|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1928 |
26.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1928 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Meán Fómhair 2025
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar údarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha le haghaidh turcaithe lena ramhrú, iarratas ina n-iarrtar an breiseán a aicmiú sa chatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘datháin (ii), substaintí a chuireann dathanna ar bhia de bhunadh ainmhíoch nuair a úsáidtear in ábhar beatha d’ainmhithe iad’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 18 Meán Fómhair 2024 (2) go bhfuil an ullmhóid sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Maidir le sábháilteacht úsáideoirí, ba é conclúid an Údaráis go bhfuil eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. ina ghreannaitheoir craicinn agus súl agus meastar gur riosca é aon nochtadh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an tsubstaint dath a chur ar chraiceann turcaithe le ramhrú faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Mar sin féin, an tuarascáil mheastóireachta a cuireadh isteach i gcomhthéacs an údaraithe roimhe sin, thug an tSaotharlann Tagartha cothrom le dáta ina dhiaidh sin í, chun forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha a chur san áireamh agus chun a áirithiú go mbeadh na modhanna anailíse níos oiriúnaí do rialuithe oifigiúla. D’fhíoraigh an tÚdarás an tuarascáil leasaithe maidir leis na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar lúitéin mar bhreiseán beathaithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha (3). |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. A mhéid a bhaineann le modhanna anailíse, ba cheart an tuarascáil mheastóireachta cothrom le dáta ón tSaotharlann Tagartha a chur san áireamh. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin mar bhreiseán beathaithe a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an ngrúpa feidhmiúil datháin (ii), substaintí a chuireann dathanna ar bhia de bhunadh ainmhíoch nuair a úsáidtear in ábhar beatha d’ainmhithe iad’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(10), e9027, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9017.
(3) Miontuairiscí ón gcruinniú den Phainéal Eolaíoch um Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mBeatha Ainmhithe a tionóladh an 28-29 Eanáir 2025, le fáil ag: https://www.efsa.europa.eu/sites/default/files/2025-02/feedap250128-29_m.pdf.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||
|
mg de charaitéanóidigh iomlána/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: datháin: (ii) substaintí a chuireann dathanna ar bhia de bhunadh ainmhíoch nuair a úsáidtear in ábhar beatha d’ainmhithe iad |
||||||||||||||||||||||||
|
2a161bii |
Eastóscán ar mhórán lúitéine |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. le caraitéanóidigh iomlána ≥ 0,5 % Beinséin ≤ 2 mg/kg Heacsán ≤ 290 mg/kg Foirm sholadach nó leachtach Saintréithriú na substainte gníomhaí Lúitéin ó eastóscán gallúnaithe Tagetes erecta L. (peitil bláthanna triomaithe) a fuarthas trí eastóscadh le heacsán agus gallúnú:
Foirmle cheimiceach: C40H56O2 Uimhir CAS 127-40-2 (lúitéin) Uimhir CAS 144-68-3 (seaxaintin) Uimhir Chomhairle na hEorpa: 494 Modh anailíse (1) Maidir le lúitéin, seaxaintin agus caraitéanóidigh iomlána sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le caraitéanóidigh iomlána (lena n-áirítear lúitéin) i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Turcaithe lena ramhrú |
|
|
80 |
|
16 Deireadh Fómhair 2035 |
||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1928/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)