European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1796

9.9.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1796 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2025

lena maolaítear i leith 2025 ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 44(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116, ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 50 % a dhéanamh i leith idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus i leith na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). De bhun Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116, roimh an 1 Nollaig, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 75 % a dhéanamh i leith idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(2)

De bhun Airteagal 44(6) de Rialachán (AE) 2021/2116, arna iarraidh sin do Bhallstát, i gcás éigeandála, tá an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena maolaítear ar Airteagal 44(2) den Rialachán sin a mhéid agus ar feadh tréimhse atá fíor-riachtanach.

(3)

Tar éis chruinniú de Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta an 12 Meitheamh 2025, d’iarr na Ballstáit maolú ar Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 chun é a chur ar a gcumas dóibh réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2025 chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil a tháinig chun cinn mar gheall ar mheascán eisceachtúil de theagmhais dhíobhálacha, lena n-áirítear na méaduithe aontaobhacha ar tharaifí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe agus an teannas trádála a d’eascair as sin, ionradh na Rúise ar an Úcráin atá fós ar siúl, iarmhairtí na gcoinbhleachtaí sa Mheánoirthear, chomh maith le teagmhais adhaimsire. Dheimhnigh na Ballstáit go bhfuil fadhbanna leachtachta ag a dtáirgeoirí talmhaíochta mar gheall ar theaglaim de na teagmhais dhíobhálacha sin a imríonn tionchar ar phraghsanna ionchur talmhaíochta agus tráchtearraí talmhaíochta. D’iarr na Ballstáit ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ionas gur féidir réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc le haghaidh na n-idirghabhálacha agus na mbeart uile i leith na bliana éilimh 2025.

(4)

An teannas trádála atá ann faoi láthair agus atá ag cur isteach ar shlabhraí soláthair domhanda, tá tionchar aige ar infhaighteacht ionchur talmhaíochta, ardaíonn sé costais agus déanann sé difear d’inmharthanacht eacnamaíoch feirmeoirí. An laghdú ar an iomaíochas mar gheall ar phraghsanna níos airde, mar aon leis an ngá le margaí malartacha a aimsiú, cuireann sé brú eacnamaíoch ar fheirmeoirí. Cuireann na taraifí freisin le héiginnteacht níos leithne i gcaidrimh trádála idirnáisiúnta, as a n-eascraíonn dálaí luaineachta sa mhargadh.

(5)

Tá an baol ann go gcuirfidh ionradh na Rúise ar an Úcráin atá fós ar siúl agus na coinbhleachtaí sa Mheánoirthear síneadh leis na deacrachtaí atá ann cheana, amhail an cur isteach ar shlabhraí soláthair bia domhanda agus brú aníos leanúnach ar phraghsanna ionchuir. Cuireann na teagmhais sin agus éiginnteachtaí isteach ar phatrúin trádála agus imríonn siad tionchar mór ar phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta agus ar mhargaí talmhaíochta.

(6)

Thairis sin, tá coinne go bhfuil tionchar diúltach ag teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha a tharla le déanaí i réigiúin áirithe, amhail triomach athfhillteach mar gheall ar easnamh tromchúiseach uisce, sioc déanach, báisteach iomarcach áitiúil agus tuilte ar tháirgeacht barr, rud a chuireann brú ar earnáil na talmhaíochta.

(7)

Mar gheall ar na himthosca sin, ós rud é go n-imríonn na teagmhais dhíobhálacha tionchar ar phraghsanna ionchur agus tráchtearraí talmhaíochta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2025 chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtachta is dócha a bheidh ag táirgeoirí talmhaíochta ar fud an Aontais.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta agus ón gCoiste um an gComhbheartas Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116, i leith na bliana éilimh 2025, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 70 % a íoc le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha faoi Theideal III, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115, agus le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

2.   De mhaolú ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116, i leith na bliana éilimh 2025, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 85 % a íoc i leith na tacaíochta arna deonú faoi idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Theideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/228/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéach is lú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/229/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1796/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)