European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1827

2.10.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 131/2025

an 13 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1827]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir Tharmligthe (AE) 2025/290 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na dtáirgí a bhaineann le cosaint a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Liosta Comhchoiteann Míleata nuashonraithe an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2024 (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

De bhua Chinneadh Uimh. 111/2013 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2013 (2), níl feidhm ag Treoir Tharmligthe (AE) 2025/290 maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 3q (Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 L 0290: Treoir Tharmligthe (AE) 2025/290 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2024 (IO L, 2025/290, 21.2.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir Tharmligthe (AE) 2025/290 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 2025/290, 21.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/290/oj.

(2)   IO L 318, 28.11.2013, lch. 12.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1827/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)