|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1739 |
18.8.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1739 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Lúnasa 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí roisíní stiréine bútaidhé-éine aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 19 Nollaig 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (an ‘Coimisiún’) scrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí roisíní stiréine bútaidhé-éine aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (‘an Chóiré’) agus na Tuirce (‘na tíortha lena mbaineann’), ar bhonn Airteagal 5 den ‘bhun-Rialachán’. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú seo tar éis gearán a chuir INEOS Styrolution Switzerland SA, Versalis SpA, agus Trinseo Europe GmbH (‘na gearánaigh’) isteach an 4 Samhain 2024. Ba é tionscal roisíní stiréine bútaidhé-éine aicrilinítríle an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/412 ón gCoimisiún (‘an Rialachán maidir le clárú’) (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Páirtithe leasmhara
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go sonrach do na gearánaigh, do tháirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, do na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, d’údaráis na Téaváine agus na Cóiré, d’allmhaireoirí aitheanta agus d’úsáideoirí gur tionscnaíodh an t-imscrúdú agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(5) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.4. Barúlacha maidir leis an tionscnamh
|
(6) |
Fuair an Coimisiún barúlacha maidir le tionscnamh ó Rialtas na Cóiré agus ó LG Chem. |
|
(7) |
Ina bharúlacha maidir le tionscnamh (4), d’áitigh LG Chem go raibh an leibhéal rúndachta a deonaíodh do na gearánaigh sa ghearán ar neamhréir le hAirteagal 6.5.1 de chomhaontú frithdhumpála EDT (‘Comhaontú Frithdhumpála EDT’) agus leis an gcásdlí comhfhreagrach. Shonraigh an chuideachta gur sháraigh folú iomlán phraghsanna díola thionscal an Aontais ar shaormhargadh an Aontais cearta cosanta na cuideachta toisc nárbh fhéidir na praghsanna sin a chur i gcomparáid le praghsanna na Cóiré agus, ar an gcaoi sin, freagairt go leordhóthanach do na líomhaintí díobhála. |
|
(8) |
Tar éis barúlacha LG Chem a fháil, d’iarr an Coimisiún ar thionscal an Aontais an fhaisnéis a bhí in easnamh sa leagan neamhrúnda den ghearán a fhorlíonadh. Sholáthair tionscal an Aontais an fhaisnéis a iarradh. |
|
(9) |
D’easaontaigh LG Chem leis na líomhaintí dumpála a rinneadh sa ghearán, ag áitiú go raibh na maímh maidir le díolacháin neamhbhrabúsacha roisíní stiréine bútaidhé-éine aicrilinítríle ar mhargadh intíre na Cóiré bunaithe ar fhaisnéis airgeadais mhíchruinn agus nár léirigh siad oibriú dearfach agus glanbhrabúis na cuideachta. Mhaígh LG Chem freisin go raibh an ríomh a bhí sa ghearán ar chostais agus corrlaigh bhrabúis lochtach freisin, toisc go raibh sé ag brath ar shonraí ó chuideachtaí agus táirgí neamhchomhlachaithe agus nár chuir sé difríochtaí i struchtúr costais agus i bpraghas idir táirgí caighdeánacha ABS agus ardtáirgí ABS san áireamh. D’áitigh LG Chem go raibh sonraí an ghearáin maidir le praghsanna na n-amhábhar neamhiontaofa, toisc nár léirigh sé cáilíocht ná costas iarbhír na n-amhábhar a d’úsáid táirgeoirí ABS na Cóiré. Níor sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a chaithfeadh amhras ar chruinneas na faisnéise a sholáthair an gearánach. Níor chinn an Coimisiún go raibh aon fhoras ann chun neamhaird a thabhairt air mar chúis a thabharfadh údar le himscrúdú a thionscnamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(10) |
D’áitigh LG Chem nár sholáthair an gearán fianaise ar dhíobháil ábhartha a bheith ann do thionscal an Aontais, ar na cúiseanna seo a leanas:
|
|
(11) |
Meabhraigh an Coimisiún gur gá imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar na tosca ábhartha mar a shonraítear in Airteagal 5(2) (d) den bhun-Rialachán chun teacht ar chinneadh prima facie go ndearnadh díobháil ábhartha. Ní cheanglaítear go sonrach in Airteagal 5 den bhun-Rialachán go léireodh na tosca díobhála uile a luaitear in Airteagal 3(5) meathlú chun díobháil ábhartha a shuí. Go deimhin, sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán go gcuimseofar sa ghearán fianaise faoi na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a bhfuil sé líomhainte gur dumpáladh iad, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghsanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar thionscal an Aontais, mar a léirítear le tosca agus innéacsanna ábhartha (ní gá go bhfuil siad go léir i gceist) a bhaineann le staid thionscal an Aontais, amhail na cinn a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5). |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ní gá meathlú a bheith le feiceáil sna tosca uile chun díobháil ábhartha a shuí. Ar a bharr sin, ní hionann fachtóirí eile a bheith ann ar féidir go n-imreoidh siad tionchar ar chás thionscal an Aontais agus a rá go cinnte nach bhfuil éifeacht allmhairí a dumpáladh ar an tionscal sin ábhartha. |
|
(13) |
Mheas an Coimisiún gur soláthraíodh fianaise leordhóthanach sa ghearán gur ann do dhíobháil ábhartha, nuair a léirigh sé gur i staid nuair a bhí laghdú ag teacht ar thomhaltas an Aontais, gur tháinig méadú ar na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, agus os a choinne sin, gur tháinig laghdú ar mhéid táirgeachta agus díolachán thionscal an Aontais agus ar a bhrabúsacht chomh maith le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(14) |
Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Cóiré agus LG Chem gurbh í cáilíocht an táirge, seachas dumpáil, ba chúis leis an mborradh faoi allmhairí ABS ón gCóiré. I ndáil leis sin, d’áitigh Rialtas na Cóiré gur tháinig méadú freisin ar allmhairí ABS ón gCóiré mar gheall ar an nganntanas ar mhargadh an Aontais arbh iad na teagmhais force majeure in 2021 ba chúis leis. Ina theannta sin, mhaígh an dá pháirtí gurbh é an méadú ar phraghsanna fuinnimh san Aontas ba chúis leis an díobháil líomhnaithe. |
|
(15) |
Mheas an Coimisiún nár chuir na páirtithe aon fhianaise ar fáil chun tacú leis na maímh gurbh iad teagmhais force majeure ghearrthéarmacha in 2021 agus cáilíocht táirgí ba chúis leis an méadú ar allmhairí ABS ón gCóiré. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún gur tugadh aghaidh go leordhóthanach sa ghearán ar shaincheist an mhéadaithe ar chostas fuinnimh ag céim an ghearáin. |
|
(16) |
Dá réir sin, diúltaíodh do na maímh maidir leis an anailís ar dhíobháil agus ar chúisíocht a áiríodh sa ghearán mar a chuirtear i láthair in aithrisí (10) agus (14). |
1.5. Sampláil
|
(17) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(18) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn díolachán agus réimse táirge. Is é a bhí sa sampla sin dhá tháirgeoir de chuid an Aontais. Bhí [38- 48] % de mhéid díolachán an táirge chomhchosúil san Aontas ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis sin. Is sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é. |
Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(19) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(20) |
Chuaigh sé allmhaireoir neamhchomhlachaithe i dteagmháil leis an gCoimisiún maidir le sampláil. Níor sholáthair ach ceithre cinn acu an fhaisnéis a iarradh, áfach. D’aontaigh siad a bheith san áireamh sa sampla freisin. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin ón gCóiré a shampláil
|
(21) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin i bPoblacht na Cóiré an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Phoblacht na Cóiré chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(22) |
Sholáthair dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin i bPoblacht na Cóiré an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Is éard a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin os cionn 90 % d’allmhairí na Cóiré le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá tháirgeoir ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. Is éard a bhí ag na cuideachtaí sin [75-85] %, i dtonaí, de mhéid iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas ón gCóiré le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor thug aon pháirtí leasmhar barúlacha maidir leis an tsampláil. |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin a shampláil
|
(23) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa Téaváin an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Oifig Ionadaíoch Taipei chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú. |
|
(24) |
Sholáthair trí tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Is éard a bhí ag na páirtithe sin 100 % d’allmhairí na Téaváine le linn an imscrúdaithe. Mheas an Coimisiún go raibh dhá tháirgeoir as na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin comhlachaithe agus go raibh siad mar chuid den ghrúpa céanna. Chinn an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh ar an ngrúpa sin (grúpa Chimei Corporation/Grand Pacific Petrochemical Corporation) agus ar an táirgeoir onnmhairiúcháin eile, lena gcumhdaítear 100 % d’allmhairí ón Téaváin. |
|
(25) |
Chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine Chimei Corporation agus Grand Pacific Petrochemical Corporation in aghaidh an chinnidh a mhéid a mheas an Coimisiún go raibh an dá pháirtí comhlachaithe. Mhaígh Chimei Corporation agus Grand Pacific Petrochemical Corporation gur páirtithe neamhspleácha iad i leith an táirge faoi imscrúdú a monaraíodh sa Téaváin toisc nach raibh scairsheilbh fhrithpháirteach ná comhaltaí boird, bainisteoirí ná fostaithe i gcoiteann acu. |
|
(26) |
Níor aontaigh an Coimisiún go bhféadfaí a mheas go bhfuil na páirtithe neamhchomhlachaithe chun críoch an imscrúdaithe seo. Mar a d’aithin Chimei Corporation agus Grand Pacific Petrochemical Corporation iad féin, tá comhfhiontar ag na cuideachtaí sin sa tSín, dá bhrí sin, is páirtithe comhlachaithe iad i bhfianaise Airteagal 127(1)(g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (5). Ní bhaineann sé le hábhar, chun críoch Airteagal 127(1)(g), go bhfuil a gcomhfhiontar lonnaithe sa tSín nó nár dhíol an chuideachta chomhfhiontair sin an táirge atá faoi imscrúdú leis an Aontas. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh tosaigh. |
|
(27) |
D’ainneoin an mhéid thuas, i bhfianaise dhíréireacht Chimei Corporation le taobh Grand Pacific Petrochemical Corporation i dtéarmaí mhéideanna an táirge faoi imscrúdú a onnmhairíodh chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arna iarraidh sin do Grand Pacific Petrochemical Corporation, dhíolmhaigh an Coimisiún Grand Pacific Petrochemical Corporation ó fhreagra ceistneora a chur isteach agus chuir sé in iúl don pháirtí go gcuirfí an corrlach dumpála a ríomhadh le haghaidh Chimei Corporation i bhfeidhm maidir le Grand Pacific Petrochemical Corporation freisin. D’aontaigh Grand Pacific Petrochemical Corporation leis an moladh sin. |
1.6. Scrúdú aonair
|
(28) |
D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin sa Chóiré go ndéanfaí scrúdú aonair air faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. Ag an gcéim seo den imscrúdú, ní dhearna an Coimisiún aon chinneadh faoi na hiarrataí ar scrúdú aonair. Cinnfidh an Coimisiún an ndéanfar scrúdú aonair ag céim chinntitheach an imscrúdaithe. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(29) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig táirgeoirí an Aontais, chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, chuig táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, agus chuig na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe comhoibríocha go léir. Cuireadh na ceistneoirí céanna, lenar áiríodh ceistneoirí le haghaidh úsáideoirí, ar fáil ar líne (6) lá an tionscnaimh. Chuir an Coimisiún ceistneoir inar iarradh macratháscairí thionscal an Aontais chuig na gearánaigh freisin. |
|
(30) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.8. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(31) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
|
(32) |
Leis an bhfógra tionscnaimh sainíodh an táirge atá faoi imscrúdú mar roisíní stiréine bútaidhé-éine aicrilinítríle, comhpholaiméir theirmeaplaisteach ina bhfuil aicrilinítríl, bútaidhé-éin, agus stiréin i gcion éagsúil, beag beann ar dhath nó aon tsaintréith fhisiceach nó mheicniúil eile, bídís próiseáilte nó cóireáilte a thuilleadh chun saintréithe fisiceacha shonracha bhreise a thabhairt dóibh nó ná bíodh, agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 9003-56-9 ag gabháil léi. |
|
(33) |
Is féidir ABS a tháirgeadh trí dhá phróiseas polaiméirithe: an próiseas eibleachta agus an próiseas olltáirgthe. Tá na próisis éagsúil ó thaobh na n-amhábhar agus na dteicneolaíochtaí a úsáidtear. Is iondúil go mbíonn foirm millíní ag an táirge deiridh agus, gan líocha a chur leis, bíonn dath neasbhán/buí air. |
|
(34) |
Úsáidtear stiréin, aicrilinítríl agus bútaidhé-éin mar bhunábhair sa phróiseas eibleachta. Déantar bútaidhé-éin a pholaiméiriú in uisce ar dtús. Cruthaíonn sé sin laitéis rubair, i.e. cáithníní rubair atá tuaslagtha in uisce. Sa dara céim, déantar stiréin agus aicrilinítríl a pholaiméiriú sa tuaslagán laitéise rubair. Ní mheastar gur táirge críochnaithe é an táirge a fhaightear ag an gcéim seo mar gheall ar a chion ard bútaidhé-éine, rud a fhágann nach bhfuil sé oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch. Ina fhoirm sholadach, tugtar púdar tirim, púdar rubair nó tiúchan rubair nódaithe air. I gcomhthráth le púdar tirim a tháirgeadh, déantar stiréin agus aicrilinítríl a pholaiméiriú chun comhpholaiméir stiréine aicrilinítríle (‘SAN’) a tháirgeadh. Chun ABS (an táirge críochnaithe) a fháil, déantar púdar tirim agus comhpholaiméir stiréine aicrilinítríle a chumasc. Mar chéim dheiridh chumaisc féadfar líocha, breiseáin nó (comh)pholaiméirí eile a chur leis an gcumasc chun a airíonna a oiriúnú. Déantar an chomhdhúil a eascraíonn as sin a thriomú agus a mhillíniú ar deireadh. |
|
(35) |
Próiseas níos nua is ea an próiseas olltáirgthe trínar féidir olltáirgeadh leanúnach ABS a chur i gcrích. Úsáideann sé stiréin, aicrilinítríl agus rubar polabútaidhé-éine mar bhunábhair. Déantar rubar polabútaidhé-éine a mheilt ar dtús i muileann agus ansin tuaslagtar é i stiréin. Déantar é a chumasc a thuilleadh le ceimiceáin agus le haicrilinítríl. Déantar an t-imoibriú polaiméirithe maise i láthair tuaslagóra. Ag deireadh an imoibriúcháin, baintear na monaiméirí, nach ndearna a pholaiméiriú, agus na comhdhúile atá ar fiuchadh íseal den pholaiméir. Féadfar líocha, breiseáin nó (comh)pholaiméirí eile a mheascadh sula seoltar ABS lena millíniú. |
|
(36) |
Úsáidtear ABS i réimse leathan feidhmeanna, e.g. mótarfheithiclí (tuairteoirí feithiclí, eilimintí maisiúla etc.), fearais tí (meaisíní níocháin, miasniteoirí etc.), leictreonaic (méarchláir ríomhaireachta, luchóg, cianrialtáin, cásanna teileafóin, etc.), troscán, tógáil (píopaí tógála agus feadáin), feistí leighis, bréagáin (brící LEGO etc.). |
|
(37) |
Ag brath ar an bhfeidhm agus ar an bpróiseas a úsáidtear chun táirgí iartheachtacha a mhonarú, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr le húsáideoirí ABS a tháirgtear trí eibleacht nó ABS a tháirgtear trí phróiseas olltáirgthe. Le ABS a tháirgtear tríd an bpróiseas eibleachta, déantar dromchla níos snasta do na táirgí iartheachtacha a sholáthar. Tá cáithníní níos mó rubair in ABS a tháirgtear mar thoradh ar phróiseas olltáirgthe agus dá bhrí sin bíonn dromchla neamhlonrach mar thoradh air. Is iondúil go dtáirgtear táirgí iartheachtacha trí easbhrú nó trí mhúnlú insteallta. Sa phróiseas easbhrúite, braitheann lonrú an dromchla ar an bpróiseas a úsáidtear chun ABS a tháirgeadh, i.e. dromchla snasta le haghaidh eibleacht ABS agus dromchla neamhlonrach le haghaidh ABS arna olltháirgeadh. Agus múnlú insteallta á dhéanamh, braitheann an dromchla ar an múnla, i.e. is féidir dromchla snasta a bheith mar thoradh ar ABS olltáirgthe freisin. |
|
(38) |
Le linn an imscrúdaithe, thug an Coimisiún faoi deara cleachtais éagsúla ag na táirgeoirí, san Aontas agus sna tíortha lena mbaineann araon, maidir le húsáid na huimhreach Clárlainne CAS (7). I gcás inar táirgeadh ABS mar chomhdhúil de phúdar tirim agus SAN, chuir roinnt táirgeoirí é i láthair faoi aon uimhir CAS amháin, is é sin 9003-56-9, agus bhain táirgeoirí eile úsáid as dhá uimhir CAS, is iad sin 9003-56-9 le haghaidh púdar tirim agus 9003-54-7 le haghaidh SAN. Chun aon mhíthuiscint a d’fhéadfadh teacht as cleachtais éagsúla den sórt sin a sheachaint, chinn an Coimisiún an tagairt d’uimhir CAS a bhaint de shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú. |
|
(39) |
Dá réir sin, is é an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo roisíní stiréine Bútaidhé-éine aicrilinítríle, comhpholaiméir theirmeaplaisteach ina bhfuil aicrilinítríl, bútaidhé-éin, agus stiréin i gcion éagsúil, beag beann ar dhath nó aon tsaintréith fhisiceach nó mheicniúil eile, bídís próiseáilte nó cóireáilte a thuilleadh chun saintréithe fisiceacha shonracha bhreise a thabhairt dóibh nó ná bíodh, (‘an táirge faoi imscrúdú’ nó ‘ABS’). |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(40) |
Is éard atá sa táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine, atá faoi láthair faoi chód AC ex 3903 00 00 (‘an táirge lena mbaineann’). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(41) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(42) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.4. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
2.4.1. An raon táirge a shoiléiriú
|
(43) |
D’iarr roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin soiléiriú maidir le cé acu a thagann nó nach dtagann na táirgí seo a leanas faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo:
|
|
(44) |
I ndáil leis sin, is mian leis an gCoimisiún a shoiléiriú go dtagann comhpholaiméirí nó comhdhúile nach bhfuil iontu ach aicrilinítríl, bútaidhé-éin agus stiréin faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo ar choinníoll gurb í an stéirin is mó atá sa chomhpholaiméir nó sa chumasc sin. Tagrófar do chomhpholaiméirí nó do chomhdhúile den sórt sin mar ABS san imscrúdú seo. |
|
(45) |
Mar a mhínítear in aithris (34), is táirge leathchríochnaithe é púdar tirim. Cé go bhfuil gach ceann de na trí chómhonaiméir ann cheana féin, is í bútaidhé-éin is mó atá ann agus dá bhrí sin ní chomhlíonann sí coinníoll an chion stiréine a luaitear in aithris (44). Dá bhrí sin, ní thagann púdar tirim faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo. |
|
(46) |
Thairis sin, tagann comhdhúile ABS (mar a shainmhínítear in aithris (44) comhdhúile le (comh)pholaiméirí agus/nó breiseáin eile, amhail líocha, oibreáin fhrithstatacha, cobhsaitheoirí UV, substaintí lasairmhoillitheacha, snáithíní gloine, ach gan a bheith teoranta dóibh, faoi raon feidhme an Rialacháin seo fad is arb é ABS is mó atá sa chomhdhúil. |
|
(47) |
Dá bhrí sin, cumhdaítear ABS lasairmhoillitheach agus ABS treisithe le gloine faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo toisc go dtáirgtear na cineálacha táirgí sin mar chomhdhúile arb é ABS an t-ábhar is mó iontu. Ar an taobh eile, ní chumhdaítear ABS trédhearcach leis an imscrúdú seo. Táirgtear ABS trédhearcach mar chomhdhúile de ABS agus meataicrioláit mheitile, ar a dtugtar MABS. Ní hé ABS is mó atá sa chomhdhúil sin agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoi raon táirge an imscrúdaithe seo. |
|
(48) |
Ar deireadh, tagann comhpholaiméirí ina bhfuil aicrilinítríl, bútaidhé-éin, stiréin agus cómhonaiméirí eile faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo fad is gurb iad aicrilinítríl, bútaidhé-éin agus stiréin is mó atá sa chomhpholaiméir. |
2.4.2. Iarrataí ar eisiamh ón raon táirge
|
(49) |
Ina fhreagra ar an gceistneoir, d’iarr Chimei go ndéanfaí ABS lasairmhoillitheach a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe seo toisc go líomhnaítear nár táirgeadh é san Aontas. |
|
(50) |
Is iad táirgeoirí an Aontais a tháirgeann ABS lasairmhoillitheach, contrártha do líomhaintí na cuideachta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(51) |
Mhaígh Chimei agus LEGO gur cheart ABS ina bhfuil cion maischothromaithe a eisiamh. Áitíonn na páirtithe go bhfuil ABS maischothromaithe i bhfad níos costasaí mar gheall ar an bpréimh ghlas a íocann an custaiméir. Mar mhalairt air sin, mhol LEGO nár cheart na dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar an ábhar maischothromaithe amháin nó ar a laghad, gur cheart an ABS maischothromaithe a aithint chun comparáid chothrom a dhéanamh. |
|
(52) |
Is éard atá in ABS maischothromaithe ABS a tháirgtear ó ionchuir chiorclacha (a athchúrsáiltear go meicniúil nó go ceimiceach) nó ó bhith-bhunábhar, e.g. ola chócaireachta úsáidte. Go deimhin, tá sé níos costasaí ná ABS a tháirgtear ó ionchuir neamhchiorclacha nó iontaise-bhunaithe. Is féidir leis an bpréimh ghlas a bheith chomh hard le 100 % de phraghas an ABS neamhchiorclaigh nó iontaise-bhunaithe. Tá na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag ABS maischothromaithe, áfach, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna agus atá ag ABS a tháirgtear ó ionchuir neamhchiorclacha nó iontaise-bhunaithe agus dá bhrí sin is féidir leis dul in iomaíocht le ABS caighdeánach. Níor sholáthair Chimei ná Lego fianaise dá mhalairt. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ar an eisiamh sin. |
|
(53) |
Ní féidir forchur dleachtanna frithdhumpála ar ábhar ABS de thionscnamh neamhchiorclach nó iontaise a chur chun feidhme sa chleachtas. Déantar an phréimh ghlas a chaibidliú idir an táirgeoir ABS agus a chustaiméir, agus áirítear í go díreach sa phraghas. Ní féidir í a shainaithint ar an sonrasc nó ar dhoiciméid eile a ghabhann leis an idirbheart allmhairiúcháin agus, dá bhrí sin, ní féidir luach na préimhe glaise a chinneadh chun críoch luachála custaim. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’iarraidh LEGO nach ndéanfaí na dleachtanna frithdhumpála a thobhach ach ar ábhar neamhchiorclach nó iontaise ABS amháin. |
|
(54) |
Chuir an Coimisiún san áireamh go cuí, áfach, go bhfuil ABS maischothromaithe i gcineálacha áirithe táirgí ar mhaithe le comparáid chothrom a dhéanamh agus na corrlaigh dhumpála agus dhíobhála á gcinneadh. |
3. DUMPÁIL
3.1. Poblacht na Cóiré
3.1.1. An gnáthluach
|
(55) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an méid ionadaíoch a bhí i méid iomlán na ndíolachán intíre i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch a sampláladh, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann. Ar an mbonn sin, bhí na díolacháin iomlána a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch. |
|
(56) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu. |
|
(57) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte ar a mhargadh intíre i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineáil táirge más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas. Shuigh an Coimisiún nach raibh níos mó ná trian de chineálacha áirithe táirgí neamhionadaíoch i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(58) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(59) |
Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:
|
|
(60) |
Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(61) |
Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:
|
|
(62) |
De réir na hanailíse a rinneadh ar dhíolacháin intíre, bhí os cionn 64 % de na díolacháin intíre uile brabúsach, agus bhí an meánphraghas díolacháin ualaithe níos airde ná an costas táirgthe. Dá réir sin, ríomhadh an gnáthluach le haghaidh fhormhór na n-idirbheart mar mheán ualaithe phraghsanna na ndíolachán intíre uile le linn na tréimhse imscrúdúcháin, sin agus le haghaidh cuid eile mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin. |
|
(63) |
I gcásanna áirithe nach raibh díolacháin leordhóthanacha i leith aon chineál táirge an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, nó sa chás nár díoladh cainníochtaí dóthanacha den chineál táirge ar an margadh intíre, ríomh an Coimisiún an gnáthluach. I gcásanna eile nár díoladh cineál táirge an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, lorg an Coimisiún foinsí malartacha le haghaidh praghsanna sa ghnáthchúrsa trádála. Ós rud é nach raibh aon díolachán intíre ag táirgeoir sampláilte eile nó nárbh fhéidir praghas díola intíre táirgeora sampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach fóinteach gan rúndacht an táirgeora sin a shárú, agus nach raibh aon fhoinse eile praghsanna le haghaidh na gcineálacha áirithe táirgí ar fáil, ríomh an Coimisiún an gnáthluach le haghaidh na gcineálacha táirgí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán. |
|
(64) |
Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe a bhain le táirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin:
|
|
(65) |
Maidir le cineálacha táirgí nár díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. Maidir le cineálacha táirgí nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais ualaithe SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. |
3.1.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(66) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, sin nó trí chuideachtaí comhlachaithe a ghníomhaigh mar allmhaireoirí. |
|
(67) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
|
(68) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoirí, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas le haghaidh na gcostas uile a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus brabús ([9-12] %) a fuarthas ón dá allmhaireoir neamhchomhlachaithe comhoibríocha a chuir faisnéis ar fáil. |
3.1.3. Comparáid
|
(69) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás sin, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear thíos a thuilleadh, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.1.3.1. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an ngnáthluach
|
(70) |
I gcás díolacháin cineálacha táirgí ar ina leith a ríomhadh gnáthluach, mar a mhínítear in aithris (64), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh chostais SGA agus brabúis, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le haon choigeartú chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(71) |
I gcás díolacháin cineálacha táirgí ar ina leith a rinneadh díolacháin sa ghnáthchúrsa trádála, chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar chostais iompair agus pacála. Thairis sin, tugadh lamháltais mar gheall ar chostais chreidmheasa. Níor aimsigh an Coimisiún aon chúis le haon lamháltas eile a dhéanamh maidir leis an ngnáthluach. |
|
(72) |
D’iarr LG Chem go ndéanfaí coigeartú maidir leis an bpróiseas táirgthe agus difríochtaí i saintréithe an táirge. Thairis sin, d’iarr LG Chem go ndéanfaí coigeartú ar chúnamh teicniúil. Dhiúltaigh an Coimisiún do na coigeartuithe a mhaígh LG Chem. A mhéid a bhaineann leis an gcoigeartú i leith difríochtaí sa phróiseas táirgthe, níor chuir an chuideachta fianaise ar fáil go raibh aon tionchar ag an difríocht sa phróiseas táirgthe ar phraghsanna ná ar a n-inchomparáideacht. Tar éis leasú a dhéanamh ar an uimhir rialaithe táirge (‘PCN’), léirítear aon difríocht a bhfuil tionchar suntasach aige ar an bpraghas sa PCN leasaithe; dá bhrí sin, níl bunús a thuilleadh leis na coigeartuithe le haghaidh difríochtaí i saintréithe fisiceacha toisc gur léiríodh sa chóduimhir tháirge na difríochtaí sin a dhéanann difear do na praghsanna agus dá n-inchomparáideacht. Ar deireadh, diúltaíodh do na coigeartuithe mar gheall ar sheirbhísí cúnaimh theicniúil, toisc nár chuir an chuideachta fianaise ar fáil go bhfuil na seirbhísí sin ar conradh agus go n-áirítear iad sa phraghas díola. |
|
(73) |
D’iarr Lotte go ndéanfaí coigeartú ar aisíocaíocht dleachta, ach ní raibh an chuideachta in ann cainníochtaí sonracha de na hamhábhair allmhairithe a leithdháileadh ar an táirge faoi imscrúdú, agus dá bhrí sin diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.1.3.2. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(74) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar na nithe seo a leanas: costais lasta, árachais, láimhseála agus luchtaithe agus costais choimhdeacha. |
|
(75) |
Tugadh lamháltais mar gheall ar na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc. |
|
(76) |
D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin go ndéanfaí coigeartú le haghaidh díolacháin a rinneadh trí allmhaireoir comhlachaithe a seachadadh go díreach ón gCóiré chuig an gcustaiméir neamhspleách san Aontas, toisc go ndéanann an roinn díolacháin sa Chóiré na feidhmeanna díolacháin uile. Ar an bhforas sin, mhaígh an chuideachta nach n-íocann an t-allmhaireoir comhlachaithe na costais sin, agus gur cheart an praghas a choigeartú dá réir. Dá bhrí sin, níor thacaigh aon fhianaise leis an maíomh agus diúltaíodh dó dá bhrí sin. |
|
(77) |
Díoladh cuid bheag d’onnmhairí táirgeora onnmhairiúcháin le húsáideoir comhlachaithe san Aontas chun earraí eile a tháirgeadh ina bhfuil an táirge lena mbaineann ina chuid an-bheag den chostas táirgthe. I gcás na gcainníochtaí sin, bheadh sé dodhéanta praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shuí bunaithe ar dhíol an táirge deiridh leis an gcéad cheannaitheoir neamhspleách. Dá bhrí sin, breithníodh na cainníochtaí sin sna ríomhanna trí úsáid a bhaint as an bpraghas onnmhairiúcháin a suíodh le haghaidh díolacháin dhíreacha na gcineálacha táirgí comhchosúla. |
|
(78) |
Onnmhairíonn táirgeoir onnmhairiúcháin an táirge atá faoi imscrúdú chuig a chuideachta chomhlachaithe san Aontas a dhéanann é a phróiseáil a thuilleadh chun é a dhíol leis na custaiméirí neamhspleácha. I gcás na ndíolachán sin, baineadh lamháltas breise ón bpraghas leis an gcéad chustaiméir neamhchomhlachaithe. Tá na costais a bhaineann le próiseáila/cumaisc an ABS allmhairithe a rinneadh i saoráidí na cuideachta san Aontas asbhainte ag an gCoimisiún. Úsáideadh an praghas coigeartaithe sin chun comparáid a dhéanamh leis na táirgí atá cosúil leis an ionchur ABS a d’allmhairigh an chuideachta chomhlachaithe ón gCóiré. |
3.1.4. Corrlaigh dhumpála
|
(79) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(80) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(81) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(82) |
Ar an mbonn sin, is é 4,3 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla. |
|
(83) |
Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i sa Chóiré, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is é atá sa leibhéal comhair an méid onnmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arna suí ar bhonn sonraí ó Eurostat. |
|
(84) |
Is ard an leibhéal comhair atá ann sa chás seo ós rud é go raibh thart ar [75-85 %] de mhéid iomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shocrú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta a ndearnadh scrúdú aonair uirthi agus a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici. |
|
(85) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
3.2. an Téaváin
3.2.1. An gnáthluach
|
(86) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre ionadaíoch gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch shampláilte, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann. Ar an mbonn sin, bhí iomlán na ndíolachán a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch. |
|
(87) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas. |
|
(88) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar a mhargadh intíre i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineáil táirge más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas. Shuigh an Coimisiún nach raibh díolacháin intíre do chuid bheag cineálacha áirithe táirgí ionadaíoch i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(89) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(90) |
Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:
|
|
(91) |
Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(92) |
Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:
|
|
(93) |
De réir na hanailíse a rinneadh ar dhíolacháin intíre, bhí os cionn 99 % de na díolacháin intíre uile brabúsach, agus bhí an meánphraghas díolacháin ualaithe níos airde ná an costas táirgthe. Dá réir sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe phraghsanna na ndíolachán intíre uile le linn na tréimhse imscrúdúcháin (go ginearálta), sin nó mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin (i mbeagán cásanna). |
|
(94) |
Cuireadh an mhodheolaíocht a mhínítear san aithris thuas i bhfeidhm freisin maidir le díolacháin intíre a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch nach raibh mórán díolachán aige trí eintiteas próiseála comhlachaithe. |
|
(95) |
I gcás nár díoladh go leordhóthanach cineál táirge an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, sin nó i gcás nár díoladh cineál táirge i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán. I gcásanna nach raibh díolacháin intíre cineál táirge an táirge chomhchosúil, lorg an Coimisiún foinsí malartacha le haghaidh praghsanna sa ghnáthchúrsa trádála. Ar deireadh, ríomhadh an gnáthluach toisc nach bhféadfaí praghas díolacháin intíre táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach fóinteach gan rúndacht an táirgeora sin a shárú. Ní raibh an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhoinse eile a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh phraghsanna na gcineálacha táirgí ábhartha sa ghnáthchúrsa trádála. |
|
(96) |
Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe a bhain le táirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha le linn na tréimhse imscrúdúcháin:
|
|
(97) |
Maidir le cineálacha táirgí arna bpróiseáil agus arna ndíol ar bhonn intíre ag páirtí a bhaineann le ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, rinneadh costas táirgthe, costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús an eintitis chomhlacaithe a mheas sa ghnáthchúrsa trádála in aghaidh na tástála cineáil. |
|
(98) |
Maidir le cineálacha táirgí nár díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. Maidir le cineálacha táirgí nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais ualaithe SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. |
3.2.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(99) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha. Ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
3.2.3. Comparáid
|
(100) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás sin, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear thíos a thuilleadh, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.2.3.1. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an ngnáthluach
|
(101) |
Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar intíre agus costais árachais. |
|
(102) |
Nuair a suíodh an gnáthluach bunaithe ar chostais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh costais SGA agus brabús réasúnta don leibhéal trádála sin, ní raibh gá le haon choigeartú chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(103) |
D’iarr ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ag a raibh líon beag díolachán intíre trí pháirtí comhlachaithe go ndéanfaí coigeartú le haghaidh SG &A agus brabús don pháirtí comhlachaithe sin agus dá idirbhearta. Ina theannta sin, i bhfianaise na faisnéise atá ar comhad, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil feidhmeanna á ndéanamh ag an dolaphróiseálaí/trádálaí ón Téaváin a bhaineann leis an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag gníomhú ar bhonn coimisiúin de réir bhrí Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Diúltaítear don mhaíomh, dá bhrí sin. |
3.2.3.2. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(104) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar onnmhairiúcháin, árachas agus costais láimhseála agus lódála, nuair a d’iarr na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte iad agus nuair a bhí bunús leis. |
|
(105) |
Tugadh lamháltais mar gheall ar na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc. |
3.2.4. Corrlaigh dhumpála
|
(106) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(107) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(108) |
Ós rud é gur comhar 100 % a bhí ann, níor ghá meánchorrlach dumpála ualaithe a ríomh a chuirfí i bhfeidhm de ghnáth le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte. |
|
(109) |
Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i sa Chóiré, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. |
|
(110) |
Is ard an leibhéal comhoibrithe atá ann sa chás seo ós rud é go raibh méid iomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shocrú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta a ndearnadh scrúdú aonair uirthi agus a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici.
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(111) |
Rinne ceithre tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, le linn an imscrúdaithe, tháinig cúig tháirgeoir ABS athchúrsáilte chun cinn trína gcomhlachas Plastics Recyclers Europe. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(112) |
Bhí an fhaisnéis a sholáthair táirgeoirí ABS athchúrsáilte teoranta do mhéideanna táirgeachta in 2022, 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. I bhfianaise a sciar neamhshuntasaigh de tháirgeacht iomlán ABS san Aontas (thart ar 1,5 %), mheas an Coimisiún nach ndearna an easpa faisnéise iomláine ó athchúrsálaithe difear do na torthaí maidir le díobháil. |
|
(113) |
Suíodh gur thart ar 500 000 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail méideanna táirgeachta fíoraithe táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, méideanna táirgeachta fíoraithe tháirgeoirí neamhshampláilte an Aontais, agus méideanna táirgeachta athchúrsálaithe. Mar a shonraítear in aithris (18), is éard a bhí ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a [38-48] % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás an táirge chomhchosúil. |
|
(114) |
Chomh maith le táirgeoirí ABS agus athchúrsálaithe, rinneadh tuilleadh anailíse sa ghearán ar ról na gcumascóirí, a fuair táirgí ó tháirgeoirí san Aontas agus sna tíortha lena mbaineann agus a chumasc iad le breiseáin chun airíonna áirithe ABS a fheabhsú nó a thiontaigh iad ina dtáirgí nach dtagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo. |
|
(115) |
Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le gach cumascóir aitheanta roimh an tionscnamh. Mar sin féin, níor thug aon cheann de na cumascóirí aitheanta freagra ar fhiosrúcháin an Choimisiúin. Ag céim níos déanaí den imscrúdú, chláraigh cumascóir amháin, Romira GmbH, mar pháirtí leasmhar san imscrúdú. Mhaígh an chuideachta gur táirgeoir ABS í agus sholáthair sí roinnt mínithe tosaigh. Ní dhearna sé aon aighneacht eile, áfach, ná níor sholáthair sé aon sonraí a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún teacht ar chonclúid maidir le cineál ghníomhaíochtaí Romira i ndáil leis an imscrúdú seo. |
|
(116) |
Chinn an Coimisiún gurb é an phríomhchéim dheiridh i dtáirgeadh ABS, ón taobh ceimiceach agus teicniúil de, an próiseas polaiméirithe a chur i gcrích. Ina theannta sin, is gnách go mbíonn an breisluach a chuirtear leis an gcéim chumaisc sách teoranta, arb éard atá ann 7-10 % den chostas táirgthe. Dá bhrí sin, ag an gcéim seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach cuid de thionscal an Aontais iad cumascóirí. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(117) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
|
(118) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 1 Tomhaltas an Aontais (tonaí)
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(119) |
Tháinig méadú sealadach ar thomhaltas an Aontais in 2021 ach lean sé de bheith ag laghdú sa chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú. Faoi dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin, bhí sé 16 % ní b’ísle ná mar a bhí ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.3. Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
4.3.1. Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(120) |
Scrúdaigh an Coimisiún ar cheart measúnú ar bhonn carnach a dhéanamh ar allmhairí an táirge de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán. |
|
(121) |
An corrlach dumpála a suíodh i ndáil leis na hallmhairí ón gCóiré agus ón Téaváin, bhí sé os cionn na tairsí de minimis a leagtar síos in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Níor dhiomaibhseach an méid allmhairí ó gach ceann de na tíortha lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán. Ba iad 25,2 % agus 5,9 % faoi seach na sciartha den mhargadh sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(122) |
Ba chosúil le chéile dálaí na hiomaíochta idir na hallmhairí dumpáilte ón gCóiré agus ón Téaváin agus idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an táirge comhchosúil. Go sonrach, bhí na táirgí allmhairithe in iomaíocht le chéile agus le ABS a tháirgtear san Aontas toisc go ndíoltar iad trí na bealaí díolacháin céanna agus le catagóirí custaiméirí comhchosúla. |
|
(123) |
Dá bhrí sin, comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán agus scrúdaíodh allmhairí ón gCóiré agus ón Téaváin ar bhonn carnach chun an díobháil a chinneadh. |
4.3.2. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(124) |
Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn ar bhonn sonraí taifeadta i mbunachar sonraí Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí trí mhéideanna allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas an Aontais mar a cinneadh i roinn 4.2. |
|
(125) |
Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 2 An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(126) |
Taifeadadh fás géar leanúnach ar allmhairí carnacha ó na tíortha ó 124 000 tona go beagnach 190 000 tona le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur shroich siad buaicphointe 200 000 tona in 2022, bhí siad fós 53 % ní b’airde ag deireadh na tréimhse faoi bhreathnú i gcomparáid lena tús. |
|
(127) |
Tháinig méadú seasta ar sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ó 19 % go 31 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú 12 phointe céatadáin orthu nó 63 % de sciar an mhargaidh idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
4.4. Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann: sladghearradh praghsanna agus sochtadh praghsanna
|
(128) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar bhonn faisnéise fíoraithe a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar fail sna tíortha lena mbaineann agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. |
|
(129) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 3 Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(130) |
Tháinig méadú ar na praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann ar an meán le 28 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba é an méadú ar phraghsanna allmhairí na Cóiré (+ 31 %) ba chúis leis sin den chuid is mó, agus níor tháinig ach méadú 14 % ar phraghas na n-allmhairí ón Téaváin. Imeachtaí sa gheilleagar domhanda ba chúis leis an méadú thar a bheith géar ar phraghsanna in 2021 agus 2022. Leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime in 2021, tháinig téarnamh ar shreafaí trádála domhanda agus, dá bhrí sin, tháinig méadú ar an éileamh ar loingseoireacht, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar chostas lasta aigéin. Lean sé de bheith amhlaidh go tús 2022 (8). Ag deireadh 2021 agus le linn 2022, bhí éifeachtaí an chostais mhéadaithe loingseoireachta ann chomh maith leis an ngéarchéim dhomhanda fuinnimh a tharla mar gheall ar an éileamh méadaitheach ar bhreosla tar éis an téarnaimh eacnamaíoch iarphaindéime, ach go príomha mar gheall ar iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine a thosaigh le hionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 (9). |
|
(131) |
Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:
|
|
(132) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir cineáil le haghaidh idirbheart ar an leibhéal céanna trádála, arna coigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(133) |
Léiríodh sa chomparáid thuas meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 30,4 % agus 30,9 % ar mhargadh an Aontais i gcás na Cóiré, agus idir 20,9 % agus 29,9 % i gcás na Téaváine. |
|
(134) |
Ina theannta sin, gan beann ar na torthaí maidir le sladghearradh suntasach, shuigh an Coimisiún nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a mhéadú go leibhéal lena nginfí brabúis réasúnacha mar gheall ar shochtadh praghsanna de thoradh mhéideanna agus phraghsanna ísle na n-allmhairí ón gCóiré agus ón Téaváin. Ag tosú in 2022 agus le linn na tréimhse faoi bhreathnú a bhí fágtha, bhí meánphraghas na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann faoi bhun an chostais táirgthe ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais (féach tábla 7). |
|
(135) |
Chomh maith leis sin, deimhníodh an sochtadh praghsanna a fuarthas ar an macraileibhéal ar leibhéal na cuideachta. Cinneadh na leibhéil díothaithe díobhála in aghaidh an chineáil táirgthe, lenar cuireadh aon difríocht fhéideartha idir meascán táirge allmhairí agus díolacháin intíre thionscal an Aontais san áireamh dá réir sin. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí na hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ag gearrdhíol praghsanna díola intíre tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais faoi 62.9 % go 66.6 % i gcás na Cóiré agus faoi 51.7 % go 67.8 % i gcás na Téaváine (le haghaidh tuilleadh sonraí féach roinn 6.1). |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(136) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(137) |
Mar a luaitear in aithris (18), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(138) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a chuir na ceithre tháirgeoir ABS de chuid an Aontais, ar thaobh amháin, agus Plastics Recyclers Europe isteach thar ceann tháirgeoirí ABS athchúrsáilte an Aontais, ar an taobh eile. Na sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí fíoraithe a thug na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(139) |
Is iad seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo. |
|
(140) |
Is iad seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(141) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 4 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(142) |
Tháinig laghdú 14 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais in 2021. Tháinig laghdú air ansin idir 2021 agus 2023, sular tháinig téarnamh beag air le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú, bhí laghdú 16 % tagtha ar na méideanna táirgeachta faoi bhun leibhéal 2020. |
|
(143) |
Tháinig méadú beag ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais in 2021 agus 2022 tar éis chur i gcrích na dtionscadal infheistíochta a tionscnaíodh i bhfad roimh an tréimhse faoi bhreathnú. Ar an iomlán, tháinig méadú 9 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(144) |
I bhfianaise na n-acmhainneachtaí breise agus an laghdaithe ar an táirgeacht, tháinig laghdú ar an úsáid acmhainneachta freisin ó 65 % in 2020 go 50 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin le méadú sealadach go 71 % in 2021. |
4.5.2.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
(145) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(146) |
Tháinig laghdú 16 % ar mhéid díolacháin thionscal an Aontais in 2021. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig laghdú leanúnach air agus faoi dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú, bhí 19 % dá mhéid díolacháin in 2020 caillte ag tionscal an Aontais. |
|
(147) |
Tháinig laghdú níos mó ar mhéid na ndíolachán ná an tomhaltas (19 % vs. 6 %) agus, dá bhrí sin, tháinig laghdú ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh ó 72 % in 2020 go dtí níos lú ná 63 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
4.5.2.3. Fás
|
(148) |
Tháinig téarnamh eacnamaíoch domhanda i ndiaidh na paindéime sa bhliain 2021. Léiríodh é sin freisin ar mhargadh an Aontais inar tháinig méadú sealadach ar thomhaltas ABS, rud a chuir ar a chumas do thionscal an Aontais fás i dtéarmaí táirgthe agus díolachán. Ach ina dhiaidh sin, chuaigh an téarnamh ar gcúl. |
|
(149) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú géar ar an tomhaltas. Chaill tionscal an Aontais, áfach, níos mó ná dhá oiread mhéid na ndíolachán i gcomparáid leis an laghdú ar an tomhaltas. Mar thoradh air sin, cailleadh beagnach 10 bpointe céatadáin den sciar den mhargadh. |
4.5.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(150) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(151) |
Bhí an fhostaíocht i dtionscal ABS san Aontas fós réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú gan ach méadú beag 2 % in 2021 agus 4 % in 2022. Is féidir an fás sin ar an bhfostaíocht a chur i leith cur in úsáid acmhainneachtaí táirgeachta breise in 2021 agus 2022. |
|
(152) |
Léiríodh an méadú sealadach ar mhéideanna táirgeachta in 2021 sa táirgiúlacht ar ar tháinig méadú 12 % sa tréimhse chéanna. Thosaigh na méideanna táirgeachta ag laghdú, áfach, tar éis 2021, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar tháirgiúlacht ó 2022 go dtí deireadh na tréimhse faoi bhreathnú nuair a thit sé 18 % faoi bhun an leibhéil a bhí ann in 2020. |
|
(153) |
I bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht ar an margadh, thosaigh tionscal an Aontais ar an bhfostaíocht a laghdú ó 2023. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí an fhostaíocht beagán níos airde (+ 1 %) ná mar a bhí in 2020. |
4.5.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo
|
(154) |
Bhí na corrlaigh dhumpála uile os cionn an leibhéil de minimis. Ní diomaibhseach an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(155) |
Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag dumpáil san am atá thart. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(156) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Praghsanna díola san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(157) |
Idir 2020 agus 2022, tháinig méadú 92 % ar phraghsanna díola thionscal an Aontais. Ina dhiaidh sin, tháinig laghdú ar phraghsanna díola. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, áfach, bhí an meánphraghas díola aonaid fós beagnach 50 % ní b’airde ná mar a bhí ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(158) |
Lean an costas táirgthe treocht chomhchosúil. Tháinig méadú 90 % air idir 2020 agus 2022 agus ina dhiaidh sin, tháinig laghdú air — ach níos lú ná an meánphraghas díola aonaid. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí an costas táirgthe 60 % níos airde ná mar a bhí in 2020. |
|
(159) |
In 2021, tháinig méadú i bhfad níos mó ná an costas ar phraghas díola ABS thionscal an Aontais. Shroich an difríocht idir praghas díola agus costas táirgthe beagnach EUR 550/tona sa tréimhse sin. Ina dhiaidh sin, tháinig méadú as cuimse ar an gcostas táirgthe agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, níor sháraigh an meánphraghas díola an meánchostas ach thart ar EUR 50 in aghaidh an tona. |
4.5.3.2. Costais saothair
|
(160) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(161) |
Tháinig méadú sealadach 11 % agus 10 % faoi seach ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí in 2021 agus 2022. Bhí sé fós cobhsaí, áfach, le linn an chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú beag air le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
4.5.3.3. Fardail
|
(162) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(163) |
Lean méid an stoic deiridh treocht na táirgeachta. Tháinig méadú air in 2021 ach tháinig laghdú air sa chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(164) |
D’fhreagair tionscal an Aontais don mhéid díolachán laghdaithe trína mhéid táirgeachta a laghdú. Dá bhrí sin, bhí sciar na stoc deiridh ar an méid táirgeachta fós cobhsaí go leor (7,5-9 %) le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. |
4.5.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
|
(165) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte de chuid Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(166) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tháinig méadú ar an mbrabúsacht in 2021, nuair a bhí na himthosca eacnamaíocha don earnáil, san Aontas, thar a bheith fabhrach. Bhí tionchar ag praghsanna arda lasta aigéin in 2021 ar an éileamh ard agus ar phraghsanna arda allmhairiúcháin (féach aithris (131)), bhí tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola féin a mhéadú ar mhargadh an Aontais agus brabús [21,4-23,7] % a ghiniúint. Cé gur leanadh den mhéadú ar chostas lasta aigéin sa chéad leath de 2022, bhí sé nasctha le méadú ar chostas fuinnimh, lena n-áirítear costas na hola agus an gháis (féach aithris (131)), arb iad na hamhábhair deiridh iad chun monaiméirí atá in ABS a tháirgeadh. Dá bhrí sin, in 2022 laghdaíodh an bhrabúsacht faoina leath in 2022 i gcomparáid le 2021, cé go raibh an praghas díola fós sách ard. Ina dhiaidh sin, lean an bhrabúsacht de bheith ag titim ar bhonn suntasach, ag sroicheadh [3,2-3,5] % in 2023 agus [2,0-2,2] % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(167) |
Is éard atá sa ghlansreabhadh airgid cumas tháirgeoirí an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Lean an treocht i nglansreabhadh airgid treocht na brabúsachta. Tháinig méadú sealadach ar an nglansreabhadh airgid in 2021. Sa chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú air agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, níor shroich an glansreabhadh airgid ach 14 % dá leibhéal in 2020. |
|
(168) |
Luainigh infheistíochtaí thionscal an Aontais idir EUR 4,4 milliún agus EUR 5,9 milliún in 2020, 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig méadú suntasach orthu in 2022 (níos mó ná EUR [6,6-7,3] milliún) agus go háirithe in 2022 ([11-12,2] milliún EUR). |
|
(169) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Léiríodh an laghdú suntasach ar bhrabúsacht freisin sa laghdú ar an toradh ar infheistíochtaí. Tháinig méadú sealadach air in 2021 go dtí leibhéal 92 %. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, áfach, níor shroich sé ach leibhéal 4 %. |
|
(170) |
Is amhlaidh ón méid thuas a bhí tionchar diúltach ag an mbrabúsacht laghdaitheach agus ag an nglansreabhadh airgid ar chumas tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais caipiteal a thiomsú. |
4.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(171) |
Tháinig méadú mór ar théarnamh iar-COVID i margadh an Aontais in 2021, ach tá sé ag laghdú go mór ó 2022. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, áfach, chaill tionscal an Aontais díolacháin ar ráta a bhí i bhfad níos airde ná an laghdú ar thomhaltas an Aontais. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú suntasach ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh ó 72,4 % go 62,8 %. Tháinig laghdú ar mhéideanna táirgeachta thionscal an Aontais (-16 %) i gcomhréir lena mhéideanna díolachán (-19 %). |
|
(172) |
Cé is moite den dhíobháil do mhéideanna, shuigh an Coimisiún díobháil do phraghsanna freisin. Cé go raibh tionscal an Aontais in ann brabúis fholláine a dhéanamh sna chéad 3 bliana le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níorbh amhlaidh a bhí in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin a thuilleadh nuair a tháinig laghdú ar a bhrabúsacht go leibhéil an-íseal. Bhí treocht na dtáscairí airgeadais eile (sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí) chomh diúltach céanna ó 2022 nó 2023. |
|
(173) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
|
(174) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh i leith na n-allmhairí dumpáilte aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh tosca seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Seo a leanas na tosca sin: allmhairí ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, tomhaltas, costas táirgthe, acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais, ganntanas soláthair ar mhargadh an Aontais, agus roghanna úsáideoirí, cáilíocht táirgí agus seirbhísí iardhíola. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(175) |
Tháinig méadú 53 % ar mhéideanna carnacha na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (féach tábla 2) agus tháinig laghdú 6 % ar an tomhaltas san Aontas (féach tábla 1). Mar thoradh air sin, tháinig méadú 12 phointe céatadáin ó 19 % go 31 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag na tíortha lena mbaineann. An tráth céanna, tháinig laghdú beagnach 10 bpointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 72 % go 63 %. |
|
(176) |
Bhí meánphraghsanna na n-allmhairí ón gCóiré agus ón Téaváin faoi bhun mheánphraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rinne siad sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais 20.9 % go 30.9 %. De thoradh praghsanna allmhairiúcháin den chineál sin, sochtadh praghsanna ar mhargadh an Aontais, rud a d’fhág nárbh fhéidir le tionscal an Aontais brabúis fholláine a dhéanamh. Sa tréimhse imscrúdúcháin, ní raibh praghsanna díola thionscal an Aontais ach beagán os cionn a chostais táirgthe. |
|
(177) |
Mhaígh Lotte nár tháinig méadú ar allmhairí ABS ón gCóiré ach amháin toisc gur úsáideadh 2020, bliain a raibh tionchar ag paindéim COVID-19 uirthi, mar bhonnbhliain chun meastóireacht a dhéanamh ar threochtaí. D’áitigh an chuideachta nár théarnaigh na hallmhairí ón gCóiré ach go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(178) |
Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh LEGO nach féidir an méadú ar allmhairí ón Téaváin a bhreathnú ach amháin toisc go dtosaíonn an tréimhse faoi bhreathnú in 2020, bliain a ndearna an moilliú eacnamaíoch a bhaineann leis an bpaindéim difear di. D’áitigh an páirtí gur cheart an bhliain 2021 a úsáid mar thús na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(179) |
Go deimhin, bhí laghdú ginearálta ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i ngeall ar phaindéim COVID-19 sa bhliain 2020, rud a rinne difear ní hamháin do thionscal an Aontais ach d’allmhairí freisin. Ar an taobh eile, ní féidir a mheas go bhfuil an bhliain 2021 ionadaíoch ar ghnáthghníomhaíocht eacnamaíoch ABS ar mhargadh an Aontais ach oiread mar gheall ar an téarnamh eacnamaíoch suntasach tar éis na paindéime. Sa chomhthéacs sin, fiú dá ndéanfaí neamhaird ar an dearbhmhéadú ar allmhairí, léirítear go soiléir leis an bhforbairt a tháinig ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann gur fhás siad go díréireach i gcoibhneas le méid mhargadh an Aontais. Ina theannta sin, léiríonn roinnt táscairí díobhála (méideanna táirgeachta agus díolachán, sciar den mhargadh, brabúsacht, sreabhadh airgid, toradh ar infheistíochtaí) treocht dhiúltach le linn na tréimhse imscrúdúcháin fiú i gcomparáid le bliain phaindéim 2020. Ní dheimhnítear leis sin ach tionchar díobhálach na n-allmhairí dumpáilte méadaithe ón gCóiré agus ón Téaváin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh go bhfuil 2020 míchuí le húsáid mar bhonnbhliain don tréimhse anailíse. |
|
(180) |
D’áitigh LG Chem nárbh iad na hallmhairí ón gCóiré ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais bunaithe ar na cúiseanna seo a leanas:
|
|
(181) |
Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil torthaí an Choimisiúin maidir leis an díobháil a bhain do leas an Aontais bunaithe ar an anailís ar threochtaí a d’fhéadfaí a bhreathnú le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad. Ní thugann athruithe aonair ar tháscairí eacnamaíocha idir blianta aonair léargas sách ionadaíoch ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. Ní chuireann an Coimisiún ina choinne gur tháinig méadú ar phraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, bhí a leibhéil i gcónaí agus go minic faoi bhun na leibhéil praghsanna a bhain tionscal an Aontais amach ar mhargadh an Aontais. Leis na praghsanna ísle sin, mar aon leis na méideanna arda allmhairí ón gCóiré agus ón Téaváin, sochtadh na praghsanna ar mhargadh an Aontais agus ní raibh tionscal an Aontais in ann brabúis fholláine a bhaint amach a thuilleadh in 2023 ná sa tréimhse imscrúdúcháin. Maidir leis na méideanna táirgeachta le linn na tréimhse imscrúdúcháin, shuigh an Coimisiún, murab ionann agus na sonraí le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an ghearáin, gur tháinig laghdú beag ar na méideanna táirgeachta. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh LG Chem. |
|
(182) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar chonclúid shealadach go ndearna na hallmhairí ón tSín díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. Bhí tionchar ag an díobháil sin ar mhéid agus ar phraghsanna araon. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(183) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Allmhairí ó thríú tíortha
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(184) |
Bhí allmhairí ó na Stáit Aontaithe agus ón Araib Shádach sách cobhsaí ar feadh an chuid is mó den tréimhse faoi bhreathnú agus sciar den mhargadh idir 1,0 % agus 1,9 % i gcás na Stát Aontaithe agus 0,6 % go 1,0 % i gcás na hAraibe Sádaí, ach gan éagsúlacht shuntasach idir dhá cheann na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 0,1 % go 1,2 % den sciar den mhargadh. Tháinig laghdú 15 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag sroicheadh EUR 1 893/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(185) |
Tháinig laghdú beagnach 20 000 tona ar allmhairí iomlána ó thríú tíortha (lena n-áirítear iad siúd a ainmnítear thuas ina n-aonar), áfach, rud a d’fhág gur tháinig laghdú 2,5 pointe céatadáin ar a sciar den mhargadh ó 8,6 % in 2020 go 6,1 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(186) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, cé nach ndearna na hallmhairí ó thríú tíortha eile díobháil do thionscal an Aontais, i bhfianaise a méideanna agus a praghsanna, go bhféadfadh sé gur chuir allmhairí ón tSín beagán leis an díobháil. Mar sin féin, níor mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. |
5.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(187) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid onnmhairí ó tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(188) |
Luainigh méideanna díolachán onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach bhí siad ar leibhéil chomhchosúla le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid leis an gcéad bhliain den tréimhse faoi bhreathnú. Bhí méideanna na ndíolachán onnmhairiúcháin ar an leibhéal ab ísle in 2023, nuair a bhí siad 25 % faoi bhun mhéideanna díolachán onnmhairiúcháin in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(189) |
I dtéarmaí coibhneasta, áfach, tháinig méadú ar dhíolacháin onnmhairiúcháin thionscal an Aontais. Cé nach raibh níos mó ná an ceathrú cuid de mhéideanna díolachán an Aontais in 2020 i gceist le méideanna na ndíolachán onnmhairiúcháin, bhí siad gar d’aon trian de mhéid díolachán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(190) |
Thairis sin, bhí meánphraghsanna díolachán onnmhairiúcháin an-chosúil le praghsanna díola an Aontais agus i bhformhór na mblianta bhí siad beagán os cionn phraghsanna díola an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(191) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. |
5.2.3. Tomhaltas
|
(192) |
Tháinig laghdú ar an tomhaltas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, seachas le haghaidh 2021, bliain an téarnaimh eacnamaíoch tar éis COVID. Mar sin féin, cé gur tháinig laghdú 40 000 tona ar an tomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú faoi dhó ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. An tráth céanna, tháinig méadú 65 000 tona ar na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann, fiú i margadh atá ag laghdú. |
|
(193) |
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur chuir an laghdú ar an tomhaltas leis an díobháil ach go pointe teoranta, toisc go bhfuil na méideanna díolachán a cailleadh chuig na tíortha lena mbaineann níos airde ná an laghdú ar an tomhaltas, agus gur shocht praghsanna na n-allmhairí breise sin na praghsanna a d’fhéadfadh tionscal an Aontais a bhaint amach. |
5.2.4. Costas táirgthe
|
(194) |
D’áitigh Rialtas na Cóiré, LG Chem agus Lotte gur cheart an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a chur i leith méadú ar chostas táirgthe, go háirithe an costas ard fuinnimh ar mhargadh an Aontais. Ina theannta sin, mhaígh Lotte gurbh é an costas lasta aigéin an-ard nach mór do thionscal an Aontais a iompar agus amhábhair á n-allmhairiú aige ba chúis leis an méadú ar chostas táirgthe freisin. |
|
(195) |
Go deimhin, tháinig méadú foriomlán ar chostas táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus shroich sé a uasmhéid in 2022, rud atá ailínithe leis an ngéarchéim dhomhanda fuinnimh de bharr an téarnaimh eacnamaíoch iarphaindéime agus iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine (10). Ní hamháin go raibh tionchar ag an méadú domhanda ar chostas fuinnimh agus ar chostas ola agus gáis nádúrtha, arb iad na hamhábhair deiridh iad a úsáidtear chun aicrilinítríl, bútaidhé-éin agus monaiméirí stiréine a tháirgeadh, ar tháirgeoirí an Aontais ach ar tháirgeoirí sna tíortha lena mbaineann freisin. |
|
(196) |
Go deimhin, d’fhéadfadh sé gur chuir na hathruithe ar mheascán an tsoláthair fuinnimh tar éis na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na Rúise go mór leis an méadú ar chostas fuinnimh do tháirgeoirí an Aontais agus, dá bhrí sin, gur chuir siad leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mar sin féin, i ndálaí iomaíochta córa, bheadh táirgeoirí an Aontais in ann an costas méadaithe a léiriú ina bpraghsanna díola. Mar sin féin, cuireadh cosc air sin mar gheall ar an mbrú praghsanna ó allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(197) |
Bhí costas lasta aigéin ón Áise as cuimse ard ná mar is gnách ach amháin in 2021 agus 2022 (11). Mar sin féin, ní hamháin go ndearna sé difear do phraghsanna amhábhar allmhairithe ach rinne sé difear freisin do phraghsanna allmhairí ABS ó na tíortha lena mbaineann. Ina theannta sin, murab ionann agus an méid a mhaígh an páirtí (Lotte), fuair táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais formhór na bpríomh-amhábhar san Eoraip, i.e. ní dhearna costas lasta aigéin ón Áise difear dóibh. |
|
(198) |
Ós rud é (a) go ndearna géarchéim fuinnimh 2022 difear do chostas fuinnimh ar fud an domhain, (b) go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gcostas lasta aigéin méadaithe in 2021 agus 2022 ar chostas na n-amhábhar a d’úsáid táirgeoirí sampláilte an de chuid Aontais ach ar éigean, agus (c) in éagmais iomaíocht éagórach, bheadh tionscal an Aontais in ann a chostas táirgthe a aisghabháil agus brabúis réasúnacha a bhaint amach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh éifeacht an chostais mhéadaithe táirgthe de chineál a mhaolódh an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. |
5.2.5. Méadú ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais
|
(199) |
D’áitigh LG Chem gurbh iad a neamhéifeachtúlachtaí ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Go háirithe, thug an páirtí dá aire gur mhéadaigh táirgeoirí an Aontais a n-acmhainneacht táirgeachta in ainneoin an laghdaithe ar thomhaltas an Aontais. |
|
(200) |
Bhí an méadú acmhainneachta 9 % in 2021 agus 2022 mar thoradh ar thionscadail a bhí ar siúl i bhfad sular tháinig laghdú ar thomhaltas an Aontais. Ní dhearna na cuideachtaí sampláilte na tionscadail sin, i.e. ní raibh tionchar ag an acmhainneacht táirgeachta mhéadaithe ar na micreatháscairí ábhartha (costas táirgthe, brabúsacht, toradh ar infheistíochtaí). Is é an úsáid acmhainneachta an t-aon táscaire díobhála ar ar tháinig laghdú freisin ó 65 % in 2020 go 50 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin (le méadú sealadach go 71 % in 2021). Thiocfadh laghdú ar an úsáid acmhainneachta fiú agus an acmhainneacht táirgeachta gan athrú (leibhéal 2020). In ionad 50 % amháin a bhaint amach le linn na tréimhse imscrúdúcháin, thiocfadh laghdú air go 54 % (le méadú sealadach go 75 % in 2021). |
|
(201) |
Dá bhrí sin, ní dhearna an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta difear do thorthaí na díobhála mar a chuirtear i láthair i roinn 4 iad. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearnadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú leis an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta. |
5.2.6. Ganntanas soláthair ar mhargadh an Aontais
|
(202) |
D’áitigh Rialtas na Cóiré, LG Chem agus Lotte nach ndearna an méadú ar allmhairí ón gCóiré díobháil do thionscal an Aontais. Ina ionad sin, tharla sé mar fhreagairt ar an nganntanas soláthair ar mhargadh an Aontais. I ndáil leis sin, chuir na páirtithe i dtábhacht gur dhearbhaigh dhá tháirgeoir de chuid an Aontais force majeure in 2021. |
|
(203) |
D’admhaigh an Coimisiún gur dhearbhaigh dhá tháirgeoir de chuid an Aontais imeachtaí force majeure in 2021. I mí Feabhra 2021, bhí ganntanas soláthair aicrilinítríle (12) ag Ineos (an t-eintiteas sampláilte sa Ghearmáin). I mí Mheán Fómhair 2021, chlis ar fhoirnéis de chuid Versalis (13). Mar thoradh air sin, laghdaigh na cuideachtaí a n-aschur ar feadh an force majeure, a mhair ar feadh tréimhse 2-5 mhí sa dá chás. |
|
(204) |
D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag na teagmhais sin ar mhéideanna táirgeachta agus díolachán, rud a d’fhéadfadh brabúsacht tháirgeoirí an Aontais a bheith thíos leis an suaitheadh freisin. Níor tharla siad, áfach, ach amháin in dhá ghléasra agus ní an tráth céanna, agus dá bhrí sin thug siad deis do tháirgeoirí an Aontais nach ndearna an suaitheadh difear dóibh a dtáirgeadh agus a ndíolacháin a mhéadú. Ós rud é go léirítear staid eacnamaíoch thar a bheith dearfach i dtionscal an Aontais sna tréimhsí ábhartha (2021, ach d’fhéadfadh sé a bheith tosaithe tús 2022), ní dócha go mbeadh tionchar diúltach ag na teagmhais force majeure ar fheidhmíocht thionscal an Aontais ina iomláine. Ar deireadh, i bhfianaise chomh gearrthéarmach agus atá siad, ní fhéadfadh na teagmhais force majeure míniú a thabhairt ar an treocht fhadtéarmach a bhaineann le hallmhairí méadaitheacha ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(205) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nach ndearnadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú leis na himeachtaí force majeure. |
5.2.7. Roghanna úsáideoirí, cáilíocht táirgí agus seirbhísí iardhíola
|
(206) |
D’áitigh Rialtas na Cóiré, LG Chem agus Lotte gurbh é ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais ná nach raibh sé in ann freastal ar roghanna agus riachtanais úsáideoirí le haghaidh gráid ABS shonracha, amhail ABS eibleachta, ABS lasairmhoillitheach, cáilíocht neamhleor táirgí agus seirbhísí iardhíola neamhleora, go háirithe maidir le ABS eibleachta, i gcás inar tosca cinntitheacha iad cáilíocht an táirge agus seirbhísí iardhíola seachas praghas. |
|
(207) |
Thug an Coimisiún dá aire gurb é tionscal an Aontais a tháirgeann ABS eibleachta, chomh maith le ABS lasairmhoillitheach, cé gur i i gcainníochtaí níos lú a bhíonn na gráid lasairmhoillitheacha. |
|
(208) |
Na páirtithe a líomhnaíonn nach leormhaith cáilíocht táirgí a bhí ag tionscal an Aontais agus gur sholáthair sé seirbhísí iardhíola neamhleora, níor thug siad aon fhianaise ar aghaidh a thacaíonn lena maímh. Os a choinne sin, chinn an Coimisiún go raibh tionscal an Aontais fós ar an bpríomhsholáthróir ABS d’úsáideoirí ABS eibleachta a le riachtanais ardcháilíochta. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh cáilíocht táirgí agus seirbhísí iardhíola thionscal an Aontais a bheith ina gcúis leis an sciar den mhargadh a cailleadh. |
|
(209) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfadh na tosca a luaitear in aithris (206) rannchuidiú ar bhealach ar bith leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(210) |
Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Chinn an Coimisiún nár chuir na hallmhairí ó thríú tíortha (seachas an tSín), feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, an tomhaltas, acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais, ganntanas soláthair ar mhargadh an Aontais, agus roghanna úsáideoirí, cáilíocht táirgí agus seirbhísí iardhíola leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Ar an taobh eile, chinn sé nach bhféadfadh éifeachtaí na n-allmhairí ón tSín agus an méadú ar chostas táirgthe thionscal an Aontais ar na forbairtí diúltacha i staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, ina aonar nó le chéile, ach a bheith teoranta. |
|
(211) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go raibh na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na dtosca eile, arna meas ina n-aonar nó le chéile. Is léir an díobháil go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgeacht agus méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(212) |
Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
6.1. Corrlach díobhála
|
(213) |
Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. |
|
(214) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shocrú, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. |
|
(215) |
I dtús báire, bhunaigh an Coimisiún bunbhrabús a chumhdaigh na costais iomlána sna gnáthdhálaí iomaíochta. Sholáthair an dá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais ríomh ar bhrabúsacht an táirge faoi imscrúdú ar feadh na 10 mbliana roimh thionscnamh an imscrúdaithe seo. D’fhíoraigh an Coimisiún na sonraí agus chinn sé an bunbhrabús mar mheánbhrabús ualaithe a bhain táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais amach roimh an méadú ó na tíortha atá faoi imscrúdú, eadhon sa tréimhse 2017 go 2019. Socraíodh an corrlach brabúis sin ag [12,0 – 12,8] %. |
|
(216) |
Sholáthair táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais fianaise go mbeadh a leibhéal infheistíochtaí, T&F agus nuálaíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú níos airde faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. D’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus tháinig sé ar an gconclúid gur léiríodh sa doiciméadacht agus sna teachtaireachtaí inmheánacha a soláthraíodh nach ndearna an chuideachta infheistíochtaí áirithe mar gheall ar an staid ar mhargadh an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, taighde agus forbartha agus nuálaíochta (‘IRI’) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, arna soláthar ag an táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún, agus costais IRI iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is [0,1-0,5] % a bhí sa difríocht sin, arna sloinneadh mar chéatadán den láimhdeachas. |
|
(217) |
Cuireadh an céatadán sin leis an mbunbhrabús a luaitear in aithris (216), rud a d’fhág go raibh spriocbhrabús [12,1-13,3] % le haghaidh na gcineálacha táirgí arna dtáirgeadh ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. |
|
(218) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, costais a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Níor sholáthair ach táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais fianaise gur thabhaigh sé costas comhlíontachta, amhail sonraí inmheánacha agus tuarascáil iniúchóireachta ar chostas comhlíontachta. Ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil, ar thacaigh uirlisí tuairiscithe agus réamhaisnéisí na gcuideachtaí léi, shuigh an Coimisiún costas breise [12-15] EUR/tona, rud a léiríodh sa phraghas neamhdhíobhálach a luaitear in aithris (220) le haghaidh na gcineálacha táirgí a tháirgeann an táirgeoir sampláilte sin de chuid an Aontais. |
|
(219) |
Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach 2 502 EUR/tona ar an meán le haghaidh an táirge chomhchosúil de chuid thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite (féach aithris (218)) a chur le costas táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) a chur leis ar bhonn cineál ar chineál. |
|
(220) |
Ansin chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ar bhonn comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sna tíortha lena mbaineann, mar a suíodh i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú. |
|
(221) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’ ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí agus na n-allmhairí sin (féach aithrisí (82) go (110) i gcás na Cóiré agus aithrisí (109) agus (110) i gcas na Téaváine).
|
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(222) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
|
(223) |
Tar éis dó a chinneadh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a chinneadh go soiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le dumpáil dhíobhálach, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na n-úsáideoirí agus tomhaltóirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(224) |
Léirigh an t-imscrúdú gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais arb iad an méid allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann a bhí ag dul i méad is cúis léi. Tháinig an díobháil chun cinn go háirithe i laghdú mór ar mhéideanna táirgeachta agus díolachán agus díothú leanúnach ar a chorrlach brabúis, mar gheall ar an sochtadh praghsanna de bharr na n-allmhairí sin. Mura bhforchuirfí na bearta frithdhumpála, bheadh tionscal an Aontais neamhbhrabúsach, rud a chuirfeadh a inmharthanacht i mbaol a thuilleadh. Os a choinne sin, cuideoidh forchur na mbeart le hiomaíocht chóir a athbhunú ar mhargadh an Aontais agus, ar an gcaoi sin, beidh tionscal an Aontais in ann téarnamh. |
|
(225) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh forchur na mbeart chun leas thionscal an Aontais. |
7.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(226) |
Ar dtús, chomhoibrigh ceithre cinn as na 20 allmhaireoir neamhchomhlachaithe aitheanta san imscrúdú trí fhreagra ar an gceistneoir a sholáthar. Níor thug ach dhá cheann acu comhar leordhóthanach, áfach. Níor sholáthair an dá cheann eile faisnéis agus/nó fianaise thacaíochta áirithe a iarradh, nó níor thug siad freagra ar iarrataí ar cheartúcháin agus ar cheisteanna breise agus/nó thug siad freagra le moilleanna i bhfad tar éis na sprioc-amanna a leagadh síos. Dá bhrí sin, níor cuireadh a gcuid sonraí san áireamh ach a mhéid a d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad iontaofa. |
|
(227) |
Chláraigh trí allmhaireoir breise mar pháirtithe leasmhara agus rinne siad aighneachtaí a bhain den chuid is mó le leasanna a gcustaiméirí, i.e. úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin i Roinn 7.3 thíos. |
|
(228) |
Ar deireadh, bhunaigh roinnt allmhaireoirí Comhghuaillíocht ad hoc le haghaidh Margadh ABS Oscailte Iomaíoch de chuid an Aontais, a chuir barúlacha isteach thar a gceann freisin maidir le leas an Aontais. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin sna ranna ábhartha den Rialachán seo. |
|
(229) |
Is éard a bhí ag na ceithre allmhaireoir neamhchomhlachaithe chomhoibríocha (i bpáirt) 28 % d’allmhairí ABS de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann. Ní hamháin gur allmhairigh cuid acu ABS ó na tíortha lena mbaineann ach bhí siad mar chuid de bhealaí díolachán thionscal an Aontais freisin. |
|
(230) |
Thuairiscigh na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe brabúsacht ard ar a dtrádáil ABS (os cionn 10 %). Is éard a bhí i gceist le trádáil le ABS sciar beag dá ngnó foriomlán agus níos lú ná 10 % dá láimhdeachas ag teacht ó dhíolacháin ABS d’ainneoin a thionscnaimh. |
|
(231) |
Ina theannta sin, i bhfianaise leibhéal na mbeart, ní dócha go mbeidh deireadh leis na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann go hiomlán. Ar deireadh, tá foinsí eile ABS le fáil ar mhargadh an Aontais, is é sin allmhairí ó thríú tíortha amhail na Stáit Aontaithe, an tSín agus an Araib Shádach. |
|
(232) |
I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeidh éifeacht dhiúltach dhíréireach ag na bearta ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus ar thrádálaithe. |
7.3. Leas úsáideoirí agus tomhaltóirí
|
(233) |
Úsáidtear ABS i réimse leathan feidhmeanna (féach aithris (36)). Níor chomhoibrigh ach dhá úsáideoir san imscrúdú, áfach: LEGO, táirgeoir bréagán sa Danmhairg, agus Valeo Vision, soláthróir páirteanna gluaisteáin atá lonnaithe sa Fhrainc. Tá LEGO ar cheann de na húsáideoirí ABS aonair is mó ar mhargadh an Aontais, arb é atá aige [5-10] % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(234) |
Fuair an dá chuideachta cainníochtaí substaintiúla ABS ó thionscal an Aontais, arna bhforlíonadh le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Ina theannta sin, bhí sciar ABS i gcostas iomlán na dtáirgí a úsáideann ABS faoi bhun 4 %. Ar deireadh, bhain an dá úsáideoir brabúis fholláine amach, mar shampla bhí brabúis dhomhanda LEGO os cionn 25 % san fhadtéarma (14). |
|
(235) |
I bhfianaise na dtorthaí thuas agus leibhéal na mbeart atá beartaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeidh éifeacht dhiúltach dhíréireach ag forchur na mbeart frithdhumpála ar úsáideoirí. |
|
(236) |
Thug Rialtas na Cóiré, LG Chem, Lotte, an Chomhghuaillíocht le haghaidh Margadh ABS Oscailte agus Iomaíoch AE agus cúig allmhaireoir (15) agus dhá úsáideoir (16) barúlacha uathu maidir le leas na n-úsáideoirí san Aontas. D’áitigh siad go méadódh forchur beart costas táirgthe na n-úsáideoirí, go gcuirfí teorainn le hinfhaighteacht ABS ar mhargadh an Aontais i gcoitinne, agus go laghdófaí rochtain na n-úsáideoirí ar ghráid ABS shonracha (e.g. ABS eibleachta, ABS lasairmhoillitheach) agus ar ABS réamhcheadaithe a chomhlíonann riachtanais shonracha na n-úsáideoirí, agus ar deireadh cosc a chur ar na húsáideoirí tairbhe a bhaint as tacaíocht theicniúil ardcháilíochta agus as seirbhísí iardhíola. |
|
(237) |
Maidir le costas táirgthe na n-úsáideoirí, thug an Coimisiún dá aire gur i bhfianaise na dtorthaí don dá úsáideoir chomhoibríocha agus leibhéal na mbeart nach dócha in aon chor go mbeidh tionchar diúltach díréireach ag na bearta ar na húsáideoirí. Tá acmhainneacht shuiteáilte tháirgeoirí an Aontais níos mó ná an t-éileamh san Aontas faoi láthair. Má thagann méadú ar an éileamh amach anseo, tá allmhairí ó thríú tíortha ar fáil freisin cé gur teoranta iad. Ina theannta sin, cuireann táirgeoirí de chuid an Aontais raon leathan grád ABS ar fáil, lena n-áirítear ABS eibleachta agus ABS lasairmhoillitheach, agus níl aon fhianaise ar an gcomhad go mbeadh cáilíocht táirgí, tacaíocht theicniúil agus seirbhísí iardhíola a thairgeann tionscal an Aontais in easnamh ar bhealach ar bith. Ar deireadh, ní hé cuspóir na mbeart cosc a chur ar allmhairí ABS ó na tíortha lena mbaineann ach iomaíocht chóir a athbhunú ar mhargadh an Aontais. I ndáil leis sin, agus i bhfianaise leibhéal na mbeart, ní dócha go gcuirfidh na dleachtanna frithdhumpála bac ar rochtain na n-úsáideoirí ar ABS de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(238) |
Agus sciar teoranta ABS ar chostas iomlán na dtáirgí deiridh i dtionscal na mbréagán agus i dtionscal na ngluaisteán á chur san áireamh, beidh an éifeacht ar phraghas díola na dtáirgí tomhaltais (bréagáin, gluaisteáin) diomaibhseach. |
7.4. Tosca eile
|
(239) |
Mheabhraigh Rialtas na Cóiré infheistíochtaí tháirgeoirí ABS na Cóiré san Aontas agus d’áitigh sé go gcuirfeadh i mbaol na bearta os cionn EUR 80 milliún d’infheistíochtaí i monarchana agus in T&F (agus níos mó infheistíochta á breithniú), níos mó ná 300 post cruthaithe san Aontas, agus níos mó ná EUR 80 milliún de bhrabúis arna n-athinfheistiú sna saoráidí áitiúla. |
|
(240) |
Os a choinne sin, mheas an Coimisiún go bhféadfadh forchur na mbeart a bheith ina dhreasacht do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhfuil saoráidí acu san Aontas cur lena láithreacht ar mhargadh an Aontais trí fhochuideachtaí áitiúla. |
|
(241) |
Chuir Rialtas na Cóiré, LG Chem, Lotte, an Chomhghuaillíocht le haghaidh Margadh ABS Oscailte agus Iomaíoch AE agus trí allmhaireoir (17) in iúl go ndearna táirgeoirí onnmhairiúcháin na Cóiré infheistíocht mhór i dtáirgeadh táirgí inbhuanaithe, i.e. ABS maischothromaithe. Dá gcuirfí teorainn leis an rochtain ar na táirgí sin, d’fhéadfadh sin na húsáideoirí a spreagadh chun aistriú chuig roghanna malartacha a bhfuil lorg CO2 níos airde acu, amhail polaimíd nó polacarbónáit, rud a chuirfeadh bac ar an Aontas a spriocanna maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus ón aistriú chuig geilleagar ciorclach. |
|
(242) |
D’aontaigh an Coimisiún leis an tábhacht a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus leis na spriocanna glasa. Ar an gcéad dul síos, gan tuilleadh sonraí maidir le rannchuidiú ABS maischothromaithe, agus go sonrach ABS maischothromaithe ó na tíortha lena mbaineann, le laghdú astaíochtaí CO2 (lena n-áirítear i gcomparáid le táirgí malartacha), ní raibh an Coimisiún in ann scrúdú a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar spriocanna glasa an Aontais. Thairis sin, tá infheistíocht déanta ag tionscal an Aontais i réitigh inbhuanaithe agus faoi láthair cuireann sé raon ABS maischothromaithe ar fáil, bíodh siad de thionscnamh ionchuir atá athchúrsáilte go meicniúil nó go ceimiceach nó bíodh siad ag úsáid bith-bhunábhar. Ar deireadh, mar a luaitear thuas, ní hé is príomhaidhm do na bearta allmhairí ó na tíortha lena mbaineann a chosc go hiomlán ach cothrom iomaíochta a athbhunú ar mhargadh an Aontais. |
|
(243) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeidh tionchar diúltach díréireach ag na bearta ar na hinfheistíochtaí a dhéanann na táirgeoirí onnmhairiúcháin san Aontas ná ar spriocanna glasa an Aontais mar a d’ardaigh na páirtithe agus mar a thuairiscítear in aithrisí (240) agus (242). |
7.5. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(244) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir nach mbeadh sé le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí ABS de thionscnamh na Cóiré agus na Téaváine le linn na céime seo den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
|
(245) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(246) |
Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí ABS de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile in aithris (222) thuas. Is ar leibhéal an chorrlaigh dumpála nó an chorrlaigh díobhála, cibé acu luach ab ísle, a socraíodh méid na ndleachtanna. |
|
(247) |
I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(248) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(249) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’. |
|
(250) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(251) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
9. CLÁRÚ
|
(252) |
Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
|
(253) |
I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart scor de chlárú na n-allmhairí. |
|
(254) |
Ní dhearnadh aon chinneadh ag an gcéim seo den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha i ndáil le bearta frithdhumpála. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
|
(255) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. |
|
(256) |
Thug Chimei, LG Chem agus Lotte barúlacha maidir leis an réamhnochtadh a thagair don mhodheolaíocht a úsáideadh chun an corrlach dumpála a ríomh. Ós rud é nár bhain na barúlacha sin le cruinneas an ríomha féin, tabharfar aghaidh orthu, i gcás inarb iomchuí, ag céim chinntitheach an imscrúdaithe. |
11. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(257) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta. |
|
(258) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí roisíní stiréine bútaidhé-éine aicrilinítríle, comhpholaiméir theirmeaplaisteach ina bhfuil aicrilinítríl, bútaidhé-éin, agus stiréin i gcion éagsúil, gan beann ar an dath ná ar aon airí fisiceach nó meicniúil eile, bíodh tuilleadh próiseála nó cóireála déanta orthu nó ná bíodh chun airíonna fisiceacha breise sonracha a thabhairt dóibh, atá faoi láthair faoi chóid AC 3903 30 00 agus ar de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleacht frithdhumpála shealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach (%) |
Cód breise TARIC |
|
Poblacht na Cóiré |
LG Chem |
3,7 |
89UC |
|
Poblacht na Cóiré |
Lotte Chemical Corporation |
5,8 |
89UD |
|
Poblacht na Cóiré |
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
4,3 |
Féach an Iarscríbhinn |
|
Poblacht na Cóiré |
Gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann |
5,8 |
8999 |
|
an Téaváin |
Chimei Corporation Grand Pacific Petrochemical Corporation |
10,8 |
89UE |
|
an Téaváin |
Formosa Chemicals & Fibre Corporation |
21,7 |
89UF |
|
an Téaváin |
Gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann |
21,7 |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú thíos, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atáimid a úsáid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtíolacfar an sonrasc seo, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann.
4. An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha i scríbhinn maidir leis an Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/412 ón gCoimisiún an 3 Márta 2025.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh aon bheart cinntitheach féideartha i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/7490, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7490/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/412 an 3 Márta 2025 lena gcuirtear allmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine faoi réir a gcláraithe (IO L 2025/412, 4.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/412/oj).
(4) Uimh.Thag. t25.001753.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lgh. 558–893. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
(6) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-history?caseId=2768.
(7) Tagraíonn CAS do Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha. Is bunachar sonraí de shubstaintí ceimiceacha nochta í Clárlann CAS. Is éard is uimhir CAS ann aitheantóir uimhriúil uathúil a shanntar do shubstaintí ceimiceacha laistigh de Chlárlann CAS lena n-éascaítear substaintí ceimiceacha a shainaithint go beacht, go háirithe chun críoch eolaíoch.
(8) an Banc Ceannais Eorpach Cad atá ag spreagadh an bhorrtha ar an gcostas loingseoireachta le déanaí? Le fáil ag https://www.ecb.europa.eu/press/economic-bulletin/focus/2021/html/ecb.ebbox202103_01~8ecbf2b17c.en.html (a breathnaíodh go deireanach an 5 Iúil 2025).
(9) an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh. Praghsanna níos airde ná riamh, ganntanas breosla, bochtaineacht atá ag dul i méid, geilleagair atá ag moilliú: an chéad ghéarchéim fuinnimh atá ar fud an domhain. Le fáil ag https://www.iea.org/topics/global-energy-crisis (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Iúil 2025).
(10) an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh. Praghsanna níos airde ná riamh, ganntanas breosla, bochtaineacht atá ag dul i méid, geilleagair atá ag moilliú: an chéad ghéarchéim fuinnimh atá ar fud an domhain. Le fáil ag https://www.iea.org/topics/global-energy-crisis (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Iúil 2025).
(11) an Banc Ceannais Eorpach Cad atá ag spreagadh an bhorrtha ar an gcostas loingseoireachta le déanaí? Le fáil ag https://www.ecb.europa.eu/press/economic-bulletin/focus/2021/html/ecb.ebbox202103_01~8ecbf2b17c.en.html (a breathnaíodh go deireanach an 5 Iúil 2025).
(12) GC Intelligence. Dearbhaíonn Ineos Styrolution force majeure i leith ABS. Le fáil ag https://gc-intelligence.com/2021/02/22/ineos-styrolution-declares-fm-on-abs/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Iúil 2025).
(13) GC Intelligence. Dearbhaíonn Ineos Styrolution force majeure i leith ABS. Le fáil ag https://gc-intelligence.com/2021/09/23/ineos-styrolution-declares-fm-on-abs/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Iúil 2025).
(14) Féach an Corrlach oibriúcháin in ‘Financial highlights of the LEGO Group’. Tuarascáil Bhliantúil 2024, lch. 18. Le fail ag https://www.lego.com/cdn/cs/aboutus/assets/blt1cdf90a38318ef56/the_LEGO_Group_Annual_Report_2024.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Iúil 2025). Tuarascáil Bhliantúil 2019, lch. 10. Le fail ag https://www.lego.com/cdn/cs/aboutus/assets/blt55a9aaa4253b2fa5/Annual_Report_2019_ENG.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Iúil 2025).
(15) ALPHA MATIERES PLASTIQUES, Biesterfeld Group, De Monchy International BV, HROMATKA GROUP MANAGEMENT AG, Interpolimeri SpA.
(16) LEGO, BSH Hausgeräte GmbH.
(17) ALPHA MATIERES PLASTIQUES, Biesterfeld Group, HROMATKA GROUP MANAGEMENT AG.
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha eile nár sampláladh
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
an Chóiré |
KUMHO PETROCHEMICAL Co., Ltd. |
89UG |
|
INEOS Styrolution Korea Ltd. |
89UH |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1739/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)