European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1720

7.8.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1720 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Lúnasa 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh cheana agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 217/2013 (2), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta dó.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 (3), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach na bearta frithdhumpála cinntitheacha maidir le hallmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga (an ‘t-athbhreithniú éaga roimhe seo’). Tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin, leathnaigh an Coimisiún, trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1475 (4), na bearta chuig allmhairí ón Téalainn.

(3)

Na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSin’), is ó rátaí idir 14,2 % agus 15,6 % atá siad ar allmhairí ón na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, 14,6 % ar na cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte agus dleachtráta 35,6 % ar gach cuideachta eile sa tSín.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(4)

I ndiaidh foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (5) do na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’), fuair an Coimisiún iarraidh athbhreithniú éaga a thionscnamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(5)

Trí tháirgeoir de chuid an Aontais, ALEURO Converting Sp. z o. o. o., CeDo Sp. z.o.o. agus ITS B.V. (‘na hiarratasóirí’), arb ionann iad agus 33 % de tháirgeacht iomlán an Aontais de scragall alúmanaim áirithe i rollaí, a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 4 Márta 2024. Bhí an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an dumpáil agus an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 3 Meitheamh 2024 maidir le hallmhairí scragaill alúmanaim áirithe de thionscnamh na Síne (‘an tír lena mbaineann’) isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. An 3 Meitheamh 2024 d’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) (‘an fógra tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú.

(7)

Chumhdaigh an t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfaí den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(8)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh san imscrúdú. Ina theannta sin, thug an Coimisiún fógra go sonrach do na hiarratasóirí, do tháirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, do tháirgeoirí onnmhairiúcháin, d’allmhaireoirí agus d’úsáideoirí san Aontas arb eol iad a bheith bainteach agus do na húdaráis sa tSín gur tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. Bhí an deis ag na páirtithe leasmhara uile a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. Níor chuir aon pháirtí leasmhar barúlacha isteach agus/nó níor iarr siad éisteacht.

1.6.   Sampláil

(9)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.   Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(10)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn ionadaíochas i dtéarmaí an mhéid is mó táirgeachta agus díolachán den táirge comhchosúil, a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir de chuid an Aontais. Bhí 33 % de mhéid iomlán measta tháirgeacht an táirge chomhchosúil san Aontas ag táirgeoirí sampláilte an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil, agus dhearbhaigh an Coimisiún an sampla a roghnaíodh go sealadach atá ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.6.2.   Allmhaireoirí a shampláil

(11)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(12)

Níor tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun tosaigh chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar.

1.6.3.   Úsáideoirí

(13)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na húsáideoirí agus ar a gcomhlachais ionadaíocha, ar cheardchumainn agus ar eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí iad féin a chur in aithne agus oibriú i gcomhar le chéile. Níor tháinig aon úsáideoir san Aontas ná a gcomhlachais chun cinn.

1.6.4.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín.

(14)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(15)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir

(16)

Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(17)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig táirgeoirí de chuid an Aontais. Bhí na ceistneoirí céanna curtha ar fáil ar líne freisin lá an tionscnaimh (7).

(18)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais.

(19)

Níor thug Rialtas na Síne ná aon táirgeoir ná táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín freagra ar an gceistneoir. Chuir an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus Rialtas na Síne ar an eolas faoi iarmhairtí na heaspa comhair san imscrúdú.

1.8.   Fíorú

(20)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh an leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó an ndéanfaí an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na dtáirgeoirí seo a leanas san Aontas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

CeDo Sp. z o.o., Wroclaw, an Pholainn;

FORA Folienfabrik GmbH, Singen, an Ghearmáin;

ITS B.V. Apeldoorn, an Ísiltír.

1.9.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(21)

An 16 Bealtaine 2025, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(22)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a thug na páirtithe leasmhara agus chuir sé san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Deonaíodh éisteacht do na páirtithe a d’iarr amhlaidh.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(23)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin scragall alúmanaim arb ionann nó ar mó ná 0,007 mm ach níos lú ná 0,021 mm a thiús, gan ábhar taca, gan saoirsiú breise seachas rolladh, bíodh sé cabhartha nó ná bíodh, i rollaí ísealmheáchain nach mó ná 10 kg a meáchan atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7607 11 11 agus ex 7607 19 10 (cóid TARIC 7607 11 11 11, 7607 11 11 19, 7607 19 10 11 agus 7607 19 101 9), (‘an táirge faoi athbhreithniú’).

(24)

Úsáidtear an táirge faoi athbhreithniú go ginearálta mar tháirge tomhaltais le haghaidh pacáistíochta agus feidhmeanna tí/lónadóireachta eile (‘scragall alúmanaim tís’)

2.2.   An táirge lena mbaineann

(25)

Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne a thagann faoi chóid AC ex 7607 11 11 agus ex 7607 19 10 (cóid TARIC 7607 11 11 11, 7607 11 11 19, 7607 19 10 11 agus 7607 19 10 19) faoi láthair.

2.3.   An táirge comhchosúil

(26)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe sin, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(27)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(28)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, lean allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín de bheith ag teacht isteach san Aontas, cé go raibh siad ar leibhéil i bhfad ní b’ísle ná mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdúcháin bhunaidh. De réir Eurostat, b’ionann allmhairí scragaill alúmanaim tís ón tSín agus thart ar 1,02 % (640 tona) de mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le sciar 13,4 % den mhargadh (12 994 tona) le linn an imscrúdúcháin bhunaidh agus 1,8 % (1 519 tona) le linn an athbhreithnithe éaga roimhe sin. Cé gur leanadh d’allmhairí na Síne, bhí a méid i bhfad níos ísle ná mar a bhí le linn an imscrúdúcháin bhunaidh, rud a thug le fios go raibh tionchar ag bearta cosanta trádála ar leibhéal na n-allmhairí.

(29)

Mar a luaitear in aithris 19, níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí nó onnmhaireoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(30)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí arís í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil. Áiríodh san fhaisnéis sin, go háirithe, faisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus in éineacht le foinsí eile faisnéise atá ar fáil go poiblí a mheastar a bheith iomchuí, amhail suíomhanna gréasáin oifigiúla cuideachtaí agus staidreamh oifigiúil, go háirithe Global Trade Atlas (‘GTA’) (8) agus Eurostat.

3.2.   Dumpáil

3.2.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí scragaill alúmanaim tís de thionscnamh an Síne

(31)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(32)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i roinn 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún Rialtas na Síne ar an eolas go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(33)

I roinn 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh an Tuirc roghnaithe aige go sealadach mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(34)

An 20 Feabhra 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an nóta maidir le tosca táirgeachta’) faoi na tosca táirgeachta ábhartha, mar a sainaithníodh san iarraidh ar athbhreithniú, agus faoi na foinsí a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún an Tuirc mar thír ionadaíoch iomchuí. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis bunaithe ar thuarascáil airgeadais 2023 ó Sedat Tahir A.Ş, ar táirgeoir scragaill alúmanaim tís é sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil ó na páirtithe.

3.2.2.   An Gnáthluach

(35)

De réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(36)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ , agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SG & A’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’).

(37)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(38)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír sin. Cumhdaíodh san anailís sin na heilimintí fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach.

(39)

Ar an gcéad dul síos, áiríodh san fhianaise a bhí san iarraidh na heilimintí seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach.

(40)

Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil freastal suntasach á dhéanamh ar mhargadh na Rollaí Beaga scragaill alúmanaim tís ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi threoir údaráis na Síne. I ndáil leis sin, luaigh an t-iarratasóir go gcoinníonn an rialtas agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair faoi úinéireacht stáit agus tagraíonn sé do staidéar ECFE ó mhí Eanáir 2019 ar fhiontair faoi úinéireacht stáit in earnáil an alúmanaim ina léirítear an chaoi a n-imríonn úinéireacht Stáit tionchar ar bheartais thionsclaíocha ábhartha agus an chaoi a n-eascraíonn tacaíocht rialtais as úinéireacht Stáit. Ina theannta sin, mínítear i dtuarascáil bhliantúil 2021 China Aluminium International Engineering Corporation Limited (‘Chalieco’) go bhfuil an chuideachta á rialú ag Coimisiún na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní atá faoi úinéireacht an Stáit. Thairis sin, sonraíonn an t-iarratasóir gur shuigh Torthaí Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe ina imscrúdú frithchúitimh ar alúmanam áirithe ón tSín gur ó fhiontair faoi úinéireacht stáit 37 % den tomhaltas alúmanaim intíre sa tSín. Ar deireadh, tagraíonn an iarraidh do thuarascáil ó ionadaí ó Choiste Páirtí Chomhlachas Tionscail Miotal Neamhfheiriúil na Síne ina dtugtar fianaise go ndéantar táirgeadh alúmanaim sa tSín a fhorbairt de réir na dtreoirlínte ginearálta beartais.

(41)

Meastar san iarraidh freisin go gceadaíonn láithreacht Stát na Síne i ngnólachtaí Rollaí Beaga scragaill alúmanaim tís don Stát cur isteach ar phraghsanna nó ar chostais. De réir an iarratasóra, caomhnaíonn Rialtas na Síne a thionchar ar fhiontair faoi úinéireacht stáit trí phríomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as oifig, arb é príomhfhreagracht SASAC é. Óstálann cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha Síneacha araon coistí Páirtí inmheánacha atá in ann tionchar rialtais agus Páirtí a fheidhmiú ar a rialachas corparáideach agus ar a gcinntí gnó dá bhforáiltear go sainráite faoi Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne. Tuairiscítear freisin go bhfuil bearta déanta ag Páirtí Cumannach na Síne le blianta beaga anuas chun neart agus láithreacht choistí an Pháirtí laistigh de chuideachtaí a mhéadú. Thairis sin, déantar athghrúpáil ar tháirgeoirí alúmanaim na Síne faoi Chomhlachas Tionscail Miotal Neamhfheiriúil na Síne, a ndéanann Biúró Foirgníochta Pháirtí SASAC agus Roinn Thionscal na nAmhábhar san Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise maoirseacht air.

(42)

Áitíonn an t-iarratasóir ansin go bhfuil beartais phoiblí nó bearta poiblí ag rialtas na Síne lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. I ndáil leis sin, tá an earnáil alúmanaim faoi réir roinnt mhaith pleananna, treoirlínte, treoracha agus doiciméid bheartais eile a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal bardasach. Braitheann an t-iarratasóir go háirithe ar thuarascáil a ullmhaíodh le haghaidh WVMetalle, comhlachas tionscail miotal neamhfheiriúil na Gearmáine ina léirítear gurb ionann ‘[earnáil an mhiotail neamhfheiriúil] agus gné lárnach den phleanáil rialtais i gcomhthéacs Thionscnamh an Tionscail Straitéisigh atá ag Teacht Chun Cinn (a seoladh in 2009), an Phlean Made in China 2025 (a seoladh in 2015) chomh maith le cláir ardleibhéil eile’ agus go ndéanann Rialtas na Síne ‘idirghabháil dhíreach i bpraghsáil caipitil, saothair, talún, amhábhar agus ionchuir bhunúsacha sa phróiseas táirgthe’. Sainaithnítear sa tuarascáil seo an idirghabháil seo a leanas ó Rialtas na Síne sa tionscal alúmanaim:

(i)

Tá earnáil an mhiotail neamhfheiriúil tar éis ‘tairbhe a bhaint go comhsheasmhach as tacaíocht fhlaithiúil airgeadais agus neamhairgeadaíochta agus leanann sí de sin a dhéanamh go dtí an lá atá inniu ann’.

(ii)

Tá ‘fóirdheontais faighte ag earnáil miotail neamhfheiriúil na Síne a áirítear mar ioncam neamhoibriúcháin is cothrom le níos mó ná 41,6 billiún Yuan RMB (5,2 billiún Euro) ó 2011 go dtí an chéad leath de 2016’, mar aon le ‘16,5 billiún eile Yuan RMB (2,1 billiún Euro) i bhfoirm fóirdheontais ioncaim iarchurtha’. Ina theannta sin, ‘tá fóirdheontais ioncaim neamhoibriúcháin á n-eisíoc i gcomhthéacs cláir le haghaidh athlonnú gléasraí, forbairt ghlas, nuálaíocht teicneolaíochta, athbheochan tionscail, forbairt trádmharcanna agus paitinní, taighde agus forbairt, etc.’.

(iii)

Fuarthas fóirdheontais fuinnimh thábhachtacha, ‘a dhéanann brabús ar fhormhór na bhfiontar faoi úinéireacht stáit de chuid na Síne atá ag feidhmiú in earnáil an alúmanaim.

(iv)

Is iad fiontair faoi úinéireacht an stáit príomhthairbhithe na mbuntáistí sin, lena n-áirítear grúpa beag d’imreoirí an-mhór atá ‘meallta chun a bheith ina gcuraidh náisiúnta a bhfuil tionchar domhanda acu’.

(v)

Seasann Rialtas na Síne le ‘rialú docht ar mhéideanna agus ar phraghsanna ag a gceadaítear do tháirgí thionscal na miotal neamhfheiriúil dul isteach i margadh na Síne nó imeacht as.

(43)

Ina theannta sin, tagraíonn an t-iarratasóir do na beartais seo a leanas a bhí i bhfeidhm le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe:

(i)

Foráiltear leis an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Thionscal na nAmhábhar a d’eisigh an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise i mí na Nollag 2021 maidir le leathnú mí-ordúil na hacmhainneachta táirgeachta a chosc; an beartas athsholáthair acmhainneachta táirgeachta do thionscal alúmanaim leictrealaíoch a fheabhsú agus a chur chun feidhme go docht; an ceanglas atá ar an tionscal próiseála alúmanaim feabhas a chur ar iomaíochas cuimsitheach ábhar cóimhiotail alúmanaim, tacú le fiontair bhuntáisteacha chun bunáiteanna athchúrsála ar mhórscála agus braislí tionsclaíocha a bhunú.

(ii)

Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Buaice Dé-ocsaíde Carbóin roimh 2030 a d’eisigh an Chomhairle Stáit i mí na Samhna 2021, áirítear na beartais bhuaice dé-ocsaíde carbóin don tionscal miotail neamhfheiriúil, déantar foráil maidir le feabhas a chur ar athchúrsáil agus ar phróiseáil dramh-acmhainní miotail neamhfheiriúla agus maidir le táirgeadh alúmanaim athchúrsáilte a mhéadú.

(iii)

Sa Chatalóg de Thionscail Spreagtha i Réigiún an Iarthair a d’eisigh an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú i mí Eanáir 2021, aicmítear alúmanam athchúrsáilte, próiseáil alúmanaim agus athchúrsáil dramhaíola soladaí agus cóireáil alúmanaim i measc na dtionscal atáthar a spreagadh.

(iv)

Coinníollacha Caighdeánacha is infheidhme maidir leis an Tionscal Alúmanaim a d’eisigh an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise an 18 Iúil 2013, chun dlús a chur le coigeartú struchtúrach agus chun srian a chur le leathnú mí-ordúil na n-acmhainneachtaí bruithnithe alúmanaim. Tugtar isteach leis na Coinníollacha Caighdeánacha cainníochtaí íosta táirgthe le haghaidh gléasraí nua, caighdeáin cháilíochta agus slándáil an tsoláthair le haghaidh báicsíte agus alúmana arna n-allmhairiú agus arna bhfoinsiú laistigh den tír. Léirítear leis na Coinníollacha Caighdeánacha gurb é an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise an t-údarás atá i gceannas ar chaighdeánú agus ar bhainistiú an tionscail alúmanaim, chomh maith le foilsiú liosta na gcuideachtaí atá údaraithe chun oibriú sa tionscal alúmanaim.

(v)

Bhí sé mar phríomhchuspóir na gCoinníollacha Iontrála is Infheidhme maidir leis an Tionscal Alúmanaim, a d’eisigh an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú i mí Dheireadh Fómhair 2007 agus a bhí i bhfeidhm go foirmiúil go dtí 2016, forbairt thionscal an alúmanaim a chur chun cinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(vi)

Ar deireadh, sna Treoirlínte maidir le Dlús a chur le hAthstruchtúrú Thionscal an Alúmanaim (‘Treoirlínte maidir le hAthstruchtúrú’), a d’eisigh an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú i mí Aibreáin 2006, meastar gur táirge bunúsach é an t-alúmanam i bhforbairt an gheilleagair náisiúnta. Sonraítear sna Treoirlínte Athstruchtúrúcháin sin go ndéanfar cuspóirí sonracha a bhaint amach i réimsí áirithe leis an mBeartas Forbartha Tionscail arna fhormheas ag an gComhairle Stáit a chur chun feidhme. Is iad seo a leanas na réimsí sin: an comhchruinniú sa tionscal a fheabhsú; rochtain ar chaipiteal airgeadais; an tionscal a eagrú; onnmhairí alúmanaim leictrealaíoch a rialú go docht; agus acmhainneacht atá as dáta a dhíothú.

(44)

De bhreis ar na pleananna, is i bhfoirm beart a bhaineann le honnmhairiú, inter alia, atá idirghabháil an rialtais san earnáil, lena n-áirítear dleachtanna ar onnmhairí, cuótaí onnmhairiúcháin, ceanglais feidhmíochta onnmhairiúcháin agus íoscheanglais maidir le praghsanna onnmhairiúcháin d’amhábhair éagsúla le haghaidh alúmanaim.

(45)

Ar deireadh, de réir an iarratasóra, faightear amach go mbíonn tionchar ag cineálacha éagsúla idirghabhála rialtais ar phraghas na bpríomh-ionchur amhail fuinneamh agus leictreachas. I measc na gcineálacha eile idirghabhála rialtais as a dtagann saobhadh margaidh tá an beartas stoc-charntha tríd an mBiúró Cúlchiste Stáit agus ról Mhalartán Todhchaíochtaí Shanghai. Ina theannta sin, suíodh le roinnt imscrúduithe cosanta trádála gur dheonaigh rialtas na Síne i gcónaí cineálacha éagsúla beart tacaíochta Stáit do tháirgeoirí alúmanaim. Tá ró-acmhainneacht ann mar thoradh ar an idirghabháil fhorleathan atá déanta ag Rialtas na Síne in earnáil an alúmanaim, agus d’fhéadfaí a rá gurb é sin an léiriú is soiléire ar na himpleachtaí a bhaineann le beartais Rialtas na Síne agus leis an saobhadh atá ann dá bharr.

(46)

Ansin cuireann an t-iarratasóir i dtábhacht go bhfuil easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine ann, nó go bhfuiltear ag cur na dlíthe sin i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó á bhforfheidhmiú go neamhleor, agus sonraíonn sé, maidir le rialacha féimheachta, nach ndéanann córas féimheachta na Síne a phríomhchuspóirí a chomhlíonadh go leordhóthanach amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir, agus cearta creidiúnaithe agus féichiúnaithe a chosaint. Tagann an t-iarratasóir ar an gconclúid go bhfuil táirgeoirí Rollaí Beaga scragaill alúmanaim tís faoi réir rialacha féimheachta, corparáideacha agus maoine na Síne, cosúil le haon earnáil eile i ngeilleagar na Síne, agus dá bhrí sin go bhfuil siad faoi réir an tsaofa a eascraíonn as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor an dlí sin.

(47)

San iarraidh, áitíonn an t-iarratasóir freisin go bhfuil costais phá á saobhadh. I ndáil leis sin, luaitear san iarraidh nach féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán sa tSín toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí ina gcearta maidir le comheagrú. Chun tacú leis an argóint sin, luaitear san iarraidh nach ann ach d’aon cheardchumann amháin a aithnítear go dlíthiúil agus atá faoi réir cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne chomh maith leis an bhfíoras go raibh poist shinsearacha sa cheardchumann ag pearsana sinsearacha páirtithe i bhfiontair faoi úinéireacht stáit nó ag bainisteoirí i bhfiontair neamhstáit, rud a chuireann bac ar a gcumas ionadaíocht éifeachtúil a dhéanamh ar leasanna oibrithe. Ina theannta sin, níl roinnt mórchoinbhinsiúin idirnáisiúnta de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair daingnithe ag an tSín go fóill agus déanann an córas clárúcháin teaghlaigh, lena bhforáiltear nach ndeonaítear rochtain ach do chónaitheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith ar raon iomlán na sochar slándála sóisialta agus leasa phoiblí, difear do shoghluaisteacht lucht saothair na Síne.

(48)

Thairis sin, cuirtear i dtábhacht san iarraidh go bhfuil rochtain ag táirgeoirí Rollaí beaga scragaill alúmanaim tís ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach bhfuil ag gníomhú go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile. Áirítear ar an saobhadh éagsúil sin láithreacht láidir rialtais sna hinstitiúidí airgeadais, agus costais iasachtaíochta atá íseal go saorga, chun fás infheistíochta a spreagadh, rud a léiríonn staid nach féidir a chur i gcomparáid le geilleagair eile atá bunaithe ar an margadh. Saintréith de chóras airgeadais na Síne is ea staid láidir margaidh na mbanc atá faoi úinéireacht an Stáit, a chuireann critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh agus rochtain á deonú acu ar mhaoiniú. Ina theannta sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do rialtas na Síne agus ag neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas ar an measúnú riosca. Chinn an t-iarratasóir freisin gur coinníodh costais iasachtaíochta íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Dá thoradh sin tá an iomarca úsáide á baint as infheistíocht chaipitil agus an toradh ar infheistíocht níos ísle ná riamh.

(49)

Ar an dara dul síos, in imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil alúmanaim sa tSín (9), chinn an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (10). Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin nach amháin gur ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil alúmanaim fós de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (11) ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (12). Chinn an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh. (13) Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (14). Ar an gcaoi chéanna, chinn an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil alúmanaim de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (15), chomh maith le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ag gníomhaithe corparáideacha ar chaipiteal sa tSín. (16)

(50)

Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú (17), ba é conclúid an Choimisiúin gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní eol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin.

(51)

Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne (‘Tuarascáil’) (18), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(52)

Ar an gcúigiú dul síos, níl aon fhianaise ná argóint dá mhalairt tugtha ar aird ag Rialtas na Síne ná ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo.

(53)

I bhfianaise a bhfuil thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.4.   Tír ionadaíoch

3.2.4.1.   Barúlacha ginearálta

(54)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis ollioncam náisiúnta per capita atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (19);

táirgeacht an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (20);

infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

i gcás ina raibh níos mó ná rogha fhéideartha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite, i gcás inarbh iomchuí, a thabhairt don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(55)

Mar a mhínítear in aithris 34, d’eisigh an Coimisiún an 20 Feabhra 2025 nóta a ghabh leis an gcomhad maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a shuí an. Sa nóta sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus na foinsí ábhartha. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.2.4.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín

(56)

Sa Nóta, shainaithin an Coimisiún gur tír í an Tuirc inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche leis an leibhéal atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú iontu.

(57)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na tíortha a sainaithníodh sa nóta sin.

3.2.4.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(58)

Sa Nóta thug an Coimisiún le fios, i gcás na Tuirce, go bhfuil sonraí maidir leis na sonraí airgeadais ó tháirgeoir scragaill alúmanaim tís chomh maith le sonraí allmhairiúcháin d’amhábhar, d’fhuinneamh agus de shaothar ábhartha ar fáil go poiblí.

(59)

Rinne an Coimisiún cuardach ar Orbis le haghaidh sonraí airgeadais a bhí ar fáil maidir le cuideachta táirgthe sa Tuirc. Fuarthas sonraí a bhí ar fáil go héasca lena gcumhdaítear an bhliain airgeadais 2023 do tháirgeoir scragaill alúmanaim tís sa Tuirc: Sedat Tahir A.Ş. Ina theannta sin, tá sonraí allmhairiúcháin ar fáil ag an Tuirc maidir leis na tosca táirgeachta is ábhartha, mar aon le costais leictreachais agus costais saothair.

(60)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Nóta go bhfuil sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus sonraí na cuideachta a luaitear thuas a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

(61)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus ar úsáid sonraí ón táirgeoir scragaill alúmanaim tís sa tír ionadaíoch.

(62)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil tar éis fhoilsiú an Nóta.

3.2.4.4.   Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(63)

Tar éis a shuí gurb í an Tuirc an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

3.2.4.5.   Conclúid

(64)

I bhfianaise na hanailíse thuas, fuarthas gur chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.2.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa agus tagarmharcanna a shuí

(65)

Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú de réir na modheolaíochta a mhínigh an t-iarratasóir agus lena léirítear an próiseas monaraíochta a úsáidtear san Aontas. Luaigh an Coimisiún freisin, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) (21) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Institiúid Staidrimh na Tuirce chun costas neamhshaofa saothair a shuí (22), agus go n-úsáidfeadh sé Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh na Tuirce chun costas neamhshaofa an fhuinnimh a shuí (23).

(66)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir le liosta na dtosca táirgeachta tar éis fhoilsiú an Nóta.

3.2.5.1.   Tosca táirgeachta

(67)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise ndearnadh an Coimisiún anailís uirthi ina dhiaidh sin (a léirítear sa tábla thíos), sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta an táirge faoi athbhreithniú

Toisc tháirgeachta

Cód an Tráchtearra sa Tuirc

Luach neamhshaofa

Aonad tomhais

Foinse na faisnéise

AMHÁBHAIR

 

Scragall alúmanaim, gan ábhar taca, rollta ach gan aon saoirsiú thairis sin (Rollaí Ollmhóra)

7607 11

4,67

EUR/KG

Global Trade Atlas (GTA)

Bosca daite/Bosca Cartáin don rolla aonair agus don chás seachtrach a úsáidtear chun 24 rolla a phacáil

4819 20

3,93

EUR/KG

GTA

Croíleacán páipéir

4822 90

2,65

EUR/KG

GTA

SAOTHAR

 

Costais saothair

neamhbhainteach

7,04

EUR saothar san uair

Institiúid Staidrimh na Tuirce (24)

FUINNEAMH

 

Leictreachas

neamhbhainteach

0,13

EUR/kWh

Institiúid Staidrimh na Tuirce (25)

3.2.5.2.   Amhábhair

(68)

Déantar Rollaí scragaill alúmanaim tís trí roithleáin ollmhóra scragaill alúmanaim tís a athchasadh agus a ghearradh ina rollaí suas le 10 kg agus ansin iad a phacáistiú. Is tráchtearra bunúsach é an táirge atá deartha le rudaí a chumhdach.

(69)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (26) Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris 36 thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(70)

Ní dhearnadh aon choigeartú ar chostais iompair ná ar dhleachtanna ar allmhairí. Ní chuireann an Tuirc dleachtanna allmhairiúcháin i bhfeidhm ar allmhairí scragaill alúmanaim i rollaí ollmhóra ó thíortha seachas an tSín. Maidir le costais iompair intíre na n-ábhar, ní raibh aon sonraí ar fáil mar gheall ar an easpa comhair ó tháirgeoirí na Síne. Ós rud é gur suíodh dumpáil fiú gan coigeartuithe den sórt sin, agus nach ndéanfadh aon choigeartú suas ar an ngnáthluach le haghaidh iompair intíre ach an corrlach dumpála a mhéadú, níor measadh go raibh gá le coigeartú den sórt sin.

3.2.5.3.   Saothar

(71)

Foilsíonn Institiúid Staidrimh na Tuirce faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Tuirc. Bhunaigh an Coimisiún an tagarmharc don tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn an mheánchostais saothair in aghaidh na huaire in aghaidh coibhéis lánaimseartha le haghaidh 2022 don ghníomhaíocht eacnamaíoch ‘Monarú miotal bunúsach’ cód NACE 24 de réir aicmiú NACE Rev.2. Is é EUR 7,04 san uair an meánchostas saothair san uair (27) in aghaidh coibhéis lánaimseartha (28).

3.2.5.4.   Leictreachas

(72)

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha is infheidhme sa Tuirc ó Institiúid Staidrimh na Tuirce (TurkStat) arna bhfoilsiú ag rialtas na Tuirce (29). Léirítear leis na sonraí sin meántaraif thionsclaíoch EUR 0,13 in aghaidh an kWh le haghaidh 2023.

3.2.5.5.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(73)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(74)

In éagmais faisnéis a bheith ar fáil maidir le forchostais san iarraidh ar athbhreithniú, chinn an Coimisiún go coimeádach gan costais den sórt sin a chomhtháthú i ríomh an ghnáthluacha.

(75)

Chun luachanna neamhshaofa a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta, costais SG&A agus brabúis agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(76)

Agus úsáid a baint as sonraí ó tháirgeoir Turcach scragaill alúmanaim tís, Sedat Tahir A.Ş. (30), ríomh an Coimisiún SG&A (23,3 %) agus an brabús (8,8 %) mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh.

3.2.6.   Ríomh an ghnáthluacha

(77)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(78)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun scragall alúmanaim tís a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch, an Tuirc, mar a thuairiscítear i Roinn 3.3.2.

(79)

Tar éis dó costais neamhshaofa na monaraíochta a shuí, chuir an Coimisiún costais SG & A agus an brabús leis mar a shonraítear i Roinn 3.3.5.5:

Costais SG & A agus costais eile, arbh é a bhí iontu 23,3 % de Chostais na nEarraí a Díoladh de chuid Sedat Tahir A.Ş, agus

8,8 % de chostas na n-earraí a díoladh a bhí sna brabúis, agus cuireadh iad le costais iomlána neamhshaofa na monaraíochta.

(80)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.7.   An praghas onnmhairiúcháin

(81)

In éagmais comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí CAL (Eurostat (31)) arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, rinneadh praghas CAL a laghdú de réir an chostais lasta mara agus an chostais árachais agus an chostais iompair intíre.

3.2.8.   Comparáid

(82)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha.

(83)

A luaithe a dhéantar iad a ghlanluacháil ar ais trí chostais muirlasta, árachais agus iompair intíre a asbhaint chun comparáid chothrom a áirithiú ar leibhéal an phraghais dhírigh, d’fhéadfaí an praghas onnmhairiúcháin a chur i gcomparáid leis an ngnáthluach. In éagmais comhair, ní dhearnadh aon lamháltas le haghaidh difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh go ndearna siad difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna.

3.2.9.   Corrlach dumpála

(84)

Ar an mbonn sin, ba é 28 % an meánchorrlach dumpála ualaithe arna shloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc. Dá bhrí sin, ba é an chonclúid ar thángthas air gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, bhí méid na n-allmhairí i gceist an-teoranta, méid a chomhfhreagair do sciar 1,02 % den mhargadh i margadh an Aontais agus dá bhrí sin measadh nach raibh na praghsanna ionadaíoch. Ar an gcúis sin, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go ndéanfaí an dumpáil an athuair.

3.3.   An dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(85)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann do dhumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Thairis sin, ós rud é go raibh allmhairí de scragall alúmanaim tís ón tSín íseal le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus sciar 1,02 % den mhargadh acu san Aontas, rinne an Coimisiún anailís freisin ar an dóchúlacht go ndéanfaí dumpáil an athuair.

(86)

Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag margaí tríú tíortha agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.3.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(87)

Mar gheall ar neamh-chomhoibriú tháirgeoirí na Síne, bhí na torthaí maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Ós rud é nach bhfuil sonraí beachta ar fáil maidir le hacmhainneacht rollaí beaga scragaill alúmanaim tís, measadh gur táscaire ábhartha ar ró-acmhainneacht rollaí scragaill alúmanaim tís é an toilleadh iomarcach le haghaidh rollaí ollmhóra. Mar a luaitear thuas in aithris (68), ní gá rollaí ollmhóra alúmanaim a ghearradh ach amháin chun rollaí scragaill alúmanaim tís a tháirgeadh.

(88)

Chuir an t-iarratasóir fianaise i láthair a léiríonn go bhfuil acmhainneacht táirgeachta scragaill alúmanaim tís na Síne ag méadú go seasta. I measc na méaduithe suntasacha tá fás acmhainneachta Shenhuo Aluminum ó 451 000 go 900 000 tona i gCúige Yunnan agus oscailt gléasra nua 100 000 tona ag Longding Aluminum atá dírithe ar scragall ceallra agus ar scragall éadrom. D’aithin Coimisiún Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe an ró-acmhainneacht leanúnach sin, agus tháinig sé ar an gconclúid in 2023 gur dócha go leanfadh díobháil leanúnach as deireadh a chur le bearta trádála, agus d’aithin Comhlachas Tionscail Miotal Neamhfheiriúil na Síne, a thuairiscigh, ó 2016 ar aghaidh, go raibh níos mó trealaimh próiseála alúmanaim ag an tSín ná mar a bhí ag an gcuid eile den domhan le chéile.

(89)

Bhí an méadú ar tháirgeacht agus ar acmhainneacht táirgeachta i bhfad níos airde ná an méadú ar thomhaltas intíre sa tSín.

(90)

De réir na faisnéise a soláthraíodh san iarraidh, measadh gur thart ar 322 000 tona a bhí i dtomhaltas scragaill teaghlaigh na Síne in 2022, agus ba é 450 000 tona an táirgeacht san iomlán agus shroich an acmhainneacht 516 000 tona, rud a d’fhág go raibh acmhainneacht bhreise 66 000 tona ann, rud atá beagán níos mó ná an tomhaltas san Aontas a suíodh ag 62 625 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(91)

Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil ró-acmhainneachtaí substaintiúla ar fáil sa tSín agus mar thoradh air sin, tá dóchúlacht láidir ann go dtiocfaidh méadú suntasach ar mhéideanna allmhairí agus go gcuirfidh siad brú méadaithe ar phraghsanna, dá ndéanfaí na bearta frithdhumpála a aisghairm.

3.3.2.   Acmhainneacht ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha

(92)

Tá bearta frithdhumpála i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí scragaill alúmanaim tís de thionscnamh na Síne i dtíortha éagsúla amhail an Airgintín, Meicsiceo, an Téaváin agus na Stáit Aontaithe. Rinne an Ríocht Aontaithe, tar éis Brexit, bearta de chuid an Aontais a bhí ann cheana a aistriú chun na dualgais sin a choinneáil ar bun. Tugann na bacainní trádála sin le tuiscint nach dócha go n-onnmhaireoidh onnmhaireoirí na Síne cainníochtaí suntasacha de scragall alúmanaim tís chuig na margaí móra sin.

(93)

Chuir an India deireadh lena dleachtanna frithdhumpála in 2022, agus ó shin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar allmhairí scragaill alúmanaim ón tSín. Tá ábhair imní ardaithe ag an mborradh sin laistigh de thionscal intíre na hIndia maidir leis an mborradh atá ag teacht ar chleachtais dumpála, rud a chuireann i dtábhacht an iompraíocht chreachach a d’fhéadfadh a bheith ag onnmhaireoirí na Síne tar éis deireadh a chur leis an mbeart. An 17 Márta 2025, d’fhógair Aireacht Airgeadais na hIndia dleacht frithdhumpála shealadach $USD 619-$USD 873 in aghaidh an tona ar allmhairí scragaill alúmanaim ón tSín (32).

(94)

I bhfianaise dheacrachtaí onnmhaireoirí na Síne táirgí a dhíol leis na margaí sin mar gheall ar na bearta arna bhforchur ag na tríú tíortha eile sin ar allmhairí scragaill alúmanaim tís de thionscnamh na Síne, dá ligfí do na bearta reatha dul in éag, bheadh margadh an Aontais níos tarraingtí fós d’onnmhaireoirí na Síne atá ag iarraidh a dtáirgeadh iomarcach a onnmhairiú agus acmhainneacht bhreise a úsáid.

3.3.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(95)

Tá margadh an Aontais tarraingteach d’onnmhaireoirí na Síne, mar is léir ón bhfíoras go bhfuil iarrachtaí déanta ag onnmhaireoirí na Síne na srianta sin ó forchuireadh bearta frithdhumpála a imchéimniú. In 2021, leathnaíodh bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí na Síne chun an Téalainn tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin inar thángthas ar an gconclúid go raibh oibríochtaí cóimeála ann, ag fochuideachtaí tháirgeoirí na Síne, a bhí ceaptha na bearta atá i bhfeidhm a imchéimniú.

(96)

Tá an tarraingteacht sin soiléir go maith i bhfianaise phraghsanna díola mhargadh an Aontais. Ar bhonn staitisticí onnmhairiúcháin na Síne mar a thuairiscítear in GTA, tá an meánphraghas díola ar mhargadh an Aontais 77 % níos airde ná meánphraghas díola na Síne chuig tríú margaí eile. Léiríonn sé sin go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh leibhéil praghsanna de toisc go dtiocfadh brabúis níos airde as onnmhairí chuig an Aontas. Dá bhrí sin, is dócha, dá ligfí do na bearta dul in éag, go mbeadh margadh an Aontais níos tarraingtí fós d’onnmhaireoirí na Síne.

(97)

Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise gur tháinig laghdú suntasach ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí scragaill alúmanaim na Síne chuig an Aontas, ó 13,4 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin tosaigh go dtí 1,02 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríonn an laghdú géar sin tionchar bhearta frithdhumpála an Aontais. Dá rachadh na bearta sin in éag, is dócha go mbeadh an acmhainneacht agus an dreasacht araon ag táirgeoirí na Síne a n-onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú, rud a d’fhágfadh go dtarlódh cleachtais dumpála an athuair.

3.4.   An dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(98)

Chomh maith le leanúint den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ndearnadh anailís uirthi faoi Roinn 3.3, agus i bhfianaise sciar íseal allmhairí na Síne den mhargadh ag 1,02 %, rinne an Coimisiún anailís freisin ar an dóchúlacht go ndéanfaí dumpáil an athuair. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar phatrún praghsanna na n-onnmhairí de chuid na Síne chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(99)

In éagmais faisnéis níos mionsonraithe a bheith ar fáil go poiblí maidir le honnmhairí na Síne chuig tríú tíortha agus in éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, bhraith an Coimisiún ar shonraí ó GTA. Asbhaineadh na sonraí trí úsáid a bhaint as cóid AC na Síne 7607 11 10 , 7607 11 20 agus 7607 11 90 , lena gcumhdaítear an táirge lena mbaineann chomh maith le táirgí eile nach bhfuil faoi raon feidhme an imscrúdúcháin (scragaill alúmanaim tís ar lú a dtiús ná 0,007 mm agus suas le 0,2 mm). Ba iad na staitisticí sin na sonraí is oiriúnaí a bhí ar fáil agus measadh go raibh siad ionadaíoch a ndóthain chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh dumpáil an athuair.

(100)

De réir an tacair sonraí sin, ba iad an India (88 344 tona), Meicsiceo (65 635 tona), agus an Téalainn (57 916 tona) na príomhchinn scríbe d’onnmhairí na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Rinneadh anailís ar phraghsanna onnmhairiúcháin chuig na margaí sin chun praghsanna díreach ón monarcha agus praghsanna CAL a chinneadh, agus an t-iompar céanna, comhlíonadh custaim, agus coigeartuithe eile a úsáidtear le haghaidh an phraghais onnmhairiúcháin san Aontas á gcur i bhfeidhm.

(101)

Cuireadh praghsanna den sórt sin i gcomparáid leis an ngnáthluach mar a suíodh faoi Roinn 3.2.2 go 3.2.6 agus sloinneadh iad mar chéatadán den mheánluach CAL. Léirigh sé sin difríocht praghais 112 % i gcás na hIndia, 111 % i gcás na hIndinéise agus 112 % i gcás na Téalainne. Léiríonn na difríochtaí substaintiúla sna praghsanna go bhfuil sé ina phatrún iompraíochta i measc onnmhaireoirí na Síne a bheith ag díol ar phraghsanna níos ísle i margaí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag, is dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí ón tSín isteach san Aontas agus go dtiocfaidh siad isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte.

3.5.   Conclúid

(102)

Léirigh an t-imscrúdú gur lean allmhairí ón tSín de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte. I bhfianaise an sciar íseal den mhargadh atá ag na hallmhairí sin faoi láthair, rinne an Coimisiún measúnú freisin ar an dóchúlacht go ndéanfaí dumpáil an athuair trí anailís a dhéanamh ar onnmhairí na Síne chuig margaí suntasacha tríú tíortha. Fuarthas amach ar an gcaoi chéanna gur dumpáladh na honnmhairí sin, agus go raibh corrlaigh dhumpála os cionn 111 % ann i gcás na hIndia, Mheicsiceo agus na Téalainne.

(103)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach i Ranna 3.3.1 (acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín), 3.3.2 (acmhainneacht ionsúcháin fhéideartha margaí tríú tíortha), agus 3.3.3 (tarraingteacht mhargadh an Aontais), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur rídhócha go leanfadh táirgeoirí na Síne de bheith ag onnmhairiú an táirge lena mbaineann chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte – agus fiú go méadódh siad go mór iad – dá ligfí do na bearta dul in éag.

(104)

Dá réir sin, tá fianaise shubstaintiúil ann lena léirítear cleachtas leanúnach na dumpála agus, in aon chás, dóchúlacht láidir go ndéanfar é an athuair dá ligfí do na bearta atá ann cheana dul in éag.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(105)

Rinne 31 tháirgeoir aitheanta san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(106)

Suíodh gur thart ar 65 540 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an iarraidh ar an athbhreithniú éaga, na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte an Aontais agus an macraicheistneoir a chuir an t-iarratasóir isteach ina raibh sonraí ó thionscal an Aontais.

(107)

Mar a léirítear i Roinn 1.2, roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann tuairim agus 33 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(108)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais trí mhéid na ndíolachán san Aontas ag tionscal an Aontais agus iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas mar a thuairiscigh Eurostat a chur leis.

(109)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1/1/2023 go 31/12/2023)

Tomhaltas iomlán an Aontais

59 891

70 820

63 585

62 625

Innéacs (2020 = 100)

100

118

106

105

Foinse:

Eurostat, sonraí arna gcur isteach ag tionscal an Aontais agus freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(110)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 5 % ar thomhaltas an Aontais. In 2021, tháinig méadú mór 18 % air, go príomha mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19. Le linn na tréimhse sin, thug miondíoltóirí tosaíocht d’earraí a tháirgtear san Aontas chun suaitheadh sa slabhra soláthair a mhaolú agus chun fionraí allmhairí ón tSín a chúiteamh. Ina theannta sin, de réir mar a d’fhan daoine sa bhaile agus de réir mar a chócaráil siad níos minice, tháinig méadú suntasach ar an éileamh ar tháirgí a bhaineann le bia, lena n-áirítear scragall alúmanaim i rollaí. Mar sin féin, ó 2022 ar aghaidh – lena n-áirítear le linn na Tréimhse Imscrúdúcháin Athbhreithnithe – thosaigh laghdú ag teacht ar thomhaltas. I gcomparáid le 2021, tháinig laghdú 13 % ar thomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.3.   Allmhairí ón tSín

4.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tSín

(111)

Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn ar bhonn sonraí ó bhunachar sonraí Eurostat. Suíodh an sciar margaidh de na hallmhairí ar bhonn comparáide idir méideanna na n-allmhairí agus tomhaltas margaidh an Aontais mar a léirítear i dTábla 2 thuas.

(112)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí isteach san Aontas ón tSín:

Tábla 3

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

Méid na n-allmhairí ón tSín (tonaí)

6

441

562

640

Innéacs (2020=100)

100

7 480

9 527

10 842

Sciar den mhargadh (%)

0

0,6

0,9

1

Innéacs (2020=100)

100

6 325

8 974

10 369

Foinse:

Eurostat.

(113)

D’ainneoin a sciar íseal den mhargadh, lean na hallmhairí ón tSín ar aghaidh le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí a dtreocht ag méadú. Ag tosú ó 2020, nuair a bhí allmhairí ón tSín beagnach diomaibhseach, tháinig méadú suntasach ar na hallmhairí in 2021, treocht a bhí fós ann le linn 2022 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a d’fhág méadú foriomlán ó mhéid díolachán 6 thona go 640 tona le linn na tréimhse faoi bhreathnú, arb ionann é agus sciar 1,02 % den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.4.   Praghsanna d’allmhairí ón tír lena mbaineann.

(114)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí staidrimh ó Eurostat, in éagmais comhair ón tSín. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar an mbonn céanna.

(115)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tSín:

Tábla 4

Praghsanna na n-allmhairí (EUR/tona)

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31/12/2023)

Meánphraghas allmhairiúcháin na Síne

3 797

3 224

4 708

5 247

Innéacs (2020=100)

100

85

124

138

Foinse:

Eurostat.

(116)

Tháinig méadú 38 % ar mheánphraghsanna allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 15 % ar na praghsanna ar dtús in 2021 agus ansin tháinig méadú 53 % orthu ó 2022 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(117)

Ós rud é nach raibh aon chomhoibriú ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní fhéadfadh an Coimisiún meánphraghas in aghaidh an tona a shuí ach amháin i gcás cineálacha éagsúla táirgí trí úsáid a bhaint as sonraí staidrimh ó Eurostat.

(118)

Cuireadh praghas onnmhairiúcháin na Síne arna chinneadh ar an gcaoi i gcomparáid le meánphraghsanna díola ualaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le custaiméirí ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arna gcoigeartú chuig leibhéal díreach ón monarcha.

(119)

Léirigh toradh na comparáide sin, arna shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas, ar an meán, thart ar 21 % ní b’ísle ná meánphraghsanna thionscal an Aontais.

(120)

Mar sin féin, mar a léirítear in aithris 113, mar gheall ar mhéid diomaibhseach na n-allmhairí de scragall alúmanaim tís isteach san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níor measadh go raibh praghsanna na ndíolachán sin ionadaíoch.

(121)

Thug an Coimisiún dá aire go raibh méideanna na n-allmhairí ón tSín an-íseal le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, tacaíonn méideanna ísle na n-allmhairí, mar aon leis an riosca go gcuirfí tús le cleachtais phraghsála díobhálaí an athuair dá gcuirfí deireadh leis na bearta, leis an gconclúid go bhfuil sé fós iomchuí leanúint de na bearta atá ann cheana.

4.5.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín

(122)

Is ón Tuirc den chuid is mó a tháinig allmhairí scragaill alúmanaim i rollaí ó thríú tíortha seachas an tSín.

(123)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí isteach san Aontas agus ar an sciar den mhargadh agus ar threochtaí praghsanna i gcás allmhairí de scragall alúmanaim i rollaí ó thríú tíortha eile:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

An Tuirc

Méid (tona)

51

1 167

1 173

2 703

 

Innéacs

100

2 311

2 323

5 353

 

An sciar den mhargadh %

0,08

1,65

1,84

4,32

 

Meánphraghas (EUR/Tona)

2 627

3 790

5 532

4 684

 

Innéacs

100

144

211

178

An Indinéis

Méid (tona)

0

172

262

427

 

Innéacs

100

17 200

26 230

42 700

 

An sciar den mhargadh (%)

0

0,24

0,41

0,68

 

Meánphraghas (EUR/Tona)

0

3 221

4 588

4 347

 

Innéacs

100

102

181

140

An India

Méid (tona)

13

310

82

189

 

Innéacs

100

2 329

620

1 421

 

An sciar den mhargadh (%)

0,02

0,44

0,13

0,30

 

Meánphraghas (EUR/Tona)

3 071

3 140

5 565

4 292

 

Innéacs

100

102

181

140

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tSín

Méid (tona)

88

3 151

3 102

4 892

 

Innéacs

100

3 585

3 529

5 566

 

An sciar den mhargadh (%)

0,1

4

5

8

 

Meánphraghas (EUR/Tona)

2 662

3 667

5 703

4 868

 

Innéacs

100

138

214

183

Foinse:

Eurostat.

(124)

Tháinig méadú suntasach ar mhéideanna allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín ó 88 thona in 2020 go 4 892 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(125)

Ós rud é gur tháinig laghdú ar thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, b’ionann an méadú sin agus méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó thríú tíortha le linn na tréimhse céanna ó 0,1 % in 2020 go 8 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(126)

Tháinig méadú foriomlán 83 % ar mheánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach d’fhan sé faoi bhun leibhéil phraghsanna thionscal an Aontais mar a thuairiscítear i dTábla 9.

(127)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile ón Tuirc, ón Indinéis agus ón India den chuid is mó agus tháinig méadú orthu ó 51 go 2 703 thona, ó 0 tona in 2020 go 427 dtona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus ó 13 thona go 189 dtona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe faoi seach.

4.6.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.6.1.   Barúlacha ginearálta

(128)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(129)

Mar a luaitear in aithris (14), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(130)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí a sholáthair na hiarratasóirí. Bhain na sonraí le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí fíoraithe a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(131)

Is iad seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(132)

Is iad seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.6.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.6.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(133)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

Méid táirgeachta (Tonaí)

77 861

79 991

73 513

65 540

Innéacs

100

103

94

84

Acmhainneacht táirgeachta (Tonaí)

106 289

115 440

105 917

98 020

Innéacs

100

109

100

92

Úsáid acmhainneachta %

73

69

69

67

Innéacs

100

95

95

91

Foinse:

Macraicheistneoir.

(134)

Tháinig laghdú 16 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus lean sé an laghdú ar thomhaltas an Aontais. Tháinig méadú idir 2020 agus 2021 ar éifeachtaí dearfacha phaindéim COVID-19. Le linn na tréimhse sin, thug miondíoltóirí tús áite d’infhaighteacht táirgí a áirithiú mar fhreagairt ar shuaitheadh sa slabhra soláthair agus ar allmhairí ón tSín a chur ar fionraí.

(135)

Tháinig laghdú 8 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú idir 2020 agus 2021 (mar gheall ar mhéadú ar athruithe) a cuireadh i leith éifeachtaí dearfacha an téarnaimh tar éis phaindéim COVID-19.

(136)

Tháinig laghdú 9 % ar úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.6.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(137)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais

59 798

67 228

59 921

57 094

Innéacs

100

112

100

95

An sciar den mhargadh %

100

95

94

91

Innéacs

100

95

94

91

Foinse:

Macraicheistneoir.

(138)

Tháinig laghdú 5 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, de réir threocht thomhaltas an Aontais. Tháinig méadú 12 % ar dhíolacháin an Aontais den chéad uair in 2021, ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí 111 agus 136 agus tháinig laghdú 17 % orthu ó 2021 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(139)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 9 bpointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, ó 100 % go 91 %.

4.6.2.3.   Fás

(140)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 5 % ar thomhaltas an Aontais agus tháinig laghdú 16 % agus 5 % faoi seach ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin thionscal an Aontais agus tháinig laghdú 8 % ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh.

4.6.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(141)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

An líon fostaithe

963

1 069

988

920

Innéacs

100

111

103

96

An táirgiúlacht (tona/fostaí)

81

75

74

71

Innéacs

100

92

92

88

Foinse:

Macraicheistneoir.

(142)

Tháinig laghdú 14 % ar fhostaíocht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn comhghaol suntasach idir an líon fostaithe a bhfuil baint acu le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus méid tháirgeacht an Aontais. Le linn na tréimhse sin, tháinig méadú 11 % ar dtús ó 2020 go 2021 tar éis laghdú 15 phointe céatadáin idir 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(143)

Léirigh táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas i dtéarmaí aschuir (tona) in aghaidh an fhostaí, treocht laghdaitheach le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.6.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(144)

Bhí gach aon chorrlach dumpála a suíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. An tráth céanna, bhí leibhéal na n-allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe an-teoranta, agus ní raibh ann ach 1 % den sciar den mhargadh. Dá bhrí sin, bhí an tionchar ar mhéid na gcorrlach dumpála iarbhír i dtionscal an Aontais measartha teoranta. Dá dheasca sin, d’aistrigh an t-imscrúdú a fhócas chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfaí dumpáil an athuair agus go leanfaí den dumpáil, chomh maith leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil an athuair, dá ndéanfaí na bearta frithdhumpála atá ann cheana a aisghairm nó a leasú. Bhí gá leis an gcur chuige sin chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an tionscal intíre agus chun éifeachtacht leanúnach na mbeart cosanta trádála a áirithiú.

4.6.2.6.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(145)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/Tona)

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1/1/2023 go 31/12/2023)

An meánphraghas díolachán aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

3 484

3 630

5 698

5 674

Innéacs

100

104

164

163

Costas an táirgthe in aghaidh an aonaid

3 416

3 847

5 675

5 287

Innéacs

100

113

166

155

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(146)

Tháinig méadú 63 % ar mheánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an gcéad dul síos, tháinig méadú beag orthu ó 2020 go 2021, méadú 4 % agus ansin go mór 59 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2021.

(147)

Tháinig méadú 55 % ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus treocht chomhchosúil leis an bpraghas díola á leanúint. Ó 2020 go 2021, tháinig méadú 13 % ar an gcostas táirgthe. Ba é ba chúis leis an mborradh ar chostas aonaid an táirgthe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí, mar gheall ar an téarnamh ar an éileamh domhanda tar éis phaindéim COVID-19 agus an fogha míleata san Úcráin. Cé gur tháinig méadú suntasach ar chostais táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí tionscal an Aontais, cé is moite de 2021, in ann a phraghsanna díola a mhéadú dá réir sin chun leanúint de bheith brabúsach.

4.6.2.7.   Costais saothair

(148)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1/1/2023 go 31/12/2023)

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

29 229

28 883

34 079

36 335

Innéacs

100

99

117

124

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(149)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig méadú 24 % ar na meánchostais saothair. Cé gur tháinig laghdú ar an líon fostaithe i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a luaitear in aithris 142, tháinig méadú ar an meánchostas in aghaidh an fhostaí i gcomparáid le 2020.

4.6.2.8.   Fardail

(150)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Fardail

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1/1/2023 go 31/12/2023)

Stoic dheiridh (Tonaí)

29 663

28 141

34 905

18 395

Innéacs

100

95

118

62

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

38

35

47

28

Innéacs

100

93

125

74

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(151)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 38 % ar stoc scragaill alúmanaim tís thionscal an Aontais. Bhí buaicphointe 18 % ag an stoc in 2022 agus laghdú géar 56 phointe céatadáin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá sé sin i gcomhréir leis an laghdú ar an táirgeacht agus ar an acmhainneacht táirgeachta.

4.6.2.9.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú.

(152)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

6

-2

5

8

Innéacs

100

-32

78

126

Sreabhadh airgid (EUR)

5 907 422

- 707 522

5 264 348

11 751 470

Innéacs

100

-12

89

199

Infheistíochtaí (EUR)

3 524 195

3 105 891

2 374 586

1 909 825

Innéacs

100

88

67

54

Toradh ar infheistíochtaí (%)

122

-17

150

232

Innéacs

100

-14

122

189

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(153)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(154)

Ar an iomlán, tháinig méadú 2 phointe céatadáin ar bhrabúsacht thionscal an Aontais ó 6 % go 8 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú air ar dtús ó 6 % go míneas 2 % in 2021 agus ansin mhéadaigh sé go 5 % in 2022 agus go 8 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(155)

Is ionann glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig méadú 99 % ar an treocht i nglansreabhadh airgid le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 112 % air ar dtús idir 2020 agus 2021 agus as sin amach mhéadaigh sé go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(156)

Idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú 46 % ar infheistíochtaí. Go ginearálta, bhí na hinfheistíochtaí dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar ghlasú na táirgeachta. Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig athrú mór ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ó 2020 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na luaineachtaí idir -114 % agus 189 %. Ó 2020 go 2021, tháinig laghdú mór air, agus ina dhiaidh sin théarnaigh sé go láidir i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chun leibhéal 110 phointe céatadáin os cionn thúsphointe na tréimhse faoi bhreathnú in 2020 a bhaint amach.

4.6.2.10.   Conclúid maidir le díobháil

(157)

D’áirithigh na bearta atá i bhfeidhm cosaint do thionscal an Aontais, rud a d’fhág gur féidir leis a sciar den mhargadh a mhéadú, praghsanna a mhéadú i gcomhréir leis na costais mhéadaithe agus leibhéal brabúsach agus toradh dearfach ar infheistíocht a bhaint amach i ndeireadh na tréimhse faoi bhreathnú.

(158)

Ar an taobh eile, tháinig laghdú ar tháirgeacht, ar acmhainneacht táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta laghdaitheach i dtionscal an Aontais.

(159)

Thairis sin, d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, lean onnmhaireoirí na Síne de bheith ag onnmhairiú an táirge lena mbaineann i méideanna méadaitheacha, ó chainníochtaí diomaibhseacha in 2020 go 640 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus a sciar den mhargadh a mhéadú, rud a mhéadaigh ó bheagnach 0 % go 1 % le linn na tréimhse sin.

(160)

An tráth céanna, tháinig méadú ar allmhairí ó thríú tíortha i ndearbhmhéid agus i sciar den mhargadh araon le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé go raibh meánphraghsanna na n-allmhairí sin faoi bhun meánphraghsanna thionscal an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, mar a leagtar amach in aithris 127 nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, i bhfianaise an tsladghearrtha praghais agus mhéid méadaitheach na n-allmhairí sin, tá baol ann, in éagmais beart, go bhféadfadh na hallmhairí sin díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal an Aontais amach anseo

(161)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR

(162)

Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris 161 nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go ndéanfaí an díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta dul in éag.

(163)

D’ainneoin na mbeart atá ann cheana, bhí margadh an Aontais fós ina mhargadh tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ó thaobh méide agus praghsála de. Lean allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte suntasacha. Leis an acmhainneacht bhreise shubstaintiúil sa tSín, mar aon le bearta cosanta trádála atá i bhfeidhm i roinnt tríú margaí ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, agus aird á tabhairt ar phatrún comhsheasmhach dumpála, tacaítear leis an dóchúlacht go ndéanfaí díobháil an athuair, dá ligfí do na bearta frithdhumpála dul in éag. Sa chás sin, is rídhócha go ngnóthódh onnmhairí na Síne chuig an Aontas sciar den mhargadh go tapa ar chostas thionscal an Aontais, rud a d’fhágfadh laghdú láithreach ar a mhéideanna díolachán agus méadú ar a chostais sheasta in aghaidh an aonaid. Leis an méadú ar chostais sheasta mar aon le laghdú ar phraghsanna díola i margadh atá ag dul i laghad, dhéanfaí an cás níos measa láithreach le haghaidh thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, d’éireodh tionscal an Aontais neamhbhrabúsach, dhéanfaí difear diúltach do staid eacnamaíoch fhoriomlán thionscal an Aontais, agus dhéanfaí díobháil ábhartha a bhaineann leis na hallmhairí dumpáilte/fóirdheonaithe an athuair.

5.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(164)

Tháinig méadú suntasach ar mhéideanna allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín ó 88 tona in 2020 go 4 892 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(165)

Ós rud é gur tháinig laghdú ar thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’fhág an méadú sin go sciar den mhargadh d’allmhairí ó thríú tíortha le linn na tréimhse céanna ó 0,1 % in 2020 go 8 %.

(166)

Cé gur léirigh praghsanna allmhairiúcháin na Síne treocht mhéadaitheach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’fhan siad go comhsheasmhach faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais. Níos suntasaí fós, i gcomparáid le spriocphraghas an Aontais, tá an bhearna níos suntasaí fós. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ba é EUR 5 246 in aghaidh an tona meánphraghas allmhairí na Síne, ach ba é EUR 5 674 in aghaidh an tona meánphraghas díola an Aontais, agus socraíodh an spriocphraghas ag EUR 5 708 in aghaidh an tona. Léiríonn an sladghearradh leanúnach sin, go háirithe i ndáil leis an spriocphraghas, go leanann allmhairí na Síne de bhrú anuas a chur ar phraghsanna i margadh an Aontais. I bhfianaise na héagothromaíochta praghais sin, agus in éagmais bearta cosanta trádála, tá riosca soiléir ann go bhféadfadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a bheith mar thoradh ar shladghearradh den sórt sin amach anseo.

(167)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar cé acu a rinne nó nach ndearna praghsanna onnmhairiúcháin ualaithe na Síne chuig tríú tíortha seachas an tAontas, arna gcoigeartú de réir praghas tugtha i dtír de chuid an Aontais, tionscal an Aontais a thearcdhíol i gcomparáid le spriocphraghas thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I bhfianaise na heaspa comhoibrithe ó onnmhaireoirí na Síne, bhunaigh an Coimisiún a anailís ar shonraí san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Sainaithníodh san anailís ceithre thríú tír inar dhíol táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne an táirge lena mbaineann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar phraghsanna faoi bhun thart ar 35 % de spriocphraghas thionscal an Aontais.

(168)

Mar a mhínítear i roinn 3.3.1, tá ró-acmhainneachtaí substaintiúla sa tSín, ar mó iad den chuid is mó ná tomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ina theannta sin, níor aimsigh an Coimisiún aon eilimint a d’fhéadfadh aon mhéadú nach beag ar éileamh intíre an táirge faoi athbhreithniú a léiriú sa tSín nó in aon tríú tír eile atá marcáilte go luath amach anseo. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach bhféadfadh an t-éileamh intíre sa tSín nó i margaí tríú tír eile an acmhainneacht atá ar fáil a ionsú sa tSín.

(169)

Mar fhocal scoir, léiríodh san anailís – ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil – go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ábalta díol ar phraghsanna go mór faoi bhun spriocphraghas an Aontais. I bhfianaise na n-acmhainneachtaí suntasacha breise atá ar fáil sa tSín, tugadh faoi deara freisin go bhféadfaí méideanna móra scragaill alúmanaim i rollaí a tháirgeadh lena ndíol ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin, dá ligfí do na bearta dul in éag, go mbeadh onnmhaireoirí na Síne ábalta brú mór praghsanna a fheidhmiú agus, dá bhrí sin, bheadh siad ábalta díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais.

(170)

Léiriú eile ar tharraingteacht mhargadh an Aontais is ea go ndearna onnmhaireoirí na Síne, ó thús fhorchur na mbeart, iarrachtaí ar imchéimniú ó onnmhaireoirí na Síne a sainaithníodh agus a neodraíodh in 2021. Ina imscrúdú frith-imchéimniúcháin (33), chinn an Coimisiún go raibh táirgeoirí de chuid na Téalainne arb eol go n-onnmhairíonn siad a dtáirgí chuig an Aontas ina bhfochuideachtaí uile de tháirgeoirí scragaill alúmanaim tís na Síne atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus táirgí á n-onnmhairiú acu ón tSín.

(171)

Tháinig méadú 83 % ar mheánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach d’fhan sé faoi bhun leibhéil praghsanna thionscal an Aontais, mar a thuairiscítear i dTábla 9.

(172)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is ón Tuirc, ón Indinéis agus ón India den chuid is mó a tháinig allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile.

(173)

Tháinig laghdú 15 % ar mheánphraghsanna allmhairí ón tSín idir 2020 agus 2021, tháinig méadú suntasach orthu in 2022 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(174)

Mar a léirítear in aithris 113 agus, mar gheall ar mhéid diomaibhseach na n-allmhairí scragaill alúmanaim tís isteach san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níor measadh go raibh praghas na ndíolachán sin ionadaíoch agus níorbh fhéidir é a úsáid chun teacht ar aon chonclúid maidir le praghsanna allmhairí ón tSín isteach san Aontas agus maidir le hiompraíocht phraghsála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(175)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghas díobhálach mar thoradh ar easpa beart. Dá ligfí do na bearta dul in éag, déanfar téarnamh thionscal an Aontais a neamhniú.

5.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(176)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 13

Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (1.1.2023–31.12.2023)

An méid onnmhairí (Tonaí)

7 261

5 370

4 995

4 382

Innéacs

100

74

69

60

Meánphraghas (EUR/Tona)

3 317

3 850

5 803

5 306

Innéacs

100

116

175

160

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(177)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 40 % ar onnmhairí tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus tháinig méadú 60 % ar na meánphraghsanna. Tháinig laghdú suntasach ar onnmhairí thionscal an Aontais chuig custaiméirí neamhghaolmhara, lean siad patrún comhchosúil le táirgeacht fhoriomlán an Aontais, ar tháinig laghdú 16 % air.

(178)

Ar an iomlán, thángthas ar an gconclúid go raibh feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais diúltach.

6.   LEAS AN AONTAIS

(179)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(180)

Cé go raibh éifeacht mhaolaithe ag na bearta frithdhumpála ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte a thagann isteach i margadh an Aontais, mar a leagtar amach i roinn 4.6.2.9, d’fhan tionscal an Aontais i staid éagobhsaí, mar a deimhníodh le treochtaí diúltacha táscairí díobhála amhail táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, fostaíocht, sreabhadh airgid agus infheistíochtaí.

(181)

Dá ligfí do na bearta dul in éag, is dócha go ndéanfadh insreabhadh ar mhéideanna substaintiúla allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. Bheifí ag súil leis go mbeadh an insreabhadh sin, i measc nithe eile, ina chúis le caillteanas ar sciar margaidh an Aontais, go dtiocfadh laghdú ar phraghsanna díolacháin an Aontais, go dtiocfadh laghdú ar úsáid acmhainneachta an Aontais agus, go ginearálta, go dtiocfadh meath tromchúiseach ar staid airgeadais thionscal an Aontais.

(182)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb é leas thionscal an Aontais leanúint leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm.

6.2.   Leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe

(183)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí aitheanta neamhchomhlachaithe uile. Níor tháinig aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhchomhlachaithe chun tosaigh chun comhoibriú san imscrúdú seo trí fhreagra ceistneora a chur isteach. I bhfianaise na heaspa spéise a léirigh úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara, agus in éagmais aon tásca go raibh athrú tagtha ar na conclúidí ar thángthas orthu in imscrúduithe roimhe seo, níor measadh go raibh leanúint leis na bearta in aghaidh leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí.

6.3.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(184)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar bhonn a luaitear thuas nárbh ann d’aon chúis láidir maidir le leas an Aontais in aghaidh leanúint leis an bearta atá ann faoi láthair ar allmhairí scragaill alúmanaim i rollaí de thionscnamh na Síne.

(185)

Tar éis an nochta, thug na hiarratasóirí barúil maidir le cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun ar rollaí scragaill alúmanaim ón tSín, agus chuir siad in iúl go gcothóidh leanúint na mbeart iomaíocht chóir, go gcoiscfear saobhadh margaidh, agus go dtacófar le téarnamh agus inbhuanaitheacht leanúnach tháirgeoirí an Aontais. Thug an Coimisiún dá aire go cuí an bharúil sin.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(186)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le leanúint agus athdhéanamh na dumpála, athdhéanamh na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí scragaill alúmanaim i rollaí de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun.

(187)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú mar gheall ar na difríochta i ndleachtrátaí a íoslaghdú, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(5) den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(188)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair agus na díolúintí a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(5) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta níos ísle nó na díolúine ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(189)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta nó dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(190)

Tá feidhm ag na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(191)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (34). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(192)

Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) níl sé comhlachaithe le cuideachta a rinne amhlaidh agus atá faoi réir na mbeart dá bhrí sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

(193)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(194)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragaill alúmanaim i rollaí a thagann faoi chóid AC ex 7607 11 11 agus ex 7607 19 10 (cóid TARIC 7607 11 11 11, 7607 11 11 19, 7607 19 10 11 agus 7607 19 10 19) faoi láthair agus atá de thionscnamh na Síne.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht

Cód breise TARIC

CeDo (Shanghai) Ltd, Shang-hai

14,2  %

B299

Ningbo Times Aluminium Foil Technology Co. Ltd, Ningbo

15,6  %

B300

Ningbo Favored Commodity Co. Ltd, Cathair Yuyao

14,6  %

B301

Able Packaging Co. Ltd, Shang-hai

14,6  %

B302

Guangzhou Chuanlong Aluminium Foil Product Co. Ltd, Guangzhou

14,6  %

B303

Ningbo Ashburn Aluminium Foil Products Co. Ltd, Cathair Yuyao

14,6  %

B304

Shanghai Blue Diamond Aluminium Foil Manufacturing Co. Ltd, Shang-hai

14,6  %

B305

Weifang Quanxin Aluminium Foil Co. Ltd, Linqu

14,6  %

B306

Zhengzhou Zhuoshi Tech Co. Ltd, Cathair Zhengzhou

14,6  %

B307

Zhuozhou Haoyuan Foil Industry Co. Ltd, Cathair Zhouzhou

14,6  %

B308

Zibo Hengzhou Aluminium Plastic Packing Material Co. Ltd, Zibo

14,6  %

B309

Yuyao Caelurn Aluminium Foil Products Co. Ltd, Yuyao

14,6  %

B310

Gach cuideachta eile

35,6  %

B999

3.   Leis seo, déantar an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh na Síne, mar a leagtar amach i mír 2, a leathnú ag ráta 35,6 % chun allmhairí den scragall alúmanaim áirithe céanna i rollaí a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne iad nó nach dearbhaítear (cóid TARIC 7607 11 11 11 agus 7607 19 10 11)

4.   Beidh cur i bhfeidhm na dleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 agus na díolúintí ó leathnú na mbeart tar éis imscrúduithe frith-imchéimniúcháin a luaitear i mír 3 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar sonrasc é ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

5.   Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2011 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’);

(b)

níl sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú as ar eascair an dleacht; agus

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht an Síne nó tá oibleagáid chonarthach nea1mh-inchúlghairthe air cainníocht nach beag a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Lúnasa 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 217/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 69, 13.3.2013, lch. 11http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/217/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i ndiaidh athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/915/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1475 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2021 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe atá i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe atá i rollaí a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach dearbhaítear (IO L 325, 15.9.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1475/oj).

(5)   IO C 317, 7.9.2023, lch. 6.

(6)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí scragaill alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/3498, 3.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3498/oj).

(7)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2731.

(8)   https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 2024/2661, 15.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2661/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 19.1.2023, lch. 66, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/112/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661, roinn 3.3 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, roinn 3.3.1.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661, aithris 45 go 52 agus Rialachán Cur Chun Feidhme AE 2023/112, aithris 45.

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661, aithris 53 go 55 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris (46) go (50).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661, aithris 56 go 63 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris 51 go 63.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661, aithris 64 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún, aithris 64.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661, aithris 65 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún, aithris 65.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún, aithris 66 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris 66.

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915, roinn 3.3.1.

(18)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024 (SWD(2024) 91 final).

(19)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam (https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income).

(20)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

(21)   http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm.

(22)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Cost-Statistics-2022-49571.

(23)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Electricity-and-Natural-Gas-Prices-Period-I:-January-June,-2022-45567&dil=2#:~:text = TURKSTAT%20Corporate&text = In%20the%.

(24)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Cost-Statistics-2022-49571.

(25)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Electricity-and-Natural-Gas-Prices-Period-I:-January-June,-2022-45567&dil=2#:~:text=TURKSTAT%20Corporate&text=In%20the%.

(26)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(27)  Fostaíocht lánaimseartha.

(28)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Cost-Statistics-2022-49571.

(29)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Electricity-and-Natural-Gas-Prices-Period-I:-January-June,-2022-45567&dil=2#:~:text = TURKSTAT%20Corporate&text = In%20the%.

(30)  Le fáil ar: https://orbis.bvdinfo.com/

(31)   Bunachar sonraí - Eurostat.

(32)   https://news.metal.com/newscontent/103232729/India-Imposes-Provisional-Anti-Dumping-Duty-on-Chinese-Aluminum-Foil-Imports?utm_source=chatgpt.com, arna rochtain an 23 Aibreán 2025.

(33)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32021R1475&from=EN.

(34)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(35)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1720/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)