|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1727 |
5.8.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1727 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2025
lena gcuirtear ar fionraí bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le táirgí áirithe a onnmhairítear ón Aontas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus (4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 24 Iúil 2025, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 (2) lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí sonraithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) isteach san Aontas agus maidir le srianta a chur i bhfeidhm ar onnmhairiú táirgí áirithe de thionscnamh an Aontais chuig na Stáit Aontaithe (‘na bearta athchothromúcháin’). |
|
(2) |
Bhí sé d’aidhm ag na bearta a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 frithchothromú a dhéanamh ar na bearta coimirce i bhfoirm dleachtanna custaim breise a thug na Stáit Aontaithe isteach ar allmhairí táirgí áirithe cruach agus alúmanaim agus táirgí díorthacha cruach agus alúmanaim, feithiclí do phaisinéirí agus trucailí éadroma áirithe, páirteanna áirithe gluaisteán, cannaí beorach agus cannaí alúmanaim folmha áirithe, agus raon leathan táirgí talmhaíochta, iascaigh agus táirgí tionsclaíocha eile, de thionscnamh an Aontais, dá dtagraítear in aithrisí (1) go (7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564. |
|
(3) |
An 27 Iúil 2025, tháinig an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil a mhéid a bhaineann lena gcaidreamh trádála, lena ndéantar foráil, inter alia, maidir le faoiseamh taraife láithreach i gcás allmhairí ón Aontas chuig na Stáit Aontaithe. Mar thoradh air sin, gheall na Stáit Aontaithe go bhfuil siad ar tí taraifí áirithe is infheidhme maidir le hallmhairí an Aontais a mhodhnú i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil sin, agus an ráta is infheidhme a laghdú go huasmhéid 15 % ad valorem. |
|
(4) |
I bhfianaise na bhforbairtí dá dtagraítear in aithris (3), agus chun cur chun feidhme éifeachtach an chomhaontaithe pholaitiúil a áirithiú, ba cheart cur i bhfeidhm bhearta athchothromúcháin an Aontais a chur ar fionraí. Dá réir sin, ní gá fógra i scríbhinn a chur chuig Comhairle na hEagraíochta Domhanda Trádála um Thrádáil Earraí faoi láthair a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbeart sin agus ba cheart an fógra sin a chur ar fionraí. |
|
(5) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfionraíocht i bhfianaise tuilleadh forbairtí sa chaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe, agus féadfaidh sé gníomhaíochtaí breise a dhéanamh. |
|
(6) |
Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh an Aontais toisc go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe fós ar neamhréir leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. |
|
(7) |
I bhfianaise mórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt leo mar gheall ar an ngá atá ann le cur i bhfeidhm na mbeart athchothromúcháin, atá ar tí tarlú, a chur ar fionraí chun cur chun feidhme éifeachtach an chomhaontaithe pholaitiúil dá dtagraítear in aithris (3) a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo láithreach. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), fanfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go ceann 6 mhí. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, 14 lá ar a dhéanaí tar éis a ghlactha, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a chur faoi bhráid an Choiste um Bacainní Trádála chun a thuairim a fháil, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar cur i bhfeidhm Airteagail 1, 2 agus 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 a chur ar fionraí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/654/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2025 maidir le bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus táirgí áirithe a onnmhairítear ón Aontas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724, (AE) 2018/886, (AE) 2020/502 agus (AE) 2025/778 (IO L, 2025/1564, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1564/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1727/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)