|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1753 |
20.8.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1753 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Lúnasa 2025
lena gceartaítear agus leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus is féidir tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuireann isteach ar ghluaiseachtaí choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí na gcoinsíneachtaí sin go tríú tíortha. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (2) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear nó a bhfuil limistéir acu a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis (na Ballstáit lena mbaineann). Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin leagtar síos rialacha maidir le criosanna srianta I, II agus III a liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tar éis ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc, agus rialacha maidir le liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, tar éis ráig den ghalar sin i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin. |
|
(3) |
Ba le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725 (3) ón gCoimisiún a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go deireanach, tar éis athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Chróit, san Eastóin, san Iodáil, sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa Pholainn. |
|
(4) |
Ó bhí dáta glactha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725 ann, tá earráidí braite sna hiontrálacha a bhaineann leis an Liotuáin i gCodanna I agus III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725, agus ní mór na hiontrálacha sin a cheartú. Luaitear in Aithris 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725 nach mór limistéar i gContae Šiauliai sa Liotuáin, a liostaíodh mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, a liostú ina ionad sin mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin. Mar sin féin, bhí earráidí sa tuairisc ar theorainneacha ar an gcrios srianta III nua sin, agus san athshainiú dá bharr ar theorainneacha chriosanna srianta I agus III, i gCodanna I agus III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725, a mhéid a bhaineann leis an limistéar lena mbaineann i mbardasacht Joniškio i gContae Šiauliai sa Liotuáin. Mar thoradh air sin, déanann na hearráidí sin difear anois do na hiontrálacha a bhaineann leis an Liotuáin i gCodanna I agus III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, arna leasú dá réir sin. Dá réir sin, ba cheart na hearráidí sin a cheartú. |
|
(5) |
Thairis sin, tá fógra tugtha faoi ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine sa Chróit, san Iodáil agus sa Pholainn, mar aon le ráigeanna de i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Chróit, san Eastóin, agus sa Pholainn. |
|
(6) |
Athruithe ar liostú chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ní mór iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, agus ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin. Bunaítear criosanna srianta freisin ar phrionsabail agus ar chritéir atá comhaontaithe go heolaíoch i dtaca le criosú a shainiú go geografach mar gheall ar fhiabhras Afracach na muc a leagtar amach san Fhógra ón gCoimisiún i ndáil leis na treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc a chosc, a rialú agus a dhíothú san Aontas (treoirlínte fhiabhras Afracach na muc) (4), chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh freisin, amhail an Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), agus an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann leis an gcriosú. |
|
(7) |
I mí Iúil 2025, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcontae Osjecko-Baranjska sa Chróit, i limistéar a liostaítear mar chrios srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ach é dlúth le limistéar a liostaítear mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. An limistéar sin den Chróit a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I, ba cheart é a liostú feasta ina ionad sin mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin, agus ní mór na teorainneacha atá ann faoi láthair ar na criosanna srianta I agus III a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(8) |
Ina theannta sin, tuairiscíodh ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád agus i muc-ainmhithe fiáine le déanaí i gcontae Osjecko-Baranjska sa Chróit, i gcrios a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta III i gCuid III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar crios é atá dlúth leis an teorainn leis an Ungáir. An limistéar tadhlach den Ungáir, a bhfuil teorainn aige leis an gcrios srianta III sin sa Chróit, níl sé liostaithe faoi láthair mar chrios srianta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád agus i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá bhrí sin, an limistéar sin den Ungáir nach liostaítear faoi láthair agus a bhfuil teorainn dhíreach aige leis an limistéar sa Chróit a liostaítear le déanaí mar chrios srianta III de dheasca ráigeanna i muc-ainmhithe ar coimeád agus i muc-ainmhithe fiáine, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, chun na ráigeanna sin sa Chróit a chur san áireamh |
|
(9) |
Ina theannta sin, i mí Iúil 2025 tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe ar coimeád i gContaetha Viljandi san Eastóin, i limistéar a liostaítear mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. An limistéar sin den Eastóin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II agus atá buailte ag an ráig sin d’fhiabhras Afracach na muc a bhí ann le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta II a athshainiú chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(10) |
Thairis sin, i mí Iúil 2025, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhí fiáin i réigiún Romagna na hIodáile, i limistéar a liostaítear mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Chun an leanúnachas críche a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, an limistéar sin den Iodáil a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I agus atá buailte ag an ráig sin d’fhiabhras Afracach na muc a bhí ann le déanaí, ba cheart, dá bharr sin, é a liostú feasta ina ionad sin mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin agus ní mór na teorainneacha atá ar chriosanna srianta I agus II faoi láthair a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(11) |
Thairis sin, i mí Iúil 2025, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhí fiáin i réigiún Lubuskie na Polainne i limistéar a liostaítear mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ach é dlúth le limistéar a liostaítear mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. An limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I, ba cheart é a liostú feasta ina ionad sin mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin, agus ní mór na teorainneacha atá ann faoi láthair ar na criosanna srianta I agus II a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(12) |
Thairis sin, i mí Lúnasa 2025, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe ar coimeád i réigiún Lubelskie na Polainne, i limistéar a liostaítear mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. An limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II, ba cheart é a liostú feasta ina ionad sin mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin, agus ní mór na teorainneacha atá ann faoi láthair ar na criosanna srianta II agus III a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(13) |
Dá réir sin, chun na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas a chur san áireamh, agus chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú le haghaidh na Cróite, na hEastóine, na hUngáire, na hIodáile agus na Polainne agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
|
(14) |
Ó tharla go bhfuil an staid a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, tá staid eipidéimeolaíoch na limistéar máguaird curtha san áireamh agus na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
|
(15) |
Thairis sin, chuir an Ungáir in iúl don Choimisiún, mar gheall ar athrú ar chlár oifigiúil na n-aonad bainistithe géim, gur cumascadh aonad bainistithe géim 954060 i gContae Békés, san aonad bainistithe géim cóngarach, is é sin aonad 953260. Dá bharr sin, ní ann d’aonad bainistíochta géim 954060 a thuilleadh mar eintiteas ar leithligh. Ós rud é go liostaítear aonaid bainistithe géim 954060 agus 953260 mar chriosanna srianta I i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart an tagairt d’aonad bainistithe géim 954060 a scriosadh ón Iarscríbhinn sin. Ba cheart an tagairt do chrios srianta I aonad bainistithe géim 953260 a choinneáil, agus ba cheart teorainneacha geografacha an chreasa srianta I sin a leasú chun an limistéar de chrios srianta I a chumhdaítear roimhe seo le haonad bainistithe géim 954060 a chuimsiú. Dá bhrí sin, ba cheart teorainneacha nua na n-aonad bainistithe géim agus tagairtí nua dóibh i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 a leasú i gcás na hUngáire. Ba cheart Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir sin. |
|
(16) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 i bhfeidhm a luaithe is féidir. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725 ón 7 Lúnasa 2025, ba cheart feidhm a bheith ag na ceartúcháin ar na hiontrálacha a bhaineann leis an Liotuáin, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725, ón 7 Lúnasa 2025. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 mar seo a leanas:
|
(a) |
i gCuid I, san iontráil le haghaidh Uimh. 11. an Liotuáin, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce: ‘Joniškio rajono savivaldybės: Gaižaičių, Gataučių, Kriukių, Rudiškių, Žagarės seniūnijos, Joniškio seniūnijos pietinė dalis nuo 153 kelio iki E77 kelio vakarinės ribos’ ; |
|
(b) |
i gCuid III, san iontráil le haghaidh Uimh. 9. an Liotuáin, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce: ‘Joniškio rajono savivaldybės: Joniškio seniūnijos šiaurinė dalis nuo 153 kelio iki E77 kelio rytinės ribos, Satkūnų, Saugėlaukio, Skaistgirio seniūnijos’. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 7 Lúnasa 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI:. http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/594/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1725 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc IO L, 2025/1725, 6.8.2025, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1725/oj).
(4) IO C, C/2023/1504, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1504/oj.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594:
‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III
CUID I
1. an Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
|
Bundesland Hessen:
|
|
Bundesland Rheinland-Pfalz:
|
|
Bundesland Baden-Württemberg:
|
|
Bundesland Nordrhein-Westfalen:
|
2. an Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Hiiu maakond. |
3. an Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Dienvidkurzemes novada, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, |
|
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
4. an Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Baranya vármegye 503490, 503550, 503660, 503670, 503680, 503850, 503950, 504550, 504560, 504650, 504660, 504750, 504760, 504950 és 505050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Békés vármegye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954150, 954950, 955050, 955550, 955650, 955750, 955760, 955950, 956050, 956060, 956150, 956160, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Bács-Kiskun vármegye 600150, 600850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
|
— |
Fejér vármegye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
|
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Győr-Moson-Sopron vármegye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok vármegye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752250, 752350, 752650, 752750, 752850, 752950, 753070, 753060, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom vármegye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest vármegye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576950, 577050, 577150, 577250, 577350, 577450, 577650, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 579050, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
5. an Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie śląskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
6. Slovakia
The following restricted zones I in Slovakia:
|
— |
the whole district of Nové Zámky except municipalities included in zone II, |
|
— |
in the district of Komárno the municipalities of Zlatná na Ostrove, Okoličná na Ostrove, Čalovec, Kameničná, Vrbová nad Váhom, Nesvady, Imeľ, |
|
— |
the whole district of Ružomberok, |
|
— |
in the district of Martin, municipalties of Blatnica, Folkušová, Necpaly, Belá-Dulice, Ďanová, Turčianske Jaseno, Záborie, Sklabiňa, Sklabinský Podzámok, Turčianska Štiavnička, Podhradie, Nolčovo, Krpeľany, Šútovo, Turany, Sučany, Turčianske Kľačany, Lipovec, |
|
— |
in the district of Dolný Kubín, the municipalities of Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
|
— |
in the district of Tvrdošín, the municipalities of Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
|
— |
in the district of Žilina, the municipalities of Strečno, Nezbudská Lúčka, Varín, Gbeľany, Mojš, Nededza, Teplička nad Váhom, Kotričná Lúka, Žilina, Rosina, Lietavská Lúčka, Lietava, Porúbka, Lietavská Svinná, Zbyňov, Konská, Kľače, Jasenové, Malá Čierna, Veľká Čierna, Podhorie, |
|
— |
the whole district of Nitra, except municipalities included in part II, |
|
— |
in the district of Bánovce nad Bebravou, the municipalities of Chudá Lehota, Dolné Naštice, Rybany, Pečeňany, Borčany, Šišov, Libichava, Veľké Hoste, Malé Hoste, Pochabany, Zlatníky, Otrhánky, Veľké Chlievany, Haláčovce, Dvorec, Veľké Držkovce, Cimenná, Malá Hradná, |
|
— |
in the district of Trenčín, the municipalities of Dubodiel, Veľká Hradná, Trenčianske Jastrabie, Neporadza, Trenčianske Mitice, Mníchova Lehota, Soblahov, Trenčín, Trenčianske Teplice, Trenčianska Teplá, |
|
— |
in the district of Ilava, the municipalities of Nová Dubnica, Dubnica nad Váhom, Ilava, Horná Poruba, Košecké Podhradie, Košeca, Ladce, |
|
— |
in the district of Púchov, the municipalities of Mojtín, Beluša, |
|
— |
in the district of Považská Bystrica, the municipalities of Pružina, Dolný Lieskov, Slopná, Bodiná, Prečín, Počarová, Malé Lednice, Domaniža, Podskalie, Ďurďové, Čelkova Lehota, Sádočné, |
|
— |
in the district of Nové Mesto nad Váhom, the municipalities of Kálnica, Hôrka nad Váhom, Hrádok, Nová Lehota, Stará Lehota, Modrová, |
|
— |
in the district of Piešťany, the municipalities of Hubina, Morava nad Váhom, Banka, Ratnovce, Sokolovce, Piešťany, Drahovce, |
|
— |
in the district of Hlohovec, the municipalities of Jalšové, Horné Otrokovce, Horné Trhovište, Tekolďany, Dolné Otrokovce, Dolné Trhovište, Merašice, Pastuchov, Kľačany, Sasinkovo. |
|
— |
the whole district of Gelnica, |
|
— |
the whole district of Poprad |
|
— |
the whole district of Spišská Nová Ves, |
|
— |
the whole district of Levoča, |
|
— |
the whole district of Kežmarok, |
|
— |
the whole district of Michalovce, except municipalities included in part II |
|
— |
the whole district of Medzilaborce |
|
— |
the whole district of Košice-okolie, |
|
— |
the whole district of Rožnava, |
|
— |
the whole city of Košice, |
|
— |
the whole district of Vranov nad Topľou, |
|
— |
the whole district of Humenné, |
|
— |
the whole district of Prešov, |
|
— |
the whole district of Sabinov, |
|
— |
the whole district of Svidník, |
|
— |
the whole district of Stropkov, |
|
— |
the whole district of Stará Ľubovňa, |
|
— |
the whole district of Trebišov, except municipalities included in part II |
|
— |
the whole district of Liptovsky Mikuláš, |
|
— |
the whole district of Bardejov. |
7. an Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
|
Piedmont Region:
|
|
Liguria Region:
|
|
Emilia-Romagna Region:
|
|
Toscana Region:
|
|
Lombardia Region:
|
|
Calabria Region:
|
|
Basilicata Region:
|
|
Campania Region:
|
8. an tSeicia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
9. an Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in the regional unit of Kavala:
|
|
— |
in the regional unit of Xanthi:
|
|
— |
in the regional unit of Rodopi:
|
|
— |
in the regional unit of Evros:
|
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
|
— |
in the regional unit of Thessaloniki:
|
|
— |
in the regional unit of Chalkidiki:
|
|
— |
in the regional unit of Pella:
|
|
— |
in the regional unit of Imathia:
|
|
— |
in the regional unit of Kozani:
|
|
— |
in the regional unit of Florina:
|
|
— |
in the regional unit of Kastoria:
|
|
— |
in the regional unit of Ioannina:
|
|
— |
in the regional unit of Thesprotia:
|
10. an Chróit
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Chróit:
|
Brodsko-posavska županija:
|
|
Osječko-baranjska županija:
|
11. an Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Gaižaičių, Gataučių, Kriukių, Rudiškių, Žagarės seniūnijos, Joniškio seniūnijos pietinė dalis nuo 153 kelio iki E77 kelio vakarinės ribos, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Ceikinių, Dūkšto, Ignalinos, Ignalinos miesto, Kazitiškio sen. rytinė dalis nuo 102 kelio, Linkmenų, Naujojo Daugėliškio, Mielagėnų, Rimšės, Tverečiaus, Vidiškių seniūnijos. |
|
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio rajono savivaldybės: Krekenavos seniūnijos vakarinė dalis nuo Nevėžio upės, Naujamiesčio seniūnija. |
CUID II
1. an Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
|
— |
the whole region of Haskovo, |
|
— |
the whole region of Yambol, |
|
— |
the whole region of Stara Zagora, |
|
— |
the whole region of Pernik, |
|
— |
the whole region of Kyustendil, |
|
— |
the whole region of Plovdiv, |
|
— |
the whole region of Pazardzhik, |
|
— |
the whole region of Smolyan, |
|
— |
the whole region of Dobrich, |
|
— |
the whole region of Sofia city, |
|
— |
the whole region of Sofia Province, |
|
— |
the whole region of Blagoevgrad, |
|
— |
the whole region of Razgrad, |
|
— |
the whole region of Kardzhali, |
|
— |
the whole region of Burgas, |
|
— |
the whole region of Varna, |
|
— |
the whole region of Silistra, |
|
— |
the whole region of Ruse, |
|
— |
the whole region of Veliko Tarnovo, |
|
— |
the whole region of Pleven, |
|
— |
the whole region of Targovishte, |
|
— |
the whole region of Shumen, |
|
— |
the whole region of Sliven, |
|
— |
the whole region of Vidin, |
|
— |
the whole region of Gabrovo, |
|
— |
the whole region of Lovech, |
|
— |
the whole region of Montana, |
|
— |
the whole region of Vratza. |
2. an Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Hessen:
|
|
Bundesland Rheinland-Pfalz:
|
|
Bundesland Baden-Württemberg:
|
|
Bundesland Nordrhein-Westfalen:
|
3. an Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond ja III taseme piirangutsooni piirkonnad). |
4. an Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Aizkraukles novads, |
|
— |
Alūksnes novads, |
|
— |
Augšdaugavas novads, |
|
— |
Ādažu novads, |
|
— |
Balvu novads, |
|
— |
Bauskas novada Bārbeles, Brunavas, Ceraukstes, Gailīšu, Iecavas pagasta daļa uz Ziemeļiem no dzelzceļa līnijas Krustpils-Jelgava, Īslīces, Kurmenes, Rundāles, Skaistkalnes, Stelpes, Svitenes, Valles, Vecsaules un Vecumnieku pagastiem un Viesturu pagasta daļa uz Rietumiem no autoceļa V1038 un Bauskas pilsēta, |
|
— |
Cēsu novads, |
|
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Vaiņodes, Gaviezes, Grobiņas, Rucavas, Vērgales, Medzes, Embūtes, Kalvenes, Kazdangas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules, Grobiņas pilsēta, |
|
— |
Dobeles novada Annenieku, Augstkalnes, Auru, Bēnes, Bērzes pagasta daļa uz Ziemeļrietumiem no Bērzes un Ālaves upes, Bikstu, Bukaišu, Īles, Krimūnu pagasta daļa uz Rietumiem no Ālaves upes, Lielauces, Naudītes, Penkules, Tērvetes, Ukru, Vecauces, Vītiņu, Zebrenes pagasts, Jaunbērzes pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa, kas iet caur apdzīvotu vietu Mežinieki, Jaunbērze, gar Galiņi, Druvas, Lieldegaiņi, Mazdegaiņi, Puriņi, autoceļa P102, Dobeles, Auces pilsēta, |
|
— |
Gulbenes novads, |
|
— |
Jelgavas novada Cenu, Elejas, Jaunsvirlaukas pagasta daļa uz Dienvidrietumiem no autoceļa V1038 un uz Ziemeļrietumiem no Īslīces upes, Kalnciema, Lielplatones, Līvbērzes pagasta daļa uz Ziemeļiem no Bērzes upes, Ozolnieku, Platones pagasta daļa uz Austrumiem no autoceļa A8 līdz autoceļam V1085, uz Dienvidaustrumiem no autoceļa V1085, Salgales pagasta daļa uz Rietumiem no Lielupes, uz Ziemeļiem no autoceļa V1008 un uz Rietumiem no Garozas upes, Sesavas, Valgundes, Vilces un Vircavas pagasts, |
|
— |
Jēkabpils novads, |
|
— |
Krāslavas novads, |
|
— |
Kuldīgas novads, |
|
— |
Ķekavas novads, |
|
— |
Limbažu novads, |
|
— |
Līvānu novads, |
|
— |
Ludzas novads, |
|
— |
Madonas novads, |
|
— |
Mārupes novads, |
|
— |
Ogres novads, |
|
— |
Olaines novads, |
|
— |
Preiļu novads, |
|
— |
Rēzeknes novads, |
|
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
|
— |
Salaspils novads, |
|
— |
Saldus novads, |
|
— |
Saulkrastu novads, |
|
— |
Siguldas novads, |
|
— |
Smiltenes novads, |
|
— |
Talsu novads, |
|
— |
Tukuma novada Cēres, Engures, Jaunpils, Jaunsātu, Kandavas, Lapmežciema, Matkules, Pūres, Sēmes, Smārdes, Tumes, Vānes, Viesatu, Zantes, Zemītes, Zentenes pagasts, Irlavas pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa P104, Degoles pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa P104, uz ziemeļiem no autoceļa V1455, Slampes pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1455, A10, uz austrumiem no autoceļa V1446 līdz Likaušķu str., Kandavas, Tukuma pilsēta, |
|
— |
Valkas novads, |
|
— |
Valmieras novads, |
|
— |
Ventspils novads, |
|
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldības daļa uz Ziemeļiem no Miera un Platones ielas, uz Austrumiem no Salnas ielas līdz Šauļu rampai un Tērvetes ielai, uz Ziemeļaustrumiem no Augstkalnes, Mārtiņa, Dambja, Aspazijas, Satiksmes, Ganību ielas, 2. Līnijas, Meža ceļa, Šūmaņu ceļa. |
|
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rīgas valstspilsētas pašvaldība. |
5. an Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
|
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
|
— |
Birštono savivaldybė, |
|
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
|
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
|
— |
Druskininkų savivaldybė, |
|
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Didžiasalio seniūnija, |
|
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Kepalių seniūnija, |
|
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
|
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
|
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
|
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
|
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
|
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
|
— |
Kelmės rajono savivaldybės: Kelmės apylinkių, Kelmės, Kražių, Kukečių, Liolių, Pakražančio, Šaukėnų, Užvenčio, Vaiguvos seniūnijos, |
|
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
|
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė, |
|
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
|
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
|
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
|
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
|
— |
Marijampolės savivaldybė, |
|
— |
Pagėgių savivaldybė, |
|
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio rajono savivaldybės: Krekenavos seniūnijos rytinė dalis nuo Nevėžio upės, Karsakiškio, Miežiškių, Paįstrio, Panevėžio, Ramygalos, Raguvos, Smilgių, Upytės, Vadoklių, Velžio seniūnijos |
|
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
|
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybės: Aukštelkų, Baisogalos, Pakalniškių, Radviliškio miesto, Radviliškio, Sidabravo, Skėmių, Šeduvos miesto, Šiaulėnų seniūnijos, |
|
— |
Rietavo savivaldybė, |
|
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
|
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybės: Ariogalos miesto, Ariogalos, Betygalos, Girkalnio, Kalnujų, Nemakščių, Pagojukų, Paliepių, Raseinių miesto, Raseinių, Viduklės seniūnijos, |
|
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Skuodo rajono savivaldybė, |
|
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybės: Bubių, Ginkūnų, Gruzdžių, Kairių, Kuršėnų kaimiškoji, Kuršėnų miesto, Kužių, Meškuičių, Raudėnų, Šakynos seniūnijos ir Šiaulių kaimiškosios seniūnijos Aleksandrijos, Andrijavos, Aukštelkės, Beržynės, Bridų, Dainų, Daušiškių, Einoraičių, Gastyniškių, Gegužių, Giedrių, Gilvydžių, Juodinkių, Juozapaičių, Jurgeliškių, Kadugių, Karpiškių, Kėblių, Kuprių, Kušlambalio, Lieporių, Lingailių, Mėmlaukių, Meškiškės, Normančių, Pailių, Paitaičių, Pakapės, Pakarčiūnų, Pumpučių, Raizgių, Rėkyvos, Sirvučių, Sutkūnų, Šlepkių, Sukių, Toliočių, Vaiksnėgalos, Vaiksnėgališkės, Verdulių, Verduliukų, Vijolių, Vileikių, Vinkšnėnų, Voveriškių, Žaliūkių, Žylakių kaimai, |
|
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
|
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
|
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
|
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
|
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
|
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
|
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
|
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Visagino savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. an Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Fejér vármegye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Hajdú-Bihar vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Heves vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok vármegye 750250, 750550, 750650, 750750, 752150, 752450, 752460, 752550 és 752560 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom vármegye 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Nógrád vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest vármegye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. an Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie śląskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
8. an tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
the whole district of Snina, |
|
— |
the whole district of Sobrance, |
|
— |
in the district of Michalovce municipalities of Bajany, Vysoká nad Uhom, Pavlovce nad Uhom, Krišovská Liesková, Liesková, Liesková, Čierne Pole, Ižkovce, Beša, Čičarovce, Vojany, Veľké Kapušany, Maťovské Vojkovce, Budince, Ruská, Kapušianske Kľačany, Veľké Slemence, Ptrukša, |
|
— |
in the district of Trebišov municipalities of Bačka, Biel, Boľ, Boťany, Čierna, Čierna nad Tisou, Dobrá, Klin nad Bodrogom, Kráľovský Chlmec, Kapoňa, Leles, Malé Trakany, Malý Horeš, Nový Horeš, Malý Kamenec, Poľany, Pribeník, Rad, Solnička, Nová Vieska pri Bodrogu, Somotor, Véč, Strážne, Pavlovo, Svätá Mária, Streda nad Bodrogom, Svätuše, Svinice, Veľké Trakany, Veľký Horeš, Veľký Kamenec, Vojka, Zatín, Zemplín |
|
— |
the whole district of Revúca, |
|
— |
the whole district of Rimavská Sobota, |
|
— |
the whole district of Veľký Krtíš, |
|
— |
the whole district of Lučenec, |
|
— |
the whole district of Poltár, |
|
— |
the whole district of Zvolen, |
|
— |
the whole district of Detva, |
|
— |
the whole district of Krupina except the municipalities included in zone III, |
|
— |
the whole district of Banska Štiavnica, |
|
— |
the whole district of Žarnovica, |
|
— |
the whole district of Banska Bystica, |
|
— |
the whole district of Brezno, |
|
— |
the whole district of Zlaté Moravce, |
|
— |
the whole district of Levice except municipalities included in zone III, |
|
— |
the whole district Turčianske Teplice, |
|
— |
the whole district of Martin except the municipalities included in zone I, |
|
— |
in the district of Žilina, municipalities of Čičmany, Fačkov, Rajecká Lesná, Ďurčiná, Rajec, Šuja, Kamenná Poruba, Kunerad, Stránske, Rajecké Teplice, Turie,Višňové, Stráňavy, |
|
— |
the whole district of Žiar nad Hronom, |
|
— |
the whole district of Prievidza |
|
— |
the whole district of Partizánske, |
|
— |
in the district of Nitra, the municipalities of Pohranice, Hosťová, Kolíňany, Malý Lapáš, Dolné Obdokovce, Čeľadice, Veľký Lapáš, Babindol, Malé Chyndice, Golianovo, Klasov, Veľké Chyndice, Nová Ves nad Žitavou, Paňa, Vráble, Tajná, Lúčnica nad Žitavou, Žitavce, Melek, Telince, Čifáre, Horné Lefantovce, Dolné Lefantovce, Jelenec, Bádice, Žirany, Podhorany, Nitrianske Hrnčiarovce, Štitáre, Ľudovítová, Kapince, Malé Zálužie, Hruboňovo, Šurianky, Výčapy-Opatovce, Nitra, Jelšovce, Čakajovce, Zbehy, Nové Sady, Čab, Lukáčovce, Lehota, Alekšince, Veľké Zálužie, Vinodol, |
|
— |
the whole district of Topoľčany, |
|
— |
the whole district of Bánovce nad Bebravou except the municipalities included in part I, |
|
— |
in the district of Trenčín, the municipalities of Svinná, Bobot, Horňany, Motešice, Petrova Lehota, Omšenie, Dolná Poruba, |
|
— |
in the district of Ilava, the municipality of Zliechov |
|
— |
in the district of Nové Zámky, the municipalities of Mužla, Obid, Nána, Štúrovo, Gbelce, Belá, Šarkan, Ľuba, Kamenný most, Nová Vieska, Kamenica nad Hronom, Bajtava, Leľa, Chľaba, Malá nad Hronom, Strekov, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Salka, Malé Kosihy, Černík, Michal nad Žitavou, Kmeťovo, Maňa, Trávnica, Bardoňovo, Pozba, Dedinka, Mojzesovo, Úľany nad Žitavou, Hul, Dolný Ohaj, Vlkas, Radava, Podhájska, Veľké Lovce, Bruty, Svodín, Rúbaň, Dubník, Jasová, Kolta, |
|
— |
in the district of Komárno, the municipalities of Kravany nad Dunajom, Búč, Bátorove Kosihy, Moča, Radvaň nad Dunajom, Virt, Šrobárová, Mudroňovo, Modrany, Svätý Peter, Hurbanovo, Dulovce, Pribeta, Bajč, Patince, Iža, Chotín, Marcelová, Komárno, Martovce. |
9. an Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
|
Piedmont Region:
|
|
Liguria Region:
|
|
Lombardia Region:
|
|
Emilia-Romagna Region:
|
|
Toscana Region:
|
|
Calabria Region:
|
|
Campania Region:
|
10. an tSeicia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
11. an Ghréig
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
|
— |
in the regional unit of Drama:
|
|
— |
in the regional unit of Kavala:
|
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
|
— |
in the regional unit of Kastoria:
|
|
— |
in the regional unit of Kozani:
|
|
— |
in the regional unit of Florina:
|
|
— |
in the regional unit of Pella:
|
CUID III
1. an Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:
|
Lombardia Region:
|
|
Piedmont Region:
|
|
Emilia – Romagna Region:
|
2. an Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
3. an Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
|
— |
Zona orașului București, |
|
— |
Județul Constanța, |
|
— |
Județul Satu Mare, |
|
— |
Județul Tulcea, |
|
— |
Județul Bacău, |
|
— |
Județul Bihor, |
|
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
|
— |
Județul Brăila, |
|
— |
Județul Buzău, |
|
— |
Județul Călărași, |
|
— |
Județul Dâmbovița, |
|
— |
Județul Galați, |
|
— |
Județul Giurgiu, |
|
— |
Județul Ialomița, |
|
— |
Județul Ilfov, |
|
— |
Județul Prahova, |
|
— |
Județul Sălaj, |
|
— |
Județul Suceava |
|
— |
Județul Vaslui, |
|
— |
Județul Vrancea, |
|
— |
Județul Teleorman, |
|
— |
Judeţul Mehedinţi, |
|
— |
Județul Gorj, |
|
— |
Județul Argeș, |
|
— |
Judeţul Olt, |
|
— |
Judeţul Dolj, |
|
— |
Județul Arad, |
|
— |
Județul Timiș, |
|
— |
Județul Covasna, |
|
— |
Județul Brașov, |
|
— |
Județul Botoșani, |
|
— |
Județul Vâlcea, |
|
— |
Județul Iași, |
|
— |
Județul Hunedoara, |
|
— |
Județul Alba, |
|
— |
Județul Sibiu, |
|
— |
Județul Caraș-Severin, |
|
— |
Județul Neamț, |
|
— |
Județul Harghita, |
|
— |
Județul Mureș, |
|
— |
Județul Cluj, |
|
— |
Județul Maramureş. |
4. an Ghréig
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in the regional unit of Drama
|
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
|
— |
in the regional unit of Thessaloniki:
|
|
— |
in the regional unit of Chalkidiki:
|
|
— |
in the regional unit of Kavala:
|
|
— |
in the regional unit of Xanthi:
|
|
— |
in the regional unit of Florina:
|
|
— |
in the regional unit of Kastoria:
|
5. an Chróit
Na criosanna srianta III seo leanas sa Chróit:
|
Vukovarsko srijemska županija:
|
|
Brodsko-posavska županija
|
|
Osječko-baranjska županija
|
6. an tSlóvaic
Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
in the district of Levice, the municipality of Dolné Semerovce, Horné Semerovce, Hokovce, Horné Turovce, Veľké Turovce, Tupá, Šahy, Hrkovce, Preseľany nad Ipľom, Vyškovce nad Ipľom, Kubáňovo, Sazdice, Sikenica, Malý Pesek, Kukučínov, Zbrojníky, Hontianska Vrbica, Demandice, Santovka, Bory, Domadice, Hontianske Trsťany, Plášťovce, |
|
— |
in the district of Krupina, the municipality of Dudince, Hontianske Moravce, Hontianske Tesáre, Terany, Sudice, Súdovce, Rykynčice. |
7. an Laitvia
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Dobeles novada Dobeles pagasts, Jaunbērzes pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa, kas iet caur apdzīvotu vietu Mežinieki, Jaunbērze, gar Galiņi, Druvas, Lieldegaiņi, Mazdegaiņi, Puriņi, autoceļa P102, Bērzes pagasta daļa uz Dienvidaustrumiem no Bērzes un Ālaves upes, Krimūnu pagasta daļa uz Austrumiem no Ālaves upes. |
|
— |
Tukuma novada Džūkstes pagasts, Lestenes pagasts, Irlavas pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa P104, Degoles pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa P104, uz dienvidiem no autoceļa V1455, Slampes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1455, A10, uz rietumiem no autoceļa V1446 līdz Likaušķu str. |
|
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldības daļa uz Dienvidiem no Miera un Platones ielas, uz Rietumiem no Salnas ielas līdz Šauļu rampai un Tērvetes ielai, uz Dienvidrietumiem no Augstkalnes, Mārtiņa, Dambja, Aspazijas, Satiksmes, Ganību ielas, 2. Līnijas, Meža ceļa, Šūmaņu ceļa. |
|
— |
Jelgavas novada Glūdas, Svētes, Zaļenieku pagasts, Līvbērzes pagasta daļa uz Dienvidiem no Bērzes upes, Platones pagasta daļa uz Rietumiem no autoceļa A8 līdz autoceļam V1085, uz Ziemeļrietumiem no autoceļa V1085 un Jaunsvirlaukas pagasta daļa uz ziemeļaustrumiem no autoceļa V1038 un uz dienvidaustrumiem no Īslīces upes, Salgales pagasta daļa uz austrumiem no Lielupes, uz dienvidiem no autoceļa V1008 un uz austrumiem no Garozas upes. |
|
— |
Bauskas novada Iecavas pagasta daļa uz dienvidiem no dzelzceļa līnijas Krustpils-Jelgava, Dāviņu pagasts, Codes pagasts, Mežotnes pagasts, Viesturu pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V1038 un Iecavas pilsēta. |
8. an Eastóin
Na criosanna srianta III seo a leanas san Eastóin:
|
— |
The following towns in Mulgi vald:
|
|
— |
The following villages in Mulgi vald:
|
|
— |
Luunja vald |
|
— |
The following village in Tartu vald:
|
|
— |
The following villages in Kastre vald:
|
|
— |
The following villages Peipsiääre vald:
|
|
— |
The following villages in Rapla vald:
|
|
— |
The following villages in Kehtna vald:
|
|
— |
The following villages in Viljandi vald
|
|
— |
The following villages in Tõrva vald:
|
9. an Liotuáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Joniškio seniūnijos šiaurinė dalis nuo 153 kelio iki E77 kelio rytinės ribos, Satkūnų, Saugėlaukio, Skaistgirio seniūnijos, |
|
— |
Kelmės rajono savivaldybės: Tytuvėnų, Tytuvėnų apylinkių seniūnijos, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybės: Tyrulių, Šaukoto seniūnijos, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybės: Šiluvos seniūnija, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybės: Šiaulių kaimiškosios seniūnijos Minaičių, Tvibaičių, Tvibiukų kaimai. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1753/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)