European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1887

18.9.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1887 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meán Fómhair 2025

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘CLARMARIN® 350 LD’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2024 chuir Evonik Operations GmbH iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2) maidir le húdarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar ‘CLARMARIN® 350 LD’, de chineál táirge 2 agus, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-KL099229-17 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. Rinneadh tagairt san iarratas don táirge bithicídeach aonair ‘CLARMARIN® 350’ (uimhir údaraithe EU-0028964-0005), ar cuid é den fhine táirgí bithicídeacha tagartha ghaolmhar ‘Evonik’s Hydrogen Peroxide Product Family’. Sonraíodh san iarratas freisin uimhir údaraithe na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire ‘Evonik’s Hydrogen Peroxide Product Family’ arna údarú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2183 ón gCoimisiún (3), leis an uimhir údaraithe EU-0028964-0000.

(2)

Is í sárocsaíd hidrigine an tsubstaint ghníomhach atá sa táirge bithicídeach aonair ‘CLARMARIN® 350 LD’, ar substaint í a chuimsítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 2.

(3)

An 30 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Ghníomhaireacht an tuairim uaithi (4) faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013.

(4)

Sa tuairim uaithi, tagann an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nach bhfuil sna difríochtaí a mhaítear idir an táirge bithicídeach singil ‘CLARMARIN® 350 LD’ agus an táirge bithicídeach singil tagartha gaolmhar ‘CLARMARIN® 350’, a bhaineann leis an bhfine táirgí bithicídeacha thagartha ghaolmhar ‘Evonik’s Hydrogen Peroxide Product Family’, ach faisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (5), agus, ar bhonn an mheasúnaithe ar an bhfine táirgí bithicídeacha thagartha ghaolmhar ‘Evonik’s Hydrogen Peroxide Product Family’ agus faoi réir chomhlíonadh na dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go gcomhlíonann an táirge bithicídeach singil céanna ‘CLARMARIN® 350 LD’ na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

An 24 Meán Fómhair 2024 rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh ‘CLARMARIN® 350 LD’, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí údarú Aontais a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna ‘CLARMARIN® 350 LD’.

(7)

Ba cheart dáta éaga an údaraithe a bheith ailínithe le dáta éaga údarú na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire ‘Evonik’s Hydrogen Peroxide Product Family’.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear leis seo údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0033557-0000 do Evonik Operations GmbH chun an táirge bithicídeach singil céanna ‘CLARMARIN® 350 LD’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 8 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2033.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/414/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2183 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha Evonik’s Hydrogen Peroxide Product Family i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2183, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2183/oj).

(4)  Tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 30 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna ‘CLARMARIN® 350 LD’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).


IARSCRÍBHINN

ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE HAGHAIDH TÁIRGE BITHICÍDEACH

CLARMARIN® 350 LD

Cineál nó cineálacha táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

Uimhir an údaraithe: EU-0033557-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0033557-0000

Caibidil 1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm/trádainmneacha an táirge

Trádainm/trádainmneacha

CLARMARIN® 350 LD

BEIBLEACH WP 35

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Evonik Operations GmbH

Seoladh

Rellinghauser Straße 1 - 11 45128 Essen DE

Uimhir an údaraithe

 

EU-0033557-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

 

EU-0033557-0000

Dáta an údaraithe

 

an 8 Deireadh Fómhair 2025

Dáta éaga an údaraithe

 

31 October 2033

1.3.   Monaróir/monaróirí an táirge

Ainm an mhonaróra

Evonik Antwerpen NV

Seoladh an mhonaróra

Tijsmanstunnel West 2040 Antwerpen An Bheilg

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Antwerpen NV Tijsmanstunnel West 2040 Antwerpen An Bheilg


Ainm an mhonaróra

Evonik Operations GmbH

Seoladh an mhonaróra

Rellinghauser Straße 1-11 45128 Essen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Operations GmbH Untere Kanalstr. 3 79618 Rheinfelden An Ghearmáin


Ainm an mhonaróra

Evonik Peroxid GmbH

Seoladh an mhonaróra

Industriestraße 1 9721 Weißenstein An Ostair

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Peroxid GmbH Industriestraße 1 9721 Weißenstein An Ostair


Ainm an mhonaróra

Evonik Peroxide Netherlands BV

Seoladh an mhonaróra

Hettenheuvelweg 37 /39 1101 BM Amsterdam An Ísiltír

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Peroxide Netherlands BV Oosterhorn 14 9936 HD Farmsum An Ísiltír


Ainm an mhonaróra

Evonik España y Portugal SA

Seoladh an mhonaróra

Afueras s/n 50784 La Zaida An Spáinn

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik España y Portugal SA C/ Afueras s/n. 50784 La Zaida An Spáinn

1.4.   Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Hydrogen peroxide

Ainm an mhonaróra

Evonik Antwerpen NV

Seoladh an mhonaróra

Tijsmanstunnel West 2040 Antwerpen An Bheilg

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Antwerpen NV Tijsmanstunnel West 2040 Antwerpen An Bheilg


Substaint ghníomhach

Hydrogen peroxide

Ainm an mhonaróra

Evonik Operations GmbH

Seoladh an mhonaróra

Rellinghauser Straße 1-11 45128 Essen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Operations GmbH Untere Kanalstr. 3 79618 Rheinfelden An Ghearmáin


Substaint ghníomhach

Hydrogen peroxide

Ainm an mhonaróra

Evonik Peroxid GmbH

Seoladh an mhonaróra

Industriestraße 1 9721 Weißenstein An Ostair

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Peroxid GmbH Industriestraße 1 9721 Weißenstein An Ostair


Substaint ghníomhach

Hydrogen peroxide

Ainm an mhonaróra

Evonik Peroxide Netherlands BV

Seoladh an mhonaróra

Hettenheuvelweg 37 /39 1101 BM Amsterdam An Ísiltír

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik Peroxide Netherlands BV Oosterhorn 14 9936 HD Farmsum An Ísiltír


Substaint ghníomhach

Hydrogen peroxide

Ainm an mhonaróra

Evonik España y Portugal SA

Seoladh an mhonaróra

Afueras s/n 50784 La Zaida An Spáinn

Suíomh na láithreán monaraíochta

Evonik España y Portugal SA C/ Afueras s/n. 50784 La Zaida An Spáinn

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Hydrogen peroxide

 

Substaint ghníomhach

7722-84-1

231-765-0

35 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

SL Tiúchán intuaslagtha

Caibidil 3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

H302: Díobhálach má shlogtar é.

H315: Ina chúis le greannú craicinn.

H318: Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

H335: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le greannú riospráide.

H412: Díobhálach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha.

H272: D’fhéadfadh sé cur le tine; ocsaídeoir.

Ráitis réamhchúraim

P261: Seachain gala a análú.

P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe.

P270: Ná hith, ná hól nó ná caith tobac nuair atá an táirge seo in úsáid agat.

P271: Úsáid amuigh faoin aer nó i limistéar dea-aerálaithe amháin.

P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol.

P280: Caith lámhainní cosanta / éadaí cosanta / cosaint súl / cosaint aghaidhe.

P301+P312: MÁ SHLOGTAR É: Cuir glao ar IONAD NIMHE / dochtúir / lia má bhraitheann tú tinn.

P330: Sruthlaítear an béal.

P302+P352: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart uisce / gallúnach.

P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

P312: Cuir glao ar IONAD NIMHE / dochtúir / lia má bhraitheann tú tinn.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE / dochtúir.

P332+P313: I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle.

P403+P233: Stóráil in áit dhea-aeráilte. Coimeád an coimeádán dúnta go docht.

P405: Stóráil faoi ghlas.

P501: Diúscair ábhar i gcomhréir le riachtanais áitiúla.

P501: Diúscair coimeádán i gcomhréir le riachtanais áitiúla.

P210: Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. Ná caitear tobac.

P220: Coimeád amach ó éadaí nó ábhair indóite eile.

P370+P378: I gcás dóiteáin: Úsáid uisce le haghaidh múchta.

Caibidil 4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Díghalrú níocháin i meaisíní níocháin dúnta trí dháileog a dhéanamh

An cineál táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: -

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: -

Gnáthainm: Víreas

Céim na forbartha: -

Gnáthainm: Fungais

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

úsáid laistigh

Díghalrú níocháin in innill níocháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Luchtú (Dáileadh)

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Déantar an táirge a dháileadh go huathoibríoch isteach san inneall níocháin dúnta le linn an phróisis níocháin (príomh- níochán).

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide:

Sárocsaíd hidrigine 0,019 - 0,029% (w/w).

Caolaítear na táirgí bithicídeacha dá réir sin d’fhonn tiúchan in-úsáide a fháil sa réimse 0,019 - 0,029% (w/w). Mar shampla, i gcás táirge sárocsaíd hidrigine 35% (w/w): cuir tiúchan 0,5 ml nó 0,75 ml le huisce suas le 1 lítear chun 0,019% (w/w) nó 0,029% (w/w) a fháil. I gcás táirgí a bhfuil tiúchain éagsúla sárocsaíde hidrigine acu ní mór na luachanna a choigeartú dá réir.

Airí uainithe:

Minicíocht: Laethúil / más gá

Baictéir, giosta, fungais: Tiúchan in-úsáide 0,019% (w/w) sárocsaíd hidrigine sa tuaslagán nite.

Gníomhaire maolánaithe alcaileach: 0,6 ml/l BEIPUR ANP.

Am teagmhála: 10 nóiméad

Teocht: 70°C.

Víris: Úsáid tiúchan 0.029% (w/w) sárocsaíd hidrigine sa tuaslagán nite.

Gníomhaire maolánaithe alcaileach: 0,6 ml/l BEIPUR ANP

Am teagmhála: 10 nóiméad

Teocht: 80°C.

Éadach: cóimheas leachta = 1:4

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

HDPE buidéal 1, 5 lítear

HDPE canna breosla 10, 20, 30, 60 lítear

HDPE druma 200 lítear

HDPE coimeádán 1000 lítear

HDPE ISO umar 20m3

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Déantar an táirge agus an glantach a dháileadh go huathoibríoch isteach san inneall níocháin dúnta le linn an phróisis níocháin. Déantar dáileadh an dá chomhpháirt a réadú trí dhá phíopa agus stáisiún dáilte ar leithligh. Níor chóir táirge agus glantach a mheascadh sula ndéantar iad a dháileadh san inneall níocháin. Eatramh Cóireála - go laethúil / más gá (0,5 uair / lá).

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Caith spéaclaí cosanta le haghaidh ceimiceán atá de réir Chaighdeáin Eorpaigh EN 16321 nó a gcomhionann/sciath aghaidhe, éadaí cosanta le haghaidh ceimiceán i réimse na dtáirgí bithicíde, lámhainní cosanta le haghaidh ceimiceán a aicmítear faoi Chaighdeán Eorpach EN 374 nó a gcomhionann, agus RPE (APF = 10) le linn meascaithe agus a luchtaithe. Lámhainní agus ábhar clúdaithe le sonrú ag sealbhóir an údaraithe laistigh den fhaisnéis táirge. Féach cuid 6 le haghaidh teidil iomlána na gcaighdeán EN.

Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair. Féach cuid 6 le haghaidh na tagartha iomláine do Threoir 98/24/CE ón gComhairle.

RMM Teicniúil: aeráil sceite áitiúil (50%) agus caighdeán maith aerála ginearálta (3 ACH). Cloígh leis na treoracha ar an lipéad.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Gan treoracha garchabhrach ná bearta éigeandála a bhaineann go sonrach le húsáid chun an comhshaol a chosaint. Féach Treoracha ginearálta úsáide.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Gan treoracha a bhaineann go sonrach le húsáid chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte. Féach Treoracha ginearálta úsáide.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Gan treoracha stórála agus seilfré an táirge a bhaineann go sonrach le húsáid faoi ghnáthchoinníollacha stórála. Féach treoracha ginearálta úsáide.

Caibidil 5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Féach treoracha ar leith maidir le húsáid le haghaidh gach úsáide.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Féach bearta sonracha maolaithe riosca maidir le húsáid le haghaidh gach úsáide.

Cloígh leis na treoracha ar an lipéad.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Treoracha garchabhrach

MÁ SHLOGANN TÚ: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá duine nochtaithe in ann slogadh. NÁ spreag urlacan. Cuir glaoch ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Faisnéis do phearsanra /dhochtúir Cúram Sláinte: Bearta tacaíochta saoil a thionscnamh más gá, glaoigh ar IONAD POISON ina dhiaidh sin.

Á TÁ SÉ AR CHRAICEANN: Nigh craiceann láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin bain de na héadaí uile-éillithe agus nigh é sula n-athúsáidtear é. Lean ort ag ní an craiceann le huisce ar feadh 15 nóiméad. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Á TÁ TÚ I SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, má tá sé i láthair agus éasca le déanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glaoch ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Bog go haer úr agus coinnigh ar sos i riocht atá compordach le haghaidh análaithe.

Má tá siomptóim agat: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

Mura bhfuil aon siomptóim ort: Glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Bearta maidir le scaoileadh de thaisme

Doirteadh mór: Bailigh an táirge i gcoimeádáin oiriúnacha (m.sh. déanta as plaisteach) ag baint úsáide as trealamh cuí (m.sh. caidéal leachtach) lena dhiúscairt. Ná cuir an méid a doirteadh ar ais i gcoimeádáin bhunaidh riamh lena n-athúsáid. Coinnigh amach ó shubstaintí inadhainte agus neamh-chomhoiriúnacha. Sruthlaigh aon iarmhar le neart uisce. Déan ábhar súite a dhiúscairt de réir na rialachán comhshaoil is infheidhme.

Doirteadh beag: Táirge caolaithe le go leor uisce agus sruthlaigh ar shiúl nó ionsú le hábhar leachtach-ceangailteach (m.sh. talamh diatomaceous nó ceanglóir uilíoch). Pioc suas go meicniúil agus a bhailiú i gcoimeádáin oiriúnacha. Glan dromchla éillithe go maith. Pacáil agus lipéadaigh dramhaíl cosúil leis an táirge. Ná dícheangail lipéad ó na coimeádáin seachadta roimh dhiúscairt.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ag deireadh na cóireála, déan táirge neamhúsáidte agus an pacáistiú a dhiúscairt de réir na riachtanas áitiúil. Is féidir an táirge a shruthlú go séarach cathrach ag brath ar riachtanais áitiúla.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Comhairle maidir le cosaint i gcoinne tine agus pléasctha:

Stóráil amach ó sholas díreach na gréine agus ó fhoinsí teasa.

Stóráil amach ó fhoinsí adhainte - Ná caith tobac.

Stóráil amach ó shubstaintí inadhainte.

Stóráil amach ó shubstaintí neamh-chomhoiriúnacha.

Stóráil:

Riachtanas teochta 40 °C ar a mhéad le linn stórála agus cosain ar shioc.

Straily in áiteanna glana, tirime le haeráil mhaith.

Déan an coimeádán a iompar agus a stóráil ina sheasamh amháin.

Dún an coimeádán go docht i gcónaí tar éis an táirge a bhaint.

Seachain sileadh agus iarmhair an táirge ar na coimeádáin.

Comhairle maidir le gnáthstóráil:

Ná stóráil in éineacht le halcailí, laghdaitheoirí, salainn mhiotalacha (riosca dianscaoilte).

Ná stóráil in éineacht le tuaslagóirí orgánacha (riosca pléasctha).

Seilfré:

24 mí

Caibidil 6.   FAISNÉIS EILE

Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear sna míreanna “Bearta maolaithe a bhaineann go sonrach le húsáid”:

EN 16321 - Cosaint súl agus aghaidhe d’úsáideoirí ceirde

EN 374 – Lámhainní cosanta le haghaidh ceimiceán agus miocrorgánach

Is í an Treoir ón gComhairle dá dtagraítear sna míreann “Bearta maolaithe a bhaineann go sonrach le húsáid” ná: Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch.11).


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1887/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)