|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1949 |
30.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1949 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Prunus cerasus agus Prunus canescens le haghaidh plandú de thionscnamh na hÚcráine agus plandaí áirithe Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach san Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha in aghaidh lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, cuireadh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 go sealadach mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Tá an géineas Prunus L. ar an liosta sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach bhfuil ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu ar liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) go fóill, agus d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go gcuirfí ar an liosta sin iad tar éis measúnú riosca iomlán. |
|
(4) |
An 22 Meitheamh 2023, chuir an Úcráin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí hibrideacha gan duilleoga Prunus cerasus agus Prunus canescens le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois a onnmhairiú chuig an Aontas (‘plandaí ábhartha ón Úcráin’). Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
|
(5) |
An 22 Deireadh Fómhair 2024 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le measúnú riosca na bplandaí le haghaidh plandú ar na plandaí ábhartha ón Úcráin (5). Níor shainaithin an tÚdarás aon lotnaid a bhí ábhartha i gcás na bplandaí sin. |
|
(6) |
An 28 Feabhra 2024 chuir an Ríocht Aontaithe (6) trí iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas a onnmhairiú chuig an Aontas: Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 12 mm an trastomhas acu; plandaí beangaithe fréamhloma Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois nach mó ná 40 mm an trastomhas acu; agus plandaí beangaithe Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica le haghaidh plandú i ndamhna fáis, agus atá suas le cúig bliana déag d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu (‘na plandaí ábhartha ón Ríocht Aontaithe’). Cuireadh na sainchomhaid theicniúla lena mbaineann isteach leis na hiarrataí sin. |
|
(7) |
An 26 Feabhra 2025, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha ón Ríocht Aontaithe (7). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (an daonra Eorpach), Candidatus Phytoplasma aurantifolia, Colletotrichum aenigma, Erwinia amylovora, Eulecanium excrescens agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a thuairiscítear sna sainchomhaid theicniúla agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. |
|
(8) |
Ar bhonn na tuairime lena mbaineann ón Údarás, meastar gur inghlactha atá an riosca fiteashláintíochta a eascraíonn ó na plandaí ábhartha ón Úcráin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin lena mbaineann arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. |
|
(9) |
Ós rud é nár sainaithníodh aon lotnaid a bheith ábhartha do na plandaí ábhartha ón Úcráin, tá údar ann le teacht ar an gconclúid gur inghlactha atá an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí ábhartha a thabhairt isteach ón Úcráin ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. |
|
(10) |
Ar bhonn na tuairime lena mbaineann ón Údarás, meastar go laghdaítear an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí ábhartha a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ón Ríocht Aontaithe go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin. |
|
(11) |
Thairis sin, ós rud é go meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as seanchrainn Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica (cúig bliana déag d’aois) a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ón Ríocht Aontaithe, arb é an tráchtearra é a bhféadfadh an riosca fíteashláintíochta is airde a bheith ag baint leis, laghdaithe go leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an riosca lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin ón speiceas Prunus ón Ríocht Aontaithe, tá údar maith ann le teacht ar an gconclúid gur inghlactha atá sé na plandaí sin uile le haghaidh plandú a thabhairt isteach gan beann ar a méid, aois, nó ar má tá siad fréamhlom nó i ndamhna fáis, beangaithe nó gan bheith. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí ardriosca iad plandaí Prunus cerasus agus Prunus canescens agus hibridí den dá speiceas atá suas le 2 bhliain d’aois le haghaidh plandú, de thionscnamh na hÚcráine , agus plandaí Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
|
(14) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a eascraíonn as na plandaí ábhartha a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ón Ríocht Aontaithe a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú. |
|
(15) |
Liostaítear Candidatus Phytoplasma aurantifolia agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus liostaítear Bemisia tabaci (an daonra Eorpach) agus Erwinia amylovora mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(16) |
Níl Colletotrichum aenigma agus Eulecanium excrescens ar liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais go fóill. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán ar na lotnaidí sin a chur ar fáil chun a chinneadh an bhfuil siad le liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha ón Ríocht Aontaithe, chomh maith leis na ceanglais shonracha ábhartha, le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin mar thoradh air sin. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú chun plandaí Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, a chur faoi réir na mbeart faoi seach a bhaineann le Colletotrichum aenigma agus Eulecanium excrescens. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(5) Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí (2024). Measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí hibrideacha Prunus cerasus × Prunus canescens ón Úcráin. EFSA Journal [Iris EFSA] 22(11), e9089. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9089.
(6) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(7) Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2025. Measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Prunus spp. ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 23(4), e9306. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9306.
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, i bpointe 1, sa tábla, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Prunus L.:
‘ Prunus L., seachas:
|
— |
plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera, de thionscnamh na hÚcráine; |
|
— |
beangáin shuanacha, gan fréamhacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis atá suas le 2 bhliain d’aois, de thionscnamh na Tuirce; |
|
— |
plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois, de thionscnamh na Tuirce; |
|
— |
plandaí Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus agus Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; |
|
— |
bata bachlóg/beangán nódaithe Prunus spinosa atá suas le 1 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; |
|
— |
plandaí Prunus spinosa le haghaidh plandú nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; |
|
— |
plandaí fréamhloma, gan duilleoga Prunus armeniaca, Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasifera, Prunus cerasus, Prunus davidiana, Prunus domestica, Prunus dulcis, Prunus fontanesiana, Prunus persica, Prunus salicina, Prunus tomentosa le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois, agus hibridí de na speicis thuasluaite, nach mó ná 17 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Moldóive; |
|
— |
plandaí gan duilleoga Prunus cerasus agus Prunus canescens le haghaidh plandú nach plandaí beangaithe iad atá suas le 2 bhliain d’aois de thionscnamh na hÚcráine agus hibridí de na speicis thuas le haghaidh plandú; agus |
|
— |
plandaí Prunus armeniaca, Prunus cerasifera, Prunus domestica, Prunus incisa agus Prunus persica le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’ |
IARSCRÍBHINN II
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, sa tábla, sa chéad cholún ‘Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus agus Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú:
‘plandaí Prunus armeniaca, Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasifera, Prunus cerasus, Prunus domestica, Prunus incisa, Prunus persica agus Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1949/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)