|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1782 |
10.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1782 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Meán Fómhair 2025
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti crágach cróimiam de DL-meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh salmainidí (sealbhóir an údaraithe: Zinpro Animal Nutrition Europe, Inc)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar údarú ullmhóide arb é atá inti crágach cróimiam de DL-meitiainín (‘an ullmhóid’). Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide mar bhreiseán beathaithe le haghaidh salmainidí, agus iarrtar ann an breiseán sin a aicmiú sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 28 Feabhra 2025 (2) go bhfuil an ullmhóid sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoir craicinn ná súl í an ullmhóid ach go meastar gur íogróir craicinn agus riospráide í, agus go meastar gur rioscaí iad ionanálú na hullmhóide agus a nochtadh don chraiceann. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtúil maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht shalmainidí, d’ainneoin gur thug sé dá aire gur léiríodh i staidéar amháin cóimheas níos measa idir beatha agus breisiú meáchain i gcomparáid leis an ngrúpa rialaithe i gcás inar tugadh do bhradáin í ar an leibhéal úsáide is airde atá beartaithe. Níor mheas sé go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú an bhreiseáin chéanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 30 Eanáir 2020 (3), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid arb é atá inti crágach cróimiam de DL-meitiainín na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, arb ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9310, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9310.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(2):6026, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6026.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhm a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||||||||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4d30 |
Zinpro Animal Nutrition Europe, Inc |
Crágach cróimiam de DL-meitiainín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid de na substaintí seo a leanas:
Eisíontais:
Foirm sholadach. Saintréithriú na substainte gníomhaí Crágach cróimiam de DL-meitiainín:
Modh anailíse (1)
|
Salmainidí |
— |
200 |
600 |
|
30 Meán Fómhair 2035 |
||||||||||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1782/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)