European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1955

1.12.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1955 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (1) agus go háirithe Airteagail 11(2), 22(8) agus 33(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/2411 cruthaíodh córas a bhaineann go sonrach leis an Aontas chun tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

(2)

Chun feabhas a chur ar an deimhneacht dhlíthiúil agus ar an tsoiléireacht, tá sé tábhachtach na ceanglais i dtaca leis an ndoiciméadacht a ghabhann leis an iarratas a shonrú ar bhealach soiléir uileghabhálach.

(3)

Chun bainistiú iarratas a éascú agus chun dlús a chur leis an nós imeachta scrúdúcháin, tá sé tábhachtach tuilleadh sonraithe a thabhairt ar an bhfaisnéis atá le cur faoi bhráid na hOifige ionas gur féidir iarratais ar chlárú a mheas mar iarratais inghlactha. Chun go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh ar chinntí a dhéanann an Rannóg um Thásca Geografacha ar an gcéad dul síos trí bhíthin nós imeachta achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc atá trédhearcach, críochnúil, cothrom agus neamhchlaonta, a oireann do chineál sonrach na dtásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, agus na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/2411 á gcur san áireamh, is iomchuí deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a threisiú trí na rialacha nós imeachta a shoiléiriú agus a shonrú.

(4)

Chun eagrú éifeachtach éifeachtúil an Bhoird Achomhairc a áirithiú, ba cheart forálacha áirithe de Theideal V de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún (2) a bheith infheidhme mutatis mutandis freisin maidir leis an achomharc faoi Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2023/2411.

(5)

Ba cheart an Rialachán Tarmligthe seo a bheith infheidhme ón 1 Nollaig 2025, i gcomhréir le dáta infheidhmeachta Rialachán (AE) 2023/2411,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas ar chlárú

1.   Beidh an méid seo a leanas i sonraí teagmhála an iarratasóra a cheanglaítear faoi Airteagal 11(1), pointe (a), agus i sonraí teagmhála an údaráis inniúil, an chomhlachta deimhniúcháin nó an duine nádúrtha a cheanglaítear faoi Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2411:

(a)

seoladh;

(b)

uimhir theileafóin; agus

(c)

seoladh ríomhphoist.

2.   I gcás ina mbaineann na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 1 le duine nádúrtha, déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus úsáidfear iad chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais agus/nó na clárúcháin a dtugtar tuairisc orthu i Rialachán (AE) 2023/2411 agus i ngníomhartha arna nglacadh dá bhun a riar;

(b)

rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun na himeachtaí a dhéanamh ar shlí níos éasca agus níos éifeachtúla;

(c)

cumarsáid a dhéanamh leis na hiarratasóirí agus le páirtithe eile sna himeachtaí, lena n-áirítear na hidiragraithe;

(d)

tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirtear ar a cumas don Oifig a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feabhas a chur ar fheidhmiú an chórais.

3.   I gcás inar duine nádúrtha an t-iarratasóir, sonrófar an náisiúntacht sna doiciméid a ghabhann leis an iarratas ar chlárú.

4.   Más rud é go n-ainmníonn an Ballstát údarás áitiúil, údarás réigiúnach nó eintiteas príobháideach mar an t-iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2023/2411, cuirfear na cúiseanna leis an ainmniú sin in iúl ar dhoiciméad ar leithligh laistigh den doiciméadacht tionlacain. Cuimseofar leis na cúiseanna tagairt don dlí náisiúnta nó don chinneadh riaracháin maidir leis an ainmniú. Ní mór an t-údar atá leis a bheith sonrach d’iarratas aonair.

Airteagal 2

Inghlacthacht an iarratais ar chlárú ar leibhéal an Aontais

1.   Maidir le hinghlacthacht, i dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 3 agus 8 agus Airteagal 22(1) nó Airteagal 20(1) agus Airteagal 22(2) nó Airteagal 22(3), de réir mar is infheidhme, agus Airteagal 22(6) agus Airteagal 65(3) de Rialachán (AE) 2023/2411, comhlíonfaidh iarratas ar chlárú Airteagal 3, Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 i gcás clárúcháin dhíreacha agus iarratais tríú tír, chomh maith le hAirteagail 9 go 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1956 ón gCoimisiún (4).

2.   Maidir le hinghlacthacht, i dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 22(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2023/2411, comhlíonfaidh iarratas comhpháirteach ar chlárú Airteagal 6(1), (2) nó (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1956 agus mír 1 den Airteagal seo.

3.   Mura bhfuil iarratas inghlactha, cuirfidh an Rannóg um Thásca Geografacha an t-údarás inniúil agus an t-iarratasóir, de réir mar is ábhartha, ar an eolas faoi na cúiseanna le neamh-inghlacthacht de bhun Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2023/2411.

Airteagal 3

Fógra achomhairc

1.   Beidh an méid seo a leanas i bhfógra achomhairc a chomhdófar i gcomhréir le hAirteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2023/2411:

(a)

ainm agus seoladh an achomharcóra agus an Bhallstáit nó an tríú tír ina bhfuil an t-achomharcóir sin ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe. Is le sloinne nó sloinnte agus céadainm nó céadainmneacha an duine a léireofar ainmneacha daoine nádúrtha. Léireofar ainmneacha eintiteas dlítheanach, chomh maith le hainmneacha comhlachtaí a thagann faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-ainmniú oifigiúil agus le foirm dhlíthiúil an eintitis, rud a bhféadfar a ghiorrú de réir gnáis. Féadfar uimhir aitheantais náisiúnta na cuideachta a shonrú freisin má tá sí ar fáil. Féadfaidh an Oifig a cheangal ar an achomharcóir uimhreacha teileafóin nó sonraí teagmhála eile a sholáthar le haghaidh cumarsáide. Ní shonrófar ach seoladh ríomhphoist amháin, i bprionsabal, i gcás gach achomharcóra. I gcás ina sonrófar roinnt seoltaí, ní chuirfear san áireamh ach an seoladh céadluaite, seachas i gcás ina n-ainmneoidh an t-achomharcóir ceann de na seoltaí mar an seoladh le haghaidh seirbheála;

(b)

i gcás ina bhfuil ionadaí ceaptha ag an achomharcóir, ainm agus seoladh gnó an ionadaí; i gcás ina bhfuil níos mó ná seoladh gnó amháin ag an ionadaí nó i gcás ina bhfuil beirt ionadaithe nó níos mó ag a bhfuil seoltaí gnó éagsúla, ní chuirfear san áireamh ach an seoladh céadluaite mar sheoladh le haghaidh seirbheála mura léirítear san fhógra achomhairc cén seoladh atá le húsáid mar sheoladh le haghaidh seirbheála;

(c)

sainaithint shoiléir gan débhrí an chinnidh atá faoi réir achomhairc lena léirítear an dáta a eisíodh é agus uimhir chomhaid na n-imeachtaí lena mbaineann an cinneadh atá faoi réir achomhairc.

2.   Déanfar an fógra achomhairc a chomhdú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

3.   A luaithe a chomhdófar an fógra achomhairc, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra ina leith, de réir mar is infheidhme, don chosantóir agus do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an cosantóir agus an t-achomharcóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an t-achomharcóir sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach. I gcás ina bhfuil an cosantóir ina chónaí i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil sé bunaithe i dtríú tír, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra faoin bhfógra achomhairc don chosantóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, sa teanga oifigiúil inar comhdaíodh í, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí an teanga oifigiúil de chuid an Aontais inar chomhdaigh an cosantóir an chéad chéim nós imeachta sna himeachtaí ábhartha os comhair na hOifige.

Airteagal 4

Ráiteas ar na forais

1.   I ráiteas i scríbhinn ina leagfar amach na forais achomhairc dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2023/2411, beidh sainaithint shoiléir gan débhrí ar an méid seo a leanas:

(a)

na himeachtaí achomhairc dá dtagraíonn sé tríd an uimhir achomhairc chomhfhreagrach nó an cinneadh atá faoi réir achomhairc a shonrú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo;

(b)

na forais achomhairc ar a n-iarrtar an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

(c)

na fíorais, an fhianaise agus na hargóintí a thacaíonn leis na forais a agraítear.

2.   Comhdófar an ráiteas ar na forais sa teanga ina bhfuil an fógra achomhairc.

3.   A luaithe a chinnfear go bhfuil an fógra achomhairc inghlactha, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra faoin ráiteas ar na forais don chosantóir, do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an cosantóir agus an t-achomharcóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an t-achomharcóir sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach. I gcás ina bhfuil an cosantóir ina chónaí i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil sé bunaithe i dtríú tír, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra faoin ráiteas ar na forais don chosantóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, sa teanga oifigiúil inar comhdaíodh í, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí an teanga oifigiúil de chuid an Aontais inar chomhdaigh an cosantóir an chéad chéim nós imeachta sna himeachtaí ábhartha os comhair na hOifige.

Airteagal 5

Inghlacthacht achomhairc

1.   Diúltóidh an Bord Achomhairc d’achomharc mar achomharc neamh-inghlactha in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach gcomhdaítear an fógra achomhairc laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe an chinnidh atá faoi réir achomhairc i gclár an Aontais, mar a fhoráiltear in Airteagal 29(6) de Rialachán (AE) 2023/2411;

(b)

i gcás nach gcomhlíonann an t-achomharc Airteagal 33(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2023/2411, ná na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (c), agus Airteagal 4(2) den Rialachán seo, mura leigheastar na heasnaimh sin laistigh de 4 mhí ó dháta foilsithe an chinnidh i gclár an Aontais atá faoi réir achomhairc;

(c)

i gcás nach gcomhlíonann an fógra achomhairc na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointí (a) agus (b), agus nach leigheasann an t-achomharcóir na heasnaimh sin laistigh den teorainn ama arna sonrú ag an mBord Achomhairc chuige sin, in ainneoin gur chuir an Bord Achomhairc é ar an eolas;

(d)

i gcás nach gcomhdaítear an ráiteas ar na forais laistigh de 4 mhí ó dháta foilsithe an chinnidh atá faoi réir achomhairc;

(e)

i gcás nach gcomhlíonann an ráiteas ar na forais na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), agus nach leigheasann an t-achomharcóir na heasnaimh sin laistigh den teorainn ama arna sonrú ag an mBord Achomhairc chuige sin, in ainneoin gur chuir an Bord Achomhairc é ar an eolas.

2.   I gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil an t-achomharc neamh-inghlactha, féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc ar sannadh an cás dó de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 a iarraidh ar an mBord Achomhairc cinneadh a dhéanamh gan mhoill maidir le hinghlacthacht an achomhairc sula dtabharfar fógra don chosantóir faoin bhfógra nó faoin ráiteas ar na forais, de réir mar a bheidh.

3.   Dearbhóidh an Bord Achomhairc go meastar nár comhdaíodh achomharc i gcás ina n-íoctar táille an achomhairc tar éis dhul in éag na teorann ama a leagtar amach sa chéad abairt d’Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2023/2411 agus sa chás dá dtagraítear in Airteagal 30(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1956. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír (2) den Airteagal seo.

Airteagal 6

Freagairt

1.   Féadfaidh an cosantóir freagra a chomhdú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoi ráiteas an achomharcóra ar na forais. In imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh a chur leis an teorainn ama sin ar iarraidh réasúnaithe ón gcosantóir.

2.   Beidh ainm agus seoladh an chosantóra sa fhreagra agus comhlíonfaidh sí, mutatis mutandis, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c), agus in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (c) den Rialachán seo.

3.   A luaithe a chomhdófar an freagra, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra ina leith don achomharcóir agus do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an t-achomharcóir agus cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an cosantóir sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe an achomharcóra a chomhdaítear laistigh de 2 sheachtain tar éis an fhógra faoin bhfreagra agus an t-aistriúchán uirthi, féadfaidh an Bord Achomhairc an t-achomharcóir a údarú chun an ráiteas ar na forais a fhorlíonadh le freagra laistigh de thréimhse arna sonrú ag an mBord Achomhairc.

5.   A luaithe a chomhdófar an freagra forlíontach, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra ina leith don chosantóir agus do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an t-achomharcóir agus cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an t-achomharcóir sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach.

6.   I gcás ina n-údaraíonn an Bord Achomhairc don achomharcóir an ráiteas ar na forais a fhorlíonadh le freagra, údaróidh an Bord Achomhairc don chosantóir freisin an freagra a fhorlíonadh le hathfhreagra laistigh de thréimhse arna sonrú ag an mBord Achomhairc.

7.   A luaithe a chomhdófar an t-athfhreagra, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra ina leith don achomharcóir, do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an t-achomharcóir agus cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an cosantóir sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach. I gcás ina bhfuil an cosantóir nó an t-achomharcóir ina gcónaí i dtríú tír nó ina bhfuil siad bunaithe i dtríú tír, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra faoin bhfreagra, faoin bhfreagra forlíontach agus faoin athfhreagra don achomharcóir nó don chosantóir nó d’údarás inniúil an tríú tír, de réir mar is infheidhme, sa teanga oifigiúil a úsáideadh sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe ar na doiciméid sin go dtí teanga oifigiúil an Aontais inar chomhdaigh an t-achomharcóir an fógra achomhairc nó inar chomhdaigh an cosantóir an freagra.

Airteagal 7

Scrúdú ar an achomharc

1.   Beidh an scrúdú ar an achomharc teoranta do na forais a agraítear sa ráiteas ar na forais. Ní dhéanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú ar phointí dlí nach n-ardaíonn na páirtithe ach amháin i gcás ina mbaineann siad le ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta nó i gcás inar gá iad a réiteach chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2023/2411 i bhfeidhm i gceart, ag féachaint do na fíorais, don fhianaise agus do na hargóintí a chuireann na páirtithe i láthair.

2.   Ní bheidh sa scrúdú ar an achomharc ach éilimh nó iarrataí a ardaítear sa ráiteas ar na forais atá leis an achomharc agus a ardaítear in am trátha sna himeachtaí os comhair na Rannóige um Thásca Geografacha.

3.   Ní fhéadfaidh an Bord Achomhairc glacadh le fíorais nó fianaise a chuirtear faoina bhráid den chéad uair ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na fíorais nó an fhianaise sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

is dócha, de réir cosúlachta, go mbeidh siad ábhartha do thoradh an cháis; agus

(b)

níor cuireadh ar fáil iad in am trátha ar chúiseanna bailí, go háirithe i gcás nach bhfuil iontu ach fíorais agus fianaise ábhartha a cuireadh isteach cheana in am trátha, nó i gcás ina gcomhdaítear iad chun cur i gcoinne cinntí a rinneadh nó a scrúdaíodh sa chéad chéim as a stuaim féin sa chinneadh atá faoi réir achomhairc.

4.   Má chinneann an Bord Achomhairc dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach le linn an nós imeachta achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 33(5) de Rialachán (AE) 2023/2411, tabharfar fógra tríd an gcóras digiteach faoin gcomhairliúchán sin don chosantóir agus don achomharcóir agus do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair an Bhallstáit ina bhfuil an t-achomharcóir agus an cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe. In éineacht leis an bhfógra sin faoin gcomhairliúchán, cuirfidh an Bord Achomhairc meaisínaistriúchán fíoraithe go teanga oifigiúil ábhartha de chuid an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach ar fáil dóibh.

5.   Tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra tríd an gcóras digiteach faoi thuairim an Bhoird Chomhairligh don chosantóir agus don achomharcóir agus d’údaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair an Bhallstáit ina bhfuil an t-achomharcóir agus an cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe. In éineacht le tuairim an Bhoird Chomhairligh, cuirfidh an Bord Achomhairc meaisínaistriúchán fíoraithe go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach ar fáil dóibh.

6.   I gcás ina bhfuil an t-achomharcóir nó an cosantóir ina gcónaí i dtríú tír nó ina bhfuil siad bunaithe i dtríú tír, cuirfidh an Bord Achomhairc an fhaisnéis faoi chomhairliúcháin agus tuairim an Bhoird Chomhairligh in iúl don achomharcóir agus don chosantóir nó d’údaráis inniúla an tríú tír, de réir mar is infheidhme, in éineacht le meaisínaistriúcháin fhíoraithe go teanga oifigiúil an Aontais inar chomhdaigh an t-achomharcóir an fógra achomhairc nó inar chomhdaigh an cosantóir an freagra. I gcás nár chomhdaigh an cosantóir freagra, cuirfear aistriúcháin ar fáil sa teanga inar chomhdaigh an cosantóir an chéad chéim den nós imeachta sna himeachtaí ábhartha os comhair na hOifige.

Airteagal 8

Páirt a ghlacadh san achomharc

1.   Féadfaidh Ballstát, arna ionadú ag a údarás inniúil nó a phointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 19(5), faoi seach, de Rialachán (AE) 2023/2411 (‘an t-idiragraí’) páirt a ghlacadh san achomharc.

2.   Beidh an idiragairt coimhdeach leis na príomhimeachtaí agus beidh sí teoranta do thacaíocht a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, don ordú atá á lorg ag an bpríomhpháirtí nó ag ceann de na príomhpháirtithe. Ní thabharfar na cearta nós imeachta céanna a thugtar do na príomhpháirtithe. Beidh sí gan chuspóir i gcás ina scoireann príomhpháirtí de na himeachtaí nó ina dtarraingíonn príomhpháirtí siar ó na himeachtaí nó i gcás ina dtagtar ar chomhaontú idir na príomhpháirtithe, nó i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil an t-achomharc neamh-inghlactha. Glacfaidh an Ballstát leis an gcás mar a bheidh sé tráth a idiragartha.

3.   Tabharfar fógra faoin iarraidh ar idiragairt don Bhord Achomhairc in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais laistigh de 4 mhí tar éis an fhaisnéis faoin achomharc atá á chomhdú a fhoilsiú i gclár an Aontais. Aon fhógra idiragartha a dhéanfar tar éis dhul in éag an teorainn ama sin, beidh sé neamhéifeachtach. Sainaithneofar san iarraidh páirtí a dtacóidh an t-idiragraí leis. Beidh an méid seo a leanas san iarratas ar idiragairt:

(a)

sainaithint shoiléir an cháis achomhairc;

(b)

ainm agus seoladh an iarratasóra ar idiragairt;

(c)

sonraí maidir le stádas agus seoladh ionadaí an iarratasóra ar idiragairt, i gcás inarb infheidhme;

(d)

an t-ordú atá á lorg a bhfuil an t-iarratasóir ar idiragairt ag déanamh iarratais ar idiragairt chun tacú leis.

4.   A luaithe a chomhdófar an iarraidh ar idirghabháil, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra ina leith don achomharcóir, don chosantóir, do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an t-achomharcóir agus an cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, agus d’idiragraithe eile freisin, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an t-idiragraí sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe air go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach.

5.   Cuirfidh an Bord Achomhairc gach doiciméad nós imeachta a sheirbheálfar ar na páirtithe ar fáil don idiragraí gan mhoill, mar aon le meaisínaistriúchán fíoraithe go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid an idiragraí.

6.   Féadfaidh an t-idiragraí ráiteas idiragartha a chur isteach laistigh den teorainn ama a fhorordóidh an Bord Achomhairc. Beidh an méid seo a leanas sa ráiteas sin:

(a)

an saghas ordaithe atá á lorg ag an idiragraí mar thacaíocht, bíodh sé sin iomlán nó páirteach, leis an saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na príomhpháirtithe;

(b)

na pléadálacha faoin dlí agus na hargóintí a bhfuil an t-idiragraí ag brath orthu; agus

(c)

i gcás inarb iomchuí, aon fhianaise a chuirtear ar fáil nó a thairgtear.

7.   Nuair a bheidh an ráiteas idiragartha curtha isteach, forordóidh an Bord Achomhairc teorainn ama ar laistigh di a fhéadfaidh na páirtithe freagra a thabhairt ar an ráiteas sin. Tabharfar an deis do na páirtithe freagra a thabhairt ar an ráiteas sin in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

8.   A luaithe a chomhdófar an ráiteas idiragartha agus na freagraí, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra ina leith don achomharcóir, don chosantóir, do na húdaráis inniúla nó do phointí teagmhála aonair na mBallstát ina bhfuil an t-achomharcóir agus an cosantóir ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, agus d’idiragraithe eile freisin, sa teanga oifigiúil a d’úsáid an t-idiragraí sa chomhdú, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe orthu go dtí teanga oifigiúil ábhartha an Aontais de chuid na mBallstát faoi seach.

9.   I gcás ina bhfuil an t-achomharcóir nó an cosantóir ina gcónaí i dtríú tír nó ina bhfuil siad bunaithe i dtríú tír, tabharfaidh an Bord Achomhairc fógra faoin ráiteas idiragartha agus faoi na freagraí don achomharcóir nó don chosantóir nó d’údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil siad ina gcónaí nó ina bhfuil siad bunaithe, de réir mar is infheidhme, in éineacht le meaisínaistriúchán fíoraithe orthu go dtí teanga oifigiúil an Aontais inar chomhdaigh an t-achomharcóir an fógra achomhairc nó inar chomhdaigh an cosantóir an freagra. I gcás nár chomhdaigh an cosantóir freagra, cuirfear aistriúcháin ar fáil sa teanga inar chomhdaigh an cosantóir an chéad chéim den nós imeachta sna himeachtaí ábhartha os comhair na hOifige.

Airteagal 9

Ábhar foirmiúil chinneadh an Bhoird Achomhairc

I gcinneadh an Bhoird Achomhairc beidh:

(a)

ráiteas a thugann an Bord Achomhairc uaidh;

(b)

an dáta ar ar glacadh an cinneadh;

(c)

ainmneacha na bpáirtithe agus na n-idiragraithe agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha ionadaithe na bpáirtithe agus na n-idiragraithe;

(d)

uimhir an achomhairc dá dtagraíonn sé agus sainaithint an chinnidh atá faoi réir achomhairc i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (c);

(e)

léiriú maidir le foirmiú an Bhoird Achomhairc;

(f)

ainm an chathaoirligh agus na gcomhaltaí a ghlac páirt sa chinneadh, lena n-áirítear léiriú ar cé a d’fheidhmigh mar rapóirtéir sa chás;

(g)

ainm an Chláraitheora nó, de réir mar a bheidh, ainm chomhalta na Clárlainne a shíneoidh thar ceann an Chláraitheora;

(h)

achoimre ar na fíorais agus ar na hargóintí a chuir na páirtithe agus na hidiragraithe isteach;

(i)

ráiteas maidir leis na cúiseanna ar glacadh an cinneadh;

(j)

ordú ón mBord Achomhairc,

(k)

i gcás ina dtéitear i gcomhairle leis an mBord Comhairleach, uimhir, dáta agus achoimre na tuairime.

Airteagal 10

Díolúine ón oibleagáid aistriúcháin san achomharc

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil nó pointe teagmhála aonair Ballstáit a iarraidh ar an mBord Achomhairc, trí bhíthin bosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe, gan na haistriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), (5) agus (7), Airteagal 7(4) agus (5) agus Airteagal 8(4), (5) agus (8) den Rialachán seo a sholáthar. Cuirfear an iarraidh sin isteach roimh an 1 Bealtaine 2026. San iarraidh, cuirfidh an Ballstát na haistriúcháin nach mian leis a fháil in iúl go soiléir trí thagairt a dhéanamh do na hairteagail ábhartha.

2.   Féadfar an iarraidh ar dhíolúine dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach am ar bith, ar an mbealach céanna a dtugtar tuairisc air sa mhír sin.

Airteagal 11

Rialacha breise maidir le hachomharc

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 25, 28, 29 agus 31 agus Airteagail 34 go 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625.

Airteagal 12

Ríomh agus fad na dteorainneacha ama

1.   Tosófar ríomh teorann ama an lá tar éis an lae a tharlaíonn an teagmhas ábhartha, bíodh sé sin ina chéim nós imeachta nó dul in éag teorann ama eile. I gcás inar fógra é an chéim nós imeachta sin, is éard a bheidh sa teagmhas ábhartha an dáta ar a dtabharfar fógra faoin doiciméad nó an dáta a measfar fógra a bheith tugtha faoin doiciméad. I gcás fógra a dhéantar tríd an gcóras digiteach, meastar go bhfuil fógra tugtha an cúigiú lá féilire tar éis an lae a chuirtear an doiciméad i mbosca isteach an úsáideora cuntais sa chóras digiteach

2.   I gcás ina sloinnfear teorainn ama mar bhliain amháin nó mar líon áirithe blianta, rachaidh sí in éag sa bhliain ábhartha ina dhiaidh sin sa mhí a bhfuil an t-ainm céanna uirthi agus ar an lá a bhfuil an uimhir chéanna air agus atá ar an mí agus an lá a tharla an teagmhas ábhartha. I gcás nach mbeidh lá sa mhí ábhartha a bhfuil an uimhir chéanna ag gabháil leis, rachaidh an teorainn ama in éag ar an lá deireanach den mhí sin.

3.   I gcás ina sloinnfear teorainn ama mar mhí amháin nó mar líon áirithe míonna, rachaidh sí in éag sa mhí ábhartha ina dhiaidh sin ar an lá a bhfuil an uimhir chéanna air agus an lá a tharla an teagmhas ábhartha. I gcás nach mbeidh lá sa mhí ábhartha ina dhiaidh sin a bhfuil an uimhir chéanna ag gabháil leis, rachaidh an teorainn ama in éag ar an lá deireanach den mhí sin.

4.   I gcás ina sloinnfear teorainn ama mar sheachtain amháin nó mar líon áirithe seachtainí, rachaidh sí in éag sa tseachtain ábhartha ina dhiaidh sin ar an lá a bhfuil an t-ainm céanna air agus an lá a tharla an teagmhas lena mbaineann.

Airteagal 13

Teorainn ama

1.   Mura sonraítear teorainn ama go sainráite i Rialachán (AE) 2023/2411, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1956 nó sa Rialachán seo, sonróidh an Oifig an teorainn ama. Ní fhéadfaidh na teorainneacha ama arna sonrú ag an Oifig a bheith níos giorra ná mí amháin ná níos faide ná 6 mhí.

2.   Faoi réir na dteorainneacha ama a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/2411, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1956 nó sa Rialachán seo, féadfaidh an Oifig síneadh ar theorainn ama a dheonú ar iarraidh réasúnaithe. Cuirfidh an páirtí lena mbaineann an iarraidh sin isteach sula rachaidh an teorainn ama atá i gceist in éag. I gcás ina mbeidh beirt pháirtithe nó níos mó ann, féadfaidh an Oifig an síneadh ar theorainn ama a chur faoi réir chomhaontú na bpáirtithe eile.

Airteagal 14

Dul in éag teorainneacha ama

1.   I gcás ina rachaidh teorainn ama in éag ar lá nach mbeidh an Oifig ar oscailt, cuirfear síneadh leis an teorainn ama go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin ar a mbeidh an Oifig ar oscailt.

2.   I gcás ina rachaidh teorainn ama in éag ar lá a tharlaíonn briseadh ginearálta ar chumarsáid leictreonach, cuirfear síneadh leis an teorainn ama go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin ar a mbeidh an chumarsáid leictreonach ag feidhmiú arís.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 (IO L 104, 24.4.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/625/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1956 an 29 Meán Fómhair 2025 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha (IO L, 2025/1956, 28.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1956/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1955/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)