|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1760 |
1.9.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1760 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Lúnasa 2025
lena gcinntear faoi Airteagal 41(1) de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an bhfuil údar le beart a rinne an Fhrainc maidir le Apple iPhone 12 A2403
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5736)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (1), agus go háirithe Airteagal 41(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
An 5 Deireadh Fómhair 2023, thug an Fhrainc fógra, trí bhíthin a húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, Agence Nationale des Fréquences (‘ANFR’), i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir 2014/53/AE agus trí bhíthin an chórais faisnéise agus chumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘ICSMS’), maidir le beart chun an guthán póca ‘iPhone 12 A2403’ arna mhonarú ag Apple Inc. (‘Apple’) a tharraingt siar ó mhargadh na Fraince (3) (‘an beart náisiúnta’). |
|
(2) |
Ghlac an Fhrainc, trí ANFR, an beart náisiúnta ar an bhforas go sáraíonn an iPhone 12 A2403 an teorainnluach 4 W/kg, arb é sin an teorainnluach le haghaidh ráta ionsúcháin sonrach (RIS) ar ghéaga a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 (4) lena léirítear na teorainneacha a bunaíodh i Moladh 1999/519/CE ón gComhairle (5). I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2014/53/AE, is éard a thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin, más rud é go gcuireann monaróir i bhfeidhm é (6), go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha. Is é RIS an ráta ag a n-ionsúnn corp an duine fuinneamh leictreamaighnéadach arna astú ag gaireas gan sreang, arna shloinneadh i gcumhacht ionsúite in aghaidh aonadmhaise fíocháin (W/kg) (7). |
|
(3) |
Thug ANFR le fios nach ndearna neamhchomhlíonadh an teorainnluacha sin difear do shamhlacha iPhone 12 Mini, Pro agus Pro Max. Tháinig ANFR ar an gconclúid nach gcomhlíonann iPhone 12 A2403 an ceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE, a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine agus ainmhithe clóis a chosaint. |
|
(4) |
Ós rud é gur cuireadh an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas faoin mbeart náisiúnta an 5 Deireadh Fómhair 2023, d’fhéadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt sin go dtí an 3 Eanáir 2024, i gcomhréir le hAirteagal 40(7) de Threoir 2014/53/AE. |
|
(5) |
An 24 Deireadh Fómhair 2023, chuir Éire, trína húdarás ábhartha um fhaireachas margaidh, is é sin an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (‘ComReg’), agóid isteach trí bhíthin ICSMS maidir leis an mbeart náisiúnta. |
|
(6) |
San agóid fhoirmiúil sin, tháinig ComReg ar an gconclúid go raibh an iPhone 12 A2403 i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE. |
|
(7) |
Tar éis na hagóide a rinneadh i gcoinne an bhirt náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 40(7) de Threoir 2014/53/AE, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ANFR, ComReg agus Apple chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 41(1), an chéad fhomhír, den Treoir sin. |
|
(8) |
I gcruinniú de Ghrúpa Comhair Riaracháin údarás um fhaireachas margaidh in earnáil an trealaimh raidió (ADCO RED) a tionóladh an 18 agus an 19 Deireadh Fómhair 2023, chuir ANFR an beart náisiúnta faoi bhráid údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát. D’fhreastail an Coimisiún ar an gcruinniú mar bhreathnóir. |
|
(9) |
Ag an gcruinniú ar líne den Choiste um Measúnú Comhréireachta Teileachumarsáide agus Faireachas Margaidh (TCAM), a tionóladh an 30 Samhain 2023, chuir ANFR forléargas ar an mbeart náisiúnta i láthair na mBallstát. Sholáthair an Coimisiún míniú ar an nós imeachta um chlásal cosanta faoi Chaibidil V de Threoir 2014/53/AE. |
|
(10) |
An 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2023, tionóladh cruinniú ar líne de ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le trealamh raidió (E03587). Iarradh ar Apple páirt a ghlacadh sa phlé maidir leis an iPhone 12 A2403 a bhí ar siúl le linn an chruinnithe sin. Go sonrach, dúirt Apple nach léirítear úsáid bheartaithe an táirge leis na tástálacha a rinne ANFR agus go bhféadfadh torthaí earráideacha a bheith mar thoradh orthu. |
|
(11) |
An 5 Eanáir 2024, sheol ANFR litir chuig an gCoimisiún inar chuir sé in iúl nár cheart seasamh leis an agóid a rinne ComReg maidir leis an mbeart náisiúnta. |
|
(12) |
I litir dar dáta an 8 Márta 2024, d’iarr an Coimisiún ar ANFR a bharúlacha a chur isteach agus freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna maidir leis an mbeart náisiúnta. D’fhreagair ANFR trí ríomhphost an 25 Márta 2024. Tar éis ceisteanna forlíontacha a chuir an Coimisiún an 3 Bealtaine 2024, sheol ANFR faisnéis bhreise trí ríomhphost an 14 Bealtaine 2024. An dáta céanna, tionóladh cruinniú ar líne idir an Coimisiún agus ANFR, inar ghlac an tsaotharlann neamhspleách CETECOM ADVANCED GmbH (‘CETECOM’), atá creidiúnaithe faoi chaighdeán EN ISO/IEC 17025:2017 (8), páirt freisin. Le linn an chruinnithe ar líne sin, agus trí ríomhphost a seoladh ar an dáta céanna freisin, chuir an Coimisiún ANFR ar an eolas faoi bhailíocht na hagóide a rinne ComReg. |
|
(13) |
I litir dar dáta an 22 Aibreán 2024, d’iarr an Coimisiún ar Apple a bharúlacha maidir leis an mbeart náisiúnta a chur isteach agus ceisteanna a fhreagairt chun a sheasamh agus a bharúlacha a shoiléiriú. Chuir Apple a bharúlacha agus a fhreagraí isteach trí ríomhphost an 12 Bealtaine 2024. Mar obair leantach, thionóil an Coimisiún agus Apple cruinniú ar líne an 4 Meitheamh 2024. An 3 Meitheamh 2024, chuir an Coimisiún ceisteanna breise chuig Apple maidir le gnéithe teicniúla éagsúla ar sheol Apple freagraí agus soiléirithe orthu an 18 Meitheamh 2024 trí ríomhphost. |
|
(14) |
An 4 Iúil 2024, thionóil an Coimisiún cruinniú ar líne le ComReg chun an beart náisiúnta a phlé. Chuir ComReg ráiteas i scríbhinn isteach an 8 Iúil 2024. Cuireadh i dtábhacht sa ráiteas sin go ndearna Apple tástáil ar an iPhone 12 A2403 i gcomhar le comhlacht faoina dtugtar fógra agus go bhfuarthas amach go raibh sé laistigh de theorainneacha géaga RIS (9). |
2. CÚLRA
|
(15) |
Cuireadh samhail iPhone 12 A2403 ar mhargadh an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2020. Is é an chéad samhail iPhone é a bhfuil teicneolaíocht 5G aige agus, nuair a thug ANFR fógra faoin mbeart náisiúnta, bhí sé fós á dhíol ar mhargadh an Aontais. |
|
(16) |
Rinne Apple an fheidhm ‘Brath Coirp’, mar a thugtar uirthi, a ionchorprú san iPhone 12 A2403. Trí bhíthin na meicníochta sin, nuair a bhraitheann an gaireas gluaiseacht, measann sé go bhfuil sí á húsáid i dteagmháil le corp an duine, agus ar an gcaoi sin déantar an fheidhm ‘Brath Coirp’ a shocrú ag staid ‘ar an gcorp’. Is é an cuspóir atá ann cumhacht astaithe a laghdú agus, dá réir sin, meánleibhéal RIS a laghdú ionas go gcomhlíonfaidh an gaireas sin teorainneacha ábhartha RIS a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017. |
|
(17) |
I mí Iúil 2022, rinne ANFR na chéad tomhais RIS ar an iPhone 12 A2403, chun a chinneadh an gcomhlíonann an gaireas na teorainneacha a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017. |
|
(18) |
Tháinig ANFR ar an gconclúid, tar éis tomhas RIS a dhéanamh, gur sháraigh an gaireas teorainn géaga RIS a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe ábhartha. De réir chaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017, socraítear teorainn géaga RIS ag 4 W/kg. Tháinig ANFR ar an gconclúid go raibh luach coinnithe 5,615 W/kg ag baint le tomhas géaga RIS, rud a bhí i bhfad thar theorainn an chaighdeáin dá bhrí sin. |
|
(19) |
Chuir Apple i gcoinne na gconclúidí sin, trí na nithe seo a leanas a mhaíomh:
|
|
(20) |
Tar éis plé idir ANFR agus Apple, mhol Apple tomhais RIS a dhéanamh an athuair faoi nós imeachta tástála sonrach (ar a dtugtar ‘prótacal 1’), nós imeachta a cuireadh in iúl do ANFR i mí Feabhra 2023. |
|
(21) |
Bhí na saintréithe seo a leanas ag Prótacal 1:
|
|
(22) |
Níor ghlac ANFR le prótacal 1 ar na forais seo a leanas:
|
|
(23) |
I mí an Mheithimh 2023, mar gheall ar an easpa comhaontaithe idir ANFR agus Apple maidir le prótacal 1, mhol Apple an dara nós imeachta tomhais (ar a dtugtar ‘prótacal 2’), a raibh na saintréithe seo a leanas aige:
|
|
(24) |
Ghlac ANFR leis an nós imeachta tomhais a dtugtar tuairisc air i bprótacal 2 agus chinn sé an modh a úsáid lena mbaineann socrú sonrach aeróg an ionsamhlóra líonra. |
|
(25) |
I mí Lúnasa 2023, d’iarr ANFR ar CETECOM tomhais RIS a dhéanamh ar an iPhone 12 A2403 i gcomhréir le prótacal 2 ar shamplaí éagsúla. Tháinig CETECOM ar an gconclúid go raibh an iPhone 12 A2403 fós neamhchomhlíontach faoi phrótacal 2 (5,740 W/kg). |
|
(26) |
An 12 Meán Fómhair 2023, ghlac an Fhrainc, trí ANFR, cinneadh náisiúnta lena n-ordaítear an iPhone 12 A2403 a tharraingt siar ó mhargadh na Fraince. Glacadh an cinneadh sin ar an bhforas gur dhiúltaigh Apple nuashonrú bogearraí a thairiscint chun go mbeadh an táirge comhlíontach, mar a dhéanann monaróirí eile de ghnáth, de réir ANFR. |
|
(27) |
Mar thoradh ar na hábhair imní a chuir ANFR in iúl agus ar bheart sriantach a glacadh ina dhiaidh sin, chuir Apple in iúl go n-eiseodh sé nuashonrú bogearraí d’úsáideoirí iPhone 12 A2403 sa Fhrainc chun staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú go buan. Leis an nuashonrú sin ar an iPhone 12 A2403 laghdófaí an chumhacht astaithe, agus dá réir sin, leibhéal RIS, ar bhonn buan. Dúirt Apple freisin nach gcuirfí an nuashonrú sin ar fáil i mBallstáit eile ós rud é gur mheas sé go raibh an iPhone 12 A2403 i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE agus go raibh an beart náisiúnta gan bhunús. |
|
(28) |
Léirigh tomhais nua a rinne CETECOM i mí Mheán Fómhair 2023 go gcomhlíonann an iPhone 12 A2403 a ritheann na bogearraí nuashonraithe (iOS 17.1) teorainnluach RIS a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017. Rinneadh na tomhais sin le trealamh tástála lena n-ionsamhlaítear líonra móibíleach atá lonnaithe sa Fhrainc. |
|
(29) |
Tar éis eisiúint an nuashonraithe bogearraí, mheas ANFR go raibh na gairis a raibh na bogearraí nuashonraithe (iOS 17.1) ag feidhmiú ina leith chun staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú go buan comhlíontach toisc gur léiríodh go gcomhlíonann na gairis sin an teorainn RIS ábhartha a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017. |
|
(30) |
Chuir ANFR in iúl, áfach, gur chuir Apple in iúl dó, an 4 Deireadh Fómhair 2023, nach mbeadh an nuashonrú bogearraí ceartaitheach ag feidhmiú ach amháin ar chríoch na Fraince. Le linn chruinniú sheirbhísí an Choimisiúin le Apple, a tionóladh an 4 Meitheamh 2024, dheimhnigh Apple nach mbeadh an nuashonrú bogearraí ceartaitheach ag feidhmiú ach amháin ar chríoch na Fraince. |
|
(31) |
Ceanglaítear le hAirteagal 40(3) de Threoir 2014/53/AE go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach i leith trealamh raidió neamhchomhlíontach ar fud an Aontais. Más é atá i gceist leis an ngníomhaíocht a dhéantar le haghaidh gairis nach bhfuil comhlíontach, mar shampla, nuashonrú bogearraí a chur chun feidhme, is féidir a mheas go bhfuil an ghníomhaíocht sin ceartaitheach má chuirtear an nuashonrú bogearraí, i.e. bogearraí ceartaitheacha, ar fáil agus má tá sé ag feidhmiú ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, go gcuirtear ar fáil é le haghaidh na ngaireas gaolmhar uile atá ag oibriú san Aontas. |
|
(32) |
Sa chomhthéacs sin, an ghníomhaíocht a rinneadh le haghaidh gairis iPhone 12 A2403, chun nuashonrú bogearraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú go buan, ionas gur féidir leis na gairis sin na teorainneacha ábhartha RIS a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, a bheith comhlíontach, ní féidir a mheas gur gníomhaíocht cheartaitheach í ach amháin nuair a chuirtear an nuashonrú bogearraí sin ar fáil i gcríoch uile an Aontais. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil gairis den sórt sin neamhchomhlíontach ní hamháin nuair nach bhfuil bogearraí ceartaitheacha den sórt sin suiteáilte acu ach freisin nuair a shuiteáiltear bogearraí den sórt sin ach nuair atá buanghníomhachtú na ‘Feidhme um Brath Coirp’ ag feidhmiú sa Fhrainc amháin, agus ní san Aontas ar fad. |
|
(33) |
An 5 Deireadh Fómhair 2023, d’ionchódaigh ANFR an beart náisiúnta maidir le ICSMS, lenar tionscnaíodh an tréimhse agóide 3 mhí i ndáil le gutháin iPhone 12 A2403 a oibríonn gan an nuashonrú bogearraí (iOS 17.1) agus mar thoradh air sin nach bhfuil staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ gníomhachtaithe go buan iontu. |
3. ARGÓINTÍ NA bPÁIRTITHE
3.1. ANFR
3.1.1. Pointe nós imeachta
|
(34) |
I litir dar dáta an 5 Eanáir 2024 a sheol ANFR chuig an gCoimisiún, chuir ANFR in iúl nár cheart seasamh leis an agóid a rinne Éire, trí ComReg, maidir leis an mbeart náisiúnta. |
|
(35) |
De réir ANFR, níl bunús leis an agóid sin agus tá sí bunaithe ar anailís ar an doiciméadacht theicniúil amháin agus ar na tuarascálacha tomhais arna ndéanamh ag comhlacht faoina dtugtar fógra agus arna gcur in iúl ag an monaróir. Is é sin le rá, dúirt ANFR nach ndearna údaráis ábhartha na hÉireann imscrúdú teicniúil ná nach ndearna siad aon tástáil. |
3.1.2. Pointí substainteacha
|
(36) |
Thagair ANFR ar dtús don chomhthéacs ginearálta le haghaidh tomhais RIS agus mhínigh sé go ndéantar na tomhais sin go córasach le haghaidh ceann, corp agus géaga le haghaidh fóin chliste. Ansin, thug ANFR forléargas ar an slabhra imeachtaí agus fíricí, i.e. na dátaí sonracha ar a ndearnadh tástálacha ábhartha agus na bearta a rinneadh, a bhfuil achoimre orthu sa roinn roimhe seo. |
|
(37) |
Chuir ANFR i dtábhacht go ndéantar tomhais RIS trí bhíthin saotharlann chreidiúnaithe agus nach bhfuil aon rialachán náisiúnta sonrach infheidhme sa Fhrainc maidir le RIS, ina leagtar amach, maidir le tomhais RIS, go gcuirtear i bhfeidhm na teorainneacha a leagtar amach i Moladh 1999/519/CE, a chomhfhreagraíonn do na teorainneacha a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017, agus go leantar iad nuair a dhéanann saotharlann tástálacha le haghaidh ANFR. Thairis sin, chuir ANFR in iúl go ndearna CETECOM na tástálacha le haghaidh an iPhone 12 A2403, atá creidiúnaithe faoi chaighdeán EN ISO/IEC 17025. |
|
(38) |
Ina theannta sin, mar fhreagra ar cheisteanna a chuir seirbhísí an Choimisiúin isteach, chuir ANFR na sonraí seo a leanas ar fáil maidir leis na tomhais RIS a rinneadh sa Fhrainc:
|
|
(39) |
Thug ANFR le fios go laghdaíonn an iPhone 12 A2403 an chumhacht a astaítear nuair a bhraitheann sé gluaiseacht toisc, i gcás den sórt sin, go measann an gaireas go bhfuil sé á úsáid i dteagmháil le corp an duine. Léiríonn an cur chuige sin úsáid an táirge atá measartha intuartha, de réir an mhonaróra. Ní dhearna ANFR agóid i gcoinne na teicníce rialaithe cumhachta ar a dtugtar tuairisc mar choincheap. Mar sin féin, mheas ANFR nach raibh sé cumraithe i gceart. Go sonrach, thug ANFR faoi deara nach laghdaíonn an gaireas an chumhacht go leordhóthanach i gcónaí nuair a bhraitheann sé gluaiseacht. |
|
(40) |
De réir ANFR, rinne CETECOM an chéad tomhas RIS ar an iPhone 12 A2403 i mí Iúil 2022, agus bhí toradh air sin a sháraigh teorainn géaga RIS. Go sonrach, mar a luaigh ANFR, léirigh tomhas géaga RIS luach coinnithe 5,615 W/kg. |
|
(41) |
Maidir leis an tomhas RIS sin, ghlac ANFR an seasamh seo a leanas:
|
|
(42) |
Thagair ANFR ansin do phrótacal 1 a mhol Apple. Shoiléirigh ANFR nach raibh an chumraíocht shonrach chun a áirithiú go dtomhaistear an uaschumhacht, mar a mholtar faoi phrótacal 1, ionadaíoch ar an úsáid measartha intuartha, agus go bhféadfaí í a mheas mar bhealach saorga chun pas a fháil sa tástáil. |
|
(43) |
Dheimhnigh ANFR, tar éis prótacal 1 a dhiúltú, gur mhol Apple prótacal 2. De réir ANFR, bhí an prótacal sin i gcomhréir níos mó leis an méid a bhfuil coinne leis ó thástáil agus na dálaí atá measartha intuartha á gcur san áireamh. Mar sin féin, trí phrótacal 2 a leanúint, thug ANFR dá aire gur léirigh tomhas géaga RIS a rinne an tsaotharlann chreidiúnaithe CETECOM go raibh an neamhchomhlíonadh fós ann. Sáraíodh an teorainn 4 W/kg trí úsáid an iPhone 12 A2403 sa Fhrainc a ionsamhlú, agus go sonrach, le tomhas géaga RIS fuarthas luach coinnithe 5,740 W/kg (12) (cé gur léirigh an chéad tomhas a rinneadh luach 5,615 W/kg) (13). Thángthas ar an gconclúid i dtástálacha breise a rinne ANFR gur sháraigh tomhas géaga RIS an luach molta trí úsáid iPhone 12 in dhá Bhallstát eile a ionsamhlú. |
|
(44) |
Ina theannta sin, rinne ANFR tástáil ina saotharlann inmheánach (14) ar shampla difriúil agus úsáid á baint as an bprótacal céanna 2, rud a d’fhág freisin nár comhlíonadh teorainnluach géaga RIS. |
|
(45) |
A mhéid a bhaineann leis na bogearraí nuashonraithe nua a chuir Apple ar fáil, dúirt ANFR gur glacadh cinneadh náisiúnta chun beart sealadach a ghlacadh lenar ordaíodh an iPhone 12 A2403 a tharraingt siar ó mhargadh na Fraince. Glacadh an cinneadh náisiúnta ar an bhforas, mar a luaigh ANFR, gur dhiúltaigh Apple arís is arís nuashonrú bogearraí a thairiscint chun go mbeadh an táirge comhlíontach, mar a dhéanann monaróirí eile de ghnáth. |
|
(46) |
Dheimhnigh ANFR gur féidir leis na bogearraí ceartaitheacha a sholáthair Apple ar deireadh a bheith inghlactha agus gur féidir leo comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i dTreoir 2014/53/AE a áirithiú. Go sonrach, cuireann an beart nithiúil a chuirtear chun feidhme sna bogearraí sin teorainn le cumhacht an ghairis i ngach cás úsáide, agus ar an gcaoi sin déantar comhlíontacht a athbhunú agus níl comhlíontacht an ghairis ag brath a thuilleadh ar a fheidhmíocht maidir le corp an duine a bhrath. Thug ANFR dá aire nár sholáthair Apple an nuashonrú bogearraí ceartaitheacha ach amháin le haghaidh ghutháin iPhone 12 A240 a bhí á n-oibriú ar mhargadh na Fraince agus ar an gcúis sin rinneadh an beart náisiúnta a ionchódú ar ICSMS, rud a chuir tús leis an tréimhse agóide 3 mhí. |
3.2. ComReg
|
(47) |
De réir na hagóide a rinne Éire, trí ComReg, rinne ComReg réamh-imscrúdú ar an iPhone 12 A2403, a fuair doiciméadacht agus torthaí tástála teicniúla ó Apple a léiríonn go gcomhlíonann an trealamh raidió sin na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i dTreoir 2014/53/AE. Go sonrach, is mar seo a leanas a bhí an agóid a chuir Éire isteach, trí ComReg: ‘ Déanann ComReg agóid i gcoinne an bhirt a rinne ANFR i ndáil le iPhone 12 Apple an 12 Meán Fómhair 2023 ar na forais a leagtar amach thíos:
|
|
(48) |
Thug ComReg dá aire, nuair a rinne Apple tástáil ar an iPhone 12 A2403 i gcomhar le comhlacht cláraithe faoina dtugtar fógra (15), gur cinneadh go raibh an gaireas laistigh de theorainn géaga RIS. Ní dhearna ComReg, áfach, aon tástáil theicniúil ar an iPhone 12 A2403. Thairis sin, níor luaigh ComReg aon easnamh i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 i ndáil lena chuspóir tabhairt le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach arb é is aidhm dó a chumhdach agus comhlíonadh an cheanglais fhíor-riachtanaigh faoi Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE a léiriú nuair a chuirtear an caighdeán comhchuibhithe sin i bhfeidhm. |
3.3. Apple
|
(49) |
Dar le Apple go bhfuil an iPhone 12 A2403 sábháilte le húsáid agus bhí sé i gcónaí amhlaidh. Go sonrach, de réir Apple, deimhníodh agus aithníodh go gcomhlíonann iPhone 12 A2403, a seoladh in 2020, na rialacháin agus na caighdeáin RIS uile is infheidhme ar fud an domhain. Dúirt Apple freisin nach ndearnadh a mheicníocht rialaithe cumhachta a nuashonrú ar bhealach ar bith ó seoladh é. |
|
(50) |
Chuir Apple in iúl don Choimisiún go bhfuil meicníochtaí teicniúla ag an iPhone 12 A2403 lena rialaítear an chumhacht astaithe bunaithe ar pharaiméadair áirithe. Dá réir sin, rialaítear leibhéal RIS leis na meicníochtaí sin. Feidhmiú na meicníochtaí sin, is rud é sin atá dílsithe do Apple agus níor nochtadh ina iomláine don Choimisiún é. |
|
(51) |
Dar le Apple nach ábhar imní comhlíontachta é cinneadh ANFR maidir leis an iPhone 12 A2403, ach is toradh é ar chur chun feidhme earráideach líomhnaithe an phrótacail tástála. Go sonrach, measann Apple nach spreagann an tástáil a dhéanann ANFR an mheicníocht rialaithe cumhachta ar bhealach cuí, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le heaspa comhlíontachta le teorainn géaga RIS. Dúirt Apple gur éirigh leis an iPhone 12 A2403 i dtástáil ag fad deighilte 5 mm (a cheadaítear le caighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017), arna chur i gcrích ag ANFR an 21 Nollaig 2021. Dúirt Apple nár chomhlíon an iPhone 12 A2403 an nós imeachta tástála a rinne ANFR ach amháin le haghaidh nochtadh géaga ag 0 mm nuair a bhí an guthán teannta go docht leis an tsamhail chomhréidh. Ní léiríonn an cás deireanach sin, de réir Apple, úsáid bheartaithe an ghairis ós rud é nach gcruthaítear aon ghluaiseacht leis chun an fheidhm ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú. I bhfocail eile, mar a luaigh Apple, sa chás a dtugtar tuairisc air, ní dhéantar an teagmháil le corp an duine a ionsamhlú i gceart. |
|
(52) |
Dúirt Apple freisin go bhfuil an fheidhm ‘Brath Coirp’ á húsáid i ngach guthán iPhone le breis agus 10 mbliana agus go ndearnadh tástáil agus deimhniú go críochnúil air mar mheicníocht éifeachtach rialaithe cumhachta chun ceanglais RIS a chomhlíonadh. Thug Apple le fios gur chuir siad roinnt tuarascálacha ar fáil do ANFR ar thástálacha a rinne saotharlanna tríú páirtí neamhspleácha, lenar cruthaíodh feidhmiú iomchuí na feidhme ‘Brath Coirp’, lenar cruthaíodh, ina dhiaidh sin, comhlíontacht le teorainneacha géaga RIS. |
|
(53) |
Thug Apple le fios gur fhorbair sé uirlis tástála dílsithe chun an fheidhm ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú le linn na dtástálacha, agus é á chur i dtábhacht go meastar go bhfuil gá le huirlis den sórt sin. Thug Apple le fios freisin gur mhol monaróir trealaimh tástála RIS uirlis den sórt sin a úsáid. |
|
(54) |
Mheas Apple go raibh na tástálacha a rinne ANFR nó a rinneadh thar a cheann faoi phrótacal 2 earráideach ar na forais seo a leanas:
|
4. MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN
4.1. Nós imeachta
|
(55) |
Scrúdaigh an Coimisiún ar dtús an tuairim a chuir ANFR in iúl, ina litir dar dáta an 5 Eanáir 2024, nár cheart seasamh leis an agóid a rinne Éire, trí ComReg, i ndáil leis an mbeart náisiúnta toisc nach ndearna údaráis ábhartha na hÉireann imscrúdú domhain. |
|
(56) |
Faoi Airteagal 40(7) de Threoir 2014/53/AE, i gcás nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid, mar a shonraítear san fhoráil sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an trealamh raidió a tharraingt siar ón margadh, i leith an trealaimh raidió lena mbaineann gan mhoill. Mar sin féin, de réir Airteagal 41(1) de Threoir 2014/53/AE, má rinneadh agóid, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus tá sé le meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, tá an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta. |
|
(57) |
Cé nach bhfuil díospóid ann nach bhfuil sonraí teicniúla ná réasúnuithe teicniúla san áireamh san agóid a rinne Éire, trí ComReg, bunaithe ar Airteagal 40(6) agus (7) de Threoir 2014/53/AE agus i bhfianaise an chásdlí ábhartha (go háirithe Cás t-349/21 (16)), is leor an agóid a rinne Éire, trí ComReg, chun oibleagáid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagail 40(7) agus 41(1) den Treoir sin cinneadh cur chun feidhme a eisiúint faoi Airteagal 41(1) den Treoir sin a ghníomhachtú. |
|
(58) |
I gCás t-349/21 mhaígh an Chúirt Ghinearálta nach leagtar síos le Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) aon cheanglas formáide ar leith a mhéid a bhaineann leis an gcaoi a bhféadfaidh Ballstát agóidí a fhoirmliú. Ar an gcaoi chéanna, ní fhorchuirtear le Treoir 2014/53/AE aon fhormáid shonrach maidir leis an gcaoi ar féidir agóidí den sórt sin a fhoirmliú, agus mar sin is féidir cinneadh na Cúirte a chur i bhfeidhm maidir léi. |
|
(59) |
Faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, aon agóid a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta cosanta is infheidhme i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge, agus aon obair leantach ina dhiaidh sin, tá siad le cur isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear san Airteagal sin (i.e. ICSMS). I ndáil leis sin, chuir Éire isteach, trí ComReg, an agóid a rinne sí i ndáil leis an mbeart náisiúnta in ICSMS. |
|
(60) |
Le linn an chruinnithe ar líne an 14 Bealtaine 2024 le ANFR, agus freisin trí ríomhphost a seoladh an dáta céanna, chuir an Coimisiún ANFR ar an eolas faoi bhailíocht na hagóide a rinne ComReg agus faoin oibleagáid atá ar an gCoimisiún cinneadh cur chun feidhme a eisiúint. |
4.2. Barúlacha maidir leis na bogearraí ceartaitheacha
|
(61) |
Mar gheall ar na hábhair imní a chuir ANFR in iúl agus ar an mbeart náisiúnta ina dhiaidh sin, d’eisigh Apple nuashonrú bogearraí d’úsáideoirí iPhone 12 A2403 sa Fhrainc chun staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú go buan. |
|
(62) |
Ní dhearnadh na modhnuithe a dtugtar tuairisc orthu ar fheidhmiú na feidhme ‘Braith Coirp’ ach amháin ar ghairis iPhone 12 A2403 a oibríonn i líonraí ceallacha atá lonnaithe sa Fhrainc (18). Dar le Apple nach gcuirfí an nuashonrú sin ar fáil d’úsáideoirí uile an Aontais ós rud é gur mheas Apple go raibh an iPhone i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE agus go raibh an beart náisiúnta gan bhunús. |
|
(63) |
Tugann an Coimisiún faoi deara, tar éis eisiúint an nuashonraithe bogearraí, agus mar a deimhníodh leis na tástálacha breise a rinne ANFR, nár tháinig aon athrú ar iompair iPhone 12 A2403 a bhaineann le RIS sa chuid eile den Aontas. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh easpa comhlíontachta a bheith ann i bhformhór an Aontais fós. |
|
(64) |
Faoi Airteagal 40(3) de Threoir 2014/53/AE, ní mór aon ghníomhaíocht cheartaitheach a bheith ar fáil ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, na bearta ceartaitheacha a rinne Apple, trí na bogearraí nua (iOS 17.1) a chur ar fáil lena ngníomhachtaítear go buan staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ ar ghairis a oibríonn i líonraí ceallacha atá lonnaithe sa Fhrainc, níl siad i gcomhréir leis an Airteagal sin. |
|
(65) |
Maidir leis an mbeart náisiúnta i ndáil le hoibriú an iPhone 12 A2403 gan an nuashonrú bogearraí chun staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’ a ghníomhachtú go buan, ós rud é go ndearnadh é a ionchódú in ICSMS agus nár tharraing an Fhrainc siar é, tá oibleagáid fós ar an gCoimisiún cinneadh cur chun feidhme a eisiúint faoi Airteagal 41(1) de Threoir 2014/53/AE. |
4.3. Pointí substainteacha
4.3.1. Forálacha na Treorach maidir le Trealamh Raidió
|
(66) |
Bunaítear le Treoir 2014/53/AE creat rialála chun trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i seirbhís san Aontas. |
|
(67) |
Le hAirteagal 6 de Threoir 2014/53/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear trealamh raidió ar fáil ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sé an Treoir sin. Ina theannta sin, de réir Airteagal 9 de Threoir 2014/53/AE, ní chuirfidh na Ballstáit bac, ar chúiseanna a bhaineann le gnéithe a chumhdaítear leis an Treoir sin, ar threalamh raidió a chomhlíonann an Treoir sin a chur ar fáil ar an margadh ar a gcríoch. |
|
(68) |
Leagtar amach na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí agus trealamh raidió á chur ar mhargadh an Aontais acu in Airteagal 10 de Threoir 2014/53/AE. Ceanglaítear le hAirteagal 10 den Treoir sin, chomh maith le nithe eile, go n-áiritheoidh monaróirí, agus a dtrealamh raidió á chur ar an margadh acu, gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin. |
|
(69) |
Leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE ceanglais fhíor-riachtanacha chun cosaint sláinte agus sábháilteachta a áirithiú, chomh maith le gnéithe áirithe eile de chosaint leas an phobail. De réir Airteagal 3(1), pointe (a), den Treoir sin, tá trealamh raidió le déanamh ar bhealach lena n-áirithítear cosaint sláinte agus sábháilteachta daoine agus ainmhithe clóis agus cosaint maoine, lena n-áirítear na cuspóirí a bhaineann leis na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), ach gan aon teorainn voltais i bhfeidhm. Faoi phointe 2(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE, ní mór bearta de chineál teicniúil a dhéanamh ionas nach dtáirgfear radaíocht a bheadh ina cúis contúirte. |
|
(70) |
Mar a fhoráiltear in Airteagal 17(1) de Threoir 2014/53/AE, tá monaróir le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an trealamh raidió d’fhonn na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin a chomhlíonadh. Leis an measúnú comhréireachta, cuirfear san áireamh na dálaí oibriúcháin uile atá beartaithe agus, i gcás an cheanglais fhíor-riachtanaigh a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a), den Treoir sin, i.e. na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht, tá na dálaí atá measartha intuartha le cur san áireamh sa mheasúnú freisin. Ina theannta sin, i gcás ina bhféadfaidh sé go mbeidh an trealamh raidió i gcumraíochtaí éagsúla, deimhneofar leis an measúnú comhréireachta an gcomhlíonann an trealamh raidió na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin sna cumraíochtaí ar fad a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(71) |
Faoi Airteagal 40(1) de Threoir 2014/53/AE, i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit lena chreidiúint go mbaineann riosca le trealamh raidió a chumhdaítear leis an Treoir sin do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile de chosaint leas an phobail a chumhdaítear leis an Treoir sin, nó tar éis na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) nach gcomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE, tá siad le meastóireacht a dhéanamh i ndáil leis an trealamh raidió lena mbaineann lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE. Má chinneann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach gcomhlíonann an trealamh raidió na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an trealamh raidió a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin, an trealamh raidió a tharraingt siar ón margadh, nó é a aistarraingt laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh siad. |
4.3.2. Teorainneacha RIS
|
(72) |
Leagtar amach i Moladh 1999/519/CE teorainneacha maidir le nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP). Maidir le trealamh raidió a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus atá beartaithe lena úsáid ag an bpobal i gcoitinne, leagtar amach na teorainneacha sin sna caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE (21) agus a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 ón gCoimisiún (22). |
|
(73) |
De bhun Airteagal 16 de Threoir 2014/53/AE, trealamh raidió atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe (nó codanna díobh), ar foilsíodh na tagairtí dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin. |
|
(74) |
Le caighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017, lena dtugtar le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach a bhfuil sé d’aidhm aige a chumhdach, leagtar amach teorainnluach géaga RIS ag 4W/kg, lena léirítear an teorainn ábhartha a leagtar síos i Moladh 1999/519/CE ón gComhairle, chun a léiriú go gcomhlíontar an ceanglas fíor-riachtanach a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE, a mhéid a bhaineann le teorainnluach RIS le haghaidh géaga. |
|
(75) |
I ndearbhú comhréireachta AE Apple le haghaidh an iPhone 12 A2403, arna tharraingt suas de bhun Airteagal 18 de Threoir 2014/53/AE, rinneadh tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin agus, dá bhrí sin, chuir Apple an caighdeán comhchuibhithe sin i bhfeidhm, lena dtugtar le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach a bhfuil sé d’aidhm aige a chumhdach, chun comhréireacht leis an gceanglas fíor-riachtanach atá i gceist a léiriú. |
|
(76) |
Ní raibh díospóid ag na Ballstáit gur féidir le gaireas, trí theorainnluachanna géaga RIS a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 lena léirítear an teorainn ábhartha a bunaíodh i Moladh 1999/519/CE ón gComhairle a chomhlíonadh, a bheith i gcomhréir leis an gceanglas fíor-riachtanach a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE, a mhéid a bhaineann le teorainnluach RIS le haghaidh géaga. |
|
(77) |
Thairis sin, le linn na gcruinnithe ar líne a tionóladh le Apple, a luaitear thuas, níor thug Apple le fios riamh go raibh conspóid ann maidir leis na teorainneacha, mar a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 iad. Ina theannta sin, níor cheistigh Apple go dtabharfaí le tuiscint le sárú den sórt sin le haghaidh teorainn géaga RIS nach bhfuil an ceanglas fíor-riachtanach sin faoi Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE á chomhlíonadh, go sonrach, ach dhírigh sé ina ionad sin ar cheistiú a dhéanamh ar an gcaoi ar chuir ANFR prótacal tomhais 2 i bhfeidhm nó ar cuireadh prótacal tomhais 2 i bhfeidhm thar a cheann. |
|
(78) |
Dá bhrí sin, níl aon amhras ann go bhfuil gaireas, nuair a chomhlíonann sé an teorainn ábhartha RIS a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017, i gcomhréir leis an gceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE maidir le sláinte agus sábháilteacht daoine agus ainmhithe clóis a chosaint a mhéid a bhaineann le teorainnluach RIS le haghaidh géaga. |
|
(79) |
Tá sé doshéanta freisin go léireodh sárú mór ar theorainnluach géaga RIS (os cionn 40 %), mar atá i gcás na dtástálacha a rinne CETECOM ar an iPhone 12 A2403, nach gcomhlíonann an gaireas lena mbaineann an ceanglas fíor-riachtanach atá i gceist. |
|
(80) |
A mhéid a bhaineann le tomhais RIS chun comhlíonadh trealaimh a léiriú, foráiltear le caighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 go bhfuil siad le déanamh de réir EN 62209-2:2010, Clásail 5 agus 6. Le EN 62209-2:2010, áfach, ní leagtar amach modheolaíocht tomhais le haghaidh gaireas cumarsáide móibíleach a bhfuil ardfheidhmiúlachtaí áirithe acu a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a mhéid a bhaineann le tomhas géaga RIS. Ós rud é go bhfuil gnéithe den chineál sin ag an iPhone 12 A2403, bhí gá le prótacal tástála sonrach a fhorbairt. |
4.3.3. Tástálacha arna ndéanamh ag ANFR
|
(81) |
Ar an gcéad dul síos, aontaíonn an Coimisiún le measúnú agus conclúid ANFR, mar a dtugtar tuairisc air in aithris 22, nach modh tástála inghlactha é prótacal 1. |
|
(82) |
Go sonrach, dúirt Apple gur gá uirlisí tástála dílsithe a úsáid le haghaidh tomhas RIS. Thug Apple le fios freisin gur mhol monaróir trealaimh tástála RIS uirlisí den sórt sin a úsáid. Measann an Coimisiún, áfach, nach bhfuil aon luach ceangailteach ag treoir a eisíonn monaróir trealaimh tástála. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún faoi deara go meastar nach iomchuí uirlisí dílsithe a úsáid, go háirithe nuair nach nochtar an t-algartam lena rialaítear na huirlisí, chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar RIS. Thairis sin, ní hamháin nach n-áirithítear le húsáid uirlisí innealtóireachta dílsithe chun comhlíontacht an trealaimh raidió leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a thomhas go ndéantar an gaireas a thástáil faoi dhálaí úsáide intuartha, go háirithe a mhéid a bhaineann le tomhas géaga, ach ní sholáthraítear léi ach oiread an trédhearcacht agus an neamhspleáchas is gá i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faireachais margaidh. |
|
(83) |
Thairis sin, measann an Coimisiún nach raibh údar cuí leis an gcumraíocht a mhol Apple chun a áirithiú nár tháinig an astaíocht ach ó aeróg réamhroghnaithe amháin den iPhone 12 A2403. |
|
(84) |
Ina theannta sin, fiú má cheadaítear le caighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 fad tástála idir 0 agus 5 mm, ba cheart an cás is measa a chur san áireamh. Is é sin le rá, i gcás ina mbeadh leibhéal RIS níos airde ag 0 mm ná ag 5 mm, ba cheart fad tástála 0 mm a úsáid. Ina theannta sin, measann an Comhlachas um Chomhlíonadh na Treorach maidir le Trealamh Raidió, arna bhunú de bhun Airteagal 38 de Threoir 2014/53/AE, ina nóta treoraíochta teicniúil 20, dar teideal SAR Testing and Assessment Guidance[Treoraíocht maidir le Tástáil agus Measúnú RIS] gurb é 0 mm nó ‘teagmháil’ an fad deighilte tástála le haghaidh ceann RIS, géag RIS agus RIS i ngabhálais aitheanta de ghnáth. |
|
(85) |
Ar an dara dul síos, tar éis do ANFR agus Apple prótacal 2 a chomhaontú, rinne an Coimisiún meastóireacht ar na tástálacha a rinne ANFR agus ar na mionsonraí a chuir na páirtithe lena mbaineann ar fáil, i ndáil leis an iPhone 12 A2403, ar bhonn comhairliúcháin fhorleathana le ANFR, ComReg agus Apple. |
|
(86) |
Chomhaontaigh Apple agus ANFR araon prótacal 2 a úsáid mar mhalairt ar uirlis tástála dílsithe Apple a úsáid. |
|
(87) |
Tháinig ANFR ar an gconclúid seo a leanas, agus seirbhísí CETECOM á n-úsáid aige agus tomhais á ndéanamh aige mar a leagtar amach i bprótacal 2:
|
|
(88) |
Rinne Apple agóid in aghaidh thoradh neamhchomhlíontachta na dtástálacha a rinne CETECOM trína lua gur socraíodh an gaireas i suíomh a chuir cosc ar an duine a rinne an tástáil na cnaipí fuaime a bhrú de láimh chun an fheidhm ‘Brath Coirp’ a spreagadh mar a comhaontaíodh i bprótacal 2. Níor thug Apple bunús leis an ráiteas sin áfach le haon fhianaise dhoshéanta. Ina theannta sin, níor thuairiscigh CETECOM, ar saotharlann chreidiúnaithe í agus, dá bhrí sin, saotharlann a ndearna comhlacht creidiúnaithe meastóireacht neamhspleách uirthi, aon fhadhb maidir leis an gcnaipe fuaime a bhrú le linn na tástála agus, dá bhrí sin, an fheidhm ‘Braith Coirp’ a spreagadh le linn na dtástálacha. |
|
(89) |
Ina theannta sin, thug Apple le fios gur shuimigh CETECOM luachanna RIS na mbandaí 4G agus 5G go mícheart. Meastar nach bhfuil an maíomh sin ábhartha ós rud é gur dheimhnigh CETECOM don Choimisiún gur sháraigh an iPhone 12 A2403 teorainn RIS sa bhanda 4G amháin. |
|
(90) |
Seachas na hábhair imní a chuir Apple in iúl maidir leis na tástálacha a rinne CETECOM, níor sainaithníodh aon fhianaise chun teacht ar an gconclúid nár chuir CETECOM caighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 i bhfeidhm i gceart ná nár chuir CETECOM na tástálacha sin i bhfeidhm i gceart. |
|
(91) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann gairis iPhone 12 A2403 nach n-oibrítear leis an nuashonrú bogearraí iOS 17.1 na teorainnluachanna géaga RIS is infheidhme. Dá bhrí sin, níl na gairis sin i gcomhréir leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE. |
|
(92) |
Measann an Coimisiún freisin go bhfuil gairis iPhone 12 A2403 a oibrítear leis an nuashonrú bogearraí iOS 17.1 i gcomhréir leis na teorainnluachanna géaga RIS is infheidhme nuair a bhíonn na feidhmiúlachtaí nuashonraithe ag feidhmiú go hiomlán, agus go sonrach nuair a mhodhnaítear le nuashonrú bogearraí feidhmiú an algartaim ‘Brath Coirp’ a d’fhorbair Apple (iOS 17.1), trí iPhone 12 A2403 a shocrú, sa chleachtas, i staid bhuan ‘ar an gcorp’. Ar an mbealach sin, laghdaíonn an nuashonrú bogearraí cumhacht tarchurtha an ghairis. |
4.3.4. An beart náisiúnta
|
(93) |
De réir na Cúirte ina breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2023, i gCás t-349/21 (23), in imscrúduithe faireachais margaidh agus i mbearta cosanta náisiúnta, is ar an mBallstát atá an dualgas a chruthú nach gcomhlíonann táirge an dlí. Measann an Coimisiún gur chomhlíon an Fhrainc an dualgas cruthúnais sin, ós rud é gur léirigh sí gur gá an beart náisiúnta a ghlacadh, tríd an ngaireas a thástáil agus trí fhaisnéis agus sonraí doiciméadaithe a sholáthar. |
|
(94) |
Thairis sin, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ní mór tromchúis na rioscaí sainaitheanta a mheas i gcoinne chostas na mbeart ceartaitheach atá le cur i bhfeidhm ar an táirge lena mbaineann (breithiúnas i gcás t-152/19 (24), mír 78). I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur seansamhail é an iPhone 12 A2403 agus nach gcuireann Apple ar mhargadh an Aontais a thuilleadh é, cé go bhféadfadh sé go gcuirfeadh miondíoltóirí roinnt gaireas iPhone 12 A2403 ar fáil fós. Ina theannta sin, is féidir le Apple an costas a bhaineann le tarraingt siar a sheachaint trína áirithiú go gcomhlíonann iPhone 12 A2403 leibhéil RIS le haghaidh géaga de réir phrótacal 2, trí na bogearraí atá forbartha cheana féin lena n-áirithítear go n-urramaítear na teorainneacha sin a chur in úsáid. Níor cuireadh na bogearraí sin ar fáil, áfach, ach amháin le haghaidh ghutháin iPhone 12 A2403 a bhí ag feidhmiú sa Fhrainc, agus ní le haghaidh aon iPhone 12 A2403 atá ag feidhmiú i mBallstáit seachas an Fhrainc. |
5. CONCLÚID
|
(95) |
Maidir le réimse ina gceanglaítear ar an gCoimisiún measúnuithe teicniúla casta a dhéanamh, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar an údar atá leis na bearta náisiúnta a glacadh de bhun reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú, tugtar rogha leathan dó maidir leis na measúnuithe sin (breithiúnas i gCás t-349/21, mír 65). |
|
(96) |
Ar bhonn na fianaise atá ar fáil, agus tar éis measúnú críochnúil a dhéanamh ar argóintí na bpáirtithe uile lena mbaineann, ar fhiúntais theicniúla an cháis agus ar phrionsabal na comhréireachta, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann an iPhone 12 A2403, agus córas oibriúcháin á fheidhmiú aige gan na bogearraí lena ngníomhachtaítear go buan staid ‘ar an gcorp’ na feidhme ‘Brath Coirp’, an ceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2014/53/AE. |
|
(97) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá údar leis an mbeart a rinne an Fhrainc, trína húdarás ábhartha um fhaireachas margaidh, Agence Nationale des Fréquences, ar tugadh fógra ina leith an 5 Deireadh Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir 2014/53/AE, trí bhíthin an chórais faisnéise agus chumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 (ICSMS) (25), chun iPhone 12 A2403, arna mhonarú ag Apple Inc., a tharraingt siar ón margadh.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Stéphane SÉJOURNÉ
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 153, 22.5.2014, lch. 62 , ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/53/oj.
(2) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).
(3) Cosaint 2014/53/EU-F-231005-14771 | F 4678 - Agence Nationale des Fréquences.
(4) Caighdeán an táirge chun comhlíonadh na bhfeistí cumarsáide gan sreang a léiriú leis na srianta bunúsacha agus na luachanna teorann nochta a bhaineann le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha sa raon minicíochta ó 30 MHz go 6 GHz: gairis láimh agus gairis atá suite ar an gcorp atá an-ghar do chorp an duine.
(5) Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (IO L 199, 30.7.1999, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/1999/519/oj). Tógtar na teorainnluachanna sin ó na teorainnluachanna sin arna sainiú ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin, ar bhonn cuardach ar éifeachtaí cruthaithe sláinte (ICNIRP 1998). Is eagraíocht neamhrialtasach é an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin atá aitheanta go hoifigiúil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i réimse na radaíochta neamhianúcháin. Déanann sé moltaí maidir le nochtadh do réimsí leictreamaighnéadacha chun an pobal agus oibrithe a chosaint ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tsláinte.
(6) Le dearbhú comhréireachta AE Apple le haghaidh an iPhone 12 A2403, arna tharraingt suas de bhun Airteagal 18 de Threoir 2014/53/AE, rinneadh tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin.
(7) Tá trí chineál tomhas RIS ann, agus comhfhreagraíonn gach ceann acu do chás úsáide difriúil ag brath ar an gcuid shonrach de chorp an duine ar a ndéantar na tomhais: ‘ceann RIS’, lena léirítear úsáid an ghairis gan sreang in aice leis an gcluas; ‘cabhail RIS’ a bhaineann le húsáidí ina n-iompraítear an gaireas gan sreang gar don chabhail (i.e., ceangailte den chrios nó sa phóca); agus ‘géag RIS’, ina bhfuil an gaireas gan sreang suite i dteagmháil dhíreach leis na géaga, amhail nuair a choinnítear sa lámh é nó nuair a iompraítear é i mbanda muinchille nó i bpóca bríste.
(8) Ceanglais ghinearálta maidir le hinniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin (ISO/IEC 17025:2017).
(9) I ndearbhú comhréireachta AE Apple le haghaidh iPhone 12, dar dáta an 28 Meitheamh 2021, luaitear an comhlacht um measúnú comhréireachta (comhlacht faoina dtugtar fógra) lena mbaineann.
(10) Samhail choirp an duine.
(11) Is cuid de threalamh tástála RIS é an t-ionsamhlóir líonra.
(12) Tomhas RIS, agus prótacal tomhais 2 á leanúint, a rinneadh i mí Lúnasa 2023.
(13) Rinneadh an chéad tomhas RIS a léirigh luach coinnithe 5,615 W/Kg i mí Lúnasa 2022.
(14) Níl saotharlann inmheánach Agence Nationale des Fréquences (ANFR) creidiúnaithe chun tomhais a dhéanamh faoi chaighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017.
(15) Comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú faoi Threoir 2014/53/AE.
(16) Breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2023, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v An Coimisiún Eorpach, t-349/21, ECLI:EU:T:2023:539.
(17) Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251, ELI http://data.europa.eu/eli/dir/2014/33/oj).
(18) Is féidir leis an iPhone 12 an tír ina bhfuil sé lonnaithe a bhrath. Dá bhrí sin, is féidir lena chóras oibriúcháin iompair shonrach cumhachta tarchurtha a léiriú ag brath ar an tír.
(19) Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/35/oj).
(20) Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (IO L 315, 7.12.2022, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2380/oj)
(21) EN 50566:2017, caighdeán an táirge chun comhlíonadh na bhfeistí cumarsáide gan sreang a léiriú leis na srianta bunúsacha agus na luachanna teorann nochta a bhaineann le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha sa raon minicíochta ó 30 MHz go 6 GHz: gairis láimh agus gairis atá suite ar an gcorp atá an-ghar do chorp an duine EN 50360:2017, caighdeán an táirge chun comhlíonadh na bhfeistí cumarsáide gan sreang a léiriú leis na srianta bunúsacha agus na luachanna teorann nochta a bhaineann le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha sa raon minicíochta ó 300 MHz go 6 GHz: gairis a úsáidtear gar don chluas.
(22) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2022 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 289, 10.11.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2191/oj).
(23) Breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2023, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v An Coimisiún Eorpach, t-349/21,ECLI:EU:T:2023:539, mír 83.
(24) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Meán Fómhair 2021, Cás t-152/19, Brunswick Bowling Products LLC, ar a dtugtaí Brunswick Bowling & Billiards Corporation roimhe seo, a bunaíodh in Muskegon, Michigan (na Stáit Aontaithe) v an Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2021:539.
(25) Clásal cosanta 2014/53/EU-F-231005-14771 | F 4678.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1760/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)