|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1915 |
26.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1915 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Meán Fómhair 2025
maidir le húdarú L-tripteafain arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú L-tripteafain arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú L-tripteafain arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch, iarratas ina n-iarrtar an breiseán a aicmiú sa chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 7 Márta 2024 (2) maidir le L-tripteafan arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 nach bhfuil aon ábhar imní sábháilteachta ag baint leis i dtaca leis an tréithchineál táirgthe agus go bhfuil sé sábháilte do spriocspeicis neamh-athchogantacha faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid, áfach, go bhféadfadh riosca a bheith ann maidir le táirgeadh méadaithe na meitibilíte tocsainí scatóil nuair a úsáidtear tripteafan neamhchosanta in athchogantaigh. Rinne an tÚdarás tagairt don imní atá air maidir le sábháilteacht na spriocspeiceas mar thoradh ar L-tripteafan a thabhairt go comhuaineach de bhéal in uisce óil agus i mbeatha mar gheall ar mhíchothromaíochtaí aimíonaigéid a d’fhéadfadh a bheith ann agus mar gheall ar chúiseanna sláinteachais i gcás ina n-úsáidtear é in uisce oil. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go meastar go bhfuil úsáid L-tripteafain a tháirgtear le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 i gcothú ainmhithe sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol agus maidir le sábháilteacht úsáideoirí nach greannaitheoir craicinn ná súl é ná nach íogróir craicinn é. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-tripteafan í an tsubstaint le haghaidh gach speiceas neamh-athchogantach agus gur cheart an tsubstaint a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé lán-éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-tripteafan arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú. Nuair a thugtar d’athchogantaigh í, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta cosanta ar mhaithe lena a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach. Is iomchuí na húsáideoirí a chur ar an eolas chun go gcuirfidh siad an soláthar cothaithe san áireamh leis na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus atá riachtanach go coinníollach, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as L-tripteafan mar fhorlíonadh in uisce óil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA], 23(4), e9327. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9327.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
||||||||||||||||||||||||||
|
3c443 |
L-tripteafan |
Comhdhéanamh an bhreiseáin L-tripteafan ≥ 98 % (ar bhonn ábhar tirim) Foirm sholadach Uaschion 10 mg/kg de 1,1′-eitilidéin-bis-L-tripteafan Saintréithriú na substainte gníomhaí L-tripteafan arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 Ainm IUPAC: aigéad (2S)-2-aimínea-3-(1H-iondól-3-il) própánóch Foirmle cheimiceach: C11H12N2O2 Uimhir CAS: 73-22-3 Modh anailíse (1) Maidir le L-tripteafan sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le tripteafan sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin a chinneadh:
Maidir le tripteafan i mbeatha chumaisc a chinneadh:
Maidir le tripteafan in uisce a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
— |
— |
|
16 Deireadh Fómhair 2035 |
||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1915/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)