European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1936

23.9.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2025/1936 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2025

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-437/23 (2), ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)   IO L 147, 1.6.2013, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/255/oj.

(2)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) an 9 Iúil 2025, Hala Almaghout v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-437/23, ECLI:EU:T:2025:701.


IARSCRÍBHINN

Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:

318.

Hala Tarif ALMAGHOUT.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1936/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)