|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1916 |
23.9.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1916 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meán Fómhair 2025
a bhaineann le mona comórtha ar a mbeidh dearadh coiteann a eisiúint lena gceiliúrfar 25 bliana ó tharla méadú 2004 an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,
Ag féachaint d’Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le monaí euro a eisiúint (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 ón gComhairle (2), ní dhéanfar comóradh leis na monaí comórtha a eiseoidh na Ballstáit uile a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile, ach ar ábhair a bhfuil ábharthacht Eorpach is mó ag baint leo agus tá a ndearadh le bheith gan dochar do cheanglais bhunreachtúla fhéideartha na mBallstát sin. |
|
(2) |
An 13 Meitheamh 2025, ar bhonn togra ón bhFochoiste um Monaí Euro, d’fhormhuinigh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais ón gComhairle prionsabal na heisiúna comórtha coitinne in 2029, lena gceiliúrtar 25 bliana ó tharla méadú 2004 an Aontais. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2012, is í an Chomhairle a chinnfidh cé acu a eiseoidh nó nach n-eiseoidh na Ballstáit go léir a bhfuil an euro mar airgeadra acu, san am céanna, monaí comórtha ar a mbeidh dearadh coiteann, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo eisiúint choiteann mona comórtha ar a mbeidh dearadh coiteann in 2029, ag na Ballstáit uile a bhfuil an euro mar airgeadra acu, mona lena gceiliúrfar 25 bliana ó tharla méadú 2004 an Aontais.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 135, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/651/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir le hainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 194, 2.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/729/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1916/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)