|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1898 |
23.9.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1898 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Meán Fómhair 2025
lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6319)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Eanáir 2023, chuir Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe (‘an t-iarratasóir’), iarratas faoi bhráid údaráis inniúil náisiúnta na hÍsiltíre maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (‘an t-iarratas’). San iarratas cumhdaíodh freisin táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, nó atá comhdhéanta de, a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, cuimsíodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Cuimsíodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(3) |
An 11 Samhain 2024 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291 i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sé chomh sábháilte céanna lena mhacasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhar Indiach neamh-ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach cúis imní chothaithe atá in arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291 a thomhailt. |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás breithniú, sa tuairim eolaíoch uaidh, ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(5) |
Maidir leis an bplean faireacháin a chuir an t-iarratasóir isteach i ndáil leis na héifeachtaí comhshaoil, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go raibh an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
|
(6) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, ba cheart údarú a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas. |
|
(7) |
Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (4). |
|
(8) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach bhfuil gá le haon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 13(1) agus 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chun a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart léiriú soiléir a bheith ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, nó atá comhdhéanta de, cé is moite de bhianna agus comhábhair bhia, ar léiriú é a shoiléiríonn nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
|
(9) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (6). |
|
(10) |
Ní thugann an tuairim ón Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil bia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, ná maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(11) |
An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(12) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(13) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
Arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) Maidir le DP51291, a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t-aitheantóir uathúil DP-Ø51291-2 dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.
Airteagal 2
Údarú
Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagail 4(2) agus 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(c) |
táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’‘ainm an orgánaigh’.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2 dá dtagraítear in Airteagal 1 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2 a bhrath.
Airteagal 5
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóir an údaraithe
Is é Corteva Agriscience LLC, atá á ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., a bheidh ina shealbhóir údaraithe.
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.
Airteagal 9
Seolaí
Is chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana, 46268-1054, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., rue Montoyer 25, 1000 Bruxelles, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
(3) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2024. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP51291 (iarratas GMFF-2021-0071). EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(11):9059. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9059.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(6) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
|
(a) |
An tIarratasóir agus Sealbhóir an Údaraithe: Ainm: Corteva Agriscience LLC
|
|
(b) |
Ainmniú agus sonrú na dtáirgí: |
|
(1) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) DP-Ø51291-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(2) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) DP-Ø51291-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(3) |
táirgí ina bhfuil arbhar Indiach (Zea mays L.) géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú. Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-Ø51291-2 an ghéin ipd072Aa, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí fréamhphéisteanna arbhair, an ghéin mo-pat, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh na luibhicídí atá bunaithe ar amóiniam glúfosanáite, agus an ghéin pmi a úsáideadh mar mharcóir inroghnaithe sa phróiseas géinmhodhnaithe. |
|
(c) |
Lipéadú:
|
|
(d) |
Modh braite:
|
|
(e) |
Aitheantóir uathúil: DP-Ø51291-2 |
|
(f) |
Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch: [Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thugtar fógra faoi]. |
|
(g) |
Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil: Ní gá. |
|
(h) |
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil: Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE. [Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe] |
|
(i) |
Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine: Ní gá. |
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1898/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)