na húdaráis inniúla a thugann fógra agus na húdaráis inniúla faoina dtugtar fógra araon cur chuige comhaontaithe a lorg arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear trí rialuithe oifigiúla comhpháirteacha agus imscrúduithe comhpháirteacha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(2) agus (3).
4. I gcás ina léiríonn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar earraí de thionscnamh Ballstáit eile cásanna neamhchomhlíonta arís agus arís eile dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas gan mhoill.
Airteagal 37
Cúnamh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag tríú tíortha
1. Nuair a fhaigheann údaráis inniúla faisnéis ó thríú tír lena léirítear neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/2411 san Aontas nó riosca do dhaoine nó don chomhshaol, déanfaidh siad an méid seo a leanas gan mhoill:
|
(a) |
fógra a thabhairt faoi fhaisnéis den sórt sin d’údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann; agus |
|
(b) |
cuirfidh siad faisnéis den sórt sin in iúl don Choimisiún i gcás ina bhfuil sí nó ina bhféadfadh sí a bheith ábhartha ar leibhéal an Aontais. |
2. Féadfar faisnéis arna fáil trí rialuithe agus imscrúduithe oifigiúla arna ndéanamh gcomhréir leis an Rialachán seo a chur in iúl don tríú tír dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll:
|
(a) |
go dtabharfaidh na húdaráis inniúla a thug an fhaisnéis toiliú a thabhairt maidir le cumarsáid den sórt sin; |
|
(b) |
go bhfuil gealltanas tugtha ag an tríú tír an cúnamh is gá a chur ar fáil chun fianaise a bhailiú maidir le cleachtais nach gcomhlíonann rialacha an Aontais, nó a bhfuil an chuma orthu nach gcomhlíonann siad rialacha an Aontais, nó a bhfuil riosca ag baint leo don duine nó don chomhshaol; agus |
|
(c) |
go bhfuil rialacha ábhartha Aontais agus náisiúnta infheidhme maidir le scaipeadh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha á gcomhlíonadh. |
ROINN 11
CUMARSÁID AGUS FOILSIÚ
Airteagal 38
Rialacha ginearálta maidir le teachtaireachtaí
1. Gach fógra, teachtaireacht, doiciméad agus faisnéis is gá chun Airteagal 20(4) agus Caibidil 3, Roinn 1 de Rialachán (AE) 2023/2411, Rialachán Tarmligthe C(2025) 9101 agus an Rialachán seo a chur chun feidhme, cuirfidh an Oifig in iúl iad don Oifig agus déanfaidh sí iad a chur in iúl tríd an gcóras digiteach, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sna rialacháin sin. Déanfaidh an Oifig na fógraí, an teachtaireacht, na doiciméid agus an fhaisnéis sin a fhorghníomhú tríd an gcóras digiteach trí rochtain leictreonach a sholáthar orthu. Seolfaidh an Oifig foláireamh ríomhphoist chuig na seolaithe faoin bhfógra nua, faoin teachtaireacht nua, faoin doiciméad nua agus faoin bhfaisnéis nua a chuirfidh an Oifig ar fáil sa chóras digiteach, agus cuirfidh sí na sonraí chun rochtain a fháil orthu in iúl dóibh freisin.
2. Aon fhógra, aon teachtaireacht, aon doiciméad nó aon fhaisnéis nach gcumhdaítear le mír 1, déanfaidh an Oifig iad a chur in iúl trí ríomhphost, tríd an mbosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe a úsáid.
3. I gcás teachtaireacht theicniúil oifigiúil a bhaineann le tásca geografacha táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, cuirfidh gach Ballstát in iúl don Oifig agus don Choimisiún faoin 2 Nollaig 2025, trína mboscaí ríomhphoist feidhmiúla tiomnaithe faoi seach, sonraí pointe teagmhála amháin ina mbeidh roinn agus seoladh, bosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe, agus uimhir theileafóin roinne. Coimeádfaidh na Ballstáit liosta na bpointí teagmhála cothrom le dáta. Leis na sonraí sin, ní shainaithneofar ach feidhmeanna oifigiúla, oifigí agus ranna. Ní shainaithneofar aon duine nádúrtha, uimhir theagmhála ná mír sonraí eile in aon cheann de na sonraí.
4. Na Ballstáit a fuair maolú ón gcéim náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/2411, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh siad in iúl don Oifig agus don Choimisiún, trína mboscaí ríomhphoist feidhmiúla tiomnaithe faoi seach, faisnéis maidir leis an bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2023/2411 faoin 2 Nollaig 2025. Is éard a bheidh ann roinn agus seoladh, seoladh bosca ríomhphoist feidhmiúil, agus uimhir theileafóin roinne. Coinneoidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir leis na pointí teagmhála aonair sin cothrom le dáta. Leis na sonraí sin, ní shainaithneofar ach feidhmeanna oifigiúla, oifigí agus ranna. Ní shainaithneofar aon duine nádúrtha, uimhir theagmhála ná mír sonraí eile in aon cheann de na sonraí.
5. Féadfaidh an Oifig agus an Coimisiún liosta iomlán na bpointí teagmhála sin a choimeád, a stóráil, a chomhroinnt, a phoibliú agus a scaipeadh go tréimhsiúil, lena n-áirítear é a roinnt lena sheirbhísí féin, le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, agus le gach pointe teagmhála ar an liosta. Féadfaidh an Oifig a cheangal go gcuirfear na sonraí sin isteach trína córas digiteach.
Airteagal 39
Teachtaireacht a chur isteach agus a fháil
1. Aon teachtaireacht agus aon aighneacht dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/2411, Rialachán Tarmligthe C(2025) 9101 agus an Rialachán seo, measfar iad a bheith déanta an dáta a gheobhaidh an Oifig iad trína córas digiteach nó, i gcás inarb ábhartha, a gheobhaidh an Coimisiún iad trína bhosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe.
2. I gcás ina bhfuil teachtaireacht a fhaightear neamhiomlán nó doléite nó i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an Oifig maidir le cruinneas an tarchuir, cuirfidh an Oifig an seoltóir ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sí ar an seoltóir, laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, í a atarchur tríd an gcóras digiteach. I gcás ina gcomhlíonfar an iarraidh sin laistigh den tréimhse shonraithe, measfar gurb é an dáta a fhaightear an tarchur tosaigh an dáta comhdaithe nó an dáta curtha isteach.
3. Dearbhóidh an Oifig do na páirtithe lena mbaineann tríd an gcóras digiteach go bhfuarthas gach fógra, teachtaireacht, doiciméad agus faisnéis a fhaightear tríd an gcóras digiteach sin.
4. Sannfaidh an Oifig uimhir chomhaid do gach iarratas nua ar chlárú, do gach leasú, nó do gach aighneacht freasúra, fógra maidir le barúlacha, cealú nó achomharc.
5. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú fála:
|
(a) |
uimhir an chomhaid; |
|
(b) |
an t-ainm lena mbaineann; |
|
(c) |
an cineál táirge; |
|
(d) |
an dáta fála. |
Airteagal 40
Díolúine ón oibleagáid aistriúcháin
1. Féadfaidh an t-údarás inniúil nó pointe teagmhála aonair Ballstáit a iarraidh ar an Oifig, trí bhosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe, gan na haistriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(5) agus Airteagal 17(4) a sholáthar. Cuirfear an iarraidh sin isteach roimh an 1 Bealtaine 2026. San iarraidh, cuirfidh an Ballstát na haistriúcháin nach mian leis a fháil in iúl go soiléir trí thagairt a dhéanamh do na hairteagail ábhartha.
2. Féadfar an iarraidh ar dhíolúine dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach, ar an mbealach céanna a thuairiscítear sa mhír sin.
Airteagal 41
Faisnéis atá le cur ar fáil don phobal
An fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an Oifig don phobal, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2411, le Rialachán Tarmligthe C(2025) 9101 agus leis an Rialachán seo, cuirfear ar fáil don phobal í tríd an gcóras TF faoi Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/2411, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite.
ROINN 12
TEACHT I BHFEIDHM AGUS CUR I BHFEIDHM
Airteagal 42
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj.
(2) IO L 271, 24.10.2019, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1754/oj.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) C(2025) 9101 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)
(4) Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
(5) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clárúcháin, leasuithe, cealuithe, forfheidhmiú na cosanta, an lipéadaithe agus na cumarsáide i leith tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 a mhéid a bhaineann le tásca geografacha in earnáil an fhíona, agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 agus (AE) 2021/1236 (IO L, 2025/26, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/26/oj).
IARSCRÍBHINN I
SIOMBAILÍ AGUS TÁSCA AN AONTAIS LE hAGHAIDH TGFC A ATÁIRGEADH
1. Siombailí de chuid an Aontais agus iad daite
Nuair a úsáidtear iad agus iad daite, féadfar dathanna díreacha (Pantone) nó próiseas ceithre dhath a úsáid. Léirítear na dathanna tagartha thíos.
Siombailí de chuid an Aontais in Pantone:
Siombailí de chuid an Aontais i bpróiseas ceithre dhath:
Codarsnacht le dathanna cúlra
Má úsáidtear siombail dhaite ar chúlra daite, rud a fhágann gur deacair í a fheiceáil, ba cheart ciorcal teormharcála ar an taobh amuigh a úsáid timpeall na siombaile chun feabhas a chur ar an gcodarsnacht leis an gcúlra:
2. Siombailí de chuid an Aontais agus iad dubh agus bán
Ní cheadaítear na siombailí dubh agus bán a úsáid ach amháin nuair nach n-úsáidtear aon dath dúigh eile ar an bpacáiste ach iad.
Nuair a úsáidtear iad i ndubh agus bán, is mar a leanas a dhéantar siombailí de chuid an Aontais a aththáirgeadh:
Siombailí an Aontais i ndubh agus bán i gclaonchló
Má tá cúlra an phacáistithe nó an lipéadaithe dorcha, féadfar na siombailí a úsáid i bhformáid chlaonchló mar a leanas:
3. Clóghrafaíocht
Ní mór ceannlitreacha Times Roman a úsáid le haghaidh an téacs.
4. Laghdú
Is é 15 mm ar trastomhas íosmhéid shiombailí an Aontais, ach féadfar é a laghdú go 10 mm i gcás pacáistí beaga nó táirgí beaga.
5. ‘Tásc Geografach faoi Chosaint’ agus a ghiorrúchán i dteangacha an Aontais
Teanga an Aontais | Téarma | Giorrúchán |
BG | защитено географско указание | ЗГУ |
ES | indicación geográfica protegida | IGP |
CS | chráněné zeměpisné označení | CHZO |
DA | beskyttet geografisk betegnelse | BGB |
DE | geschützte geografische Angabe | g.g.A. |
ET | kaitstud geograafiline tähis | KGT |
EL | προστατευόμενη γεωγραφική ένδειξη | ΠΓΕ |
EN | protected geographical indication | PGI |
FR | indication géographique protégée | IGP |
GA | tásc geografach faoi chosaint | TGFC |
HR | zaštićena oznaka zemljopisnog podrijetla | ZOZP |
IT | indicazione geografica protetta | IGP |
LV | aizsargāta ģeogrāfiskās izcelsmes norāde | AĢIN |
LT | saugoma geografinė nuoroda | SGN |
HU | oltalom alatt álló földrajzi jelzés | OFJ |
MT | indikazzjoni ġeografika protetta | IĠP |
NL | beschermde geografische aanduiding | BGA |
PL | chronione oznaczenie geograficzne | CHOG |
PT | indicação geográfica protegida | IGP |
RO | indicație geografică protejată | IGP |
SK | chránené zemepisné označenie | CHZO |
SL | zaščitena geografska označba | ZGO |
FI | suojattu maantieteellinen merkintä | SMM |
SV | skyddad geografisk beteckning | SGB |
IARSCRÍBHINN II
TÁILLÍ
1. Méideanna na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 65(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2411
Is mar seo a leanas a bheidh na táillí atá le híoc leis an Oifig faoi Rialachán (AE) 2023/2411 (in EUR):
|
1. |
Táille chun clárúchán díreach a phróiseáil (Airteagal 65(3)(a)): EUR 1 500 |
|
2. |
Táille chun iarratas ar thásc geografach a phróiseáil a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tír (Airteagal 65(3)(b)): EUR 1 500 |
|
3. |
Táille chun iarratas ar leasú ar shonraíocht táirge a phróiseáil (Airteagal 65(4)): EUR 750 |
|
4. |
Ach amháin i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(3) nó Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) 2023/2411, táille chun iarraidh ar chealú (Airteagal 65(4)) EUR 630 |
|
5. |
Táille achomhairc (Airteagal 65(3(c)): EUR 720 |
IARSCRÍBHINN III
AN DEIMHNIÚ ÚDARÚCHÁIN
Deimhniú údarúcháin nó liosta de tháirgeoirí atá i gcomhréir le sonraíocht táirge táisc gheografaigh le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, de bhun Airteagail 32 agus 36 den Rialachán seo
|
Fianaítear leis an doiciméad seo go bhfuil an táirgeoir nó an próiseálaí deimhnithe chun táirge a ainmniú mar Thásc Geografach (TG) atá faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2411 |
|||
[TG mar a iontráladh i gclár an Aontais é] |
|
||
|
|
||
[ainm gnó, sonraí teagmhála agus uimhir táirgeora] |
|
||
[ainm gnó agus sonraí teagmhála] |
|
||
[féadfaidh comhlacht deimhnithe táirge nó údarás eisiúna é a sholáthar má roghnaíonn siad é] |
|
||
[‘táirgeadh’, ‘próiseáil’, ‘(pacáistiú)’, nó ‘eile (sonraigh)’ – cuir isteach gach ceann a bhaineann le hábhar] |
|
||
[ll.mm.bbbb] |
|
||
|
|
||
(*1) Réimsí éigeantacha.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1956/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)