European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1940

23.9.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1940 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1755 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/1755.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle ar Rialacháin (AE) 2015/1755, ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a bhaint de liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a scriosadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)   IO L 257, 2.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1755/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 (‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2’), scriostar an iontráil seo a leanas:

‘3.

Mathias-Joseph NIYONZIMA’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1940/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)