|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1935 |
23.9.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1935 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/285/CBES (1). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 5(2) de Chinneadh 2012/285/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus measann sí gur cheart seisear a bhaint de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/285/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. JENSEN
(1) Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES (IO L 142, 1.6.2012, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/285/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES (‘Liosta na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2’), scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:
|
1. |
António INJAI |
|
2. |
Mamadu TURE |
|
3. |
Estêvão NA MENA |
|
4. |
Ibraima CAMARÁ |
|
5. |
Daba NAUALNA |
|
12. |
Júlio NHATE. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1935/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)