|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1930 |
25.9.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1930 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Dechlorane Plus
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2) (‘an Coinbhinsiún’) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (3) (‘an Prótacal’). |
|
(2) |
Tá liosta ceimiceán in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún na ceimiceáin sa liosta a thoirmeasc nó na bearta dlíthiúla agus riaracháin is gá a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n-úsáid, lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú. |
|
(3) |
Le linn an 11ú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ón 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023, rinne sí cinneadh, de bhun Airteagal 8(9) den Choinbhinsiún, Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú chun Dechlorane Plus a áireamh san Iarscríbhinn sin agus díolúintí sonracha ag baint leis sin. Thacaigh an tAontas le Dechlorane Plus a áireamh in Iarscríbhinn A agus díolúintí sonracha ag baint leis sin mar a shonraítear i gCinneadh (AE) 2023/1006 (4) ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ina bhfuil an liosta substaintí a liostaítear sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal chomh maith le substaintí nach liostaítear ach sa Choinbhinsiún, a leasú freisin chun Dechlorane Plus a áireamh. |
|
(4) |
In 2022, ghlac an Coiste um Measúnú Priacail agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (SEAC) (na ‘coistí’) a dtuairim (5) maidir le sainchomhad srianta ón Iorua i ndáil le Dechlorane Plus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Tacaítear sna tuairimí le srian ar mhonarú agus ar úsáid Dechlorane Plus, agus maoluithe sonracha ann le haghaidh úsáidí sonracha. Áirítear na maoluithe sin ar liosta na ndíolúintí sonracha a dheonaítear faoin gCoinbhinsiún le Cinneadh SC-11/10 ó Chomhdháil na bPáirtithe agus ba cheart iad a dheonú mar dhíolúintí faoi Rialachán (AE) 2019/1021 freisin de bharr go bhfuil gá leo fós san Aontas. Baineann sé sin, i measc nithe eile, le páirteanna spártha le haghaidh mótarfheithiclí ar talamh, amhail gluaisteáin, gluaisrothair, mótarfheithiclí talmhaíochta agus tógála agus trucailí tionsclaíocha, lena n-áirítear mótarfheithiclí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) 2018/858 (7), (AE) Uimh. 167/2013 (8) agus (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(5) |
Tá díolúintí sa Choinbhinsiún maidir le húsáid Dechlorane Plus nach moltar i dtuairimí na gcoistí. Áirítear leo sin úsáid na substainte sin chun críoch páirteanna spártha le haghaidh trealamh cumhachta lasmuigh, feistí leighis, feistí diagnóiseacha in vitro agus uirlisí anailíse, tomhais, rialaithe, faireacháin, tástála, táirgeachta agus cigireachta agus chun earraí áirithe a dheisiú. Ós rud é gur beag an méid Dechlorane Plus a úsáidtear i bpáirteanna spártha agus chun earraí a dheisiú agus é á chur san áireamh a thábhachtaí atá sé earraí atá in úsáid cheana a chothabháil, ba cheart na díolúintí sin a bheith i Rialachán (AE) 2019/1021. |
|
(6) |
Ba cheart gurb é 5 bliana an tréimhse is faide le haghaidh na ndíolúintí, agus an fhéidearthacht a bheith ann síneadh a chur leo ar feadh tréimhse 5 bliana bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Choinbhinsiún. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás na ndíolúintí maidir le feidhmchláir íomháithe leighis agus maidir le feistí agus suiteálacha radaiteiripe, ar thacaigh tuairimí na gcoistí leo ar feadh tréimhse 7 mbliana agus 10 mbliana, faoi seach. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá atá le síneadh a chur leis na díolúintí sonracha faoin 1 Aibreán 2028 ar a dhéanaí chun ullmhú do Chomhdháil na bPáirtithe a mheastar a thionólfar i mí na Bealtaine 2029, ós rud é nach mór cinneadh a dhéanamh ag an gComhdháil sin maidir le síneadh a d’fhéadfaí a chur leis na díolúintí sonracha maidir leis an tsubstaint sin faoin gCoinbhinsiún. |
|
(7) |
Le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1021 toirmisctear monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, bídís leo féin, i meascáin nó in earraí. I ndáil leis sin, maidir le hearraí ina bhfuil Dechlorane Plus agus a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh faoi dhíolúine a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhí in úsáid cheana féin ar dháta éaga na díolúine ábhartha, ba cheart a shoiléiriú go gceadaítear leanúint dá n-úsáid tar éis an dáta sin. |
|
(8) |
Thairis sin, i gcomhréir le Cinneadh SC-11/10, maidir leis an díolúine lena gcumhdaítear Dechlorane Plus a chur ar an margadh agus a úsáid chun críoch páirteanna spártha le haghaidh feithiclí áirithe, meaisíní áirithe, chun críoch trealaimh mhuirí, ghairdín, foraoiseachta agus cumhachta lasmuigh, chun críoch feidhmeanna aeraspáis, spáis agus cosanta agus chun críoch uirlisí áirithe, deonaítear an díolúine sin go dtí deireadh ré feidhme an táirge ábhartha nó go dtí an 31 Nollaig 2043, cibé acu is túisce, nó, maidir le páirteanna spártha chun críoch feistí leighis agus feistí diagnóiseacha in vitro, go dtí deireadh ré feidhme an táirge ábhartha. Féadfaidh ré feidhme táirgí i bhfeidhmchláir chosanta, aeraspáis agus spáis dul thar 2043. Dá bhrí sin maidir le páirteanna spártha le haghaidh na bhfeidhmeanna sin, a bhí i gcríoch an Aontais roimh dháta éaga na díolúine ábhartha nó ar an dáta sin, ba cheart a gcur ar an margadh agus a n-úsáid a cheadú tar éis an dáta sin. |
|
(9) |
Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 san Aontas a threisiú, ba cheart teorainnluach a shocrú i ndáil le Dechlorane Plus a bhíonn ann mar rian-éilleán neamhbheartaithe i substaintí, i meascáin agus in earraí. |
|
(10) |
I bhfianaise gur gá do shaotharlanna feabhas a chur ar chruinneas anailíse agus a áirithiú go gcuirfear modhanna anailíseacha i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach leordhóthanach, ba cheart an teorainn rian-éilleáin neamhbheartaithe a shocrú ag 1 000 mg/kg. 30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an teorainn sin a shocrú ag 1 mg/kg. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj.
(2) Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 i ndáil le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/507/oj).
(3) Cinneadh 2004/259/CE ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 i ndáil leis an bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 81, 19.3.2004, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/259/oj).
(4) Cinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 136, 24.5.2023, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1006/oj).
(5) https://echa.europa.eu/documents/10162/d4e88790-cfe2-c934-7ea4-489e1602d6c2.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/167/oj).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/168/oj).
IARSCRÍBHINN
I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
Substaint |
Uimh. CAS |
Uimh. CE |
Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
‘Dechlorane Plus Le “Dechlorane Plus” áirítear a shinisiméir agus a fhrithisiméir |
13560-89-9 135821-03-3 135821-74-8 |
236-948-9 |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1930/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)