European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1892

26.9.2025

TREOIR (AE) 2025/1892 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Uirlis fhíorthábhachtach chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint san Aontas is ea cosc agus bainistiú gach cineál dramhaíola. Agus na Ballstáit ag iarraidh feabhas leanúnach a chur ar a bpleananna coiscthe agus bainistithe dramhaíola, tá sé ríthábhachtach ord na réiteach dramhaíola a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘ord na réiteach dramhaíola’) a chur i bhfeidhm go dian.

(2)

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, agus sa Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020, iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit gníomhaíocht threisithe agus bhrostaithe a dhéanamh chun inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta na n-earnálacha teicstílí agus bia a áirithiú, ós rud é gur earnálacha ceannródaíocha iad atá dian ar acmhainní agus gurb iad is cúis le seachtrachtaí comhshaoil diúltacha suntasacha. Sna hearnálacha sin, cuireann bearnaí maoiniúcháin agus teicneolaíochta, i measc nithe eile, bac ar an dul chun cinn i dtreo an aistrithe chuig geilleagar ciorclach agus chuig an dícharbónú. Tá earnálacha an bhia agus na dteicstílí ar an gcéad agus ar an gceathrú earnáil faoi seach is mó atá dian ar acmhainní agus ní chloíonn siad go hiomlán le prionsabail bhunúsacha an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola a leagtar amach in ord na réiteach dramhaíola lena gceanglaítear go gcuirfí cosc ar dhramhaíl mar thosaíocht agus go ndéanfaí an obair ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, agus athchúrsáil ina dhiaidh sin. Éilítear leis na dúshláin sin réitigh shistéamacha bunaithe ar chur chuige saolré, agus béim ar leith á leagan ar tháirgí bia agus teicstíle.

(3)

De réir na teachtaireachta ón gCoimisiún an 30 Márta 2022 maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Teicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha (‘an Straitéis’), tá gá le hathruithe suntasacha chun imeacht ón mbealach líneach atá i réim faoi láthair ina ndéantar táirgí teicstíle a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid agus a dhiúscairt, agus gá ar leith le teorainn a chur leis an mearfhaisean. De réir fhís na Straitéise le haghaidh 2030, is faide a bhaineann tomhaltóirí leas as teicstílí ardcháilíochta inacmhainne. Leagtar béim sa Straitéis ar a thábhachtaí atá sé freagracht a chur ar tháirgeoirí as an dramhaíl a chruthaíonn a dtáirgí agus tagraítear ann do bhunú rialacha comhchuibhithe maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar leibhéal an Aontais le haghaidh teicstílí lena ngabhfaidh éiceamhodhnú táillí. Luaitear ann gurb é is príomhchuspóir do na rialacha sin geilleagar a chruthú chun teicstílí a bhailiú, a shórtáil, a athúsáid, a ullmhú lena n-athúsáid, agus a athchúrsáil, agus táirgeoirí a dhreasú chun a dtáirgí a dhearadh ar bhealach lena n-urramaítear prionsabail na ciorclaíochta. Chuige sin, maidir leis na ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag táirgeoirí le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, foráiltear ann go mbeidh cuid mhór de na ranníocaíochtaí sin á dtiomnú do bhearta chun dramhaíl a chosc agus chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh athúsáide. Luaitear sa straitéis freisin nach mór cuir chuige neartaithe agus níos nuálaí a bheith ann i leith bainistiú leanúnach acmhainní bitheolaíochta chun cur le ciorclaíocht agus luachshocrú na dramhaíola bia agus le hathúsáid teicstílí bithbhunaithe.

(4)

Le bailiú iomchuí na dteicstílí, rannchuideofar le laghdú ar dhramhaíl teicstíle sintéisí sa chomhshaol, lena n-áirítear in éiceachórais talún agus mhuirí, trína áirithiú go ndéanfar teicstílí a athúsáid, a athchúrsáil agus, ar deireadh, saol nua a thabhairt dóibh, agus ar an gcaoi sin geilleagar ciorclach a chur chun cinn.

(5)

Agus na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le dramhaíl bhia á gcur san áireamh, gheall na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc agus laghdú a chur chun cinn i gcás dramhaíl bhia i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015, agus go háirithe Sprioc 12.3 de Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) na Náisiún Aontaithe maidir le dramhaíl bhia domhanda per capita a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra agus caillteanais bia feadh slabhraí táirgthe agus soláthair a laghdú, lena n-áirítear caillteanais iarbhuainte, faoi 2030. Bhí sé d’aidhm ag na bearta sin dramhaíl bhia a chosc agus a laghdú i dtáirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus monarú, i miondíol agus i ndáileadh eile ar bhia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh.

(6)

Mar bheart leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bhí ar siúl ó mhí Aibreáin 2021 go mí na Bealtaine 2022, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé ar a chumas do phainéil saoránach plé agus moltaí a dhéanamh in oirchill príomh-thograí áirithe. Sa chomhthéacs sin, tionóladh Painéal Saoránach Eorpach ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí Feabhra 2023 chun liosta moltaí a ullmhú maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí chun an dramhaíl bhia san Aontas a laghdú. Ós rud é gurb iad teaghlaigh is cúis le níos mó ná leath den dramhaíl bhia a tharlaíonn san Aontas, is ábhartha tuiscintí na saoránach maidir leis an dramhaíl bhia a chosc. Sna moltaí deiridh uaidh, chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir le Cur Amú Bia a Laghdú trí chur chuige phríomhúla i láthair, eadhon comhar a neartú sa slabhra luacha bia, tionscnaimh gnólachtaí bia a spreagadh agus tacú le hathrú iompraíochta tomhaltóirí. Leanfaidh moltaí an phainéil de bheith ina dtaca le clár oibre foriomlán an Choimisiúin a bhaineann le dramhaíl bhia a chosc agus d’fhéadfaidís a bheith ina dtreoir freisin chun cuidiú leis na Ballstáit na spriocanna laghdaithe maidir le dramhaíl bhia a bhaint amach.

(7)

Le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leasaíodh Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) trí dhé-ocsaíd charbóin a ghabhtar agus a iompraítear chun críoch stóráil gheolaíoch agus a stóráiltear go geolaíoch de bhun cheanglais Threoir 2009/31/CE a eisiamh óna raon feidhme. Níor ionchorpraíodh an leasú sin, áfach, i dTreoir 2008/98/CE lenar aisghaireadh Treoir 2006/12/CE. Dá bhrí sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, leis an Treoir leasaitheach seo ionchorpraítear an leasú sin i dTreoir 2008/98/CE.

(8)

Ba cheart na sainmhínithe ar ‘táirgeoir táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt’, ‘cur ar fáil ar an margadh’, ‘ardán ar líne’, ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’, ‘eintiteas an gheilleagair shóisialta’, ‘tomhaltóir’, ‘úsáideoir deiridh’, ‘táirge tomhaltais neamhdhíolta’ agus ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’ a bhaineann le cur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí, ba cheart iad a áireamh i dTreoir 2008/98/CE le go ndéanfar raon feidhme na gcoincheap sin agus na n-oibleagáidí a bhaineann leo a shoiléiriú.

(9)

D’ainneoin go bhfuil méadú ag teacht ar an bhfeasacht ar thionchair dhiúltacha agus ar iarmhairtí diúltacha na dramhaíola bia, ar na gealltanais pholaitiúla a tugadh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, agus ar bhearta an Aontais a cuireadh chun feidhme arna n-eascairt as teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal Closing the loop – An EU action plan for the Circular Economy [An Ciorcal a shlánú – Plean Gníomhaíochta an Aontais don Gheilleagar Ciorclach], níl laghdú ag teacht ar ghiniúint na dramhaíola bia a mhéid is gá chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo sprioc 12.3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Chun a áirithiú go gcuideofar go mór le sprioc 12.3 de na SFInna a bhaint amach, ba cheart na bearta atá le déanamh ag na Ballstáit a neartú ionas go ndéanfaidh na Ballstáit dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na Treorach seo agus beart iomchuí eile chun an dramhaíl bhia a laghdú. Dá bhrí sin, leagtar amach sa Treoir seo réimsí idirghabhála inar cheart do na Ballstáit bearta a oiriúnú nó a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, le haghaidh gach céime de shlabhra an tsoláthair bia.

(10)

Maidir le dramhaíl bhia a chosc, d’fhorbair na Ballstáit, go pointe áirithe, ábhair chumarsáide agus chuir siad feachtais i gcrích a bhí dírithe ar thomhaltóirí agus ar oibreoirí gnólachtaí bia. Dhírigh na gníomhaíochtaí sin go príomha ar fheasacht a mhúscailt, áfach, seachas ar athrú iompraíochta a spreagadh. Chun an lánacmhainneacht a bhaint amach maidir leis an dramhaíl bhia a laghdú agus dul chun cinn a áirithiú le himeacht ama, ba cheart idirghabhálacha athraithe iompraíochta a fhorbairt, atá curtha in oiriúint do na cásanna sonracha agus na riachtanais shonracha sna Ballstáit, agus ní mór iad a chomhtháthú i gcláir náisiúnta chun dramhaíl bhia a chosc. Tá sé tábhachtach freisin an méid a leanas a chur san áireamh: athruithe cothaithe, réitigh chiorclacha réigiúnacha, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus rannpháirtíocht na saoránach, chomh maith le hoiriúnú do riachtanais réigiúnacha shonracha amhail i gcás na réigiún is forimeallaí nó na n-oileán.

(11)

Tá difríochtaí fós ann maidir le cumhacht mhargála idir soláthróirí agus ceannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia i slabhraí an tsoláthair bia ar fud an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe i ndáil le táirgí talmhaíochta, cionn is go bhfuil cuid acu níos meataí ná a chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh laghdú ar chumhacht mhargála soláthróirí táirgí talmhaíochta ná méadú ar chleachtais éagóracha trádála i leith na soláthróirí sin, a thoirmeasctar faoi Threoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar thoradh ar bhearta a dhéantar chun spriocanna maidir le laghdú ar dhramhaíl bhia a leagtar amach sa Treoir seo a chur chun feidhme (6).

(12)

D’aithin Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Sásra Eorpach um ullmhacht agus freagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia rannchuidiú na pacáistíochta chun dramhaíl bhia a laghdú agus soláthar bia agus slándáil bhia a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí do na Ballstáit, dá bhrí sin, réitigh theicneolaíocha a spreagadh agus a chur chun cinn lena rannchuidítear le cosc a chur ar dhramhaíl bhia, mar shampla pacáistíocht ghníomhach atá beartaithe chun seilfré a leathnú nó chun bail an bhia phacáistithe a choinneáil ar bun nó a fheabhsú, go háirithe le linn iompair agus stórála, agus uirlisí soláimhsithe lena gcomhlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cosc a chur ar dhiúscairt neamhriachtanach bia atá fós sábháilte lena thomhailt.

(13)

Ag féachaint dá n-acmhainneacht dramhaíl bhia a laghdú, ba cheart do na Ballstáit tacú le réitigh nuálacha agus theicneolaíocha lena léirítear go cruinn seilfré bia, lena n-áirithítear sábháilteacht bia agus, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, lena soláthraítear faisnéis, lena n-áirítear an léiriú ar ‘dátaí íosmharthanachta’ nó ‘dátaí éagtha’, atá soiléir agus sothuigthe do thomhaltóirí.

(14)

Chun torthaí a bhaint amach sa ghearrthéarma, agus chun an léargas is gá a thabhairt d’oibreoirí gnó bia, tomhaltóirí agus údaráis phoiblí san fhadtéarma, ba cheart spriocanna cainníochtaithe a shocrú chun giniúint dramhaíola bia a laghdú, agus beidh ar na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach faoi 2030.

(15)

Ag féachaint do ghealltanas an Aontais i ndáil leis an uaillmhian a leagtar amach i Sprioc 12.3 SFI, meastar go soláthrófaí spreagadh láidir beartais le socrú spriocanna laghdaithe dramhaíola bia atá le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030 chun gníomhaíocht a dhéanamh agus chun rannchuidiú suntasach le spriocanna domhanda a áirithiú. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na spriocanna sin ceangailteach ó thaobh dlí, ba cheart dóibh a bheith comhréireach, insroichte agus indéanta, agus ba cheart a chur san áireamh iontu ról gníomhaithe éagsúla i slabhra an tsoláthair bia chomh maith lena n-acmhainneacht (go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga). Ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige céim ar chéim a ghlacadh chun spriocanna a bhunú a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de, ag tosú le leibhéal atá níos ísle ná an leibhéal a shocraítear faoi SFI, d’fhonn freagairt chomhsheasmhach ó na Ballstáit agus dul chun cinn follasach i dtreo Sprioc 12.3 SFI a áirithiú.

(16)

Má laghdaítear dramhaíl bhia ag pointe ar bith feadh shlabhra an tsoláthair bia, bíonn tionchar dearfach suntasach ar an gcomhshaol mar thoradh air. Bíonn gá le cuir chuige agus bearta éagsúla chun an dramhaíl bhia a laghdú ag céimeanna an táirgthe agus an tomhaltais agus bíonn grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla i gceist. Dá bhrí sin, ba cheart sprioc amháin chun giniúint dramhaíola bia a laghdú a shocrú do phróiseáil agus monaraíocht agus sprioc eile do mhiondíol agus dáileadh eile bia, do bhialanna agus seirbhísí bia agus do theaghlaigh.

(17)

I bhfianaise an idirspleáchais idir na céimeanna dáileacháin agus tomhaltais i slabhra an tsoláthair bia, go háirithe tionchar na gcleachtas miondíola ar iompraíocht tomhaltóirí agus an gaol idir tomhaltas bia sa bhaile agus lasmuigh den bhaile, ba cheart sprioc chomhpháirteach amháin a bhunú le haghaidh na gcéimeanna sin de shlabhra an tsoláthair bia. Dá socrófaí spriocanna ar leithligh le haghaidh gach ceann de na céimeanna sin, chuirfí castacht gan ghá leis agus chuirfí teorainn le solúbthacht na mBallstát chun díriú ar a réimsí sonracha ar ábhair imní iad. Chun nach gcuirfidh an chomhsprioc sin ualach iomarcach ar oibreoirí áirithe, ba cheart do na Ballstáit prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh agus bearta á mbunú chun an chomhsprioc a bhaint amach.

(18)

Bíonn tionchar mór ag athruithe déimeagrafacha ar an méid bia a itear agus ar mhéid na dramhaíola bia a ghintear. Ba cheart comhsprioc laghdaithe na dramhaíola bia, a bhaineann le miondíol agus dáileadh eile bia, bialanna agus seirbhísí bia agus teaghlaigh, a shloinneadh, dá bhrí sin, mar athrú céatadáin ar leibhéil na dramhaíola bia per capita chun athruithe ar an daonra a chur san áireamh. Ós rud é nach n-áirítear turasóirí mar chuid den phobal i gcoitinne agus go bhféadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar mhéadú nó laghdú ar an turasóireacht i ndáil leis an tréimhse thagartha chun sprioc laghdaithe na dramhaíola bia a shocrú, arna sloinneadh per capita le haghaidh miondíol agus dáileadh eile bia, bialanna agus seirbhísí bia agus teaghlach, agus sreafaí turasóireachta á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún fachtóir ceartúcháin a ghlacadh, chun tacú leis na Ballstáit sprioc laghdaithe sin na dramhaíola bia sin a bhaint amach.

(19)

Ba í 2020 an chéad bhliain inar thomhais na Ballstáit leibhéil dramhaíola bia trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht chomhchuibhithe a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún (8). Mar sin féin, mar gheall ar bhearta cosanta a glacadh le linn phaindéim COVID-19, ní mheastar go bhfuil sonraí 2020 ionadaíoch ar dhramhaíl bhia a ghintear i mBallstáit áirithe. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás na sonraí a bhailítear go bliantúil le haghaidh 2021, 2022 agus 2023. Is iomchuí, dá bhrí sin, meán bliantúil idir 2021 agus 2023 a úsáid mar thréimhse thagartha chun spriocanna laghdaithe dramhaíola bia a shocrú agus úsáid na sonraí ó 2020 a cheadú ag an am céanna. I gcás na mBallstát ar féidir leo a léiriú go ndearna siad tomhais ar an dramhaíl bhia roimh 2020, agus modhanna atá i gcomhréir le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 in úsáid acu, ba cheart bliain níos luaithe ná r2020 a cheadú mar thréimhse thagartha.

(20)

Chun a áirithiú go n-éireoidh leis an gcur chuige céim ar chéim i dtreo bhaint amach na sprice domhanda i leith a chuspóirí, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na leibhéil a shocraítear le haghaidh na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun an dramhaíl bhia a laghdú agus ba cheart iad a leasú, más iomchuí, chun an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit le himeacht ama a chur san áireamh, chomh maith le haon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe ar leibhéil táirgthe in earnáil na próiseála bia agus na monaraíochta bia. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí coigeartú a dhéanamh ar na spriocanna d’fhonn rannchuidiú an Aontais a neartú agus ailíniú níos mó le Sprioc 12.3 SFI, atá le baint amach faoi 2030, chomh maith le treoir a sholáthar chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh tar éis an dáta sin. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do tháirgeoirí príomhúla ina n-iarrachtaí dramhaíl bhia agus caillteanais bhia a laghdú, is gá aghaidh a thabhairt ar bhearnaí eolais d’fhonn luamháin iomchuí a shainaithint chun cur amú agus caillteanais mar sin a laghdú.

(21)

Chun cur chun feidhme níos fearr, níos tráthúla agus níos aonfhoirmí a áirithiú i dtaca leis na forálacha a bhaineann le dramhaíl bhia a chosc, chun aon laigí sa chur chun feidhme a réamh-mheas, agus chun bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh roimh na sprioc-amanna chun na spriocanna a chomhlíonadh, ba cheart an córas tuarascálacha luathrabhaidh, a tugadh isteach in 2018, a leathnú chun spriocanna laghdaithe dramhaíola bia a chumhdach.

(22)

I gcomhréir leis an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, dá dtagraítear in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh na táirgeoirí a chuireann táirgí áirithe teicstíle, táirgí áirithe a bhaineann le teicstílí agus táirgí áirithe coisbhirt ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, go mbeidh siad freagrach as an mbainistiú a dhéantar orthu ag deireadh a saolré chomh maith le síneadh a chur lena saolré trí tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid a chur ar fáil ar an margadh do tháirgí in-athúsáidte. Chun an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ a chur chun feidhme, is iomchuí oibleagáidí a leagan síos a bhaineann le bainistiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt do tháirgeoirí, lena n-áirítear aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir, gan beann ar an modh díolacháin a úsáideann sé, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), a chuireann na táirgí sin ar an margadh den chéad uair, laistigh de chríoch Ballstáit, ar bhonn gairmiúil faoina ainm nó a thrádmharc féin. Ba cheart iad seo a leanas a eisiamh ó raon na dtáirgeoirí a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora: táilliúirí féinfhostaithe a tháirgeann táirgeoirí saincheaptha i bhfianaise a róil laghdaithe sa mhargadh teicstílí, agus na táirgeoirí sin a chuireann ar fáil ar an margadh den chéad uair táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid nó táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt, na táirgí sin a dhíorthaítear ó na táirgí úsáidte sin nó ó dhramhtháirgí nó óna gcomhpháirteanna chun tacú lena n-athúsáid agus le fad a chur lena saolré, lena n-áirítear trí dheisiú, athchóiriú, uasghrádú, athmhonarú agus uaschúrsáil na dtáirgí sin lena n-athraítear feidhmiúlachtaí áirithe den táirge bunaidh, laistigh den Aontas.

(23)

I gcomhthéacs na Treorach leasaithí seo, ba cheart ‘teicstílí úsáidte’ a thuiscint mar theicstílí a bhailítear ar leithligh agus a dhiúscraíonn an t-úsáideoir deiridh, gan beann ar rún agus féidearthacht a bheith ann go n-athúsáidfí iad. Ós rud nach mbeadh measúnú déanta orthu ag an gcéim sin, d’fhéadfadh na teicstílí úsáidte a bheith oiriúnach lena n-athúsáid nó d’fhéadfaidís a bheith ina ndramhaíl. Ar an gcúis sin, is tráth a mbailithe is ceart a mheas gur dramhaíl iad teicstílí úsáidte a bhailítear ar leithligh, ach amháin i gcás ina dtugann úsáideoirí deiridh ar láimh go díreach iad agus ina measann an t-oibreoir athúsáide nó eintitis an gheilleagair shóisialta, go díreach agus ar bhealach gairmiúil, go bhfuil siad oiriúnach lena n-athúsáid ag an bpointe bailithe. Is ceart ‘teicstílí úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid’ a thuiscint mar theicstílí a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid tar éis iad a bhailiú, a shórtáil, a ullmhú lena n-athúsáid nó tar éis an mheasúnaithe ghairmiúil dhírigh ag an bpointe bailithe. Níor cheart a mheas gur teicstílí dramhaíola iad teicstílí úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid.

(24)

De réir teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal Building an economy that works for people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], cuimsítear sa gheilleagar sóisialta raon eintiteas a bhfuil samhlacha éagsúla gnó agus eagrúcháin acu. Oibríonn siad i réimse leathan earnálacha eacnamaíocha. Áirítear an méid seo a leanas ar thrí phríomhphrionsabal an gheilleagair shóisialta: (i) tús áite a thabhairt do dhaoine agus do chuspóir sóisialta nó comhshaoil seachas do bhrabús; (ii) na brabúis agus na barrachais uile nó an chuid is mó díobh a ath-infheistiú chun a gcuspóirí sóisialta nó comhshaoil a shaothrú tuilleadh agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcomhaltaí nó lena n-úsáideoirí nó leis an tsochaí i gcoitinne; agus (iii) rialachas daonlathach nó rannpháirteach. I ndáil leis sin, is féidir le heintitis an gheilleagair shóisialta a bheith i bhfoirm comharchumann, cumann frithpháirteach, comhlachas, lena n-áirítear carthanais, fondúireachtaí agus is féidir eagraíochtaí reiligiúnacha agus eaglaise a áireamh leo. Áirítear ar eintitis an gheilleagair shóisialta freisin eintitis dlí phríobháidigh ar fiontair shóisialta iad mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(25)

Is ann d’éagothromaíochtaí móra maidir leis an gcaoi a mbunaítear bailiú ar leithligh teicstílí nó an chaoi a mbeartaítear an bailiú sin a bhunú, bíodh sin trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nó trí chuir chuige eile. A mhéid a bhaineann le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, is ann d’éagothromaíochtaí móra freisin, mar shampla éagothromaíochtaí maidir leis na táirgí a thagann faoina raon feidhme, freagracht na dtáirgeoirí, agus samhlacha rialachais. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na rialacha freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE, maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt. Mar sin féin, ba cheart na rialacha sin a chomhlánú leis na forálacha sonracha eile is ábhartha do shaintréithe na hearnála teicstílí, go háirithe, cion ard na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) sna táirgeoirí, ról na n-eintiteas geilleagair shóisialta agus tábhacht na hathúsáide chun cur le hinbhuanaitheacht an tslabhra luacha teicstíle. Is ceart do na rialacha sin a bheith níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe freisin chun cruthú margaidh ilroinnte a sheachaint a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar an earnáil, go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar FBManna, maidir le bailiú nó cóireáil teicstílí (lena n-áirítear athchúrsáil teicstílí), chomh maith le dreasachtaí soiléire a sholáthar do dhearadh agus beartais táirgí teicstíle atá inbhuanaithe agus chun margaí amhábhar tánaisteach a éascú. Sa chomhthéacs sin, spreagtar na Ballstáit chun cuimhneamh ar roinnt eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a údarú mar d’fhéadfadh iomaíocht idir na heagraíochtaí sin um fhreagracht táirgeoirí sochair bhreise a thabhairt do thomhaltóirí, cur leis an nuálaíocht, costais a ísliú, feabhas a chur ar bhailiú teicstílí ar leithligh, agus cur leis na roghanna do tháirgeoirí ar mian leo nascadh leis na heagraíochtaí sin.

(26)

De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, úsáidtear níos lú ná 1 % den dramhaíl éadaigh go léir chun éadaí nua a dhéanamh i mbealach ciorclach faoi láthair. Ina theannta sin, ní dheartar formhór na dteicstílí ar bhealach a urramaíonn na prionsabail chiorclaíochta, agus ní mór 78 % de na táirgí teicstíle uile a dhíchóimeáil roimh an athchúrsáil teicstíle go teicstíle. Chun tacú le forbairt theicneolaíoch agus bhonneagair agus chun í a chur chun cinn, chomh maith leis an ugach i dtreo éicidhearadh teicstílí, ba cheart infheistíochtaí i dteicstílí ciorclacha a chur chun cinn chun teicstílí a chosc, a bhailiú, a shórtáil, a athúsáid agus a athúsáid go há itiúil, chomh maith le hathchúrsáil agus athchúrsáil snáithín go snáithín ar theicstílí. Meastar gurb é 12,6 milliún tona é méid iomlán na dteicstílí dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear éadaí agus coisbheart, teicstílí tí, teicstílí teicniúla, agus dramhaíl iarthionsclaíoch agus réamhthomhaltais. Áirítear leis seo codáin a chaitear i leataobh le linn an táirgthe teicstíle, ag céim an mhiondíola nó a chaitheann teaghlaigh agus eintitis tráchtála i leataobh mar dhramhaíl.

(27)

Is ceart do na Ballstáit a chur de cheangal ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht a áirithiú i dtaca leis na sonraí a bheidh ina seilbh maidir le faisnéis dhílsithe nó faisnéis ar féidir an fhreagracht ina leith a leagan go díreach ar tháirgeoirí aonair nó a n-ionadaithe údaraithe. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ní mór an rúndacht sin a choinneáil ar bun ar feadh na bpróiseas próiseála, stórála agus tuairiscithe sonraí, agus ní mór bearta láidre slándála agus caighdeáin láidre cosanta sonraí i bhfeidhm chun an rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó sceitheadh sonraí féideartha a chosc.

(28)

Is teicstílí tí agus éadaí agus gabhálais éadaigh iad an chuid is mó de na teicstílí a úsáidtear san Aontas agus is iad is mó a chuireann le nósanna neamh-inbhuanaithe rótháirgthe agus róthomhaltais. Is ar theicstílí tí agus ar bhaill éadaigh a dhírítear na córais bailithe ar leithligh uile atá ann cheana sna Ballstáit mar aon le baill éadaigh iarthomhaltais eile, gabhálais agus coisbhearta nach as teicstílí a dhéantar iad den chuid is mó. Dá bhrí sin, le raon feidhme na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora a chuirfear ar bun ba cheart táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt le haghaidh úsáid tí nó úsáidí eile a chumhdach, i gcás ina bhfuil na táirgí sin a liostaítear in Iarscríbhinn IVc comhchosúil, ó thaobh cineáil agus comhdhéanaimh de, leis na táirgí sin a bheartaítear le haghaidh úsáid tí. Maidir le húsáidí eile i gcás ina bhfuil táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus comhdhéanaimh de i gcomparáid leo siúd le haghaidh úsáid tí, ba cheart úsáidí gairmiúla a áireamh iontu sin mura ndéantar foráil cheana féin sa Treoir leasaitheach seo maidir leis na hoibleagáidí i ndáil le scéimeanna tiomnaithe bailithe ar leithligh agus oibríochtaí cóireála dramhaíola ina dhiaidh sin a bhunú le haghaidh táirgí den sórt sin le haghaidh úsáidí gairmiúla, faoi fhorálacha seachas na forálacha sin a áirítear in Airteagail a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora as teicstílí agus bainistiú teicstílí dramhaíola, nó i ndlíthe ábhartha eile de chuid an Aontais agus i ndlíthe ábhartha náisiúnta eile. Táirgí le haghaidh úsáid ghairmiúil, lena n-áirítear úsáid mhíleata, ar féidir rioscaí sábháilteachta, sláinte agus sláinteachais a bheith ag baint leo nó a d’fhéadfadh ábhair imní slándála a bheith ag baint leo, is ceart iad a eisiamh ó scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunaítear le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na dtáirgeoirí maidir leis na táirgí atá faoi réir na freagrachta leathnaithe táirgeora, ba cheart na táirgí a thagann faoin raon feidhme a shainaithint trí thagairt do na cóid san Ainmníocht Comhcheangailte (AC) de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (12).

(29)

De réir na dTreoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile in 2024 – 2029, oibreoidh an Coimisiún ar Ghníomh nua um an nGeilleagar Ciorclach chun cuidiú le héileamh margaidh a chruthú ar ábhair thánaisteacha agus ar mhargadh aonair le haghaidh dramhaíola, go háirithe i ndáil le hamhábhair chriticiúla. Sa chomhthéacs sin, meastar go dtabharfar reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl cothrom le dáta, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hAirteagail 8, 8a agus 10 de Threoir 2008/98/CE a leasú d’fhonn freagracht leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach as sruthanna breise dramhaíola, amhail tochtanna agus cairpéid, agus d’fhonn oibríochtaí aisghabhála agus ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhchuibhiú tuilleadh, lena n-áirítear do chláir táirgeoirí.

(30)

Tá earnáil na dteicstílí dian ar acmhainní. Maidir le táirgeadh amhábhar agus teicstílí, is as tríú tíortha a eascraíonn formhór na mbrúnna agus na dtionchar a bhaineann le tomhaltas éadaí, coisbheart, agus teicstílí tí san Aontas. Go háirithe, allmhairítear 73 % d’éadaí agus de theicstílí tí a thomhlaítear san Eoraip. Mar sin féin, déanann na brúnna agus na tionchair sin difear don Aontas freisin mar gheall ar an tionchar domhanda a imríonn siad ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is féidir cuidiú le lorg comhshaoil domhanda na hearnála a laghdú, lena n-áirítear san Aontas, ach teicstílí dramhaíola a chosc, a ullmhú le haghaidh a hathúsáide, agus a athchúrsáil. Ina theannta sin, an bainistiú dramhaíola a dhéantar ar theicstílí dramhaíola faoi láthair, atá neamhéifeachtúil ó thaobh acmhainní de, níl sé i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus bíonn díobháil chomhshaoil san Aontas agus i dtríú tíortha araon mar thoradh air sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó loscadh agus ó líonadh talún.

(31)

Is é cuspóir na freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ardleibhéal cosanta comhshaoil agus sláinte san Aontas a áirithiú, geilleagar a chruthú le haghaidh bailiú, sórtála, athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide, agus athchúrsála, go háirithe athchúrsáil snáithín go snáithín, chomh maith le dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh táirgeoirí lena áirithiú go ndeartar a dtáirgí ar bhealach a urramaíonn prionsabail na ciorclaíochta. Chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí go cúlghabhálach agus go gcloíonn siad le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart do tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt íoc as na costais a éiríonn as bailiú, sórtáil le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála, agus as an athchúrsáil agus as an gcóireáil eile a dhéantar ar tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt idir úsáidte agus dramhaíola a bhailítear, lena n-áirítear táirgí tomhaltais neamhdhíolta a mheastar gur dramhaíl iad a soláthraíodh ar chríoch na mBallstát ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo. Ba cheart do na táirgeoirí sin íoc as na nithe seo a leanas freisin: suirbhéanna comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú; faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh maidir le tionchar agus bainistiú inbhuanaithe na dteicstílí; tuairisciú ar bhailiú ar leithligh, athúsáid agus cóireáil eile, teicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála; agus tacú le taighde agus forbairt le haghaidh éicidhearthóireachta i gcás teicstílí nach bhfuil substaintí ar údar imní iad iontu.

(32)

Ós rud é gur cheart na ranníocaíochtaí airgeadais a chumhdach a bhíonn le híoc ag táirgeoir na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola na dtáirgí a chuireann an táirgeoir sin ar fáil ar mhargadh an Aontais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach n-éileofar na ranníocaíochtaí sin i níos mó ná ceann amháin de Bhallstáit an Aontais ina dtrádáiltear iad. Dá bhrí sin, ba cheart do tháirgeoir na ranníocaíochtaí freagrachta leathnaithe táirgeora a íoc le haghaidh na dtáirgí a chuir sé ar fáil ar mhargadh Ballstáit i gcás inar dócha go ndéanfar dramhaíl de na táirgí sin, ach amháin i gcás inar fhág siad críoch an Bhallstáit sin sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh nó sular ndearnadh dramhaíl díbh.

(33)

De bhun Airteagal 193 CFAE, ní chuireann na bearta cosanta arna nglacadh de bhun Airteagal 192 CFAE cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach, faoi na coinníollacha a bhunaítear leis na Conarthaí agus leis an gcásdlí. Mar shampla, bheadh Ballstát in ann scéim freagrachta leathnaithe táirgeora maidir le teicstílí dramhaíola a chur i bhfeidhm maidir le micrifhiontair, i gcás ina bhfuil sé i bhfeidhm cheana féin tráth theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo.

(34)

Ba cheart do tháirgeoirí a bheith freagrach as córais bhailithe a bhunú chun táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailiú, agus as a áirithiú go ndéanfar iad a shórtáil ina dhiaidh sin le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide, agus athchúrsála, ionas go méadófar infhaighteacht éadaí agus coisbheart athláimhe an oiread is féidir agus go laghdófar na méideanna teicstíle a chuirtear faoi chineálacha cóireála dramhaíola arb ísle iad in ord na réiteach dramhaíola. Is é an bealach is éifeachtaí chun laghdú mór a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag táirgí teicstíle ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a áirithiú gur féidir, agus go ndéantar sin i gcleachtas, iad a úsáid agus a athúsáid ar feadh tréimhse ama níos faide. Ba cheart samhlacha gnó inbhuanaithe agus ciorclacha a chumasú leis sin freisin, mar shampla athúsáid, fáil ar cíos agus deisiú, seirbhísí aisghlactha agus miondíol athláimhe, rud a chruthaíonn poist ardchaighdeáin ghlasa nua agus deiseanna spárála costas nua do shaoránaigh. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh táirgeoirí freagrach as an dramhaíl a chruthaíonn a dtáirgí chun nach dtiocfadh méadú ar ghiniúint na dramhaíola i gcomhthráth le fás san earnáil. Ba cheart do na táirgeoirí a bheith freagrach freisin as an athchúrsáil, go háirithe as tús áite a thabhairt d’uas-scálú na hathchúrsála snáithín go snáithín, agus oibríochtaí aisghabhála agus diúscairt eile.

(35)

Ba cheart do tháirgeoirí agus d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí maoiniú a dhéanamh ar uas-scálú athchúrsála teicstílí, go háirithe athchúrsáil snáithín go snáithín, lena gcumasaítear, dá réir sin, athchúrsáil ar raon níos leithne ábhar agus lena gcruthaítear foinse amhábhar le haghaidh táirgeadh teicstílí san Aontas. Tá sé tábhachtach freisin go dtabharfadh na táirgeoirí tacaíocht airgeadais do thaighde agus nuálaíocht maidir le forbairtí teicneolaíocha i sórtáil uathoibríoch agus réitigh sórtála ó thaobh comhdhéanaimh de lenar féidir ábhar measctha a scaradh agus a athchúrsáil agus an dramhaíl a dhí-éilliú chun go mbeifear in ann athchúrsáil ardchaighdeáin snáithín go snáithín a dhéanamh agus go n-úsáidtear ábhair snáithíní athchúrsáilte. Chun comhlíonadh na Treorach leasaithí seo a éascú, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh faisnéis agus cúnamh ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha ón earnáil teicstílí, go háirithe FBManna, agus ba cheart don fhaisnéis agus don chúnamh sin a bheith i bhfoirm treoraíochta, tacaíocht airgeadais, rochtain ar mhaoiniú, ábhar oiliúna speisialaithe bainistíochta agus foirne, nó cúnamh eagraíochtúil agus cúnamh teicniúil. Má mhaoinítear an fhaisnéis agus an cúnamh sin trí acmhainní stáit, lena n-áirítear tacaíocht a mhaoinítear go hiomlán le ranníocaíochtaí arna bhforchur ag údarás poiblí agus a thoibhítear ar na gnóthais lena mbaineann, d’fhéadfadh sé gur státchabhair a bheadh sa tacaíocht sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir leis an státchabhair. Is é slógadh infheistíochta príobháidí agus poiblí i gciorclaíocht agus i ndícharbónú na hearnála teicstílí is ábhar freisin do roinnt cláir chistiúcháin agus treochláir ón Aontas mar shampla an uirlis um na Moil don Chiorclaíocht agus glaonna sonracha faoi Fís Eorpach. Is gá freisin measúnú breise a dhéanamh ar a indéanta atá sé spriocanna an Aontais a shocrú le haghaidh athchúrsáil teicstílí chun tacú le forbairt theicneolaíoch agus leis na hinfheistíochtaí sa bhonneagar athchúrsála chomh maith leis an ugach i dtreo na héicidhearthóireachta le haghaidh na hathchúrsála, agus chun na gnéithe sin a spreagadh.

(36)

Ba cheart táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailiú ar leithligh ó shruthanna dramhaíola eile mar shampla miotail, páipéar agus cairtchlár, gloine, plaistigh, adhmad agus bithdhramhaíl chun a n-ath-inúsáidteacht agus a n-acmhainneacht le haghaidh athchúrsáil ardchaighdeáin a choinneáil ar bun. I bhfianaise an tionchair ar an gcomhshaol agus ar an ábhar a chailltear toisc nach ndéantar teicstílí úsáidte agus dramhaíola a bhailiú ar leithligh, agus toisc nach gcóireáiltear iad ina dhiaidh sin ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart don líonra bailithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, críoch iomlán na mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, a chumhdach, ba cheart don líonra sin a bheith gar don úsáideoir deiridh agus níor cheart díriú ach ar na limistéir agus ar na táirgí sin ina mbaintear brabús as an mbailiú. Ba cheart an líonra bailithe a eagrú i gcomhar le gníomhaithe eile atá gníomhach sna hearnálacha bainistithe dramhaíola agus athúsáide, mar atá bardais agus eintitis an gheilleagair shóisialta. I bhfianaise na sochar mór comhshaoil agus aeráide a bhaineann le hathúsáid, ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir agus mar chuspóir tánaisteach an líonra bailithe dá réir sin táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí ath-inúsáidte agus in-athchúrsáilte, a bhailiú. Le méadú leanúnach ar bhailiú ar leithligh, spreagfaí feidhmíocht níos fearr i dtaca le hathúsáid agus athchúrsáil ardchaighdeáin sna slabhraí soláthair teicstíle, chuirfí borradh faoi amhábhair thánaisteacha ardchaighdeáin a úsáid agus thacófaí leis an bpleanáil infheistíochta do bhonneagar sórtála agus próiseála teicstílí. Chun éifeachtacht an líonra bailithe agus na bhfeachtas eolais a fhíorú agus a fheabhsú, ba cheart suirbhéanna comhdhéanaimh ar leibhéal NUTS 2 ar a laghad a dhéanamh go tráthrialta ar dhramhaíl mheasctha chathrach a bailíodh chun an méid dramhaíola atá sna táirgí teicstíle, na táirgí a bhaineann le teicstílí agus na táirgí coisbhirt a chinneadh. Ina theannta sin, ba cheart do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faisnéis ar fheidhmíocht na gcóras bailithe ar leithligh agus cainníocht, de réir meáchain, an bhailithe ar leithligh lena léirítear méadú leanúnach, a chur ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil.

(37)

I bhfianaise an phríomhróil atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta sna córais bailithe teicstílí atá ann cheana agus a n-acmhainneacht chun samhlacha gnó áitiúla, inbhuanaithe, rannpháirteacha agus cuimsitheacha agus poist ardchaighdeáin a chruthú san Aontas, i gcomhréir le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal Building an economy that works for people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], le tabhairt isteach scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, ba cheart gníomhaíochtaí eintitis an gheilleagair shóisialta atá páirteach i mbainistiú teicstílí úsáidte a choinneáil ar bun agus tacú leo. Dá bhrí sin, ba cheart féachaint ar na heintitis sin mar chomhpháirtithe sna córais bhailithe ar leithligh lena dtacaítear le huas-scálú na seirbhísí athúsáide agus deisithe agus lena gcruthaítear poist ardchaighdeáin do chách agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais sórtála freisin maidir leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, arna mbailiú ag eintitis an gheilleagair shóisialta. I ndáil leis sin, ba cheart d’eintitis an gheilleagair shóisialta faisnéis a chur ar fáil freisin don údarás inniúil maidir leis na teicstílí a bhailíonn siad agus a bhainistíonn siad ina dhiaidh sin trí bhíthin oibleagáidí tuairiscithe íosta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann eintitis an gheilleagair shóisialta a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na hoibleagáidí tuairiscithe sin, i gcás ina mbeadh ualach riaracháin díréireach ar na heintitis sin mar thoradh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe sin.

(38)

Ba cheart do tháirgeoirí agus d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheith gníomhach chun úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, a chur ar an eolas gur cheart táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailiú ar leithligh, go bhfuil scéimeanna bailithe ar fáil agus go mbíonn ról tábhachtach ag úsáideoirí deiridh chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl a chosc agus teicstíl dramhaíola a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol. Ba cheart a áireamh ann faisnéis maidir le hinfhaighteacht socruithe athúsáide le haghaidh teicstílí agus coisbheart agus maidir leis na sochair chomhshaoil a bhaineann le tomhaltas inbhuanaithe agus tionchair chomhshaoil, shláinte agus shóisialta an tionscail éadaí teicstíle. Ba cheart na húsáideoirí deiridh a chur ar an eolas freisin faoin tábhacht a bhaineann le roghanna tomhaltais teicstíle a dhéanamh atá eolach, freagrach agus inbhuanaithe agus a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol. Tá feidhm ag na ceanglais sin ó thaobh faisnéise sa bhreis ar na ceanglais maidir le soláthar faisnéise d’úsáideoirí deiridh i ndáil leis na táirgí teicstíle a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 1007/2011 (13) agus (AE) 2024/1781 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Agus an fhaisnéis á cur ar fáil do na húsáideoirí deiridh uile, ba cheart teicneolaíochtaí faisnéise comhaimseartha a úsáid. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an mbealach traidisiúnta, mar shampla póstaeir lasmuigh agus laistigh agus trí fheachtais ar na meáin shóisialta, agus ar bhealach níos nuálaí araon, mar shampla rochtain leictreonach a fháil ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR.

(39)

Chun cur le ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht comhshaoil na dteicstílí agus chun na drochthionchair ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú, déantar foráil le Rialachán (AE) 2024/1781 maidir le ceanglais cheangailteacha éicidhearthóireachta a fhorbairt le haghaidh táirgí teicstíle agus coisbhirt, lena ndéanfar, ag brath ar a léireofar sa mheasúnú tionchair maidir lena bheith tairbhiúil chun inbhuanaitheacht comhshaoil na dteicstílí a mhéadú, rialáil ar mharthanacht, ath-inúsáidteacht, indeisitheacht, agus in-athchúrsáilteacht snáithín go snáithín na dteicstílí, agus le haghaidh cion sainordaitheach na snáithíní athchúrsáilte i dteicstílí. Le Rialachán (AE) 2024/1781, déantar rialáil freisin ar láithreacht substaintí is ábhar imní chun go bhféadfaí iad a íoslaghdú agus a rianú d’fhonn an méid dramhaíola a ghintear a laghdú agus athchúrsáil a fheabhsú, chomh maith le cosc agus laghdú ar shnáithíní sintéiseacha a scoitear sa chomhshaol chun scaoileadh micreaphlaisteach a laghdú go mór. Thairis sin, is ionstraim eacnamaíoch éifeachtach é modhnú na dtáillí arna ngearradh faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora chun dearadh teicstíle níos inbhuanaithe a spreagadh, rud a fhágfaidh go mbeidh dearadh feabhsaithe ann a bheidh i gcomhréir le prionsabail na ciorclaíochta. Chun dreasacht láidir a thabhairt an éicidhearthóireacht a úsáid, agus cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh chomh maith le comhdhéanamh na hearnála teicstíle, ar FBManna is mó atá inti, á gcur san áireamh, is gá critéir a chomhchuibhiú chun na táillí arna ngearradh faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a mhodhnú ar bhonn na bparaiméadar éicidhearthóireachta is ábhartha chun gur féidir teicstílí a chóireáil i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Ba cheart an modhnú ar na táillí sin de réir na gcritéar éicidhearthóireachta a bheith bunaithe ar na ceanglais éicidhearthóireachta agus a modheolaíochtaí tomhais a ghlactar de bhun Rialachán (AE) 2024/1781 le haghaidh táirgí teicstíle agus coisbhirt nó, i gcás ina nglactar iad agus sa chás sin amháin, de bhun dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear critéir inbhuanaitheachta chomhchuibhithe agus modhanna tomhais comhchuibhithe le haghaidh táirgí teicstíle agus coisbhirt. Is iomchuí an Coimisiún a chumhachtú chun rialacha comhchuibhithe a ghlacadh le haghaidh an mhodhnaithe táillí chun a áirithiú go mbeidh critéir an mhodhnaithe táillí i gcomhréir leis na ceanglais táirge sin.

(40)

Bíonn tionchar ag cleachtais thionsclaíocha agus tráchtála, mar shampla i dtionscal an mhearfhaisin agus an fhíor-mhearfhaisin, ar fhad úsáide an táirge agus ar an dóchúlacht go ndéanfar dramhaíl de tháirge mar gheall ar ghnéithe nach gá go mbeadh baint acu lena dhearadh, agus is minic a bhíonn siad bunaithe ar dheighilt an mhargaidh. D’fhéadfadh diúscairt róluath an táirge sula mbaineann sé a shaolré féideartha amach a bheith mar thoradh ar na cleachtais sin, agus bíonn róthomhaltas táirgí teicstíle agus an-iomarca teicstíle dramhaíola ann dá bharr sin. Chun na cleachtais sin a shainaithint ar bhealach níos fearr agus chun gur féidir na táillí arna ngearradh faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a éiceamhodhnú, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú ar chritéir mar shampla leithead an raoin táirgí, as a dtuigtear líon na dtagairtí táirge a thairgeann táirgeoir lena ndíol, ag a bhfuil tairseacha sainithe in aghaidh na deighleoige margaidh, nó minicíocht na dtairiscintí, as a dtuigtear líon na dtagairtí táirge in aghaidh na deighleoige margaidh a thairgeann táirgeoir lena ndíol le linn tréimhse ar leith, nó dreasachtaí deisiúcháin, as a dtuigtear an dóchúlacht go ndeiseofaí an táirge ar bhonn a chóimheasa idir an bunchostas agus an costas deisiúcháin nó ar bhonn seirbhís deisiúcháin a bheith á soláthar ag an táirgeoir.

(41)

Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit critéir lena n-áirítear méid na dteicstílí, na dtáirgí a bhaineann le teicstílí agus na dtáirgí coisbhirt a chuirtear ar fáil ar an margadh a chur san áireamh nuair a chinnfidh siad an ranníocaíocht airgeadais faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a iarrfar ar mhicrifhiontair, agus ba cheart dóibh oibleagáidí tuairiscithe a íoslaghdú.

(42)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí a n-oibleagáidí airgeadais agus eagraíochtúla i ndáil le bainistiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit, ba cheart do gach Ballstát clár táirgeoirí a bhunú agus a bhainistiú agus ba cheart ceangal a chur ar tháirgeoirí clárú leis. Chun an clárú sin a éascú, ba cheart na ceanglais chlárúcháin agus an fhormáid chlárúcháin a chomhchuibhiú ar fud an Aontais a mhéid is féidir, go háirithe i gcás ina gcuireann táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstáit éagsúla. Ba cheart don fhaisnéis atá sa chlár a bheith ar fáil do na heintitis sin a fhíoraíonn go bhfuil na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú acu.

(43)

Ó tharla gur FBManna atá in 99 % de na fiontair san earnáil teicstílí, ba cheart díriú, agus an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt á cur chun feidhme, ar ualaí riaracháin a laghdú a mhéid is féidir. Ba cheart freagrachtaí leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh go comhpháirteach trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, lena n-áirítear aon eagraíochtaí stáit um fhreagracht táirgeoirí arna mbunú ag an mBallstát lena mbaineann agus a ghlacann an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheith faoi réir údarú na mBallstát agus ba cheart dóibh a dhoiciméadú, inter alia, go bhfuil na hacmhainní airgeadais is gá acu chun costais na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach. I gcás eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí atá á reáchtáil ag an stát, toisc nach ann do shainordú le haghaidh táirgeoir ionadaithe, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann leis an sainordú sin.

(44)

De bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ceanglaítear ar sholáthraithe ardán ar líne a chuireann ar chumas tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, sula gceadaítear do tháirgeoir a seirbhísí a úsáid, ceanglaítear orthu faisnéis aitheantais áirithe a fháil ón trádálaí sin agus féindeimhniú a fháil ón trádálaí ina ngealltar gan táirgí nó seirbhísí a thairiscint mura gcloíonn leis na rialacha is infheidhme i ndlí an Aontais. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a mheas gur trádálaithe iad de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2022/2065 táirgeoirí a thairgeann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas.

(45)

Chun forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a áirithiú, ba cheart a mheas gur faisnéis iomchuí é chun críocha Airteagal 30(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2065 an clárú sa chlár táirgeoirí teicstíle de bhun na Treorach seo. Thairis sin, ba cheart don fhéindeimhniú dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (e), den Rialachán sin gealltanas an táirgeora a chumhdach, is é sin an gealltanas gan ach táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a bhfuil feidhm ag na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a leagtar síos leis an Treoir seo maidir leo a thairiscint. Níor cheart a mheas gurb ionann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a bheith á gcomhlíonadh agus oibleagáid ghinearálta faireachán a bheith á dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann soláthraithe ardán ar líne lena gcuirtear ar chumas tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, nó fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léirítear gníomhaíocht neamhdhleathach. Tá feidhm ag na rialacha maidir le forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le soláthraithe na n-ardán sin i ndáil leis na ceanglais sin.

(46)

D’fhéadfadh cásanna neamh-inmhianaithe shaorthairbhithe teacht chun cinn freisin i ndáil le soláthraithe seirbhíse comhlíonta. Tugtar isteach leis an Treoir seo forálacha arb é is aidhm dóibh na cásanna neamh-inmhianaithe sin a chosc, le cur chuige atá cosúil leis an gcur chuige atá i Rialachán (AE) 2022/2065, a mhéid a bhaineann le soláthraithe ardán ar líne.

(47)

Tá go leor deiseanna ag eascairt as an margadh ríomhthráchtála, ar margadh é atá ag fás go tapa, ach is dúshlán suntasach freisin é, go háirithe ó thaobh chosaint an chomhshaoil de. Cé go dtoirmeasctar le Rialachán (AE) 2022/2065 oibleagáidí faireacháin ginearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, leagtar amach ann freagrachtaí soiléire agus oibleagáidí díchill chuí ar sholáthraithe ardán ar líne chun ábhar neamhdhleathach atá ar fáil ar a seirbhísí a chomhrac. Go háirithe, de bhun Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin, is féidir soláthraithe ardán ar líne a chuireann ar chumas tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a chur faoi dhliteanas mura gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí sonracha mar idirghabhálaithe i gcás díol earraí ar líne. Tacóidh an mhaoirseacht agus an faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán sin le forfheidhmiú Threoir 2008/98/CE agus le comhlíonadh na Treorach sin, go háirithe trína áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a fhaigheann na hardáin ar líne sin ó thrádálaithe cruinn, iomlán, cothrom le dáta agus ar fáil ina gcomhéadan ar líne. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta inniúla a gcumhachtaí faireacháin faoi seach a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065 agus Treoir 2008/98/CE, de réir mar is infheidhme, agus, nuair a cheanglaítear sin, ba cheart dóibh gníomhú i ndlúthchomhar, chun a áirithiú go mbíonn a gcuid oibleagáidí á gcomhlíonadh ag soláthraithe ardán ar líne.

(48)

Chun a áirithiú go mbeidh cóireáil teicstílí i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, ba cheart d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a áirithiú go mbeidh na teicstílí agus na coisbhearta a bhailítear ar leithligh faoi réir oibríochtaí sórtála lena ngintear earraí a bheidh oiriúnach lena n-athúsáid agus a fhreastalóidh ar riachtanais na margaí teicstílí athláimhe agus na margaí athchúrsála bunábhair san Aontas agus ar fud an domhain. I bhfianaise na sochar comhshaoil is mó a bhaineann le síneadh a chur le saolré teicstílí, ba cheart gurb í an athúsáid an príomhchuspóir a bheidh ag na hoibríochtaí sórtála agus ina dhiaidh sin, i gcás ina ndéanfaí measúnú gairmiúil ar na hearraí agus ina measfaí nach féidir na hearraí a athúsáid, is le haghaidh athchúrsála ba cheart iad a shórtáil. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais sórtála sin a fhorbairt mar thosaíocht mar chuid de chritéir chomhchuibhithe an Aontais maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad le haghaidh táirgí teicstíle úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus mar theicstílí athchúrsáilte, lena n-áirítear maidir le sórtáil tosaigh is féidir a dhéanamh ag an bpointe bailithe. Ba cheart na critéir chomhchuibhithe sin a bheith ina gcúis le comhsheasmhacht agus caighdeán ard sna codáin a bhailítear agus freisin i sruthanna ábhar le haghaidh na sórtála, oibríochtaí aisghabhála dramhaíola, agus amhábhair thánaisteacha thar theorainneacha rud a d’fhéadfadh uas-scálú na slabhraí luacha athúsáide agus athchúrsála a éascú ina dhiaidh sin. Níor cheart a mheas gur dramhaíl iad táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte a thugann úsáideoirí deiridh ar láimh go díreach agus a mheasann oibreoirí athúsáide nó eintitis an gheilleagair shóisialta go díreach go bhfuil siad oiriúnach lena n-athúsáid ag an bpointe bailithe. Ní mór measúnú gairmiúil a dhéanamh orthu ós rud é nach mbíonn oiliúint ar an úsáideoir deiridh maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir earraí in-athúsáidte agus in-athchúrsáilte. Ciallaíonn measúnú gairmiúil nach faoin úsáideoir deiridh a fhágtar an cinneadh críochnaitheach táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte a aicmiú mar tháirgí atá oiriúnach lena n-athúsáid ach faoi na daoine a fhaigheann na táirgí úsáidte ag an bpointe bailithe a gcuirtear oiliúint orthu nó a dtugtar treoirlínte dóibh chun measúnú leordhóthanach a áirithiú. Nuair nach féidir athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide, nó athchúrsáil a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, ba cheart ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm i gcónaí, agus líonadh talún a sheachaint nuair is féidir, go háirithe maidir le teicstílí in-bhithdhíghrádaithe ar foinse astaíochtaí meatáin iad, agus aisghabháil fuinnimh á cur i bhfeidhm nuair a chuirtear loscadh i bhfeidhm.

(49)

Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a fhorbairt agus a mholadh chun critéir maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad a leagan síos le haghaidh teicstílí, bunaithe ar an obair atá ar siúl faoi láthair ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde. Ba cheart a áireamh sna critéir maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad critéir le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí athchúrsáilte iad.

(50)

Tá méadú leanúnach ag teacht ar onnmhairí táirgí teicstíle úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus teicstílí dramhaíola chuig cinn scríbe lasmuigh den Aontas agus is onnmhairí iad an chuid is mó de na táirgí sa mhargadh athúsáide le haghaidh teicstílí iarthomhaltais a ghintear san Aontas. I bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar theicstílí dramhaíola bailithe a mheastar a bheidh ann tar éis bailiú ar leithligh a thabhairt isteach faoi 2025, tá sé tábhachtach, chun ardchosaint chomhshaoil a áirithiú, cur leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola chuig tríú tíortha i mbréagriocht ábhair neamhdhramhaíola. Chun cur le Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus d’fhonn bainistiú inbhuanaithe teicstílí iarthomhaltais a áirithiú agus dul i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola, ba cheart foráil a dhéanamh go ndéanfar oibríocht sórtála roimh an loingsiú ar na táirgí teicstíle, na táirgí a bhaineann le teicstílí agus na táirgí coisbhirt uile a bhailítear ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart a fhoráil go measfar táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte a bhailítear ar leithligh mar dhramhaíl agus go mbeidh siad faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl, lena n-áirítear reachtaíocht an Aontais maidir le loingsiú dramhaíola, go dtí go bhfuil oibríocht sórtála déanta orthu ag oibreoir a bhfuil oiliúint air i ndáil le sórtáil le haghaidh athúsáide agus athchúrsála chun gur féidir iad a aicmiú mar earraí atá oiriúnach lena n-athúsáid. Ba cheart an tsórtáil a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais sórtála chomhchuibhithe lena soláthraítear codán in-athúsáidte ardchaighdeáin a chomhlíonann riachtanais na margaí teicstílí athláimhe is faighteoirí san Aontas agus ar fud an domhain agus trí chritéir a bhunú chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus dramhaíl. Ba cheart faisnéis a bheith ag gabháil le loingsithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid, faisnéis lena léirítear gur aschur de chuid oibríochta sórtála nó ullmhúcháin le haghaidh athúsáide na hearraí sin, chomh maith le faisnéis faoin gcuideachta atá freagrach as an oibríocht sin d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht an phróisis a mhéadú, agus go bhfuil na hearraí oiriúnach lena n-athúsáid. Ba cheart d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chomh maith le heintitis an gheilleagair shóisialta tuairisciú ar onnmhairiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, agus ar onnmhairiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid, rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát faireachán a dhéanamh ar onnmhairí mar sin d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar shlabhra luacha na dteicstílí.

(51)

Chun go mbainfidh na Ballstáit amach na spriocanna dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a gcláir chun dramhaíl bhia a chosc agus iad a oiriúnú chun bearta nua a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, lena gcumhdófar roinnt comhpháirtithe ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha lena n-áirítear táirgeoirí, dáileoirí, soláthraithe, miondíoltóirí agus soláthraithe seirbhísí bia, chomh maith le gníomhaithe an gheilleagair shóisialta agus eagraíochtaí comhshaoil agus tomhaltóirí, lena ngabhfaidh gníomhaíochtaí comhordaithe chun dul i ngleic le teophointí sonracha chomh maith le dearcthaí agus iompraíochtaí atá ina gcúis leis an dramhaíl bhia. Agus na cláir sin á n-ullmhú acu, d’fhéadfadh na Ballstáit inspioráid a bhaint as na moltaí a rinne an Painéal Saoránach maidir le Cur Amú Bia a Laghdú, coimre uirlisí an Fhóraim Eorpaigh maidir leis an dramhaíl bhia a dhéanann tomhaltóirí, dea-chleachtais agus moltaí chun an méid bia a chuireann tomhaltóirí amú a laghdú agus na malartuithe in Ardán an Aontais maidir le Caillteanas Bia agus Dramhaíl Bhia.

(52)

Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh cuntasacht shoiléir ann agus go ndéanfar rialachas ar na bearta a cheapfar chun an dramhaíl bhia a chosc ionas go n-áireofar comhordú éifeachtach ar an ngníomhaíocht a dhéantar chun athrú a spreagadh agus chun na spriocanna a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Is clár gníomhaíochta é atá comhroinnte idir roinnt mhaith údaráis Bhallstát agus tá éagsúlacht freisin sna páirtithe leasmhara atá páirteach i gcomhrac na dramhaíola bia sna Ballstáit, agus ar an ábhar sin ní mór údarás inniúil ainmnithe a bheith i gceannas ar chomhordú foriomlán gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta.

(53)

Ba cheart feabhas a chur ar an méid sonraí a bheidh san fhaisnéis maidir le bainistiú teicstílí cathrach iarthomhaltais ar leibhéal an Aontais chun faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar athúsáid táirgí, lena n-áirítear athúsáid teicstílí agus teicstílí a ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-áirítear d’fhonn spriocanna feidhmíochta a shocrú amach anseo. Is príomhshreabha sonraí iad na sonraí faoi athúsáid agus ullmhú le haghaidh athúsáide, sonraí atá de dhíth chun faireachán a dhéanamh ar an díchúpláil nach mór a dhéanamh, is é sin giniúint dramhaíola agus an fás eacnamaíoch agus an t-aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, cuimsitheach agus ciorclach a dhíchúpláil. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil na sreabha sonraí sin a bhainistiú.

(54)

Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit d’fheachtais faisnéise agus oideachais a fhorbairt agus a leathnú maidir le cosc agus bainistiú dramhaíola agus go leanfaidh siad de thacaíocht a thabhairt do na feachtais sin. Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an bhfeasacht ghinearálta ar fud na n-earnálacha uile maidir leis an tábhacht a bhaineann le dramhaíl a chosc agus le bainistiú cuí dramhaíola, ní mór dul chun cinn breise a dhéanamh fós.

(55)

Le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 bunaítear modheolaíocht chomhchoiteann agus íoscheanglais cháilíochta chun leibhéil na dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach, i gcomhréir le hAirteagal 9(8) de Threoir 2008/98/CE. D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht, iontaofacht agus inchomparáideacht na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit maidir le leibhéil na dramhaíola bia, lena n-áirítear trí chomhsheasmhacht na modhanna tomhais arna n-úsáid ag na Ballstáit a fheabhsú tuilleadh, ba cheart leanúint den chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na gníomhartha tarmligthe a leagtar amach san fhoráil sin a ghlacadh. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tabhairt na cumhachta sin a leagan síos, agus mionoiriúnuithe ag gabháil leis sin, in Airteagal nua lena ndéileáiltear go sonrach le cosc a chur ar dhramhaíl bhia a ghiniúint.

(56)

Chun na cóid AC a liostaítear i dTreoir 2008/98/CE a chur i gcomhréir leis na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn IVc a ghabhann le Treoir 2008/98/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(57)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2008/98/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le formáid chomhchuibhithe le haghaidh clárúchán i gclár na dtáirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt agus critéir modhnaithe táillí le haghaidh freagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí agus fachtóir ceartúcháin chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht a chur san áireamh i ndáil leis an tréimhse thagartha maidir leis an sprioc chun dramhaíl bhia a laghdú a leagtar amach sa Treoir seo le haghaidh miondíol agus dáileadh eile bia, le haghaidh bialann agus seirbhísí bia agus le haghaidh teaghlach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

(58)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/98/CE a leasú dá réir sin.

(59)

Tá sé tábhachtach go ndéanfar cur chun feidhme na mBallstát de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle (19) a fheabhsú go suntasach agus go gasta chun díobháil don chomhshaol a sheachaint san Aontas, lena n-áirítear saincheisteanna trasteorann, a eascraíonn as líonadh talún neamhdhleathach dramhaíola. Dá réir sin, is iomchuí don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar Threoir 1999/31/CE chun measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun a cur chun feidhme a neartú agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun í a leasú. Thairis sin, ag tógáil ar thoradh an nuashonraithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl a eascraíonn as an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá ar na bacáin, mar a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal The Clean Industrial Deal: A joint roadmap for competitiveness and decarbonisation [An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú], ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar Threoir 2008/98/CE agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh. I gcomhthéacs na meastóireachta sin, agus i bhfianaise na heaspa sonraí láidre atá ann faoi láthair maidir le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ar táirgí dramhaíola iad agus maidir le maoiniú na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora gaolmhara atá le bunú ag na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar dtús ar an bhféidearthacht spriocanna maidir le dramhaíl a chosc, a bhailiú, a ullmhú le haghaidh athúsáide, agus athchúrsáil a shocrú, agus ar an dara dul síos, an maoinítear scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora náisiúnta le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt go héifeachtach, lena n-áirítear an bhféadfadh oibreoirí athúsáide tráchtála ranníoc le maoiniú na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit sórtáil roimh ré na dramhaíola measctha cathrach a thabhairt isteach chun cosc a chur ar dhramhaíl a d’fhéadfaí a aisghabháil lena hullmhú le haghaidh athúsáide, nó lena hathchúrsáil, a bheith á cur chuig loscadh dramhaíola nó á diúscairt i líonadh talún.

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil an bhainistithe a dhéantar ar dhramhaíl bhia agus ar theicstílí úsáidte agus teicstílí dramhaíola agus saorghluaiseacht teicstílí úsáidte agus teicstílí dramhaíola sa mhargadh inmheánach a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2008/98/CE

Leasaítear Treoir 2008/98/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

eisiltigh ghásacha a scaoiltear san atmaisféar agus dé-ocsaíd charbóin a ghabhtar agus a iompraítear chun críoch stóráil gheolaíoch agus a stóráiltear go geolaíoch i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/31/oj).’;"

(2)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘4b.

ciallaíonn “táirgeoir táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc” aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile, gan beann ar an teicníc dhíolta a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2):

(a)

atá bunaithe i mBallstát agus a mhonaraíonn táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, nó a ndeartar iad nó a monaraítear iad ar a son agus a sholáthraíonn iad den chéad uair faoina ainm nó faoina thrádmharc féin laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;

(b)

atá bunaithe i mBallstát agus a athdhíolann laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc arna monarú ag oibreoirí eacnamaíocha eile, nach bhfuil ainm, branda ná trádmharc na n-oibreoirí eacnamaíocha eile sin le feiceáil orthu;

(c)

atá bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn den chéad uair laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ar bhonn gairmiúil táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc ó Bhallstát eile nó ó thríú tír; nó

(d)

a dhíolann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc trí bhíthin cianchonarthaí go díreach le húsáideoirí deiridh, bídís ina dteaghlaigh phríobháideacha nó ná bídís, i mBallstát, agus atá lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír.

Ní áirítear le “táirgeoir táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc” monaróirí, allmhaireoirí nó dáileoirí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a sholáthraíonn táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid, nó táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a dhíorthaítear ó na táirgí úsáidte sin nó ó na táirgí dramhaíola sin nó a bpáirteanna ar an margadh, nó táilliúirí féinfhostaithe a tháirgeann táirgí saincheaptha;

4c.

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” táirge teicstíle, táirge a bhaineann le teicstílí agus táirge coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

4d.

ciallaíonn “eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí” eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de, nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann táirgeoirí;

4e.

ciallaíonn “ardán ar líne” ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

4f.

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse comhlíonta” soláthraí seirbhíse comhlíonta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

4g.

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

4h.

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” úsáideoir deiridh mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (21), de Rialachán (AE) 2019/1020;

4i.

ciallaíonn “eintiteas an gheilleagair shóisialta” eintiteas dlí phríobháidigh a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí agus a oibríonn i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

tosaíocht a bheith ag daoine agus ag cuspóir sóisialta nó comhshaoil ar bhrabús;

(b)

na brabúis agus na barrachais uile nó an chuid is mó díobh a ath-infheistiú chun a gcuspóirí sóisialta nó comhshaoil a shaothrú tuilleadh agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcomhaltaí nó lena n-úsáideoirí nó leis an tsochaí i gcoitinne; agus

(c)

rialachas daonlathach nó rannpháirteach;

4j.

ciallaíonn “táirge tomhaltais neamhdhíolta” táirge tomhaltais gan díol mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 37, de Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*2)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/83/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj)."

(*5)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).’;"

(3)

in Airteagal 9, scriostar mír 1, pointí (g) agus (h), agus míreanna 5, 6 agus 8;

(4)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 9a

Giniúint dramhaíola bia a chosc

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola bia feadh an bhiashlabhra iomláin, sa táirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus monarú, i miondíol agus dáileadh eile ar bhia, i mbialanna agus seirbhísí bia agus i dteaghlaigh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad leis na bearta sin:

(a)

idirghabhálacha athraithe iompraíochta a fhorbairt agus tacú leo chun an dramhaíl bhia a laghdú, agus feachtais faisnéise chun feasacht a mhúscailt maidir le cosc ar dhramhaíl bhia;

(b)

neamhéifeachtúlachtaí i bhfeidhmiú shlabhra an tsoláthair bia a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu agus tacú le comhar idir na gníomhaithe uile, agus dáileadh cothrom na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le bearta coisctheacha á n-áirithiú ag an am céanna, lena bhféadfaí a áireamh dul i ngleic le cleachtais mhargaidh is cúis le dramhaíl bhia agus tacú le margú agus úsáid táirgí ar deonaíodh maolú ar Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) ina leith de bhun mhír 4 den Airteagal sin, faoi na coinníollacha, más ann dóibh, ar deonaíodh maolú mar sin faoina réir;

(c)

deonú agus athdháileadh eile bia lena chaitheamh ag an duine a spreagadh, lena n-áiritheofar go dtabharfaí tús áite d’úsáid an duine roimh úsáid mar bheatha ainmhithe agus d’athphróiseáil chun táirgí neamhbhia a chruthú;

(d)

tacú le hoiliúint agus le forbairt scileanna mar aon le rochtain ar dheiseanna cistiúcháin a éascú, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eintitis an gheilleagair shóisialta;

(e)

an nuálaíocht agus réitigh theicneolaíocha a spreagadh agus a chur chun cinn i gcás ina gcuirfidh siad le cosc a chur ar dhramhaíl bhia, gan dochar do Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), agus go háirithe Airteagal 6 de.

Maidir le gach gníomhaí ábhartha sa slabhra soláthair bia áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil siad rannpháirteach i gcomhréir lena n-acmhainneacht agus lena ról sa chosc a chur ar dhramhaíl bhia feadh an tslabhra soláthair sin, agus béim ar leith á leagan ar a chinntiú nach mbeidh tionchar díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Déanfaidh na Ballstáit bearta, tar éis dóibh dul i gcomhairle le bainc bhia agus le heagraíochtaí athdháilte bia eile, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn aon chórais náisiúnta deonaithe bia atá ann cheana, chun a áirithiú go dtairgfidh oibreoirí eacnamaíocha arna sainaithint ag na Ballstáit mar oibreoirí a bhfuil ról tábhachtach acu i gcosc agus i nginiúint dramhaíola bia comhaontuithe deonaithe do bhainc bhia agus d’eagraíochtaí eile athdháilte bia, chun deonú bia nár díoladh agus atá sábháilte lena chaitheamh ag an duine a éascú, agus ar chostas réasúnta d’oibreoirí eacnamaíocha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme a mbeart chun dramhaíl bhia a chosc, lena n-áirítear comhlíonadh na spriocanna maidir le dramhaíl bhia a laghdú dá dtagraítear i mír 4, tríd leibhéil na dramhaíola bia a thomhas ar bhonn na modheolaíochta a bhunaítear i gcomhréir le mír 3.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le modheolaíocht chomhchoiteann agus ceanglais cháilíochta íosta a leagan síos chun leibhéil na dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá agus is iomchuí chun go mbainfear amach na spriocanna seo a leanas maidir leis an dramhaíl bhia a laghdú ar an leibhéal náisiúnta faoin 31 Nollaig 2030:

(a)

laghdú 10 % a dhéanamh ar an dramhaíl bhia a ghintear sa phróiseáil agus sa mhonaraíocht i gcomparáid leis an méid bia a cuireadh amú mar mheán bliantúil idir 2021 agus 2023;

(b)

laghdú 30 % a dhéanamh ar an dramhaíl bhia a ghintear per capita, go comhpháirteach san earnáil miondíola agus i ndáileadh eile bia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh, i gcomparáid leis an méid bia a cuireadh amú mar mheán bliantúil idir 2021 agus 2023.

5.   I gcás, i ndáil leis na spriocanna laghdaithe dramhaíola bia, ina mbeidh Ballstát in ann sonraí a sholáthar le haghaidh bliain roimh 2021, ar sonraí iad a bailíodh trí úsáid a bhaint as na modhanna a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún (*8) nó, le haghaidh na mblianta roimh 2020, trí mhodhanna a úsáid atá inchomparáide leis an modheolaíocht agus leis na híoscheanglais cháilíochta chun leibhéil na dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach mar a leagtar amach sa Chinneadh Tarmligthe sin, féadfaidh an Ballstát bliain níos luaithe a úsáid mar an tréimhse thagartha. Faoin 17 Aibreán 2027, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go bhfuil sé beartaithe aige bliain níos luaithe a úsáid agus, le haghaidh bliain roimh 2020, soláthróidh sé don Choimisiún na sonraí agus na modhanna tomhais a úsáidtear chun iad a bhailiú agus cuirfidh sé na sonraí agus na modhanna tomhais sin ar fáil go poiblí.

6.   Chun tacú leis na Ballstáit sprioc laghdaithe na dramhaíola bia a laghdú, dá bhforáiltear i mír 4, pointe (b), a bhaint amach, faoin 17 Deireadh Fómhair 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar fachtóir ceartúcháin chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht i ndáil leis an tréimhse tagartha chun go gcuirfí san áireamh sprioc laghdaithe na dramhaíola bia. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

7.   I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann na sonraí a bhaineann le bliain roimh 2020 na coinníollacha a leagtar amach i mír 5, glacfaidh sé, laistigh de 6 mhí tar éis fógra a fháil a rinneadh i gcomhréir leis an mír chéanna, cinneadh lena n-iarrfar ar an mBallstát meán bliantúil idir 2021 agus 2023, 2020 nó bliain roimh 2020 seachas an bhliain a mhol an Ballstát sin a úsáid mar thréimhse tagartha.

8.   Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna atá le baint amach faoi 2030, a leagtar síos i mír 4, d’fhonn, más iomchuí, na spriocanna sin a mhodhnú agus/nó a leathnú chun céimeanna eile de shlabhra an tsoláthair bia a chumhdach, agus cuimhneamh ar spriocanna nua a shocrú tar éis 2030.

Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis an athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

meastóireacht a dhéanamh ar an gcaillteanais bia agus an dramhaíl bhia agus ar na cúiseanna a dtarlaíonn sin sa táirgeadh príomhúil, chomh maith le luamháin iomchuí a shainaithint agus measúnú féidearthachta a dhéanamh orthu chun an cur amú agus na caillteanais sin a laghdú;

(b)

measúnú ar an bhféidearthacht spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt isteach i ndáil le mír 4, pointí (a) agus (b), atá le baint amach faoi 2035; agus

(c)

measúnú ar thionchar na n-athruithe ar leibhéil táirgthe ar inghnóthacht na sprice maidir le dramhaíl bhia a laghdú i ndáil le mír 4, pointe (a).

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

9.   Déanfaidh na Ballstáit comhordú ar a ngníomhaíochtaí chun dramhaíl bhia a chosc agus dea-chleachtais a chomhroinnt, lena n-áirítear trí Ardán an Aontais maidir le Caillteanas Bia agus Dramhaíl Bhia.

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, (IO L 347 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj)."

(*7)  Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj)."

(*8)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2019 lena bhforlíontar Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chomhchoiteann agus ceanglais íosta cháilíochta chun leibhéil dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach (IO L 248, 27.9.2019, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2019/1597/oj).’;"

(5)

in Airteagal 11, mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an tríú fomhír:

‘Chun cuspóirí an Airteagail seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an bonneagar is gá i bhfeidhm chun dramhaíl a bhailiú ar leithligh, lena n-áirítear ábhar leordhóthanach agus cumhdach críochach na bpointí bailithe ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 28(3), pointe (cb).’

;

(6)

in Airteagal 11b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tuarascálacha a tharraingt suas maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 9a(4), Airteagal 11(2), pointí (c), (d) agus (e), agus Airteagal 11(3) a bhaint amach, ar a dhéanaí, 3 bliana roimh gach sprioc-am a leagtar síos iontu.’

;

(7)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Scéim freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh táirgeoirí faoi réir freagracht leathnaithe táirgeora i dtaca le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a.

2.   Féadfaidh na Ballstáit scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunú do tháirgeoirí tochtanna i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4b), pointe (d), atá bunaithe i mBallstát eile agus a chuireann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc ar fáil den chéad uair ar a gcríoch, trí shainordú i scríbhinn, duine dlítheanach nó nádúrtha atá bunaithe ar a gcríoch mar ionadaí údaraithe chun oibleagáidí táirgeora a bhaineann leis an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ar a gcríoch a chomhlíonadh.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gceapfaidh táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4b), pointe (d) atá bunaithe i dtríú tír agus a chuireann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc ar fáil den chéad uair ar a gcríoch, trí shainordú i scríbhinn, duine dlítheanach nó nádúrtha atá bunaithe ar a gcríoch mar ionadaí údaraithe chun oibleagáidí táirgeora a bhaineann leis an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ar a gcríoch a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, más mian le táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4b), pointe (d), gur féidir le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh le sainordú i scríbhinn na hoibleagáidí faoi mhír 3 den Airteagal seo, más ann dóibh, a chomhlíonadh thar ceann an táirgeora. I gcás ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ceaptha ag táirgeoir mar sin, comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin Airteagal seo mutatis mutandis mura sonraíonn an Ballstát a mhalairt.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun Iarscríbhinn IVc a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) a liostaítear inti a chur i gcomhréir leis na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (*9).

6.   Saineoidh na Ballstáit go soiléir róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha atá páirteach i gcur chun feidhme, faireachán agus fíorú na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 8a (1), pointe (a).

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 8a(6), go mbeidh gníomhaithe ábhartha rannpháirteach i gcur chun feidhme na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora. Áireofar ar na gníomhaithe ábhartha sin ar a laghad:

(a)

táirgeoirí a chuireann táirgí ar fáil ar an margadh;

(b)

eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora chun feidhme thar ceann táirgeoirí a chuireann táirgí ar fáil ar an margadh;

(c)

oibreoirí dramhaíola príobháideacha nó poiblí;

(d)

údaráis áitiúla;

(e)

oibreoirí athúsáide agus oibreoirí maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide;

(f)

Eintitis geilleagair shóisialta, lena n-áirítear fiontair shóisialta áitiúla.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc na costais a bhaineann leis an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

bailiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus bainistiú dramhaíola a dhéantar ina dhiaidh sin lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

(i)

bailiú na dtáirgí úsáidte sin le haghaidh athúsáide agus bailiú ar leithligh táirgí dramhaíola lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, agus lena n-athchúrsáil, i gcomhréir le hAirteagail 22c agus 22d,

(ii)

iompar na dtáirgí úsáidte agus dramhaíola arna mbailiú dá dtagraítear i bpointe (i) lena sórtáil ina dhiaidh sin le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, agus le haghaidh oibríochtaí athchúrsála, i gcomhréir le hAirteagal 22d,

(iii)

sórtáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil agus oibríochtaí aisghabhála eile agus diúscairt na dtáirgí úsáidte agus dramhaíola arna mbailiú agus dá dtagraítear i bpointe (i),

(iv)

bailiú, iompar agus cóireáil dramhaíola a bhíonn mar thoradh ar oibríochtaí dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) arna ndéanamh ag eintitis geilleagair shóisialta agus gníomhaithe eile atá páirteach sa chóras bailithe dá dtagraítear in Airteagal 22c(8) agus (11);

(b)

suirbhé comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl mheasctha chathrach a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 22d(6);

(c)

faisnéis a sholáthar, lena n-áirítear trí fheachtais iomchuí faisnéise, faoi thomhaltas inbhuanaithe, dramhaíl a chosc, athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-áirítear deisiú, athchúrsáil, aisghabháil eile agus diúscairt teicstílí, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, i gcomhréir le hAirteagal 22c(14), (15) agus (18);

(d)

bailiú sonraí agus tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 37;

(e)

tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt chun feabhas a chur ar dhearadh táirgí le haghaidh gnéithe táirge a liostaítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1781, agus oibríochtaí coiscthe agus bainistithe dramhaíola i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, d’fhonn athchúrsáil snáithín go snáithín a mhéadú, gan dochar do rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.

9.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc le clúdach, go páirteach nó go hiomlán, na costais dá dtagraítear i mír 8, pointe (a), den Airteagal seo, le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus a chuirtear i ndramhaíl mheasctha chathrach.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc na costais dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo i ndáil le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus a thaisctear ag pointí bailithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 22c(8) agus (11), i gcás inar cuireadh táirgí mar sin, lena n-áirítear aon táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a d’fhéadfadh a bheith bailithe trí scéimeanna príobháideacha aisghlactha agus a chuirtear ina dhiaidh sin le teicstílí arna mbailiú de bhun Airteagal 22c(8), inar cuireadh ar fáil ar an margadh iad den chéad uair ón 16 Deireadh Fómhair 2025 má tá scéim freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc bunaithe cheana féin sa Bhallstát atá i gceist i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a ar an dáta sin.

11.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc na costais dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo i ndáil le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus a thaisctear ag pointí bailithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 22c(8) agus (11), i gcás inar cuireadh táirgí mar sin, lena n-áirítear aon táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a d’fhéadfadh a bheith bailithe trí scéimeanna príobháideacha aisghlactha agus a chuirtear ina dhiaidh sin le teicstílí arna mbailiú de bhun Airteagal 22c(8), inar cuireadh ar fáil ar an margadh iad den chéad uair:

(a)

ón dáta a thugann an Ballstát sin i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2025/1892 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) a chomhlíonadh, de bhun Airteagal 2(1) den Treoir sin; nó

(b)

ar a dhéanaí, ón 17 Aibreán 2028, má bhunaítear scéim freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc sa Bhallstát atá i gceist i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ón 16 Deireadh Fómhair 2025.

12.   Na costais arna gcumhdach, dá dtagraítear i mír 8, ní rachaidh siad thar na costais is gá chun na seirbhísí dá dtagraítear sa mhír sin a chur ar fáil ar bhealach costéifeachtúil agus déanfar iad a bhunú ar bhealach trédhearcach idir na gníomhaithe ábhartha i gcomhréir le mír 7.

13.   Chun Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil III, Roinn 4 den Rialachán sin lena gcuirtear ar chumas tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí a thairgeann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí sula ligfear dóibh a gcuid seirbhísí a úsáid:

(a)

faisnéis maidir le clárú i gclár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 22b sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir agus uimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin an táirgeora atá sa chlár sin;

(b)

féindeimhniúchán ón táirgeoir ina ngabhann sé air féin táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, agus iad sin amháin, a thairiscint ag féachaint do na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear i míreanna 1 agus 8 den Airteagal seo agus Airteagal 22c(1) sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir lonnaithe.

14.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a bhunú faoin 17 Aibreán 2028 i gcomhréir le hAirteagail 8, 8a, agus 22a go 22d.

15.   Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go soláthróidh táirgeoirí a thairgeann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc d’úsáideoirí deiridh atá lonnaithe san Aontas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 13 do sholáthraithe seirbhíse comhlíonta tráth a thugtar an conradh i gcrích idir an soláthraí seirbhíse comhlíonta agus an táirgeoir le haghaidh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal (3), pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020.

16.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta, tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 15 a fháil agus tráth a thugtar an conradh i gcrích idir an soláthraí seirbhíse comhlíonta agus an táirgeoir le haghaidh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil nó trína iarraidh ar an táirgeoir doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a chur ar fáil, a sheandícheall lena mheas an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 15 den Airteagal seo iontaofa agus iomlán. Chun críoch na Treorach seo, beidh táirgeoirí faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfaighidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta tásca leordhóthanacha nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint go bhfuil aon mhír faisnéise dá dtagraítear i mír 15 a fuarthas ón táirgeoir lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta sin go ndéanfadh an táirgeoir sin an fhaisnéis sin a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna socrú le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, agus

(b)

i gcás ina mainníonn an táirgeoir an fhaisnéis sin a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú, cuirfidh soláthraí seirbhíse comhlíonta soláthar a sheirbhíse don táirgeoir sin ar fionraí go pras i ndáil le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a thairgtear d’úsáideoirí deiridh atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar an iarraidh go hiomlán; cuirfidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta na cúiseanna leis an bhfionraí in iúl don táirgeoir.

17.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), má chuireann soláthraí seirbhíse comhlíonta soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 16 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag an táirgeoir lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne fhionraí an tsoláthraí seirbhíse comhlíonta os comhair cúirte i gceann de na Ballstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse comhlíonta bunaithe.

Airteagal 22b

Clár táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt

1.   Bunóidh na Ballstáit clár táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc (“clár táirgeoirí”) chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá Airteagal 22a agus Airteagal 22c(1) á gcomhlíonadh ag na táirgeoirí sin.

Bunóidh an Coimisiún suíomh gréasáin ar a mbeidh naisc chuig cláir náisiúnta uile na dtáirgeoirí chun clárú táirgeoirí i ngach Ballstát a éascú. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin nasc chuig a gcláir náisiúnta táirgeoirí laistigh de 30 lá ón dáta a sheolfar na cláir. Beidh an fhaisnéis ar gach clár táirgeoirí inrochtana go héasca, ar fáil go poiblí agus saor in aisce, inléite ag meaisín, insórtáilte agus inchuardaithe, agus urramóidh sí caighdeáin oscailte maidir le húsáid tríú páirtí. Beidh soláthar faisnéise faoin mír seo gan dochar do chaomhnú rúndacht tráchtála agus thionsclaíoch aon fhaisnéise íogaire tráchtála i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear de cheangal ar tháirgeoirí clárú leis an gclár táirgeoirí. Chuige sin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na táirgeoirí iarratas ar chlárú a chur isteach i ngach Ballstát ina gcuireann siad táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc ar fáil ar an margadh den chéad uair.

3.   Ní cheadóidh na Ballstáit do tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ach amháin i gcás ina bhfuil siad cláraithe sa Bhallstát sin nó, i gcás údarú, ina bhfuil a n-ionadaithe údaraithe le haghaidh freagracht leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát atá i gceist.

4.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san iarratas ar chlárú:

(a)

ainm, trádmharc agus ainmneacha branda, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, faoina n-oibríonn an táirgeoir sa Bhallstát lena mbaineann agus seoladh an táirgeora lena n-áirítear cód poist agus áit, sráid agus uimhir, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus seoladh ríomhphoist, agus pointe teagmhála aonair;

(b)

cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena n-áirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Aontais aitheantais chánach nó an uimhir náisiúnta aitheantais chánach;

(c)

cóid AC na dtáirgí teicstíle, na dtáirgí a bhaineann le teicstílí agus na dtáirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir iad a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair;

(d)

ainm, cód poist, áit, sráid agus uimhir, tír, uimhir theileafón, más ann di, seoladh gréasáin, seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach, uimhir aitheantais chánach san Aontas nó uimhir aitheantais chánach náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

(e)

ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí údaraithe le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, lena luaitear go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil fíor.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann an táirgeora trí shainordú i scríbhinn.

I gcás ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ainmnithe ag táirgeoir, comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin Airteagal seo mutatis mutandis mura sonraíonn an Ballstát a mhalairt.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh an méid seo a leanas i gcás an údaráis inniúil:

(a)

gheobhaidh sé iarratais chun na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 2 a chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach agus cuirfear na sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil;

(b)

deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh uimhir chlárúcháin laistigh de 12 sheachtain ar a mhéad ón dáta a chuirfear an fhaisnéis a leagtar síos i mír 4 ar fáil;

(c)

beidh sé in ann mionsocruithe a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur isteach sa bhreis ar na cinn a leagtar síos i mír 4;

(d)

beidh sé in ann táillí a bheidh bunaithe ar chostas agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.

7.   Féadfaidh an t-údarás inniúil clárú an táirgeora a dhiúltú nó a tharraingt siar i gcás nach gcuirtear an fhaisnéis a leagtar síos i mír 4 agus an fhianaise dhoiciméadach ghaolmhar ar fáil nó nach leor í nó i gcás nach gcomhlíonann an táirgeoir na ceanglais a leagtar amach i mír 4, pointe (d) a thuilleadh.

8.   Ceanglóidh na Ballstáit ar an táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ar ionadaí údaraithe le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora nó ar an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí fógra a thabhairt don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sa chlárú i gcomhréir le mír 4, pointe (d), agus faoi aon scor buan a mhéid a bhaineann leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt dá dtagraítear sa chlárú a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair. Déanfar táirgeoir a eisiamh ón gclár táirgeoirí murab ann dó a thuilleadh.

9.   I gcás nach bhfuil an fhaisnéis atá i gclár na dtáirgeoirí ar fáil don phobal, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ar an gclár táirgeoirí ag na soláthraithe ardán ar líne lena gcuirtear ar chumas tomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le táirgeoirí agus soláthraithe seirbhíse comhlíonta a thugann conarthaí i gcrích le haghaidh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (11) de Rialachán (AE) 2019/1020 le táirgeoirí a thairgeann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc d’úsáideoirí deiridh.

10.   Faoin 17 Aibreán 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chomhchuibhithe chun clárú i gclár na dtáirgeoirí bunaithe ar na ceanglais faisnéise a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 22c

Eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh teicstílí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc de chúram ar eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a leagtar síos in Airteagal 22a a chomhlíonadh thar a gceann.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheartaíonn na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 8a(3), Airteagail 22a, 22b agus 22d agus leis an Airteagal seo údarú a fháil ó údarás inniúil.

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos critéir maidir leis na cáilíochtaí is gá a bheith ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ionas go gcuirfear de chúram orthu oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí. Go háirithe, ceanglóidh na Ballstáit ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an saineolas is gá ar bhainistiú dramhaíola agus inbhuanaitheacht a léiriú.

4.   Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an oibleagáid i mír 3, ar choinníoll go mbeidh critéir leagtha síos acu cheana féin faoin 16 Deireadh Fómhair 2025 lena n-áirithítear nach bhféadfar a chur de chúram ar eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí ach amháin i gcás ina léiríonn sí a saineolas i réimse an bhainistithe dramhaíola agus go n-áirithítear leis na critéir sin go ndéanfaidh an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus gur beag an tionchar a bheidh ag an mbainistiú dramhaíola ar an gcomhshaol.

5.   Gan dochar d’Airteagal 8a(4), ceanglóidh na Ballstáit ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a áirithiú gur fíor an méid seo a leanas i gcás na ranníocaíochtaí airgeadais a d’íoc táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc leo:

(a)

bunaítear ar mheáchan iad agus, i gcás inarb iomchuí, ar chainníocht na dtáirgí lena mbaineann agus, maidir le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, go modhnaítear iad ar bhonn na gceanglas éicidhearthóireachta a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2024/1781 is ábhartha chun cosc a chur ar an dramhaíl a bhíonn ann mar thoradh ar tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt agus chun cóireáil a dhéanamh orthu i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus na modheolaíochtaí tomhais comhfhreagracha le haghaidh na gcritéar sin arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin nó ar bhonn dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear critéir inbhuanaitheachta chomhchuibhithe agus modhanna tomhais le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, agus lena n-áirithítear go gcuirfí feabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil agus ciorclaíocht na dtáirgí sin;

(b)

cuirtear san áireamh leo ioncaim na n-eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí as athúsáid, as ullmhú le haghaidh athúsáide nó as luach amhábhar tánaisteach ó theicstílí dramhaíola athchúrsáilte;

(c)

áiritheofar leo an chóir chomhionann idir táirgeoirí gan beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualaí díréireacha a chur ar tháirgeoirí ar beag an méid táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a tháirgeann siad, fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh.

6.   I gcás inarb iomchuí aghaidh a thabhairt ar na cleachtais a bhíonn in úsáid i dtionscal an mhearfhaisin agus an fhíor-mhearfhaisin agus ar róghiniúint dramhaíola ó tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an ranníocaíocht airgeadais a mhodhnú ar bhonn chleachtais na dtáirgeoirí, maidir le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, bunaithe ar shaolré an táirge a eascraíonn as na cleachtais sin, ar fhad shaolré úsáideach na dtáirgí sin tar éis an chéad úsáideora, agus ar an rannchuidiú chun lúb na dtáirgí sin a dhúnadh, trí theicstílí dramhaíola a iompú ina n-amhábhair le haghaidh slabhraí táirgthe nua.

7.   I gcás inar gá chun saobhadh an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus comhsheasmhacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i gcomhar le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1781 a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na critéir modhnaithe táillí le haghaidh chur i bhfeidhm mhír 5, pointe (a), agus mhír 6 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, nach mbainfidh le cinneadh beacht leibhéal na ranníocaíochtaí, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Treoir seo.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí córas bailithe ar leithligh a bhunú le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, gan beann ar a gcineál, comhdhéanamh ó thaobh ábhair de, riocht, ainm, branda, trádmharc nó tionscnamh, i gcríoch Bhallstáit ina ndéanann siad na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair. Déanfar an méid seo a leanas leis an gcóras bailithe ar leithligh:

(a)

tairgfear do na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 9, pointe (a), táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, den sórt sin, a bhailiú, agus déanfar foráil do na socruithe praiticiúla is gá chun táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, den sórt sin a bhailiú agus a iompar, lena n-áirítear coimeádáin oiriúnacha bailithe agus iompair a chur ar fáil saor in aisce chuig na pointí bailithe ar cuid iad de chóras bailithe na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí;

(b)

áiritheofar go mbaileofar, saor in aisce, táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, den sórt sin a bhailítear trí na pointí bailithe ar cuid iad de chóras bailithe na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, a mhinice a bheidh curtha in oiriúint don limistéar a chumhdaítear agus le méid na dtáirgí teicstíle, na dtáirgí a bhaineann le teicstílí agus na dtáirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth;

(c)

áiritheofar go mbaileofar, saor in aisce, dramhaíl arna giniúint ag eintitis an gheilleagair shóisialta agus ag gníomhaithe eile ó tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt den sórt sin a bhailítear trí na pointí bailithe ar cuid iad de chóras bailithe na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, ar bhealach comhordaithe idir an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí agus eintitis an gheilleagair shóisialta agus gníomhaithe eile.

Aon chomhordú idir eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, beidh sé faoi réir dhlí iomaíochta an Aontais i gcónaí.

9.   Maidir leis an gcóras bailithe dá dtagraítear i mír 8, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

gurb é a bheidh ann pointí bailithe arna gcur ar bun ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus ag na hoibreoirí bainistithe dramhaíola thar a gceann i gcomhar le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaithe seo a leanas: eintitis an gheilleagair shóisialta, miondíoltóirí, údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a bhailíonn, thar ceann na n-údarás sin, táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, agus oibreoirí pointí bailithe deonacha;

(b)

go gcumhdófar leis críoch iomlán an Bhallstáit agus go gcuirfear san áireamh méid agus dlús an daonra, méid ionchasach na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, inrochtaineacht agus cóngaracht do na húsáideoirí deiridh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach bailiú agus bainistiú iardain na dtáirgí sin;

(c)

go gcothófar leis méadú marthanach atá indéanta go teicniúil ar an mbailiú ar leithligh agus laghdú comhfhreagrach ar bhailiú dramhaíola cathrach measctha de tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, bunaithe ar na dea-chleachtais atá ar fáil.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadaítear d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí diúltú d’údaráis phoiblí áitiúla, d’eintitis an gheilleagair shóisialta ná d’oibreoirí athúsáide eile a bheith páirteach sa chóras bailithe ar leithligh a bhunaítear de bhun mhír 8.

11.   Gan dochar do mhír 8, pointí (a) agus (b), agus do mhír 9, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go gceadaítear d’eintitis an gheilleagair shóisialta a bpointí bailithe ar leithligh féin a choinneáil ar bun agus a oibriú agus go dtugtar cóir chothrom nó cóir fhabhrach dóibh maidir le suíomh na bpointí bailithe ar leithligh. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear de cheangal ar eintitis an gheilleagair shóisialta ar cuid iad de na pointí bailithe i gcomhréir le mír 9, pointe (a), táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, a thabhairt ar láimh don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí.

12.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis an gheilleagair shóisialta a oibríonn a bpointí bailithe ar leithligh féin i gcomhréir le mír 11 faisnéis faoi chainníocht de réir meáchain, na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a bhailítear ar leithligh agus a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chur faoi bhráid an údaráis inniúil uair amháin sa bhliain, ar a laghad, lena sonrófar:

(a)

an chainníocht, de réir meáchain, a meastar a bheith oiriúnach lena hathúsáid, lena léirítear, i gcás inar féidir, an chainníocht de réir meáchain a onnmhairíodh;

(b)

an chainníocht, de réir meáchain, a bheidh le hullmhú le haghaidh athúsáide, agus athchúrsála, agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, lena sonrófar athchúrsáil snáithín go snáithín, agus i gcás inar féidir, lena léireofar an chainníocht, de réir meáchain, a onnmhairíodh; agus

(c)

an chainníocht, de réir meáchain, le haghaidh aisghabháil eile nó diúscartha.

13.   De mhaolú ar mhír 12, féadfaidh na Ballstáit eintitis an gheilleagair shóisialta a dhíolmhú, go páirteach nó go hiomlán, ón oibleagáid an fhaisnéis i mír 12 a thíolacadh, i gcás ina mbeadh ualach riaracháin díréireach ar na heintitis sin mar thoradh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe sin.

14.   Áiritheoidh na Ballstáit, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), go gcuirfidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar fáil d’úsáideoirí deiridh an fhaisnéis seo a leanas maidir le tomhaltas inbhuanaithe, lena n-áirítear roghanna athláimhe, athúsáid agus bainistiú deireadh ré teicstílí agus coisbheart i ndáil leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chuireann na táirgeoirí ar fáil ar an margadh den chéad uair:

(a)

ról na n-úsáideoirí deiridh i rannchuidiú le dramhaíl a chosc, lena n-áirítear aon dea-chleachtas, go háirithe trí phatrúin tomhaltais inbhuanaithe a chothú agus cúram maith do tháirgí a chur chun cinn agus iad in úsáid;

(b)

na socruithe athúsáide agus deisithe atá ar fáil le haghaidh teicstílí agus coisbheart;

(c)

suíomh na bpointí bailithe;

(d)

ról na n-úsáideoirí deiridh i rannchuidiú ceart a thabhairt do bhailiú ar leithligh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, lena n-áirítear trí tháirgí a dheonú;

(e)

an tionchar a bhíonn ag táirgeadh teicstílí ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine, agus ar chearta sóisialta agus ar chearta an duine go háirithe cleachtais mhearfhaisin agus tomhaltas, athchúrsáil agus aisghabháil eile agus diúscairt agus fáil réidh le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, ar bhealach míchuí, mar shampla bruscar a chaitheamh nó diúscairt i ndramhaíl mheasctha chathrach, chomh maith leis na céimeanna a tugadh chun an tionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a mhaolú.

15.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 14 go tráthrialta, agus go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta, agus go soláthraítear í trí na modhanna seo:

(a)

suíomh gréasáin nó modh eile cumarsáide leictreonaí;

(b)

cumarsáid i spásanna poiblí agus ag an bpointe bailithe;

(c)

cláir oideachais, feachtais múscailte feasachta, agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail;

(d)

comharthaíocht i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí a thuiscint.

16.   I gcás ina gcuirtear de chúram ar roinnt eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí i mBallstát oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdaítear leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí sin críoch iomlán an Bhallstáit, agus é mar aidhm cáilíocht seirbhíse aonfhoirmeach an chórais bhailithe ar leithligh a chur ar fáil ar fud na críche i gcás táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc.

Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó ceapfaidh siad tríú páirtí neamhspleách chun formhaoirseacht a dhéanamh lena chinntiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a n-oibleagáidí ar bhealach comhordaithe agus i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais. I gcás nach gcuirtear de chúram ach ar eagraíocht amháin um fhreagracht táirgeoirí i mBallstát na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, féadfaidh siad an t-údarás inniúil a ainmniú nó tríú páirtí neamhspleách a cheapadh chun áirithiú go gcomhlíonfaidh an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a cuid oibleagáidí i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais.

17.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht a áirithiú i dtaca leis na sonraí a bheidh ina seilbh maidir le faisnéis dhílsithe nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a n-ionadaithe údaraithe.

18.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar a suíomhanna gréasáin, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), pointe (e):

(a)

uair sa bhliain, ar a laghad, faoi réir rúndacht tráchtála agus thionsclaíoch, faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

líon na dtáirgí, lena n-áirítear cainníocht, de réir meáchain, na dtáirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh den chéad uair;

(ii)

cainníocht, de réir meáchain, an bhailithe ar leithligh de tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, agus na táirgí sin nár díoladh á sonrú ar leithligh;

(iii)

na rátaí athúsáide, ullmhúchán le haghaidh athúsáide, agus athchúrsála, lena sonraítear ar leithligh an ráta athchúrsála snáithín go snáithín, arna bhaint amach ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí;

(iv)

rátaí aisghabhála eile, agus rátaí diúscartha; agus

(v)

rátaí onnmhairí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus onnmhairí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc;

(b)

faisnéis maidir leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le mír 19.

19.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí foráil maidir le nós imeachta roghnúcháin trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach d’oibreoirí bainistithe dramhaíola, bunaithe ar chritéir dhámhachtana thrédhearcacha, gan aon ualach díréireach a chur ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chun an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

seirbhísí bainistithe dramhaíola ó oibreoirí bainistithe dramhaíola dá dtagraítear i mír 9, pointe (a), agus

(b)

cóireáil dramhaíola ina dhiaidh sin.

20.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 18, pointí (a) agus (b), do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha dá dtagraítear i mír 18, pointe (a), a éilítear, ar bhonn bliantúil, ó tháirgeoirí na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a cuireadh ar fáil ar an margadh den chéad uair. Áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an chainníocht de réir meáchain i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 18, pointe (a), pointí (iii), (iv) agus (v).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, ceanglóidh na Ballstáit, i leith táirgeoirí ar fiontair iad a fhostaíonn níos lú ná deichniúr agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus a gclár comhardaithe bliantúil, go n-iarrfaidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar na fiontair sin gan ach an fhaisnéis a liostaítear i mír 18, pointe (a), pointe (i) a chur isteach ar bhonn bliantúil.

Leasóidh an Coimisiún Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1004 (*12) agus (AE) 2021/19 (*13) ón gCoimisiún chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 37(7) den Treoir seo. Tabharfar aghaidh sna gníomhartha cur chun feidhme leasaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis maidir le sceidil tuairiscithe;

(b)

sonraíochtaí maidir le struchtúr agus formáid an tuairiscithe sonraí chun aonfhoirmeacht, comhsheasmhacht agus éascaíocht comhdhlúthaithe sonraí a áirithiú le haghaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 22d

Bainistiú na dteicstílí dramhaíola

1.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an mbonneagar bailithe, lódála agus dílódála, iompair agus stórála chomh maith le hoibríochtaí lena n-áirítear láimhseáil eile teicstílí, idir theicstílí úsáidte agus dramhaíola, agus próisis sórtála agus cóireála ina dhiaidh sin, go mbeidh cosaint acu ar dhrochaimsir agus ar fhoinsí féideartha éillithe chun damáiste agus traséilliú na dteicstílí arna mbailiú, idir theicstílí úsáidte agus dramhaíola, a chosc. Déanfar scagadh gairmiúil ar theicstílí úsáidte agus dramhaíola a bhailítear ar leithligh ag an bpointe bailithe ar leithligh nó ag an ionad sórtála chun earraí nach bhfuiltear ag díriú orthu nó ábhair nó substaintí a bhféadfaí gur foinsí éillithe iad a shainaithint agus a bhaint.

2.   Maidir leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear ar leithligh, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 22c(8) agus (11), áiritheoidh na Ballstáit go meastar mar dhramhaíl iad ar a mbailiú.

Maidir le teicstílí seachas na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, chomh maith le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí iad a fuarthas réidh leo agus nár díoladh, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar na codáin éagsúla ábhar teicstíle agus earraí teicstíle ar leithligh tráth a ghintear an dramhaíl i gcás ina n-éascaítear leis an scaradh sin athúsáid ina dhiaidh sin, ullmhúchán le haghaidh athúsáide, nó athchúrsáil, lena n-áirítear athchúrsáil snáithín go snáithín i gcás inar féidir de bharr dhul chun cinn na teicneolaíochta. Déanfar an scagadh sin ar bhealach costéifeachtúil chun aisghabháil acmhainní agus tairbhí comhshaoil a uasmhéadú.

3.   De mhaolú ar mhír 2, ní mheasfar, tráth a mbailithe, gur dramhaíl iad táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a thugann úsáideoirí deiridh ar láimh go díreach agus a mheasann an t-oibreoir athúsáide nó eintitis an gheilleagair shóisialta go díreach, ar bhonn gairmiúil, go bhfuil siad oiriúnach lena n-athúsáid ag an bpointe bailithe.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear ar leithligh, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 22c(8) agus (11), faoi réir oibríochtaí sórtála chun an chóireáil a áirithiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

5.   Maidir le hoibríochtaí sórtála táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear ar leithligh, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 22c(8) agus (11), áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)

is chun táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt lena n-athúsáid agus lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, agus tús áite á thabhairt do shórtáil áitiúil, agus i gcás inarb iomchuí, d’athúsáid áitiúil, atá an oibríocht sórtála;

(b)

sna hoibríochtaí sórtála le haghaidh athúsáide, sórtáiltear táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt de réir an leibhéil mionsonraí is iomchuí, scartar na codanna atá oiriúnach lena n-athúsáid go díreach uathu siúd a bheidh faoi réir oibríochtaí breise ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, agus dírítear ar mhargadh athúsáide sonrach agus cuirtear i bhfeidhm critéir shórtála atá cothrom le dáta agus atá ábhartha don mhargadh glactha;

(c)

earraí a mheastar nach bhfuil oiriúnach lena n-athúsáid, sórtáiltear iad lena n-athmhonarú agus lena n-athchúrsáil lena n-áirítear, i gcás inar féidir de bharr an dul chun cinn teicneolaíoch, athchúrsáil snáithín go snáithín, d’fhonn tús áite a thabhairt d’athmhonarú thar athchúrsáil;

(d)

maidir le haschur na n-oibríochtaí sórtála agus aisghabhála iardain atá beartaithe lena n-athúsáid, comhlíonann an t-aschur sin na critéir le nach measfar é a bheith ina dhramhaíl níos mó, dá dtagraítear in Airteagal 6.

6.   Faoin 1 Eanáir 2026 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit suirbhé comhdhéanaimh ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú chun cion na táirgí teicstílí, na dtáirgí a bhaineann le teicstílí agus na dtáirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, atá inti a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na cóid AC dá dtagraítear in Iarscríbhinn IVc. Áiritheoidh na Ballstáit, ar bhonn na faisnéise a fhaightear, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun cur lena líonra pointí bailithe agus feachtais faisnéise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22c(14) agus (15). Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh torthaí na suirbhéanna sin ar fáil don phobal.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí teicstílí, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí dramhaíola iad, go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát iniúchadh a dhéanamh ar loingsithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid ach a bhfuil amhras ann gur dramhaíl atá iontu maidir le comhlíonadh na gceanglas íosta a leagtar amach i míreanna 8 agus 9 le haghaidh loingsithe táirgí teicstílí, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid agus go bhféadfar faireachán a dhéanamh orthu dá réir sin.

8.   Maidir le loingsithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid a shocraítear ar bhonn gairmiúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na loingsithe sin na ceanglais íosta maidir le coimeád taifead a leagtar amach i mír 9 agus go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, ag gabháil leo:

(a)

cóip den sonrasc agus den chonradh a bhaineann le díol nó aistriú úinéireachta na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ina sonraítear go bhfuil siad beartaithe le hathúsáid dhíreach agus go bhfuil siad oiriúnach le haghaidh athúsáid dhíreach;

(b)

fianaise ar oibríocht sórtála roimhe sin nó measúnú díreach gairmiúil a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo go bhfuil na táirgí oiriúnach lena n-athúsáid agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, na critéir a ghlactar de bhun Airteagal 6(2), i bhfoirm cóip de na taifid ar gach burla sa choinsíneacht agus prótacal ina bhfuil faisnéis ar gach taifead i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo;

(c)

dearbhú a dhéanann an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid ina seilbh a shocraíonn, ar bhonn gairmiúil, iompar táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid nach dramhaíl í aon chuid den ábhar laistigh den choinsíneacht mar a shainmhínítear le hAirteagal 3(1);

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na loingsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chosaint go hiomchuí ar dhamáiste le linn iompair, lódála agus dílódála, go háirithe, trí phacáistíocht leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh, agus ar an gcaoi sin sláine agus cáilíocht na dteicstílí lena n-athúsáid a choinneáil ar bun le linn an phróisis iompair.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh loingsithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid, na híoscheanglais seo a leanas maidir le coimeád taifead:

(a)

déanfar an taifead ar na hoibríochtaí sórtála, an measúnú díreach gairmiúil maidir lena bheith oiriúnach lena n-athúsáid nó maidir le hullmhúcháin le haghaidh athúsáide a ghreamú go daingean ach ní go buan ar an bpacáistíocht;

(b)

beidh an fhaisnéis seo a leanas sa taifead:

(i)

tuairisc ar an earra nó ar na hearraí atá sa bhurla lena léireofar an leibhéal sórtála is mionsonraithe a rinneadh ar na hearraí teicstíle le linn na n-oibríochtaí sórtála nó ullmhúcháin le haghaidh athúsáide mar shampla an cineál éadaí, méid, dath, inscne, comhdhéanamh ó thaobh ábhair de, agus aon saintréith ábhartha eile a chuireann le hathúsáid éifeachtúil;

(ii)

ainm agus seoladh na cuideachta atá freagrach as an tsórtáil deiridh nó as an ullmhúchán le haghaidh athúsáide.

10.   I gcás ina suíonn na húdaráis inniúla nó na húdaráis atá bainteach le cigireachtaí go bhfuil amhras ann gur dramhaíl iad na táirgí úsáidte atá i loingsiú beartaithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na costais ar anailísí, iniúchtaí agus stóráil iomchuí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt, ar táirgí úsáidte iad agus a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid a bhfuil amhras ann gur dramhaíl atá iontu a ghearradh ar tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar dhaoine eile a shocraíonn an loingsiú.

(*9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj)."

(*10)  Treoir (AE) 2025/1892 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (IO L, 2025/1892, 26.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1892/oj)."

(*11)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1150/oj)."

(*12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1004 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le sonraí dramhaíola a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 2384 ón gCoimisiún (IO L 163, 20.6.2019, lch. 66, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1004/oj)."

(*13)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/19 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena leagtar síos modheolaíocht chomhchoiteann agus formáid maidir le tuairisciú ar athúsáid i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 10, 12.1.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/19/oj).’;"

(8)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:

‘2a.   Glacfaidh na Ballstáit cláir shonracha chun nach gcuirfí bia amú a fhéadfar a chur i láthair mar chuid dá gcláir coiscthe dramhaíola.’

;

(9)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 29a

Cláir chun dramhaíl bhia a chosc

1.   Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht agus oiriúnú ar an gclár chun dramhaíl bhia a chosc, d’fhonn na spriocanna dá bhforáiltear in Airteagal 9a(4) a bhaint amach. Sna cláir sin, beidh, ar a laghad, na bearta a leagtar síos in Airteagal 9(1) agus Airteagal 9a(1) agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta a liostaítear in Iarscríbhinní IV agus IVa agus cuirfear an Coimisiún ar an eolas fúthu faoin 17 Deireadh Fómhair 2027.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as comhordú na mbeart chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola bia dá dtagraítear in Airteagal 9a(1), arna gcur chun feidhme d’fhonn na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 9a(4) a bhaint amach, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin faoin 17 Eanáir 2026. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar an suíomh gréasáin ábhartha ina dhiaidh sin.’

;

(10)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9(4) agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(12), Airteagal 22c(18), pointe (a), agus Airteagal 22c(20) don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil gach bliain. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9a(2) a thuairisciú don Choimisiún gach bliain.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5a.   Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha seiceála cáilíochta a bhaineann le hAirteagal 9a(2) ar fáil go poiblí, tar éis dóibh a mheas an mbainfeadh an nochtadh an bonn den chosaint faisnéise rúnda gnó.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo a thuairisciú. Chun tuairisciú ar chur chun feidhme phointí (a) agus (b) d’Airteagal 11(2), úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid arna bunú i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 18 Aibreán 2012 ón gCoimisiún maidir le ceistneoir le haghaidh tuarascálacha na mBallstát faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl a chur chun feidhme. Chun tuairisciú ar an dramhaíl bhia, déanfar an mhodheolaíocht arna forbairt faoi Airteagal 9a(3) a chur san áireamh agus an fhormáid don tuairisciú á forbairt. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Treoir seo.’

;

(11)

leasaítear Airteagal 38a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7(1), 9a(3), 11a(10), 27(1) agus (4), 38(2) agus (3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 4 Iúil 2018. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22a(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 17 Aibreán 2027. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7(1), 9a(3), 11a(10), 22a(5), 27(1) agus (4), 38(2) agus (3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 7(1), 9a(3), 11a(10), 22a(5), 27(1) agus (4), 38(2) agus (3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(12)

in Airteagal 41, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Ón 17 Aibreán 2029, beidh feidhm ag Airteagail 22a, 22b, 22c agus 22d maidir le fiontair ina bhfostaítear níos lú ná deichniúr agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus a gclár comhardaithe bliantúil.’

;

(13)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 41a

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus ar Threoir 1999/31/CE. Déanfar measúnú sa mheastóireacht freisin, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht fhreagracht airgeadais agus eagraíochtúil na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a bhunaítear de bhun na Treorach seo chun na costais a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach sa Treoir seo a chumhdach, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ranníocaíocht airgeadais a cheangal ar oibreoirí athúsáide tráchtála, go háirithe na cinn is mó;

(b)

an fhéidearthacht spriocanna a leagan síos maidir le dramhaíl a chosc, a bhailiú, a ullmhú le haghaidh athúsáide, agus a athchúrsáil le haghaidh teicstílí dramhaíola;

(c)

an fhéidearthacht dramhaíl mheasctha chathrach a shórtáil roimh ré chun nach gcuirfear dramhaíl, ar féidir í a aisghabháil lena hullmhú le haghaidh athúsáide, nó lena hathchúrsáil, chuig loisceoir dramhaíola nó nach gcuirfear sa talamh í.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar thorthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.’

;

(14)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo isteach mar Iarscríbhinn IVc.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 17 Meitheamh 2027, ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 10 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2024/888, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/888/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (IO C, C/2025/1033, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1033/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025.

(3)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).

(4)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/31/oj).

(5)  Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le dramhaíl (IO L 114, 27.4.2006, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/12/oj).

(6)  Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59, ELI http://data.europa.eu/eli/dir/2019/633/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).

(8)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2019 lena bhforlíontar Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chomhchoiteann agus ceanglais íosta cháilíochta chun leibhéil dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach (IO L 248, 27.9.2019, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2019/1597/oj).

(9)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/83/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(12)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1007/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(16)  Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).

(17)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(19)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/31/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN IVc

TÁIRGÍ A THAGANN FAOI RAON FEIDHME NA FREAGRACHTA LEATHNAITHE TÁIRGEORA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ÁIRITHE TEICSTÍLE, TÁIRGÍ A BHAINEANN LE TEICSTÍLÍ AGUS TÁIRGÍ COISBHIRT

Cuid I

Táirgí teicstíle, agus baill teicstíle éadaigh agus gabhálais éadaigh, le haghaidh úsáid tí nó úsáidí eile, i gcás ina bhfuil cineál agus comhdhéanamh na dtáirgí sin cosúil leis na táirgí le haghaidh úsáid tí, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 22a

Cód AC

Tuairisc

61 – gach cód a liostaítear laistigh den chaibidil

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, iad cniotáilte nó cróiseáilte

62 – gach cód a liostaítear laistigh den chaibidil

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, nach bhfuil cniotáilte nó cróiseáilte

6301

Pluideanna agus rugaí taistil (seachas 6301 10 00 )

6302

Éadaí leapa, línéadach boird, línéadach ionlainne agus línéadach cistine

6303

Cuirtíní (lena n-áirítear scaraoidí) agus dallóga intí; sciortaí cuirtíní nó sciortaí leapa

6304

Earraí fearastaithe eile, gan iad sin atá faoi cheannteideal 9404 a áireamh

6309

Éadaí caite agus baill éadaigh chaite eile

6504

Hataí agus ceannbhearta eile, iad trilsithe nó déanta trí stiallacha d’aon ábhar a chóimeáil, bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís

6505

Hataí agus ceannbhearta eile, iad cniotáilte nó cróiseáilte, nó déanta as lása, as feilt nó as fabraic theicstíle eile, sa phíosa (ach ní i stiallacha), bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís; eangacha gruaige d’ábhar ar bith, bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís

Cuid II

Coisbhearta, agus baill éadaigh agus gabhálais éadaigh le haghaidh úsáid tí nó úsáidí eile, i gcás ina bhfuil cineál agus comhdhéanamh na dtáirgí sin cosúil leis na táirgí le haghaidh úsáid tí, nach teicstíl a bpríomh-chomhdhéanamh, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 22a

Cód AC

Tuairisc

4203

Baill éadaigh nó gabhálais éadaigh, as leathar nó as leathar comhdhéanaimh (seachas coisbhearta agus ceannbhearta agus codanna díobh sin, agus earraí chaibidil 95, e.g. loirgneáin, maisc phionsóireachta)

6401

Coisbhearta uiscedhíonacha ar a bhfuil boinn amuigh agus uachtair atá déanta as rubar nó as plaistigh, arb uachtair iad nach bhfuil feistithe ar an mbonn ná cóimeáilte trí fhuáil, seamú, tairneáil, scriúáil, stopadh nó próisis chomhchosúla

6402

Coisbhearta eile ar a bhfuil boinn amuigh agus uachtair atá déanta as rubar nó as plaistigh

6403

Coisbhearta ar a bhfuil boinn amuigh atá déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanta agus uachtair atá déanta as rubar

6404

Coisbhearta ar a bhfuil boinn amuigh atá déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanta agus uachtair atá déanta as ábhair theicstíle

6405

Coisbhearta eile’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1892/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)