European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1875

18.9.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1875 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meán Fómhair 2025

maidir le himréiteach chuntais na gníomhaireachta íocaíochta san Ísiltír a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na bliana airgeadais 2021

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6241)

(Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 104 (1)(a) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 51 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116, foráiltear go leanfaidh Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99 agus 100, Airteagal 102(2) agus Airteagail 110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), i ndáil le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

(2)

Le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (3), foráiltear go leanfaidh Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagail 5, 6 agus 7, Airteagail 21 go 25, Airteagail 27, 28 agus 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 30(2), (3) agus (4), agus Airteagail 31 go 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (4) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CERT, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

(3)

Le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, foráiltear go leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/820 ón gCoimisiún (5), imréitíodh cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na bliana airgeadais 2021, cé is moite den ghníomhaireacht íocaíochta Ísiltíreach ‘Rijksdienst voor Ondernemend Nederland’.

(5)

Tar éis tarchur faisnéise nua, agus tar éis seiceálacha breise, is féidir leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a chuir an ghníomhaireacht íocaíochta Ísiltíreach ‘Rijksdienst voor Ondernemend Nederland’ isteach a mhéid a bhaineann leis an gcaiteachas arna mhaoiniú ag CERT le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

(6)

Le hAirteagal 33(2), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, maidir leis na méideanna is in-aisghabhála ó gach Ballstát nó na méideanna is iníoctha le gach Ballstát, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, foráiltear go bhfuil siad le leagan síos trí na híocaíochtaí míosúla le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann, a asbhaint ón gcaiteachas a aithnítear le haghaidh na bliana sin, i gcomhréir leis an Airteagal 33(1) sin. Tá an Coimisiún leis an méid sin a asbhaint ón íocaíocht mhíosúil a bhaineann leis an gcaiteachas a dhéantar sa dara mí tar éis an chinnidh maidir le himréiteach cuntas nó tá an Coimisiún leis an méid sin a chur leis an íocaíocht sin.

(7)

De bhun Airteagal 40, an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i gcomhar le hAirteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún, i gcás ina ndearnadh íocaíochtaí tar éis an dáta íocaíochta is déanaí is féidir, tá an Coimisiún le méid na n-íocaíochtaí míosúla a dheonaítear do na Ballstáit a laghdú agus tionchar airgeadais an laghdaithe a choigeartú i gcomhréir leis an moill ar íocaíocht trí na rátaí éagsúla dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 (6). I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014, tá aon sárú ar sprioc-amanna íocaíochta le cur san áireamh, ar a dhéanaí, sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas. Rinneadh cuid den chaiteachas a dhearbhaigh an Ballstát lena mbaineann le linn na bliana airgeadais 2021 tar éis na sprioc-amanna is infheidhme. Dá bhrí sin, leis an gCinneadh seo ba cheart na laghduithe ábhartha a shocrú.

(8)

Laghdaigh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla ábhartha cheana le haghaidh na bliana airgeadais 2021 i gcás na méideanna atá dlite do CERT mar thoradh ar chinntí maidir le himréiteach comhréireachta agus airgeadais i gcás an Bhallstáit lena mbaineann, de bhun Airteagail 51 agus 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a d’fhorghníomhaigh an Coimisiún sa bhliain airgeadais 2020. Cuirtear aon mhéid den sórt sin san áireamh sa Chinneadh seo.

(9)

De bhun Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tá an Ballstát lena mbaineann le 50 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí a sheasamh, mura ndearnadh an aisghabháil laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar na Ballstáit tábla a chur i gceangal leis na cuntais bhliantúla atá le cur bhráid an Choimisiúin acu, de bhun Airteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, ar tábla deimhnithe é lena léirítear na méideanna atá le seasamh acu faoi Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Rialacha maidir le cur i bhfeidhm oibleagáid na mBallstát chun na méideanna atá le haisghabháil a thuairisciú, leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 iad. Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, leagtar amach an tsamhail den tábla atá le húsáid ag na Ballstáit chun faisnéis a sholáthar faoi na méideanna atá le haisghabháil. Ar bhonn na dtáblaí a líonann na Ballstáit isteach, tá an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as an neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí atá níos sine ná 4 nó 8 mbliana faoi seach.

(10)

De bhun Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, a chinneadh gan iarracht a dhéanamh aisghabháil a dhéanamh. Ní féidir cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin más mó na costais a tabhaíodh cheana in éineacht leis na costais is dócha a thabhófar, ná an méid atá le haisghabháil, nó má tá an aisghabháil dodhéanta mar gheall ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht, ar dócmhainneacht í a cláraíodh agus a aithníodh faoin dlí náisiúnta. Má dhéantar an cinneadh laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ba cheart 100 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as an neamh-aisghabháil a íoc as buiséad an Aontais. Tá na méideanna ar chinn Ballstát ar leith gan iarracht a dhéanamh iad a aisghabháil agus an foras lena chinneadh le cur sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 54(4) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart na méideanna sin a ghearradh ar na Ballstáit lena mbaineann agus mar gheall air sin, tá siad le híoc as buiséad an Aontais.

(11)

Agus cuntais na gníomhaireachta íocaíochta lena mbaineann á n-imréiteach, tá an Coimisiún le cur san áireamh na méideanna a coinníodh siar cheana ón mBallstát lena mbaineann ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/820 a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3307.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh seo chun caiteachas nach ndéantar i gcomhréir le rialacha an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Imréitítear leis seo cuntais na gníomhaireachta íocaíochta Ísiltírí ‘Rijksdienst voor Ondernemend Nederland’ a mhéid a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) i leith na bliana airgeadais 2021.

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna is in-aisghabhála ón Ísiltír nó is iníoctha léi de bhun an Chinnidh seo, lena n-áirítear na méideanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun caiteachas nach ndéantar i gcomhréir le rialacha an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas.

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na hÍsiltíre a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Christophe HANSEN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/128/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/908/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/820 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2022 maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na bliana airgeadais 2021, (IO L 146, 25.5.2022, lch. 111, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/820/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/907/oj).


IARSCRÍBHINN

Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta

Bliain airgeadais 2021

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis

Ballstát

 

2021 - Caiteachas/Ioncam Sannta le haghaidh na nGníomhaireachtaí Íocaíochta a bhfuil na cuntais ina leith

Iomlán a + b

Laghduithe agus fionraíochtaí le haghaidh na bliana airgeadais ina hiomláine (1)

An méid atá le gearradh de réir Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Iomlán lena n-áirítear laghduithe agus fionraíochtaí

Íocaíochtaí a rinneadh leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát (-) nó atá le híoc leis (+)

An méid a aisghabhadh ón mBallstát (-) nó a íocadh leis (+) faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2022/820 ón gCoimisiún

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát (-) nó atá le híoc leis (+) (2)

 

imréitithe

scartha

 

= caiteachas / ioncam sannta a dearbhaíodh sa dearbhú bliantúil

= iomlán an chaiteachais / an ioncaim shannta sna dearbhuithe míosúla

 

 

a

b

c=a+b

d

e

f=c+d+e

g

h=f-g

i

j=h-i

NL

EUR

701 629 146,56

0,00

701 629 146,56

-1 637 213,40

-2 145,92

699 989 787,24

699 838 828,37

150 958,87

0,00

150 958,87


Ballstát

 

 

 

 

Iomlán (=j)

 

Caiteachas (3)

Ioncam sannta (3)

Airteagal 54(2)

 

08 02 06 01

6200

6200

 

k

l

m

n = k+l+m

NL

EUR

179 241,64

-26 136,85

-2 145,92

150 958,87

(1)

Is éard atá sna laghduithe agus sna fionraíochtaí na cinn a chuirtear san áireamh sa chóras íocaíochta, lena gcuirtear go háirithe na ceartúcháin i dtaobh sprioc-amanna íocaíochta nár urramaíodh agus laghduithe eile dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

(2)

Maidir leis an méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis a ríomh, is éard atá sa mhéid a chuirtear san áireamh iomlán an dearbhaithe bhliantúil le haghaidh an chaiteachais imréitithe agus iomlán na n-íocaíochtaí míosúla a rinneadh le haghaidh an chaiteachais imréitithe.

(3)

Roinnfear BL 08 02 06 01 idir na ceartúcháin dhiúltacha a bheidh ina n-ioncam sannta in BL 62 00 agus na ceartúcháin dheimhneacha i bhfabhar BS a áireofar anois ar thaobh an chaiteachais 08 02 06 01 dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

NB:

Ainmníocht 2025 : 08 02 06 01 , 6200

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1875/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)