|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1719 |
1.8.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1719 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le comhordanáidí geografacha in Iarscríbhinní VII agus XIII a ghabhann leis
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1241 leagtar síos bearta teicniúla chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint. Go háirithe, leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na bearta teicniúla a bunaíodh ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh Uiscí an Iardheiscirt, agus in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis leagtar amach bearta maolaithe chun gabhálacha de thaisme de speicis íogaire a laghdú. |
|
(2) |
Leasaíodh Rialachán (AE) 2019/1241 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún (2) agus rinneadh é a thabhairt cothrom le dáta a thuilleadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3204 ón gCoimisiún (3). Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún bunaíodh roinnt iaimh ama-limistéir in Uiscí an Iardheiscirt. Lean an Rialachán Tarmligthe sin moladh comhpháirteach a chuir an Bheilg, an Fhrainc, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Spáinn, Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt, isteach i mí an Mhárta 2021. Rinneadh mionsonrú sa mholadh comhpháirteach sin ar chomhordanáidí geografacha na limistéar inar cheart feidhm a bheith ag na bearta. |
|
(3) |
Chuir Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt an Coimisiún ar an eolas faoi earráidí i gcomhordanáidí geografacha na limistéar in iarthar Mhuir Chantabrach, ar aghaidh Asturias agus na Gailíse, agus d’iarr siad go gceartófaí iad. Tá na hearráidí le feiceáil i ngach leagan de na teangacha oifigiúla den téacs, agus ba cheart Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a cheartú dá réir. |
|
(4) |
Leasaíodh Rialachán (AE) 2019/1241 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/303 ón gCoimisiún (4), agus tar éis na leasuithe sin bunaíodh leis iaimh limistéir agus srianta iascaireachta i roinnt limistéar i Muir Bhailt chun gabhálacha de thaisme de mhuc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena) a laghdú. Lean an Rialachán Tarmligthe sin dhá mholadh chomhpháirteacha a chuir an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, agus an tSualainn, Ballstáit Mhuir Bhailt (‘BALTFISH’), isteach i mí na Nollag 2020 agus i mí Mheán Fómhair 2021, faoi seach. Rinneadh mionsonrú sna moltaí comhpháirteacha sin ar chomhordanáidí geografacha na limistéar inar cheart feidhm a bheith ag na bearta. |
|
(5) |
Chuir BALTFISH an Coimisiún ar an eolas faoi earráidí i gcomhordanáidí geografacha na suíomhanna Adlergrund agus Banc Thuaidh Lár Mhuir Bhailt agus d’iarr sé go gceartófaí iad. Tá na hearráidí le feiceáil i ngach leagan de na teangacha oifigiúla den téacs, agus ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a cheartú dá réir. |
|
(6) |
Ba cheart Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní VII agus XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES (IO L 5, 6.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/56/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3204 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mbreallach féithghearr agus leis an deargán (IO L, 2024/3204, 31.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3204/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/303 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 a mhéid a bhaineann le bearta chun gabhálacha de thaisme de líon na muc mhara atá i gCeartlimistéar Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena) a laghdú i Muir Bhailt (IO L 46, 25.2.2022, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/303/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní VII agus XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn VII, i gCuid C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.1:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIII, leasaítear Cuid A mar a leanas:
|
(1) Leath-sruthlíonta, arna n-aicmiú i gClár Cabhlaigh an Choimisiúin Eorpaigh mar eangach gheolbhaigh, atá ar ancaire ar ghrinneall na farraige ar thaobh amháin, a thagann faoi réim an tsainmhínithe ar líonta éighníomhacha.
(2) De réir chairteacha loingseoireachta oifigiúla Uimh. 2920 agus 2921 a d’fhoilsigh Údarás Muirí na Gearmáine [BSH- Bundesamt für Seeschifffahrt und Hydrographie]
(3) De réir chairteacha loingseoireachta oifigiúla Uimh. 2920 agus 2921 a d’fhoilsigh Údarás Muirí na Gearmáine [BSH- Bundesamt für Seeschifffahrt und Hydrographie].
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1719/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)