European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1852

2.10.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 130/2025

an 13 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1852]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/457 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena ndéantar an formheas ar dhéiníteafúrán mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/349 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/357 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 gan 5-clóra-2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (CIT) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/360 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad brómaicéiteach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le cipirmeitrin lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/432 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le peintihiodráit sulfáite chopair lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/434 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/444 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad beansóch lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 3 agus 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/450 ón gCoimisiún an 6 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/459 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2410 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le déiníteafúrán lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/461 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(12)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/459 aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2410 ón gCoimisiún (12), Cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Caibidil XV d’Iarscríbhinn II mar a leanas:

1.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzzzzp (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2948 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘12zzzzzzzzzzzq.

32025 D 0349: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/349 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/349, 24.2.2025).

12zzzzzzzzzzzr.

32025 D 0357: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/357 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 gan 5-clóra-2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (CIT) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/357, 24.2.2025).

12zzzzzzzzzzzs.

32025 D 0360: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/360 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad brómaicéiteach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/360, 25.2.2025).

12zzzzzzzzzzzt.

32025 D 0362: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/362, 24.2.2025).

12zzzzzzzzzzzu.

32025 D 0432: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/432 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le peintihiodráit sulfáite chopair lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/432, 6.3.2025).

12zzzzzzzzzzzv.

32025 D 0434: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/434 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/434, 6.3.2025).

12zzzzzzzzzzzw.

32025 D 0444: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/444 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad beansóch lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/444, 7.3.2025).

12zzzzzzzzzzzx.

32025 D 0450: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/450 ón gCoimisiún an 6 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/450, 7.3.2025).

12zzzzzzzzzzzy.

32025 R 0457: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/457 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena ndéantar an formheas ar dhéiníteafúrán mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/457, 11.3.2025).

12zzzzzzzzzzzz.

32025 D 0461: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/461 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/461, 11.3.2025).’

2.

Scriostar téacs phointe 12zzzzzzzzzzzf (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2410 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/457 agus Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2025/349, (AE) 2025/357, (AE) 2025/360, (AE) 2025/362, (AE) 2025/432, (AE) 2025/434, (AE) 2025/444, (AE) 2025/450, (AE) 2025/459 agus (AE) 2025/461 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d ’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 2025/457, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/457/oj.

(2)   IO L 2025/349, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/349/oj.

(3)   IO L 2025/357, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/357/oj.

(4)   IO L 2025/360, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/360/oj.

(5)   IO L 2025/362, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/362/oj.

(6)   IO L 2025/432, 6.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/432/oj.

(7)   IO L 2025/434, 6.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/434/oj.

(8)   IO L 2025/444, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/444/oj.

(9)   IO L 2025/450, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/450/oj.

(10)   IO L 2025/459, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/459/oj.

(11)   IO L 2025/461, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/461/oj.

(12)   IO L, 2024/2410, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2410/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1852/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)