|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1710 |
5.8.2025 |
MOLADH (AE) 2025/1710 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2025
maidir le caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Treoir (AE) Uimh. 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) i bhfeidhm an 5 Eanáir 2023. Leis an Rialachán sin, neartaítear agus nuachóirítear ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach trí mhodhnuithe ar Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (2) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (3) Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(2) |
Is gné thábhachtach den Chomhaontú Glas don Eoraip (6) agus den Phlean Gníomhaíochta um Airgeadas Inbhuanaithe í Treoir (AE) 2022/2464 (7). Is é is aidhm don Treoir sin a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag infheisteoirí chun tuiscint a fháil ar na rioscaí a bhfuil gnóthais infheistiúcháin neamhchosanta orthu de bharr an athraithe aeráide agus saincheisteanna inbhuanaitheachta eile, agus chun na rioscaí sin a bhainistiú. Is é is aidhm don Treoir sin freisin a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag infheisteoirí agus ag páirtithe leasmhara eile maidir leis na tionchair a bhíonn ag institiúidí ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. |
|
(3) |
Le Treoir (AE) 2022/2464 ceanglaítear ar ghnóthais mhóra, máthairghnóthais de ghrúpa mór agus gnóthais ag a bhfuil urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas (seachas micreaghnóthais) faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú de réir na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta. Le hAirteagal 29b den Treoir sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún na caighdeáin sin a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe, agus comhairle theicniúil an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á cur san áireamh. An 31 Iúil 2023, ghlac an Coimisiún an chéad sraith de Chaighdeáin Eorpacha Tuairiscithe Inbhuanaitheachta trí bhíthin Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún (8). |
|
(4) |
Le Treoir (AE) 2022/2464 cuirtear ar a gcumas do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas (FBManna liostaithe) tuairisciú a dhéanamh agus úsáid á baint as sraith caighdeán ar leith, atá níos lú agus comhréireach, in áit sraith iomlán caighdeán Eorpach tuairiscithe inbhuanaitheachta. Leis an Treoir sin, ní fhorchuirtear aon cheanglas tuairscithe inbhuanaitheachta sainordaitheach ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide nach ligtear a gcuid urrús isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas (FBManna neamhliostaithe). |
|
(5) |
Le Treoir (AE) 2022/2464 ceanglaítear ar ghnóthais atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta faisnéis slabhra luacha a thuairisciú a mhéid is gá chun tuiscint a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann leo i ndáil le hinbhuanaitheacht. D’fhéadfadh sé go gcruthófaí éifeacht an tsíolaithe, mar a thugtar air, mar gheall ar an gceanglas chun faisnéis slabhra luacha a thuairisciú, sa chaoi go n-iarrfadh gnóthais atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe faisnéis inbhuanaitheachta ar ghnóthais ina slabhra luacha. D’fhéadfadh sé sin tuilleadh brú a chur ar FBManna i slabhra luacha na ngnóthas móra, fiú, mar is amhlaidh i gcás na FBManna neamhliostaithe, mura bhfuil siad féin faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta. Is féidir le cúinsí eile seachas Treoir (AE) 2022/2464 í féin éifeacht an tsíothlaithe a chruthú. Mar shampla, iarrann go leor gnóthas faisnéis inbhuanaitheachta ar ghnóthais ina slabhra luacha chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann leo i ndáil le hinbhuanaitheacht agus iad a bhainistiú, nó chun ceanglais dlí a chomhlíonadh seachas iad siúd a bhunaítear le Treoir (AE) 2022/2464, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta faoi Threoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(6) |
Chun teorainn a chur le héifeacht an tsíolaithe ar FBManna, bunaítear caidhp slabhra luacha, mar a thugtar air, le Treoir (AE) 2022/2464, ina luaitear nach bhféadfaidh ceanglais tuairiscithe lena gceanglófaí ar ghnóthais faisnéis a fháil ó FBManna atá ina slabhra luacha a bheith sna ceanglais Eorpacha tuairiscithe inbhuanaitheachta, ar faisnéis í atá sa bhreis ar an bhfaisnéis atá le nochtadh faoin gcaighdeán comhréireach le haghaidh FBManna liostaithe. |
|
(7) |
Ar leithligh ón gcaighdeán le haghaidh FBManna liostaithe dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2022/2464, d’iarr an Coimisiún ar EFRAG caighdeán ar leith atá níos simplí a fhorbairt lena úsáid ar bhonn deonach ag FBManna neamhliostaithe. An 12 Meán Fómhair 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún an Pacáiste Fóirithinte do FBManna (10). Faoi Ghníomhaíocht 14 den phacáiste sin, gheall an Coimisiún go n-áiritheodh sé go mbeadh creat simplí caighdeánaithe ag FBManna chun saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais a thuairisciú agus, ar an gcaoi sin deiseanna níos fearr a chruthú do FBManna maoiniú glas a fháil agus an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a éascú dá réir. Leis an gcreat caighdeánaithe sin do FBManna, chuirfí teorainn freisin leis an riosca go síothlódh ceanglais maidir le nochtadh síos chuig FBManna neamhliostaithe i slabhra luacha na ngnóthas a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2464. |
|
(8) |
Is é is príomhaidhm don chaighdeán deonach sin cabhrú le gnóthais nach dtagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2464 freagairt d’iarratais ar fhaisnéis a fhaigheann siad ó institiúidí airgeadais, gnóthais mhóra agus páirtithe leasmhara eile. Is é is aidhm don chaighdeán deonach sin an gá a laghdú do FBManna freagairt d’iarratais ar leith ar fhaisnéis ó chontrapháirtithe aonair chun críoch a dtuairiscithe, a ndíchill chuí agus a mbainistíochta riosca nó le haghaidh úsáidí eile faisnéise inbhuanaitheachta. Ina theannta sin, le tuairisciú deonach ar fhaisnéis inbhuanaitheachta is féidir rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe a éascú agus cabhrú le FBManna tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta féin agus faireachán a dhéanamh uirthi, agus feabhas a chur ar athléimneacht agus iomaíochas dá bharr sin. |
|
(9) |
Gné bhunúsach de chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach le haghaidh FBManna is ea a ghlacadh margaidh, ó thaobh na n-úsáideoirí (i.e. glacadh a bheith ag páirtithe gnó agus páirtithe airgeadais le húsáid a bhaint as an gcaighdeán chun sonraí inbhuanaitheachta a bhailiú ó FBManna in áit a gceistneoirí féin) agus ó thaobh na FBManna (i.e. glacadh a bheith ag FBManna leis an gcaighdeán mar uirlis tuairiscithe). |
|
(10) |
D’fhorbair EFRAG a dhréacht-chomhairle theicniúil bunaithe ar chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach le haghaidh FBManna neamhliostaithe (nó ‘caighdeán TD-FBM’) i ndiaidh próis chuí mhionchúiseach, a raibh comhairliúchán poiblí agus tástáil allamuigh ar an dréacht-chaighdeán i gceist léi. Chuir na FBManna féin agus úsáideoirí beartaithe na faisnéise tuairiscithe in iúl go dtacaíonn siad le caighdeán TD-FBM mar uirlis tuairiscithe shimplithe, ar caighdeán ionaid inchreidte é le haghaidh sciar substaintiúil d’iarratais ar fhaisnéis a chuireann bainc agus gnóthais mhóra chuig FBManna ina slabhra luacha go minic. Chuir EFRAG caighdeán TD-FBM faoi bhráid an Choimisiúin i mí na Nollag 2024. |
|
(11) |
Tá modúl bunúsach agus modúl cuimsitheach i gceist le caighdeán TD-FBM a d’fhorbair EFRAG. Is réamhriachtanas é an tuairisciú in aghaidh an mhodúil bhunúsaigh chun tuairisciú a dhéanamh in aghaidh an mhodúil chuimsithigh. Déantar cur síos ar an modúl bunúsach mar an ‘cur chuige sprice’ le haghaidh micreaghnóthas. Ciallaíonn sé sin nach gcaithfidh micreaghnóthais an modúl bunúsach a chur i bhfeidhm ina iomláine agus gur féidir leo codanna áirithe de a úsáid amháin. Maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, déantar cur síos ar an modúl bunúsach mar ‘íoscheanglas’ le haghaidh tuairisciú in aghaidh an chaighdeáin. I dteannta an mhodúil bhunúsaigh agus an mhodúil chuimsithigh, d’fhorbair EFRAG treoraíocht phraiticiúil chomhlántach chun cabhrú le FBManna forálacha an chaighdeáin féin a chur chun feidhme. Tá na modúil bhunúsacha agus chuimsitheacha in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo, agus tá an treoraíocht phraiticiúil chomhlántach in Iarscríbhinn II. |
|
(12) |
An 26 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe inbhuanaitheachta chorparáidigh agus díchill chuí (pacáiste simpliúcháin omnibus (11))) ina moltar inter alia roinnt leasuithe ar na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a tugadh isteach le Treoir (AE) 2022/2464 agus ar na ceanglais díchill chuí inbhuanaitheachta i dTreoir (AE) 2024/1760. |
|
(13) |
Maidir le Treoir (AE) 2022/2464, molann an Coimisiún, inter alia, líon na ngnóthas atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta a laghdú. De réir thogra an Choimisiúin, ní bheadh ach gnóthais mhóra ag a bhfuil os cionn 1 000 fostaí faoi réir an cheanglais faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Maidir le gnóthais ag a bhfuil os cionn 1 000 fostaí, molann an Coimisiún caighdeán deonach a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe. Bheadh an caighdeán deonach sin bunaithe ar chaighdeán TD-FBM a d’fhorbair EFRAG. |
|
(14) |
Leathnaítear agus neartaítear an chaidhp slabhra luacha leis an togra simplithe omnibus a mhéid a bhaineann le Treoir (AE) 2022/2464. De réir an togra sin, bheadh feidhm dhíreach ag an gcaidhp slabhra luacha maidir leis an ngnóthas tuairiscithe seachas gan a bheith inti ach teorainn leis an méid is féidir a shonrú leis na caighdeáin Eorpacha tuairiscithe inbhuanaitheachta. Chosnófaí léi gach gnóthas nach dtiocfadh faoi raon feidhme Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a thuilleadh de réir na dtograí simplithe omnibus (i.e. gnóthais ag a bhfuil suas le 1 000 fostaí) seachas FBManna amháin, mar atá faoi láthair. Agus shaineofaí an teorainn leis an gcaighdeán tuairiscithe deonach a bheidh le húsáid ag gnóthais ag a bhfuil suas le 1 000 fostaí, le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomh tarmligthe agus bunaithe ar chaighdeán TD-FBM a d’fhorbair EFRAG, arb é ábhar an Mholta seo é. Thairis sin, leis an simpliúchán omnibus tugtar isteach caidhp slabhra luacha a bhaineann le caighdeán TD-FBM freisin i dTreoir (AE) 2024/1760 maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta, cé gur caidhp í a bheidh faoi réir eisceachtaí a bhfuil gá leo, a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis i ndáil le mapáil an tslabhra luacha. Dá bhrí sin, maidir le hinneachar an chaighdeáin tuairiscithe dheonaigh amach anseo a bheidh le húsáid ag gnóthais ag a bhfuil suas le 1 000 fostaí, d’fhéadfadh sé a bheith difriúil ón Moladh atá ann faoi láthair. Maidir le cumhachtú an Choimisiúin chun an caighdeán sin a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe, agus uainiú an ghlactha sin, braitheann na nithe sin ar chaibidlíocht a thabhairt i gcrích idir comhreachtóirí an togra shimplithe omnibus. |
|
(15) |
Glactar an Moladh seo mar sprioc insoláthartha de Phacáiste Fóirithinte do FBManna 2023 agus Straitéis maidir le Margadh Aonair 2025. Tá gá le réiteach idirmheánach chun aghaidh a thabhairt ar éileamh an mhargaidh go dtí go nglactar caighdeán deonach atá bunaithe ar chaighdeán TD-FBM a d’fhorbair EFRAG trí bhíthin gníomh tarmligthe faoin togra simplithe omnibus, a mbeidh a uainiú ag brath ar luas agus tabhairt i gcrích na caibidlíochta idir na comhreachtóirí. Idir an dá linn, is gá agus tá sé riachtanach cuidiú le FBManna freagairt d’iarratais ar fhaisnéis atá faighte acu cheana féin ó institiúidí airgeadais, cuideachtaí móra agus páirtithe leasmhara eile. Is féidir leis an gCoimisiún treoraíocht a sholáthar don mhargadh agus an t-ualach riaracháin a laghdú do FBManna agus páirtithe leasmhara eile dá bharr sin, trí FBManna a spreagadh chun faisnéis inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus úsáid á baint as caighdeán TD-FBM a d’fhorbair EFRAG agus trí na gnóthais sin atá ag iarraidh faisnéis inbhuanaitheachta ó FBManna a spreagadh chun an caighdeán seo a úsáid a mhéid is féidir. |
|
(16) |
Tríd an Moladh seo, molann an Coimisiún do FBManna neamhliostaithe agus micreaghnóthais ar mian leo faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú ar bhonn deonach, é sin a dhéanamh i gcomhréir le caighdeán TD-FBM a d’fhorbair EFRAG. Chuige sin, meastar go bhfuil an úsáid a bhaineann FBManna neamhliostaithe agus micreaghnóthais as féindearbhuithe iomchuí. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon oibleagáid ann dearbhú a sholáthar i leith na faisnéise arna tuairisciú ag FBManna neamhliostaithe agus gur leor féindhearbhú ón FBM. Is féidir le FBManna neamhliostaithe agus micreaghnóthais tagairt a dhéanamh don treoraíocht phraiticiúil a d’fhorbair EFRAG agus a ghabhann leis an gcaighdeán deonach agus lena ndéantar cur i bhfeidhm praiticiúil an chaighdeáin dheonaigh. |
|
(17) |
Spreag an Coimisiún corparáidí móra agus idirghabhálaithe airgeadais chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus iad i dteagmháil le FBManna, agus a srianta a theannadh agus faisnéis á hiarraidh acu ar chomhpháirtithe ina slabhraí luacha ar FBManna iad (12). Tar éis ghlacadh an Mholta seo, ba cheart do chorparáidí móra agus d’idirghabhálaithe airgeadais, chomh fada agus is féidir, teorainn a chur leis na hiarratais ar fhaisnéis sin, atá comhleanúnach leis na nochtuithe i gcaighdeánTD-FBM. |
|
(18) |
Tá ról tábhachtach ag na Ballstáit freisin ó thaobh feasacht a mhúscailt agus tacú le glacadh chaighdeán TD-FBM, chun an laghdú ar an ualach a éascú agus an fhaisnéis a chuíchóiriú, a chaithfidh FBManna a sholáthar le haghaidh na n-iarratas éagsúil a fhaigheann siad. I gcomhréir leis an gcuspóir maidir le haistriú glas agus aistriú digiteach FBManna, tá sé tábhachtach go n-úsáidtear réitigh agus uirlisí digiteacha chun an tuairisciú inbhuanaitheachta le haghaidh FBManna a éascú. Chuige sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar úsáid an Ríomhshonrasctha chun sonraí ábhartha a asbhaint go huathoibríoch le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta, i gcomhréir le caighdeán TD-FBM a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Sheol an Coimisiún tionscadal suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2025 dar teideal ‘Feabhas a Chur ar Thuairisciú Inbhuanaitheachta do Ghnólachtaí’, arb é is aidhm dó cúnamh teicniúil a sholáthar do na Ballstáit chun tacaíocht dhigiteach agus fothú acmhainneachta a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta gnóthas. |
|
(19) |
Amach anseo, d’fhéadfadh sé gur mhaith le gnóthais bheaga go mbeadh rochtain ag an bpobal ar a bhfaisnéis inbhuanaitheachta ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach chun go mbeidís níos infheicthe d’infheisteoirí féideartha agus, ar an gcaoi sin, dhéanfaidís na deiseanna cistiúcháin atá acu a mhéadú agus a éagsúlú. Chuige sin, bheadh ar ghnóthais bheaga meiteashonraí áirithe a sholáthar agus formáid áirithe a úsáid chun an fhaisnéis sin a chur isteach. |
|
(20) |
Chun iasachtú inbhuanaithe a sholáthar nó infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, d’fhéadfadh iasachtóirí nó infheisteoirí cineálacha faisnéise eile a iarraidh ar FBManna, seachas an méid a chumhdaítear le caighdeán TD-FBM. Déanfaidh an Coimisiún obair leantach ar leithligh ar an ngealltanas a tugadh sa Phacáiste Fóirithinte do FBManna chun maoiniú inbhuanaithe le haghaidh FBManna a uas-scálú, bunaithe freisin ar an tuarascáil ón Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe i dtaobh Maoiniú Inbhuanaithe le haghaidh FBManna a Chuíchóiriú agus tógáil ar chreataí atá ann faoi láthair, mar shampla doiciméad cáis úsáide Ráthaíocht Inbhuanaitheachta InvestEU agus Seiceálaí Glas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. |
|
(21) |
Feidhmíonn an caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach a leagtar amach in Iarscríbhinn I gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar ghnóthais a thagann ó reachtaíocht eile an Aontais. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Sainmhínithe:
Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
Ciallaíonn ‘gnóthais bheaga agus mheánmhéide (FBManna)’ gnóthais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE; |
|
(2) |
Ciallaíonn‘micreaghnóthas’gnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’:
|
|
(4) |
ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15); |
|
(5) |
ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). |
Moltaí do FBManna:
|
1. |
Molann an Coimisiún do FBManna neamhliostaithe agus micreaghnóthais ar mian leo faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú ar bhonn deonach, é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach a leagtar amach in Iarscríbhinn I. |
|
2. |
Is féidir le FBManna agus micreaghnóthais, ar mian leo faisnéis inbhuanaitheachta a sholáthar ar bhonn deonach i dtríú tíortha, an caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a úsáid. |
|
3. |
Is féidir le gnóthais, a bhfuil an caighdeán a leagtar amach in Iarscríbhinn I á chur i bhfeidhm acu chun faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú ar bhonn deonach, an treoraíocht phraiticiúil in Iarscríbhinn II a úsáid freisin. |
Moltaí d’institiúidí airgeadais, rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, gnóthais árachais, institiúidí creidmheasa agus gnóthais eile a iarrann faisnéis inbhuanaitheachta ar FBManna:
|
4. |
Molann an Coimisiún gur cheart do ghnóthais, atá faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, i gcás ina dteastaíonn faisnéis inbhuanaitheachta uathu ó FBManna atá ina slabhraí luacha chun críoch tuairiscithe inbhuanaitheachta, a n-iarratais ar an bhfaisnéis sin a theorannú a mhéid is féidir don fhaisnéis a sholáthraítear de bhun an chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. |
|
5. |
Molann an Coimisiún d’institiúidí airgeadais, rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, gnóthais árachais agus institiúidí airgeadais, i gcás ina dteastaíonn faisnéis inbhuanaitheachta uathu ó FBManna, a n-iarratais ar an bhfaisnéis sin a theorannú a mhéid is féidir don fhaisnéis a sholáthraítear de bhun an chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn I. |
Moltaí do na Ballstáit:
|
6. |
Molann an Coimisiún do na Ballstáit feasacht a mhúscailt i measc FBManna maidir leis na buntáistí a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú ar bhonn deonach i gcomhréir leis an gcaighdeán a leagtar amach in Iarscríbhinn I. |
|
7. |
Molann an Coimisiún do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun cur chun feidhme an chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh le haghaidh FBManna a leagtha amach in Iarscríbhinn I agus an glacadh leis an gcaighdeán sin a chothú. |
|
8. |
Molann an Coimisiún go ndéanfadh na Ballstáit bearta iomchuí ar an leibhéal náisiúnta freisin chun na heintitis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a spreagadh chun a n-iarratais chuig FBManna agus micreaghnóthais ar fhaisnéis inbhuanaitheachta atá le húsáid chun críoch tuairiscithe inbhuanaitheachta a theorannú a mhéid is féidir don fhaisnéis a sholáthraítear de bhun an chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn I. |
|
9. |
Molann an Coimisiún do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun tacú le digitiú uathoibríoch an tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh FBManna bunaithe ar an gcaighdeán a leagtar amach in Iarscríbhinn I, chun malartú sonraí éifeachtúil a áirithiú lena n-urraimítear úinéireacht sonraí FBManna. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Maria Luís ALBUQUERQUE
Comhalta den Choimisiún
(1) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).
(2) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj.
(3) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/109/oj.
(4) Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite (IO L 158, 27.5.2014, lch. 196, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/56/oj.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/537/oj.
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], an Bhruiséil, 11.12.2019, COM (2019) 640 final.
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal Action Plan: Financing Sustainable Growth [Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú], an Bhruiséil, 8.3.2018, COM (2018) 97 final.
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta (IO L, 2023/2772, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2772/oj.
(9) Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).
(10) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Pacáiste Faoisimh do FBManna, Strasbourg, 12.9.2023, COM(2023) 535 final.
(11) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta, an Bhruiséil, 26.2.2025 COM (2025) 81 final.
(12) Moladh ón gCoimisiún (AE) 2023/1425 an 27 Meitheamh 2023 maidir le maoiniú a éascú le haghaidh an aistrithe chuig geilleagar inbhuanaithe, (IO L 174, 7.7.2023, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/1425/oj).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/345/oj).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, p. 18, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2013/346/oj).
(15) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
IARSCRÍBHINN I
Clár Ábhar
| Cuspóir an Chaighdeáin seo agus na gnóthais a bhfuil feidhm aige maidir leo | 3 |
| Struchtúr an Chaighdeáin seo | 4 |
| Prionsabail maidir le hullmhú na tuarascála inbhuanaitheachta (Bunmhodúl agus Modúl Cuimsitheach) | 5 |
| Bunmhodúl | 7 |
| Bunmhodúl – Faisnéis ghinearálta | 7 |
|
B1 – |
An Bunús leis an ullmhú | 12 |
|
B2 – |
Cleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe | 12 |
| Bunmhodúl – Méadracht Chomhshaoil | 8 |
|
B3 – |
Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa | 13 |
|
B4 – |
Truailliú an aeir, an uisce agus na hithreach | 13 |
|
B5 – |
Bithéagsúlacht | 13 |
|
B6 – |
Uisce | 14 |
|
B7 – |
Úsáid acmhainní, geilleagar ciorclach agus bainistiú dramhaíola | 14 |
| Bunmhodúl – Méadracht shóisialta | 9 |
|
B8 – |
Lucht saothair – Saintréithe ginearálta | 14 |
|
B9 – |
Lucht saothair – Sláinte agus sábháilteacht | 14 |
|
B10 – |
Lucht saothair – Luach saothair, cómhargáil agus oiliúint | 14 |
| Bunmhodúl – Méadracht rialachais | 10 |
|
B11 – |
Ciontuithe agus fíneálacha mar gheall ar éilliú agus breabaireacht | 15 |
| Modúl Cuimsitheach | 11 |
| Modúl Cuimsitheach – Faisnéis ghinearálta | 11 |
|
C1 – |
Straitéis: Samhail Ghnó agus Inbhuanaitheacht – Tionscnaimh Ghaolmhara | 15 |
|
C2 – |
Tuairisc ar chleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe | 15 |
| Modúl Cuimsitheach – Méadracht Chomhshaoil | 11 |
| Ábhar machnaimh agus tuairisciú á dhéanamh ar astaíochtaí GCT faoi B3 (Bunmhodúl) | 11 |
|
C3 – |
Spriocanna laghdaithe GCT agus aistriú aeráide | 16 |
|
C4 – |
Rioscaí aeráide | 16 |
| Modúl Cuimsitheach – Méadracht Shóisialta | 12 |
|
C5 – |
Saintréithe breise (ginearálta) den lucht saothair | 17 |
|
C6 – |
Faisnéis bhreise maidir lena lucht saothair féin - Beartais agus próisis um chearta an duine | 17 |
|
C7 – |
Teagmhais dhiúltacha thromchúiseacha a bhaineann le cearta an duine | 17 |
| Modúl Cuimsitheach – Méadracht Rialachais | 13 |
|
C8 – |
Ioncaim ó ghníomhaíochtaí áirithe agus eisiamh ó thagarmharcanna tagartha an Aontais Eorpaigh | 17 |
|
C9 – |
Cóimheas éagsúlachta inscne sa chomhlacht rialachais | 18 |
|
Foscríbhinn A: |
Téarmaí sainmhínithe | 15 |
|
Foscríbhinn B: |
Liosta de shaincheisteanna inbhuanaitheachta féideartha | 22 |
|
Foscríbhinn C: |
Faisnéis chúlra le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar úsáideoirí na faisnéise a léirítear leis an gCaighdeán seo iad (réiteach le rialacháin eile an Aontais Eorpaigh) | 25 |
Cuspóir an Chaighdeáin seo agus na gnóthais a bhfuil feidhm aige maidir leo
|
1. |
Is é is cuspóir don Chaighdeán deonach seo tacaíocht a thabhairt do mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide leis an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Is caighdeán deonach é an Caighdeán seo. Tá feidhm aige maidir le gnóthais (1) nach ligtear a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas Eorpach (gan bheith liostaithe). In [Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE] sainítear trí chatagóir de ghnóthais bheaga agus mheánmhéide bunaithe ar iomlán a gcláir chomhardaithe, a nglanláimhdeachas agus a meánlíon
fostaithe
le linn na bliana airgeadais.
|
|
3. |
Tagann na gnóthais sin lasmuigh de raon feidhame na Treorach maidir le Tuairisciú Corparáideach i dtaca le hInbhuanaitheacht (TTCI), ach moltar dóibh an Caighdeán seo a úsáid. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo na saincheisteanna céanna inbhuanaitheachta agus a chumhdaítear leis na Caighdeáin Eorpacha Tuairiscithe Inbhuanaitheachta (ESRSanna) le haghaidh gnóthais mhóra. Mar sin féin, tá sé comhréireach agus cuirtear san áireamh leis, dá bhrí sin, saintréithe bunúsacha micreaghnóthas, gnóthas beag agus gnóthas meánmhéide. Féadfaidh micreaghnóthais gan úsáid a bhaint ach as codanna áirithe den Chaighdeán seo mar a chuirtear i dtábhacht i mír 5(a). |
|
4. |
Rinneadh breithniú go cúramach ar chomhsheasmhacht le ESRS le haghaidh gnóthais mhóra agus an Caighdeán seo á ullmhú, agus ceanglais chomhréireacha á sainiú. Níl aon údarás dlíthiúil ag an gCaighdeán seo, murab ionann agus ESRS le haghaidh gnóthais mhóra. |
Struchtúr an Chaighdeáin seo
|
5. |
Tá dhá mhodúl ag an gCaighdeán seo ar féidir leis an ngnóthas iad a úsáid chun a thuarascáil inbhuanaitheachta a ullmhú:
Léirítear le mír 24 thíos na roghanna atá ar fáil chun tuarascáil inbhuanaitheachta a ullmhú agus úsáid á baint as an gCaighdeán seo trí cheann amháin nó níos mó de na modúil sin a ghlacadh. A luaithe a roghnófar é, comhlíonfar modúl ina iomláine (agus solúbthacht ceadaithe de réir mhír 22); mar sin féin, ní chuirfear gach mír nochta ar fáil ach amháin nuair a bheidh sí infheidhme maidir le himthosca sonracha an ghnóthais. |
|
6. |
Is réamhcheanglas é an Bunmhodúl a chur i bhfeidhm chun an Modúl Cuimsitheach a chur i bhfeidhm. |
|
7. |
Áirítear le Foscríbhinn A Téarmaí sainmhínithe na sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear sa Chaighdeán seo. Ar fud Chaighdeán TD-FBM, socraítear na téarmaí a shainmhínítear sa ghluais sainmhínithe (Foscríbhinn A) i gcló trom iodálach , seachas i gcás ina n-úsáidtear téarma sainmhínithe níos mó ná uair amháin sa mhír chéanna. |
Prionsabail maidir le hullmhú na tuarascála inbhuanaitheachta (Bunmhodúl agus Modúl Cuimsitheach)
Comhlíonadh an Chaighdeáin seo
|
8. |
Socraítear leis an gCaighdeán seo ceanglais lena gceadaítear don ghnóthas faisnéis ábhartha a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
9. |
Tuairisceoidh an gnóthas faisnéis atá ábhartha, dílis, inchomparáide, intuigthe agus infhíoraithe. |
|
10. |
Ag brath ar an gcineál gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas, is iomchuí faisnéis bhreise a chur san áireamh (méadracht agus/nó nochtaí insinte) nach bhfuil cumhdaithe sa Chaighdeán seo chun saincheisteanna inbhuanaitheachta atá coitianta in earnáil an ghnóthais a nochtadh (i.e. saincheisteanna ar gnách le gnóthais nó eintitis laistigh de thionscal nó réimse sonrach aghaidh a thabhairt orthu) nó a bhaineann go sonrach leis an ngnóthas féin, óir is tacú é sin le faisnéis ábhartha, dhílis, inchomparáide, intuigthe agus infhíoraithe a ullmhú. Áirítear leis sin breithniú a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) Raon feidhme 3 (féach míreanna 50 go 53 den Chaighdeán seo). I bhFoscríbhinn B tugtar liosta de shaincheisteanna inbhuanaitheachta féideartha. |
|
11. |
Féadfaidh an gnóthas an mhéadracht ón mBunmhodúl agus ón Modúl cuimsitheach a chomhlánú le faisnéis bhreise cháilíochtúil agus/nó chainníochtúil i gcás inarb iomchuí i gcomhréir le mír 10 thuas. |
Faisnéis chomparáideach
|
12. |
Tuairisceoidh an gnóthas faisnéis chomparáideach i dtaca leis an mbliain roimhe seachas i gcás méadracht a nochtar den chéad uair. Tuairisceoidh an gnóthas faisnéis chomparáideach ón dara bliain tuairiscithe. |
An prionsabal ‘más infheidhme’
|
13. |
Ní bheidh feidhm ag nochtaí áirithe ach maidir le himthosca sonracha (2). Go sonrach, is leis na treoracha a thugtar i ngach nochtadh a shonraítear na himthosca sin agus an fhaisnéis atá le tuairisciú i gcás ina measann an gnóthas iad a bheith ‘infheidhme’, agus sa chás sin amháin. Nuair a fhágtar ceann de na nochtaí sin ar lár, glactar leis nach bhfuil sé infheidhme. |
Cuimsiú fochuideachtaí leis na sonraí tuairiscithe
|
14. |
Más máthairchuideachta den ghrúpa é an gnóthas, moltar dó go n-ullmhóidh sé a thuarascáil inbhuanaitheachta ar bhonn comhdhlúite, agus faisnéis óna fhochuideachtaí á cur san áireamh aige. |
|
15. |
Más ar bhonn comhdhlúite atá a thuarascáil inbhuanaitheachta ullmhaithe ag an máthairghnóthas, lena n-áirítear faisnéis óna fhochuideachtaí, bíonn na foghnóthais díolmhaithe ón tuairisciú. |
Uainiú agus suíomh na tuarascála inbhuanaitheachta
|
16. |
Má ullmhaítear tuarascáil inbhuanaitheachta chun riachtanais gnóthas mór nó banc a dteastaíonn uasdátú uathu ar bhonn bliantúil, is ar bhonn bliantúil a ullmhófar í. Má ullmhaíonn an gnóthas ráitis airgeadais, ullmhófar an tuarascáil inbhuanaitheachta de réir tréimhse ama atá comhsheasmhach le hullmhú an ráitis airgeadais. Murar athraíodh na pointí sonraí ón mbliain tuairiscithe roimhe, féadfaidh an gnóthas tabhairt le fios nár tharla aon athrú, agus tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phointe sonraí sonrach sin i dtuarascáil na bliana roimhe. |
|
17. |
Is é is príomhfheidhm don tuarascáil seo eolas a thabhairt do chontrapháirtithe gnó iarbhír nó féideartha. Féadfaidh an gnóthas cinneadh a dhéanamh a thuarascáil inbhuanaitheachta a chur ar fáil don phobal. Sa chás sin, féadfaidh an gnóthas a thuarascáil inbhuanaitheachta a chur i láthair i roinn ar leithligh den tuarascáil bainistíochta más ann di. Seachas sin, féadfaidh an gnóthas a thuarascáil inbhuanaitheachta a chur i láthair mar dhoiciméad ar leithligh. |
|
18. |
Ionas nach bhfoilseofar an fhaisnéis chéanna faoi dhó, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh ina thuarascáil inbhuanaitheachta do nochtaí arna bhfoilsiú i ndoiciméid eile ar féidir teacht orthu i gcomhthráth leis an tuarascáil inbhuanaitheachta (3). |
Faisnéis rúnaicmithe agus íogair
|
19. |
I gcás ina gceanglaítear faisnéis rúnaicmithe nó íogair a nochtadh chun na nochtaí sa Chaighdeán seo a sholáthar, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár. Má dhéanann an gnóthas cinneadh an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár, déarfaidh sé gurb amhlaidh atá faoi nochtadh B1 (féach mír 24). |
Comhleanúnachas agus naisc le nochtaí sna ráitis airgeadais
|
20. |
Má ullmhaíonn an gnóthas ráitis airgeadais freisin, is mar a leanas a bheidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ina tuarascáil inbhuanaitheachta a chomhlíonann an Caighdeán seo:
|
Bunmhodúl
|
21. |
Tuairisceoidh an gnóthas ar a shaincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus iompair gnó (ar a dtugtar ‘saincheisteanna inbhuanaitheachta’) agus úsáid á baint as nochtaí B1 go B11 thíos. |
|
22. |
Má tá an gnóthas ag iarraidh faisnéis níos cuimsithí a chur ar fáil, féadfaidh sé an mhéadracht is gá a chomhtháthú ó B1 go B11 le nochtaí, ach iad a roghnú ón Modúl Cuimsitheach. |
|
23. |
Tá treoraíocht bhreise maidir le nochtaí B1 go B11 le fáil i míreanna 1 go 144 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo. |
BUNMHODÚL – FAISNÉIS GHINEARÁLTA
B1 – An Bunús leis an ullmhú
|
24. |
Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
25. |
Má fuair an gnóthas aon deimhniú nó lipéad i ndáil le hinbhuanaitheacht, soláthróidh sé tuairisc ghairid air (lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, eisitheoirí an deimhniúcháin nó an lipéid, dáta agus scór rátála). |
B2 – Cleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe
|
26. |
Má tá cleachtais shonracha, beartais nó tionscnaimh amach anseo chun aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe curtha i bhfeidhm ag an ngnóthas, luafaidh sé amhlaidh. Luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil na nithe seo a leanas aige:
|
|
27. |
Áirítear le cleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo den sórt sin an méid a dhéanfaidh an gnóthas lena thionchair dhiúltacha a laghdú agus lena thionchair dhearfacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a fheabhsú, d’fhonn rannchuidiú le geilleagar níos inbhuanaithe. I bhFoscríbhinn B tugtar liosta de shaincheisteanna inbhuanaitheachta féideartha a d’fhéadfaí a chumhdach sa nochtadh seo. Féadfaidh an gnóthas úsáid a bhaint as an teimpléad atá le fáil i mír 14 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo chun an fhaisnéis sin a thuairisciú. |
|
28. |
Má thuairiscíonn an gnóthas freisin faoin modúl Cuimsitheach, beidh na pointí sonraí atá le fáil in C2 ag comhlánú na faisnéise arna cur ar fáil faoi B2. |
BUNMHODÚL – MÉADRACHT CHOMHSHAOIL
B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa
|
29. |
Nochtfaidh an gnóthas a ídiú fuinnimh iomlán in MWh, le miondealú de réir an tábla thíos, más féidir leis an fhaisnéis riachtanach a fháil chun miondealú den sórt sin a chur ar fáil:
|
|
30. |
Nochtfaidh an gnóthas a
astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT)
measta i dtonaí coibhéiseacha CO2 (tCO2eq) i bhfianaise inneachar Chaighdeán Corparáideach Phrótacal GCT (leagan 2004), lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
31. |
Nochtfaidh an gnóthas a dhéine GCT arna ríomh trí ‘ astaíochtaí comhlána gás ceaptha teasa (GCT) ’ a nochtar faoi mhír 30 ar ‘láimhdeachas (in aonaid airgeadaíochta)’ a nochtar faoi mhír 24(e)(iv) (5). |
B4 – Truailliú an aeir, an uisce agus na hithreach
|
32. |
Má cheanglaítear ar an ngnóthas de réir an dlí nó rialacháin náisiúnta eile a chuid astaíochtaí truailleán a thuairisciú d’údaráis inniúla, nó má thuairiscítear go deonach iad de réir Córas Bainistíochta Comhshaoil, nochtfaidh sé na truailleáin a astaíonn sé san aer, san uisce agus san ithir mar chuid dá oibríochtaí féin, leis an méid faoi seach do gach truailleán. Má tá an fhaisnéis ar fáil go poiblí cheana féin, mar mhalairt rogha féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don doiciméad ina dtuairiscítear é, mar shampla, tríd an nasc ábhartha URL a chur ar fáil nó trí hipearnasc a leabú. |
B5 – Bithéagsúlacht
|
33. |
Nochtfaidh an gnóthas líon agus achar (i heicteáir nó m2) na láithreán atá faoina úinéireacht, atá ar léas aige, nó a bhainistíonn sé taobh istigh de limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar don limistéar sin. |
|
34. |
Féadfaidh an gnóthas méadracht a nochtadh atá bainteach le
talamhúsáid
(i heicteáir nó m2):
|
B6 – Uisce
|
35. |
Nochtfaidh an gnóthas a aistarraingt uisce iomlán , i.e. méid an uisce a tharraingítear isteach i dteorainneacha na heagraíochta (nó na saoráide); ina theannta sin, cuirfidh an gnóthas i láthair ar leithligh an méid uisce arna aistarraingt ag láithreáin atá suite i limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce. |
|
36. |
Má tá próisis táirgthe i bhfeidhm ag an ngnóthas a ídíonn an t-uisce go suntasach (e.g. próisis fuinnimh theirmigh amhail triomú nó táirgeadh cumhachta, táirgeadh earraí, uisciú talmhaíochta, etc.), nochtfaidh sé a ídiú uisce arna ríomh mar an difríocht idir a aistarraingt uisce agus doirteadh uisce óna phróisis táirgthe. |
B7 – Úsáid acmhainní, geilleagar ciorclach agus bainistiú dramhaíola
|
37. |
Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas cé acu a chuireann sé nó nach gcuireann sé prionsabail an gheilleagair chiorclaigh i bhfeidhm, agus má chuireann, conas a chuireann sé na prionsabail sin i bhfeidhm. |
|
38. |
Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
BUNMHODÚL – MÉADRACHT SHÓISIALTA
B8 – Lucht saothair – Saintréithe ginearálta
|
39. |
Nochtfaidh an gnóthas an líon
fostaithe
a áirítear le fostaithe nó an choibhéis lánaimseartha le haghaidh na méadrachta seo a leanas:
|
|
40. |
Má fhostaíonn an gnóthas 50 fostaí nó níos mó, nochtfaidh sé an ráta athraithe fostaithe don tréimhse tuairiscithe. |
B9 – Lucht saothair – Sláinte agus sábháilteacht
|
41. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir lena
chuid fostaithe
:
|
B10 – Lucht saothair – Luach saothair, cómhargáil agus oiliúint
|
42. |
Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
BUNMHODÚL – MÉADRACHT RIALACHAIS
B11 – Ciontuithe agus fíneálacha mar gheall ar éilliú agus breabaireacht
|
43. |
I gcás ciontuithe agus fíneálacha sa tréimhse tuairiscithe, nochtfaidh an gnóthas an líon ciontuithe, agus an méid iomlán fíneálacha arna dtabhú as dlíthe frith- éillithe agus frith- bhreabaireachta . |
Modúl Cuimsitheach
|
44. |
Leis an modúl seo cuirtear nochtaí ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar bhealach cuimsitheach ar riachtanais faisnéise chomhpháirtithe gnó an ghnóthais, amhail infheisteoirí, bainc agus cliaint chorparáideacha i dteannta na riachtanas a áirítear sa Bhunmhodúl. Léirítear sna nochtaí sa mhodúl seo oibleagáidí sonracha rannpháirtithe sa mhargadh agus cliant corparáideach faoi dhlíthe agus rialacháin ábhartha. Léiríonn siad freisin an fhaisnéis a theastaíonn ó na comhpháirtithe gnó, chun measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca inbhuanaitheachta an ghnóthais, e.g. mar sholáthróir (féideartha) nó iasachtaí (féideartha). |
|
45. |
Tugtar sa téacs thíos an liosta nochtaí ó C1 go C9 a bhfuil breithniú agus tuairisciú le déanamh orthu, más infheidhme iad maidir le gnó agus eagraíocht an ghnóthais. Nuair a fhágtar ceann de na nochtaí sin ar lár, glactar leis nach bhfuil sé infheidhme. |
|
46. |
Tá treoraíocht bhreise maidir le nochtaí C1 go C9 le fáil i míreanna 145 go 180 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo. |
MODÚL CUIMSITHEACH – FAISNÉIS GHINEARÁLTA
C1 – Straitéis: Samhail Ghnó agus Inbhuanaitheacht – Tionscnaimh Ghaolmhara
|
47. |
Nochtfaidh an gnóthas príomhghnéithe a shamhla gnó agus a straitéise, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:
|
C2 – Tuairisc ar chleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe
|
48. |
Má tá cleachtais shonracha, beartais nó tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe curtha i bhfeidhm ag an ngnóthas, a thuairiscigh sé cheana féin faoi nochtadh B2 sa Bhunmhodúl, tabharfaidh sé tuairisc ghairid orthu. Féadfaidh an gnóthas úsáid a bhaint as an teimpléad atá le fáil i mír 149 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo chun na críche sin. |
|
49. |
Féadfaidh an gnóthas a thabhairt le fios cad é an leibhéal is sinsearaí i measc a chuid fostaithe atá freagrach as na beartais a chur chun feidhme i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an ngnóthas ina leith sin. |
MODÚL CUIMSITHEACH – MÉADRACHT CHOMHSHAOIL
Ábhar machnaimh agus tuairisciú á dhéanamh ar astaíochtaí GCT faoi B3 (Bunmhodúl)
|
50. |
Ag brath ar an gcineál gníomhaíochtaí a dtugann an gnóthas fúthu, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí cainníochtú a astaíochtaí GCT Raon feidhme 3 a nochtadh (féach mír 10 den Chaighdeán seo) chun faisnéis ábhartha a tháirgeadh maidir le tionchair shlabhra luacha an ghnóthais ar an athrú aeráide. |
|
51. |
Is astaíochtaí indíreacha GCT iad astaíochtaí Raon feidhme 3 (seachas Raon feidhme 2) a dhíorthaíonn ó shlabhra luacha gnóthais. Orthu sin áirítear na gníomhaíochtaí atá réamhtheachtach ar oibríochtaí an ghnóthais (e.g. earraí agus seirbhísí ceannaithe, earraí caipitil ceannaithe, earraí ceannaithe a iompar, etc.) agus gníomhaíochtaí atá iartheachtach ar oibríochtaí an ghnóthais (e.g. iompar agus dáileadh tháirgí an ghnóthais, táirgí díolta a úsáid, infheistíochtaí, etc.). |
|
52. |
Má dhéanann an gnóthas cinneadh an mhéadracht sin a chur ar fáil, ba cheart dó tagairt a dhéanamh do na 15 chineál astaíochtaí GCT Raon feidhme 3 arna sainaithint le Caighdeán Corparáideach Phrótacal GCT agus arna mionsonrú leis an gCaighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe do Shlabhra Luacha Corparáideach Phrótacal GCT (Raon feidhme 3). Ar thuairisciú dó faoi astaíochtaí GCT Raon feidhme 3, cuirfidh an gnóthas san áireamh catagóirí suntasacha Raon feidhme 3 (de réir Chaighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe (Raon feidhme 3) do Shlabhra Luacha Corparáideach Phrótacal GCT) bunaithe ar a mheasúnú féin ar chatagóir ábhartha Raon feidhme 3. Is féidir le gnóthais teacht ar thuilleadh treoraíochta maidir le modhanna sonracha ríomha le haghaidh gach catagóire i dTreoraíocht Theicniúil an Phrótacail GCT chun Astaíochtaí Raon feidhme 3 a ríomh. |
|
53. |
Agus a chuid astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2 á dtuairisciú ag an ngnóthas, má nochtann sé faisnéis atá sonrach don eintiteas faoina chuid astaíochtaí Raon feidhme 3, cuirfidh sé i láthair í in éineacht leis an bhfaisnéis is gá faoi B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
C3 – Spriocanna laghdaithe GCT agus aistriú aeráide
|
54. |
Má tá
spriocanna
laghdaithe astaíochtaí GCT bunaithe ag an ngnóthas, nochtfaidh sé a spriocanna i bhfoirm dearbhluachanna le haghaidh astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2. I gcomhréir le míreanna 50 go 53 thuas, agus má tá spriocanna laghdaithe Raon feidhme 3 socraithe aige, cuirfidh an gnóthas spriocanna ar fáil freisin le haghaidh astaíochtaí suntasacha Raon feidhme 3. Go háirithe, cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:
|
|
55. |
Más rud é go bhfuil plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide glactha ag an ngnóthas a oibríonn in earnálacha ag a tionchar mór ar an aeráid (6), féadfaidh sé faisnéis a chur ar fáil ina leith, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ag rannchuidiú chun a chuid astaíochtaí GCT a laghdú. |
|
56. |
I gcás ina n-oibríonn an gnóthas in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid agus nach bhfuil plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide i bhfeidhm aige, tabharfaidh sé le fios an bhfuil sé i gceist aige plean aistrithe den sórt sin a ghlacadh, agus má tá, an uair a ghlacfaidh sé plean den sórt sin. |
C4 – Rioscaí aeráide
|
57. |
Má tá guaiseacha a bhaineann leis an aeráid agus teagmhais aistrithe a bhaineann leis an aeráid sainaitheanta ag an ngnóthas, rud a chruthóidh rioscaí comhlána atá bainteach leis an aeráid don ghnóthas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
58. |
Féadfaidh an gnóthas tionchair dhiúltacha fhéideartha na rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá fheidhmíocht airgeadais nó dá oibríochtaí gnó sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a nochtadh, agus a thabhairt le fios an measann sé na rioscaí a bheith ina rioscaí arda, meánacha nó ísle. |
MODÚL CUIMSITHEACH – MÉADRACHT SHÓISIALTA
C5 – Saintréithe breise (ginearálta) den lucht saothair
|
59. |
Má fhostaíonn an gnóthas 50 fostaí nó níos mó, féadfaidh sé an cóimheas idir fir agus mná a nochtadh ar leibhéal bainistíochta don tréimhse tuairiscithe. |
|
60. |
Má fhostaíonn an gnóthas 50 fostaí nó níos mó, féadfaidh sé an líon daoine féinfhostaithe a nochtadh seachas daoine atá ag obair don ghnóthas ar bhonn eisiach, agus oibrithe sealadacha arna gcur ar fáil ag gnóthais a bhíonn gafa den chuid is mó le ‘gníomhaíochtaí fostaíochta’. |
C6 – Faisnéis bhreise maidir lena lucht saothair féin - Beartais agus próisis um chearta an duine
|
61. |
Nochtfaidh an gnóthas freagra ar na ceisteanna seo a leanas.
|
C7 – Teagmhais dhiúltacha thromchúiseacha a bhaineann le cearta an duine
|
62. |
Nochtfaidh an gnóthas freagra ar na ceisteanna seo a leanas:
|
MODÚL CUIMSITHEACH – MÉADRACHT RIALACHAIS
C8 – Ioncaim ó ghníomhaíochtaí áirithe agus eisiamh ó thagarmharcanna tagartha an Aontais Eorpaigh
|
63. |
Má tá an gnóthas gníomhach in earnáil amháin nó níos mó de na hearnálacha seo a leanas, nochtfaidh sé ioncaim ghaolmhara a dhíorthaítear as gníomhaíochtaí sna hearnálacha seo a leanas:
|
|
64. |
Nochtfaidh an gnóthas an bhfuil sé eisiata ó aon tagarmharc tagartha de chuid an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras mar a thuairiscítear i mír 177 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo. |
C9 – Cóimheas éagsúlachta inscne sa chomhlacht rialachais
|
65. |
Má tá comhlacht rialachais i bhfeidhm ag an ngnóthas, nochtfaidh an gnóthas an cóimheas gaolmhar éagsúlachta inscní. |
(1) Áirítear sa mhéid sin gnóthais fhéinfhostaithe, neamhchorpraithe agus micreaghnóthais liostaithe.
(2) Mar shampla, an ceanglas dlíthiúil chun faisnéis shonrach a nochtadh, nó faisnéis shonrach a nochtadh go deonach cheana féin trí Chóras Bainistíochta Comhshaoil.
(3) Mar chuid de leagan uirlise ar líne de Chaighdeán TD-FBM, nuair is iomchuí, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh do nochtaí arna bhfoilsiú i ndoiciméid eile seachas sa tuarascáil inbhuanaitheachta agus corprú de réir tagairtí á úsáid. Déantar an tagairt sin trí uimhir an leathanaigh ón bhfoinse ábhartha a chur san áireamh, ar choinníoll go gcuirtear formáid PDF an doiciméid fhoinsigh ar fáil i leagan na huirlise ar líne freisin.
(4) Is é an seoladh poist cláraithe seoladh poist oifigiúil an ghnóthais.
(5) Mar chuid de leagan uirlise ar líne de Chaighdeán TD-FBM, déanfar an méid sin a ríomh go huathoibríoch.
(6) Is iad na hearnálacha ag a mbíonn mórthionchar ar an aeráid iad siúd a liostaítear i gCodanna A go H de NACE agus i gCuid M mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137.
(7) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
Foscríbhinn A:
Téarmaí sainmhínithe
Is dlúthchuid den chaighdeán í an fhoscríbhinn seo.
|
Téarma sainmhínithe |
Sainmhíniú |
||||||
|
Timpistí a chosc |
Tagraítear le cosc timpistí do na beartais agus tionscnaimh atá ann chun timpistí sa láthair oibre a chosc, agus chun sábháilteacht agus folláine fostaithe a áirithiú. Ní hamháin go n-áirítear leis sin bearta chun rioscaí fisiceacha a laghdú, ach baineann sé freisin le timpeallacht oibre shábháilte ionchuimsitheach a chothú nach bhfuil idirdhealú ná ciapadh le fáil inti. |
||||||
|
Gníomhaíochtaí |
Tagraíonn gníomhaíochtaí do (i) ghníomhaíochtaí agus pleananna gníomhaíochta (lena n-áirítear pleananna aistrithe) a dhéantar chun a áirithiú go mbainfidh an gnóthas spriocanna arna leagan síos amach agus trína bhféachann an gnóthas le haghaidh a thabhairt ar thionchair, rioscaí agus ar dheiseanna ábhartha; agus (ii) cinntí chun tacú leo sin le hacmhainní airgeadais, daonna nó teicneolaíochta. |
||||||
|
Pobail dá ndéantar difear |
Daoine nó grúpa/grúpaí a chónaíonn nó a oibríonn sa limistéar geografach céanna a ndearna oibríochtaí an ghnóthais nó a shlabhra luacha difear dó nó a bhféadfadh oibríochtaí an ghnóthais nó a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh difear a dhéanamh dó. Féadfaidh pobail a chónaíonn in aice oibríochtaí an ghnóthais (pobail áitiúla) nó iad sin a chónaíonn go cianda a bheith sna pobail dá ndéantar difear. Áirítear leis na pobail dá ndéantar difear, pobail dhúchasacha dá ndéantar difear iarbhír nó ionchasach. |
||||||
|
Limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de |
Áirítear na limistéir seo a leanas leis na limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de: Líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta (‘KBAnna’), chomh maith le limistéir eile faoi chosaint, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún. |
||||||
|
Breabaireacht |
A chur ina luí ar dhuine go mímhacánta gníomhú chun do leasa trí bhronntanas airgid nó aslach eile a thabhairt dó. |
||||||
|
Iompar Gnó |
Tagraítear do na cúrsaí seo a leanas i gcomhar a chéile mar ‘iompar gnó nó cúrsaí iompair gnó’:
|
||||||
|
Saothar Leanaí |
Obair a bhaineann a n-óige, a n-acmhainn agus a ndínit de leanaí, agus atá díobhálach dá bhforbairt fhisiceach agus mheabhrach. Áirítear leis saothar atá contúirteach go meabhrach, fisiceach, sóisialta, nó morálta agus/nó a chuireann isteach ar a scolaíocht (tríd an deis chun freastal ar scoil a chosc orthu). |
||||||
|
Cómhargáil |
An chaibidlíocht uile a dhéantar idir fostóir, grúpa fostaithe nó ceann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí fostóirí, ar thaobh amháin, agus ceann amháin nó níos mó de cheardchumainn nó, ina n-éagmais sin, ionadaithe na n-oibrithe arna dtoghadh agus arna n-údarú go cuí acu i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta, ar an taobh eile, chun: i) dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta a chinneadh; agus/nó ii) an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe a rialáil; agus/nó an caidreamh idir fostóirí nó a n-eagraíochtaí agus eagraíocht oibrithe nó eagraíochtaí oibrithe a rialáil. |
||||||
|
Éilliú |
Cumhacht arna cur ar iontaoibh a mhí-úsáid chun leas príobháideach, rud a fhéadann daoine aonair nó eagraíochtaí a ghríosú. Áirítear leis cleachtais amhail íocaíochtaí éascaíochta, calaois, sracadh, claonpháirteachas agus sciúradh airgid. Áirítear leis freisin aon bhronntanas, iasacht, táille, dámhachtain nó buntáiste eile a thugann aon duine d’aon duine eile nó a fhaigheann aon duine ó aon duine eile mar aslach chun rud éigin a dhéanamh a bheadh mímhacánta, neamhdhleathach nó ina shárú iontaobhais in iompar gnó an ghnóthais. Is féidir a áireamh orthu sin airgead tirim nó sochair chomhchineáil, amhail earraí saor in aisce, bronntanais, agus laethanta saoire, nó seirbhísí pearsanta speisialta a sholáthraítear chun críche buntáiste mhíchuí, nó brú morálta a d’fhéadfadh a bheith ann dá dheasca buntáiste den sórt sin a fháil. |
||||||
|
Tomhaltóirí |
Daoine aonair a fhaigheann, a thomhlaíonn nó a úsáideann earraí agus seirbhísí le haghaidh úsáid phearsanta, dóibh féin nó do dhaoine eile, agus ní chun críoch athdhíola, tráchtála nó trádála, gnó, ceardaíochta ná gairme. |
||||||
|
Faisnéis rúnaicmithe |
Faisnéis rúnaicmithe AE mar a shainmhínítear sa Chinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (2013/488/AE) nó atá aicmithe ag ceann de na Ballstáit agus marcáilte de réir Fhoscríbhinn B den chinneadh sin ón gComhairle. Ciallaíonn faisnéis rúnaicmithe AE aon fhaisnéis arna hainmniú le haicmiúchán slándála AE, a bhféadfadh leibhéil éagsúla dochair a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh nó do leasanna an Aontais Eorpaigh nó do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Féadfar faisnéis rúnaicmithe a aicmiú de réir na gceithre leibhéal seo a leanas: faoi rún daingean, faoi rún, rúnda, srianta (bunaithe ar an sainmhíniú sa Chinneadh ón gComhairle). |
||||||
|
Prionsabail an gheilleagair chiorclaigh |
Is prionsabail an gheilleagair chiorclaigh Eorpaigh iad inúsáidteacht; ath-inúsáidteacht; indeisitheacht; díchóimeáil; athmhonarú nó athriochtú; athchúrsáil; athshruthú de réir an timthrialla bhitheolaíoch; barrfheabhsú féideartha eile ar úsáid táirge nó ábhair. |
||||||
|
Oiriúnú don athrú aeráide |
An próiseas chun oiriúnú don athrú aeráide iarbhír agus don athrú aeráide a bhfuil coinne leis agus dá thionchair. |
||||||
|
Rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an aeráid |
Rioscaí a leanann as an athrú aeráide a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar theagmhas (géar-rioscaí) nó ar athruithe níos fadtéarmaí i bpatrúin aeráide (rioscaí ainsealacha). Eascraíonn géar-rioscaí fisiceacha as guaiseacha áirithe, go háirithe teagmhais a bhaineann leis an aimsir amhail stoirmeacha, tuilte, dóiteáin nó toinn teasa. Eascraíonn rioscaí fisiceacha ainsealacha as athruithe níos fadtéarmaí ar an aeráid, amhail athruithe ar an teocht, agus as a n-éifeachtaí ar leibhéil ardaithe na farraige, níos lú uisce a bheith ar fáil, caillteanas na bithéagsúlachta agus athruithe ar tháirgiúlacht talún agus ithreach. |
||||||
|
Astaíochtaí díreacha GCT (Raon feidhme 1) |
Astaíochtaí GCT díreacha ó fhoinsí atá faoi úinéireacht an ghnóthais nó á rialú aige. |
||||||
|
Idirdhealú |
Is go díreach nó go hindíreach a dhéantar idirdhealú. Tarlaíonn idirdhealú díreach i gcás ina gcaitear le duine aonair ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le daoine eile atá i gcás comhchosúil. Idirdhealú indíreach a bheidh ann i gcás ina dtabharfaidh riail, ar cosúil gur riail neodrach í, míbhuntáiste do dhuine nó do ghrúpa a bhfuil na saintréithe céanna i bpáirt acu. |
||||||
|
Fostaí |
Duine aonair atá i gcaidreamh fostaíochta leis an ngnóthas de réir an dlí náisiúnta nó de réir cleachtas náisiúnta. |
||||||
|
Úsáideoirí deiridh |
Daoine a úsáideann nó a bheartaítear go n-úsáidfidh siad táirge nó seirbhís áirithe iarbhír. |
||||||
|
Saothar éignithe |
Gach obair nó seirbhís a bhaintear ó aon duine atá faoi bhagairt pionóis, agus nár chuir an duine é féin ar fáil go deonach ina leith, de réir Choinbhinsiún EIS maidir le Saothar Éignithe, 1930 (Uimh. 29). Cuimsítear leis an téarma gach cás ina gcuirtear iallach ar dhuine ar aon bhealach obair a dhéanamh. |
||||||
|
Sásra casaoide |
Aon ghnáthphróiseas, bíodh sé státbhunaithe nó gan bheith státbhunaithe, breithiúnach nó neamhbhreithiúnach, trínar féidir le páirtithe leasmhara casaoidí a dhéanamh agus leigheas a lorg. Ar shamplaí de shásraí casaoide státbhunaithe breithiúnacha agus neamhbhreithiúnacha áirítear cúirteanna, binsí saothair, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, Pointí Teagmhála Náisiúnta faoi Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, oifigí ombudsman, gníomhaireachtaí cosanta tomhaltóirí, comhlachtaí maoirseachta rialála, agus oifigí gearán arna reáchtáil ag rialtas. Ar shásraí casaoide nach bhfuil státbhunaithe áirítear iad siúd arna riar ag an ngnóthas, ina aonar nó in éineacht le páirtithe leasmhara, amhail sásraí casaoide agus cómhargáil ar an leibhéal oibríochtúil, lena n-áirítear na sásraí a bhunaítear trí bhíthin na cómhargála. Áirítear orthu freisin sásraí arna riar ag comhlachais tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, nó grúpaí ilpháirtithe leasmhara. Is í an eagraíocht, ina haonar nó i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, a riarann sásraí casaoide ar an leibhéal oibríochtúil agus tá rochtain dhíreach ag páirtithe leasmhara na heagraíochta orthu. Táthar in ann casaoidí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu go luath agus díreach dá mbarr, rud a choisceann an díobháil agus an géarú ar chasaoidí araon. Le sásraí casaoide, tugtar caoi freisin dóibh siúd a ndéantar difear díreach dóibh aiseolas tábhachtach a sholáthar maidir le héifeachtacht dhícheall cuí na heagraíochta. De réir Threoirphrionsabal 31 ó na Náisiúin Aontaithe, is é is sásraí casaoide éifeachtacha ann sásraí dlisteanacha, inrochtana, intuartha, cothromasacha, trédhearcacha atá comhoiriúnach le cearta agus ina bhfoinse foghlama leanúnaí. I dteanna na gcritéar sin, tá sásraí casaoide éifeachtacha ar an leibhéal oibríochtúil bunaithe ar rannpháirtíocht agus idirphlé. D’fhéadfadh sé gur deacra don eagraíocht measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na sásraí casaoide a bhfuil sé rannpháirteach iontu ná iad siúd a bhunaigh sé féin. |
||||||
|
Gáis ceaptha teasa (GCT) |
Chun críocha an Chaighdeáin seo, is GCTanna iad na sé ghás a liostaítear i bPrótacal Kyoto: dé-ocsaíd charbóin (CO2); meatán (CH4); ocsaíd nítriúil (N2O); Trífhluairíd nítrigine (NF3); hidreafluaracarbóin (HFCanna); sárfhluaracarbóin (PFCanna); agus heicseafluairíd sulfair (SF6). |
||||||
|
Rialachas |
Is éard is rialachas ann an córas rialacha, cleachtas agus próiseas trína ndírítear agus a rialaítear cuideachta. |
||||||
|
Ollastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) |
Is éard is ollastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ann an líon iomlán astaíochtaí GCT a scaoileann an gnóthas san atmaisféar, gan aon asbhaint le haghaidh aistrithe dé-ocsaíde carbóin ná coigeartuithe eile á gcur san áireamh. |
||||||
|
Dramhaíl ghuaiseach |
Dramhaíl a léiríonn ceann amháin nó níos mó de na saintréithe guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl. |
||||||
|
Gáinneáil ar dhaoine |
Earcú, iompar, aistriú, tearmannú nó glacadh daoine, lena n-áirítear malartú nó aistriú rialaithe ar na daoine sin, tríd an lámh láidir nó cineálacha eile comhéigin, fuadaigh, calaoise, meabhlaireachta, nó mí-úsáide cumhachta a bhagairt nó a úsáid ar dhuine atá i staid leochaileach, nó íocaíochtaí nó buntáistí a thabhairt nó a fháil chun toiliú duine a fháil a bhfuil cumhacht aige ar dhuine eile, chun críche an dúshaothraithe. |
||||||
|
Teagmhas |
Caingean dlí nó gearán a chláraítear leis an ngnóthas nó le húdaráis inniúla trí phróiseas foirmiúil, nó cás neamhchomhlíonta a shainaithníonn an gnóthas trí nósanna imeachta bunaithe. Ar nósanna imeachta bunaithe chun cásanna neamhchomhlíonta a shainaithint is féidir iniúchtaí ar chóras bainistíochta, cláir faireacháin fhoirmiúla, nó sásraí casaoide a áireamh. |
||||||
|
Astaíochtaí GCT indíreacha (Scóip 2) |
Tarlaíonn astaíochtaí indíreacha mar iarmhairt ar oibríochtaí an ghnóthais ach tarlaíonn siad ag foinsí atá faoi úinéireacht cuideachta eile nó á rialú ag cuideachta eile. Is astaíochtaí indíreacha iad astaíochtaí GCT Raon feidhme 2 ó leictreachas, gal, teas, nó fuarú ceannaithe nó faighte a ghiniúint, arna n-ídiú ag an ngnóthas. |
||||||
|
Tionchar |
Tagraítear le tionchair don éifeacht atá ag eagraíocht nó a d’fhéadfadh a bheith aici ar an ngeilleagar, comhshaol, agus daoine, lena n-áirítear éifeachtaí ar a gcearta daonna, de thoradh ghníomhaíochtaí nó ghaolmhaireachtaí gnó an ghnóthais. D’fhéadfadh na tionchair a bheith iarbhír nó féideartha, diúltach nó dearfach, gearrthéarmach nó fadtéarmach, beartaithe nó neamhbheartaithe, agus in-aisiompaithe nó do-aisiompaithe. Léirítear leis na tionchair rannchuidiú, diúltach nó dearfach, an ghnóthais leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tá gaolmhaireacht ann idir na tionchair ar an ngeilleagar, ar an gcomhshaol, agus ar dhaoine. Tagraítear le tionchair na heagraíochta ar an gcomhshaol do na tionchair ar orgánaigh bheo agus ar eilimintí neamhbheo, lena n-áirítear aer, talamh, uisce, agus éiceachórais. Is féidir le heagraíocht dul i bhfeidhm ar an gcomhshaol, mar shampla trína húsáid fuinnimh, talún, uisce, agus acmhainní nádúrtha eile. Tagraítear le tionchair na heagraíochta do na tionchair ar dhaoine aonair agus grúpaí, amhail pobail, grúpaí leochaileacha, nó an tsochaí. Áirítear leis sin na tionchair a bhíonn ag an eagraíocht ar chearta an duine. Is féidir le heagraíocht dul i bhfeidhm ar dhaoine, mar shampla trína cleachtais fostaíochta (e.g. an pá a íocann sí le fostaithe), trína slabhra soláthair (e.g. dálaí oibre oibrithe na soláthróirí), agus trína táirgí agus seirbhísí (e.g. a sábháilteacht nó inrochtaineacht). |
||||||
|
(Athrú ar) úsáid talún |
An úsáid a bhaineann an duine as limistéar sonrach chun críche áirithe (amhail úsáid chónaitheach; talmhaíocht; áineas; úsáid thionsclaíoch, etc). Faoi thionchar cumhdach talún (féar, asfalt, crainn, talamh lom, uisce. etc.). Tagraítear le hathrú talamhúsáide d’athrú ar úsáid nó bainistíocht talún ag an duine, a bhféadfadh athrú ar chumhdach talún a bheith ann dá thoradh. |
||||||
|
Astaíochtaí suíomhbhunaithe Raon feidhme 2 |
Astaíochtaí ó leictreachas, teas, gal, agus fuarú á gceannach nó á bhfáil agus á n-ídiú ag an gcuideachta tuairiscithe, arna ríomh leis na modh ‘leithdháilte’ suíomh-bhunaithe, lena leithdháiltear astaíochtaí gineadóirí ar úsáideoirí deiridh. Léirítear iontu meándlús astaíochtaí na n-eangaí ar a dtarlaíonn an t-ídiú fuinnimh agus úsáidtear sonraí fachtóirí astaíochta atá mar mheán ar fud na heangaí den chuid is mó iontu. Baineann gnáthfhoinsí astaíochtaí Raon feidhme 2 le haon trealamh lena n-ídítear leictreachas (innill leictreacha, soilse, foirgnimh, etc.), teas (téamh i bpróisis thionsclaíocha, foirgnimh, etc.), gal (próisis thionsclaíocha) agus fuarú (próisis thionsclaíocha, foirgnimh, etc.). |
||||||
|
Limistéir atá dírithe ar an dúlra |
Is limistéar é ‘limistéar atá dírithe ar an dúlra’ atá tugtha den chuid is mó do chaomhnú nó athchóiriú an dúlra. Féadann siad a bheith suite ar an láthair agus eilimintí á n-áireamh leo amhail díon, aghaidh, sruthchórais uisce atá deartha chun bithéagsúlacht a chur chun cinn. Féadfar limistéir atá dírithe ar an dúlra a shuíomh ar shiúl ó láithreán na heagraíochta freisin más leis an eagraíocht iad agus má tá siad á mbainistiú/gcomhbhainistiú ag an eagraíocht agus má fhónann siad go príomha chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn. |
||||||
|
Gar (Limistéar atá Íogair ó thaobh na Bithéagsúlachta de) |
Le Gar, i gcomhthéacs B5 – Bithéagsúlacht, tagrófar do limistéar a fhorluíonn (go páirteach) nó atá in aice le limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de. |
||||||
|
Lucht saothair dílis/oibrithe dílse |
Fostaithe atá i ngaolmhaireacht fostaíochta leis an ngnóthas (‘fostaithe’) chomh maith le neamhfhostaithe ar conraitheoirí aonair iad a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine arna soláthar ag gnóthais a bhíonn ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE O78). |
||||||
|
Pá |
An gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon luach saothair eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach (‘comhpháirteanna comhlántacha agus athraitheacha’), óna f(h)ostóir as ucht a f(h)ostaíochta. Ciallaíonn ‘leibhéal pá’ pá bliantúil comhlán agus an pá comhlán comhfhreagrach in aghaidh na huaire. Ciallaíonn ‘leibhéal airmheánach pá’ pá an fhostaí a dtuillfeadh leath na bhfostaithe níos mó de agus leath na bhfostaithe níos lú de. |
||||||
|
Beartas |
Tacar nó creat cuspóirí ginearálta agus prionsabal bainistíochta a úsáideann an gnóthas i gcomhair cinnteoireachta. Cuirtear straitéis nó cinntí bainistíochta an ghnóthais chun feidhme le beartas, ar cinntí iad a bhaineann le saincheist inbhuanaitheachta ábhartha. Tá gach beartas faoi chúram duine (daoine) sainithe, sonraítear ann a pheiriméadar feidhme, agus áirítear leis cuspóir amháin nó níos mó (nasctha nuair is infheidhme maidir le spriocanna intomhaiste). Cuirtear beartas chun feidhme trí ghníomhaíochtaí nó pleananna gníomhaíochta. Mar shampla, is féidir nach bhfuil ach beagán beartas (nó beartais ar bith) ag na gnóthais a bhfuil níos lú acmhainní acu, atá ceaptha ar bhonn foirmiúil i ndoiciméid scríofa, ach ní hionann é sin agus a rá nach bhfuil beartais ar bith acu. I gcás nach bhfuil beartas curtha ar bun ar bhonn foirmiúil ag an ngnóthas go fóill, ach ina bhfuil gníomhartha curtha chun feidhme nó spriocanna sainithe aige trína bhféachann an gnóthas le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta, nochtfaidh sé iad. |
||||||
|
Dramhaíl radaighníomhach |
Aon ábhar radaighníomhach i bhfoirm ghásach, leachtach nó sholadach, nach bhfuil aon úsáid bhreise beartaithe dóibh, de réir Airteagal 3(7) de Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (1). |
||||||
|
Timpiste intaifeadta a bhaineann leis an obair / Gortú nó drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair |
Is éard is timpiste a bhaineann leis an obair ann teagmhas as a dtagann díobháil fhisiceach nó mheabhrach, a mbíonn gortú nó drochshláinte mar thoradh air sa deireadh. Tarlaíonn sé le linn gníomhaíochtaí ceirde nó le linn an ama a chaitear i mbun oibre. Ciallaíonn intaifeadta go bhfuil sé diagnóisithe ag liachleachtóir nó ag gairmithe cúraim sláinte ceadúnaithe eile. Gortú nó drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair as a leanann aon cheann de na nithe seo a leanas: bás, laethanta as láthair ón obair, obair shrianta nó aistriú chuig post eile, cóir leighis seachas garchabhair, nó cailliúint comhfheasa. Is iondúil nach intaifeadta iad na gortuithe nach gá cóir leighis a thabhairt dóibh seachas an gharchabhair féin. |
||||||
|
Athchúrsáil |
Aon oibríocht aisghabhála ina ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí, chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Áirítear air sin ábhair orgánacha a athphróiseáil ach ní áirítear air aisghabháil fuinnimh ná ábhar a athphróiseáil ina n-ábhair atá le húsáid mar bhreosla nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta. |
||||||
|
Fuinneamh In-athnuaite |
Fuinnimh as foinsí neamhiontaise in-athnuaite, is é sin fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh tonnta agus fuinneamh aigéin eile, hidreachumhacht, bithmhais, gás láithreáin líonta, gás ó ghléasra cóireála séarachais, agus bithghás (2). |
||||||
|
Limistéar séalaithe |
Ciallaíonn ‘limistéar séalaithe’ aon limistéar ina bhfuil an ithir bhunaidh cumhdaithe (le bóithre mar shampla), sa chaoi nach bhfuil an ithir neamhscagach a thuilleadh. D’fhéadfadh an easpa tréscaoilteachta sin tionchair chomhshaoil a chruthú. |
||||||
|
Faisnéis íogair |
Faisnéis íogair mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta. Ciallaíonn ‘faisnéis íogair’ faisnéis agus sonraí, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, atá le cosaint ar rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe mar gheall ar oibleagáidí arna leagan síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta nó atá le cosaint ar mhaithe le príobháideachas nó slándáil duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chosaint. |
||||||
|
Suíomh |
Suíomh ina bhfuil suiteáil fhisiceach amháin nó níos mó. Má tá níos mó ná suiteáil fhisiceach amháin ann ó na húinéirí nó ó na hoibreoirí céanna nó éagsúla agus má roinntear bonneagar agus saoráidí áirithe, féadfaidh an limistéar iomlán ina bhfuil an tsuiteáil fhisiciúil suite a bheith ina láithreán. |
||||||
|
Spriocanna |
Spriocanna atá intomhaiste, dírithe ar thorthaí agus faoi cheangal ama a bhféachann an FBM lena mbaint amach i ndáil le saincheisteanna inbhuanaitheachta. Féadfaidh an FBM iad a shocrú go deonach nó féadfar iad a dhíorthú ó cheanglais dlí atá ar an ngnóthas. |
||||||
|
Tréimhsí ama |
Le linn dó a thuarascáil inbhuanaitheachta a ullmhú, glacfaidh an gnóthas na hamlínte seo a leanas:
|
||||||
|
Oiliúint |
Tionscnaimh a chuireann an gnóthas i bhfeidhm a fhéachann le scileanna agus eolas a oibrithe dílse a choinneáil ar bun agus/nó a fheabhsú. Is féidir modheolaíochtaí éagsúla a áireamh inti, amhail oiliúint ar an láthair, agus oiliúint ar líne. |
||||||
|
Slabhra Luacha |
An raon iomlán gníomhaíochtaí, acmhainní agus gaolmhaireachtaí a bhaineann le samhail ghnó an ghnóthais agus an timpeallacht sheachtrach ina bhfeidhmíonn sé. Cuimsítear le slabhra luacha na gníomhaíochtaí, acmhainní agus gaolmhaireachtaí a úsáideann an gnóthas agus a mbíonn sé ag brath orthu chun a tháirgí nó as sheirbhísí a chruthú idir thionscnamh go seachadadh, ídiú agus deireadh ré. Áirítear le gníomhaíochtaí, acmhainní agus gaolmhaireachtaí ábhartha: a) iad siúd in oibríochtaí dílse an ghnóthais, amhail acmhainní daonna; b) iad siúd feadh a bhealaí soláthair, margaíochta agus dáilte, amhail ábhair agus foinsiú seirbhíse agus díol agus seachadadh táirgí agus seirbhísí; agus c) na timpeallachtaí maoiniúcháin, geografacha, geopholaitiúla agus rialála ina n-oibríonn an gnóthas. Áirítear le slabhra luacha gníomhaithe atá réamhtheachtach agus iartheachtach ón ngnóthas. Gníomhaithe atá réamhtheachtach ón ngnóthas (e.g. soláthróirí), soláthraíonn siad táirgí nó seirbhísí a úsáidtear chun táirgí nó seirbhísí an ghnóthais a fhorbairt. Faigheann eintitis atá iartheachtach ón ngnóthas (e.g. dáileoirí, custaiméirí) táirgí nó seirbhísí ón ngnóthas. |
||||||
|
Pá |
Pá comhiomlán, gan comhpháirteanna athraitheacha amhail pá ragoibre agus dreasachta a áireamh, agus gan liúntais a áireamh ach amháin má tá siad ráthaithe. |
||||||
|
Tomhaltas uisce |
An méid uisce a tharraingítear isteach faoi theorainneacha an ghnóthais (nó na saoráide) agus nach sceitear ar ais sa timpeallacht uisce nó chuig tríú páirtí le himeacht na tréimhse tuairiscithe. |
||||||
|
Asbhaint uisce |
Suim an uisce uile a tharraingítear isteach faoi theorainneacha an ghnóthais as gach foinse le haghaidh aon úsáid le himeacht na tréimhse tuairiscithe. |
||||||
|
Oibrí sa slabhra luacha |
Duine aonair a fheidhmíonn obair i slabhra luacha gnóthais, gan beann ar ghaolmhaireacht chonarthach a bheith ann leis an ngnóthas nó cineál na gaolmhaireachta sin. In ESRS, raon feidhme na n-oibrithe sa slabhra luacha áirítear na hoibrithe uile i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais a bhfuil tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu nó a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu. Áirítear orthu sin tionchair atá nasctha le hoibríochtaí dílse an ghnóthais, agus leis an slabhra luacha, lena n-áirítear trína chuid táirgí nó seirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó. Áirítear orthu sin na hoibrithe uile nach dtagann faoi raon feidhme ‘Lucht Saothair Dílis’ (áirítear le ‘Lucht saothair dílis’ daoine atá i ngaolmhaireacht fostaíochta leis an ngnóthas (‘fostaithe’) chomh maith le neamhfhostaithe ar conraitheoirí aonair iad a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine arna soláthar ag gnóthais a bhíonn ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí fostaíochta). (Cód NACE O78). |
(1) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistíocht fhreagrach agus shábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí.
(2) Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
Foscríbhinn B:
Liosta de shaincheisteanna inbhuanaitheachta féideartha
Is dlúthchuid den Chaighdeán í an fhoscríbhinn thíos agus soláthraítear léi liosta de shaincheisteanna inbhuanaitheachta féideartha.
|
Topaic |
Saincheist inbhuanaitheachta: Fothopaic |
Saincheist inbhuanaitheachta: fo-fho-ábhar |
||||||||||||||||||
|
Athrú aeráide |
|
|
||||||||||||||||||
|
Truailliú |
|
|
||||||||||||||||||
|
Uisce agus acmhainní muirí |
|
|
||||||||||||||||||
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais |
|
|
||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
Geilleagar Ciorclach |
|
|
||||||||||||||||||
|
Lucht saothair dílis |
|
|
||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
Oibrithe sa slabhra luacha |
|
|
||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
Pobail dá ndéantar difear |
|
|
||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh |
|
|
||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||
|
Iompar gnó |
|
|
||||||||||||||||||
|
|
Foscríbhinn C:
Faisnéis chúlra le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar úsáideoirí na faisnéise a léirítear leis an gCaighdeán seo iad (réiteach le rialacháin eile an Aontais Eorpaigh)
66.
Tá an fhoscríbhinn ábhartha d’úsáideoirí na tuarascála inbhuanaitheachta. Léirítear sa tábla thíos Pointí Sonraí Airgeadais Inbhuanaithe atá i láthair i modúil dhifriúla den Chaighdeán seo lena gcomhlíontar iarrataí ó chineálacha iolracha úsáideoirí (bainc, infheisteoirí, gnóthais mhóra).
67.
Sa cholún ‘Uimhir agus Teideal DR’ na nochtaí atá i láthair sna modúil dhifriúla (i.e. Bunmhodúl, agus Modúl Cuimsitheach) ar pointí sonraí Airgeadais Inbhuanaithe iad. Sa cholún Tábla 1 RNAI agus/nó Colún 3 ÚBE agus/nó an Rialachán maidir le Tagarmharcanna, léirítear an chaoi a mbaineann na nochtaí sin leis na rialacháin sin atá ábhartha d’úsáideoirí na tuarascála inbhuanaitheachta (bainc, infheisteoirí eile).|
Topaic: Comhshaol / Sóisialta / Rialachas |
Uimhir agus Teideal DR |
Tábla 1 RNAI agus/nó Colún 3 ÚBE agus/nó Rialachán maidir le Tagarmharcanna |
|||||||||||||||||||
|
Bunmhodúl |
|||||||||||||||||||||
|
Faisnéis ghinearálta |
B1 – An Bunús leis an ullmhú Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
Colún 3 ÚBE (1) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa Nochtfaidh an gnóthas a ídiú fuinnimh iomlán in MWh, le miondealú de réir an tábla thíos, más féidir leis an fhaisnéis riachtanach a fháil chun miondealú den sórt sin a chur ar fáil: |
RNAI (2) |
|||||||||||||||||||
|
|
In-athnuaite |
Neamh-inathnuaite |
Iomlán |
||||||||||||||||||
|
Leictreachas (mar a léirítear i mbillí fóntais) |
|
|
|
||||||||||||||||||
|
Breoslaí |
|
|
|
||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa Nochtfaidh an gnóthas a astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) measta i dtonaí coibhéiseacha CO2 (tCO2eq) i bhfianaise inneachar Chaighdeán Corparáideach Phrótacal GCT (leagan 2004), lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
RNAI (3) Tagarmharc (4) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa Nochtfaidh an gnóthas a dhéine GCT arna ríomh trí ‘astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa (GCT)’ a nochtar faoi mhír 30 ar ‘láimhdeachas (in aonaid airgeadaíochta)’ a nochtar faoi mhír 24(e)(iv). |
RNAI (5) Tagarmharc (6) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
B4 – Truailliú an aeir, an uisce agus na hithreach Má cheanglaítear ar an ngnóthas de réir an dlí nó rialacháin náisiúnta eile a chuid astaíochtaí truailleán a thuairisciú d’údaráis inniúla, nó má thuairiscítear go deonach iad de réir Córas Bainistíochta Comhshaoil, nochtfaidh sé na truailleáin a astaíonn sé san aer, san uisce agus san ithir mar chuid dá oibríochtaí féin, leis an méid faoi seach do gach truailleán. Má tá an fhaisnéis ar fáil go poiblí cheana féin, mar mhalairt rogha féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don doiciméad ina dtuairiscítear é, mar shampla, tríd an nasc ábhartha URL a chur ar fáil nó trí hipearnasc a leabú. |
RNAI (7) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
B5 – Bithéagsúlacht Nochtfaidh an gnóthas líon agus achar (i heicteáir) na láithreán atá faoina úinéireacht, atá ar léas aige, nó a bhainistíonn sé taobh istigh de limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar don limistéar sin. |
RNAI (8) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
B7 – Úsáid acmhainní, geilleagar ciorclach agus bainistiú dramhaíola Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
RNAI (9) |
|||||||||||||||||||
|
Sóisialta |
B9 – Lucht saothair – Sláinte agus sábháilteacht Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir lena chuid fostaithe :
|
RNAI (10) Tagarmharc (11) |
|||||||||||||||||||
|
Sóisialta |
B10 – Lucht saothair – Luach saothair, cómhargáil agus oiliúint Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
RNAI (12) |
|||||||||||||||||||
|
Rialachas |
B11 – Ciontuithe agus fíneálacha mar gheall ar éilliú agus breabaireacht I gcás ciontuithe agus fíneálacha sa tréimhse tuairiscithe, nochtfaidh an gnóthas an líon ciontuithe, agus an méid iomlán fíneálacha arna dtabhú as dlíthe frith-éillithe agus frith-bhreabaireachta a shárú. |
Tagarmharc (13) |
|||||||||||||||||||
|
Modúl Cuimsitheach |
|||||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
Ábhar machnaimh agus tuairisciú á dhéanamh ar astaíochtaí GCT faoi B3 (Bunmhodúl) Agus a chuid astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2 á dtuairisciú ag an ngnóthas, má nochtann sé faisnéis atá sonrach don eintiteas faoina chuid astaíochtaí Raon feidhme 3, cuirfidh sé i láthair í in éineacht leis an bhfaisnéis is gá faoi B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
RNAI (14) Tagarmharc (15) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
C3 – Sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT Má tá spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT bunaithe ag an ngnóthas, nochtfaidh sé a spriocanna i bhfoirm dearbhluachanna le haghaidh astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2. I gcomhréir le míreanna 50 go 53 thuas, agus má tá spriocanna laghdaithe Raon feidhme 3 socraithe aige, cuirfidh an gnóthas spriocanna ar fáil freisin le haghaidh astaíochtaí suntasacha Raon feidhme 3. Go háirithe, cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:
Más rud é go bhfuil plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide glactha ag an ngnóthas a oibríonn in earnálacha ag a tionchar mór ar an aeráid (16), féadfaidh sé faisnéis a chur ar fáil ina leith, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ag rannchuidiú chun a chuid astaíochtaí GCT a laghdú. I gcás ina n-oibríonn an gnóthas in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid agus nach bhfuil plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide i bhfeidhm aige, tabharfaidh sé le fios an bhfuil sé i gceist aige plean aistrithe den sórt sin a ghlacadh, agus má tá, an uair a ghlacfaidh sé plean den sórt sin. |
RNAI (17) Tagarmharc (18) Colún 3 ÚBE (19) Tagarmharc (20) |
|||||||||||||||||||
|
Comhshaol |
C4 – Rioscaí aeráide Má tá guaiseacha a bhaineann leis an aeráid agus teagmhais aistrithe a bhaineann leis an aeráid sainaitheanta ag an ngnóthas, rud a chruthóidh rioscaí comhlána atá bainteach leis an aeráid don ghnóthas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
Féadfaidh an gnóthas tionchair dhiúltacha fhéideartha na rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá fheidhmíocht airgeadais nó dá oibríochtaí gnó sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a nochtadh, agus a thabhairt le fios an measann sé na rioscaí a bheith ina rioscaí arda, meánacha nó ísle. |
Tagarmharc (21) Colún 3 ÚBE (22) |
|||||||||||||||||||
|
Sóisialta |
C6 – Faisnéis bhreise maidir lena lucht saothair féin - Beartais agus próisis um chearta an duine Nochtfaidh an gnóthas freagra ar na ceisteanna seo a leanas.
An bhfuil sásra láimhseála gearán ag an ngnóthas dá lucht saothair féin? (TÁ/ NÍL) |
Tagarmharc (23) RNAI (24) |
|||||||||||||||||||
|
Sóisialta |
C7 – Teagmhais ghéara do chearta an duine Nochtfaidh an gnóthas freagra ar na ceisteanna seo a leanas:
An feasach don ghnóthas faoi aon teagmhas deimhnithe a bhain le hoibrithe sa slabhra luacha, pobail dá ndéantar difear, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh? Má tá, sonraigh é. |
RNAI (25) Tagarmharc (26) |
|||||||||||||||||||
|
Rialachas |
C8 – Ioncaim ó earnálacha áirithe agus eisiamh ó thagarmharcanna tagartha an Aontais Eorpaigh Má bhíonn an gnóthas gníomhach i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha seo a leanas, nochtfaidh sé a ioncaim ghaolmhara san earnáil (sna hearnálacha):
|
RNAI (27) Tagarmharc (28) |
|||||||||||||||||||
|
|
|
Colún 3 ÚBE (29) Tagarmharc (30) |
|||||||||||||||||||
|
RNAI (31) Colún 3 ÚBE (32) Tagarmharc (33) |
||||||||||||||||||||
|
RNAI (34) Colún 3 ÚBE (35) |
||||||||||||||||||||
|
Nochtfaidh an gnóthas an bhfuil sé eisiata ó aon tagarmharc tagartha de chuid an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras mar a thuairiscítear i mír 177 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo. |
Colún 3 ÚBE (36) Tagarmharc (37) |
||||||||||||||||||||
|
Rialachas |
C9 – Cóimheas éagsúlachta inscne sa chomhlacht rialachais Má tá comhlacht rialachais i bhfeidhm ag an ngnóthas, nochtfaidh an gnóthas an cóimheas gaolmhar éagsúlachta inscní. |
||||||||||||||||||||
(1) Tá an ceanglas seo maidir le nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta - Riosca fisiceach a bhaineann leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.
(2) Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI), táscaire éigeantach #5 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I (‘Sciar an ídithe agus an táirgthe fuinnimh neamh-inathnuaite’).
(3) Rialachán (AE) 2019/2088 (SFDR), táscairí éigeantacha #1 agus #2 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I (‘astaíochtaí GCT’; Lorg carbóin’)
(4) Rialachán (AE) 2020/1816 Rialachán Tagarmharcanna, Airteagail 5 (1), 6 agus 8 (1).
(5) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #3 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún maidir le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Déine GCT institiúidí infheistiúcháin’).
(6) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Tagarmharcanna Aeráide), Airteagal 8 (1).
(7) Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI) toisc go n-eascraíonn sé as (a) táscaire breise atá bainteach le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #2 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún maidir le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Astaíochtaí truailleán aeir’); (b) táscaire #8 i dTábla I d’Iarscríbhinn I (‘Astaíochtaí chun uisce’); (c) táscaire #1 i dTábla II d’Iarscríbhinn I (‘Astaíochtaí truailleán neamhorgánach’); agus (d) táscaire #3 i dTábla II d’Iarscríbhinn I (‘Astaíochtaí substaintí ídithe ózóin’).
(8) Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI), táscaire éigeantach #7 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I (‘Gníomhaíochtaí a dhéanann difear diúltach do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de’)
(9) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas idir dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach’).
(10) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088, mar léiriú ar tháscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #2 i dTábla 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An ráta timpistí’)
(11) Nochtfaidh riarthóirí tagarmharcanna tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais atá faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach leis an táscaire ‘Meán-chóimheas ualaithe idir timpistí, gortuithe agus básanna’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn 2.
(12) Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI), táscaire éigeantach #12 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn 1 (‘Bearna neamhchoigeartaithe phá idir na hinscní’) agus Rialachán (AE) 2020/1816 maidir le Tagarmharcanna, ‘Meán ualaithe na bearna pá idir na hinscní’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(13) Rialachán (AE) 2020/1816 maidir le Tagarmharcanna, an táscaire ‘Líonta ciontuithe agus an méid fíneálacha mar gheall ar sháruithe dlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(14) Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI), táscairí éigeantacha #1 agus #2 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I (‘astaíochtaí GCT’; Lorg carbóin’)
(15) Rialachán (AE) 2020/1816, an Rialachán maidir le Tagarmharcanna, Airteagail 5 (1), 6 agus 8 (1).
(16) Na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus Roinn M de NACE mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137, sin iad na hearnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid.
(17) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI) toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún maidir le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil tionscnaimh laghdaithe astaíochtaí carbóin acu’)
(18) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Tagarmharcanna Aeráide), Airteagal 6.
(19) Tá an fhaisnéis seo ailínithe le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún, Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta - Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: méadracht ailínithe
(20) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Dlí Aeráide an Aontais), Airteagal 2(1); agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Tagarmharcanna Aeráide), Airteagal 2.
(21) Rialachán (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún maidir le Tagarmharcanna, Iarscríbhinn II: Tosca comhshaoil atá le breithniú ag bunsócmhainní an tagarmhairc.
(22) Colún 3 ÚBE: ITS - Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta - Riosca fisiceach a bhaineann leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach agus Colún 3 ÚBE: ITS - Teimpléad 2: Leabhar baincéireachta - Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe - Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta.
(23) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach leis an táscaire ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc do chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu a dtugtar aghaidh orthu le Coinbhinsiúin bhunúsacha 1 go 8 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(24) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I (‘Sciar d’infheistíochtaí in institiúidí infheistiúcháin nach bhfuil beartais acu le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail UNGC nó le Treoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta nó sásraí láimhseála casaoidí/gearán chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe de phrionsabail UNGC nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta’) agus le táscaire #5 i dTábla III d’Iarscríbhinn I (‘Sciar na n-infheistíochtaí in institiúidí infheistiúcháin nach bhfuil aon sásra láimhseála casaoide/gearán atá bainteach le cúrsaí fostaithe’) agus le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I (‘Sciar na n-infheistíochtaí in eintitis nach bhfuil beartas chearta an duine acu’) a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún maidir le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe.
(25) Tacaíonn an fhaisnéis seo le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I, agus le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún maidir le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Sáruithe ar phrionsabail UNGC agus treoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta’ agus ‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’)
(26) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na riarthóirí tagarmharcanna chun fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach leis an táscaire ‘Líon comhpháirteanna an tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhlíon agus líon coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmhairc), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, prionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, an dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(27) Tacaíonn an fhaisnéis seo le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar léiriú ar tháscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar armáin chonspóideacha, mianaigh frithphearsanra, cnuas-mhuinisin, armáin cheimiceacha agus armáin bhitheolaíocha’ faoi seach)’).
(28) Rialachán (AE) 2020/1818 maidir le Tagarmharcanna, Airteagal 12(1): ‘Eisiafaidh riarthóirí Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Páras gach ceann de na cuideachtaí seo a leanas ó na tagarmharcanna sin: cuideachtaí atá bainteach in aon ghníomhaíocht atá bainteach le hairm chonspóideacha; ‘agus Rialachán (AE) 2020/1816 maidir le Tagarmharcanna, Iarscríbhinn II: Meánchéatadán ualaithe na gcomhpháirteanna tagarmhairc in earnáil na n-arm conspóideach.’
(29) Colún 3 ÚBE: Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta - Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Cuideachtaí a mhonaraíonn táirgí tobac a eisiatar ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le pointí (d) go (g) d’Airteagal 12.1 agus i gcomhréir le hAirteagal 12.2 den Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide.
(30) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1818 mar a leagtar amach le mír b) d’airteagal 12.1. agus Rialachán (AE) 2020/1816 maidir le Tagarmharcanna, Iarscríbhinn II: ‘Meánchéatadán ualaithe na gcomhpháirteanna tagarmharcanna san earnáil tobac.’
(31) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sé ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar chuideachtaí atá gníomhach in earnáil na mbreoslaí iontaise’).
(32) Colún 3 ÚBE: Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta - Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Cuideachtaí mianadóireachta agus cairéalachta a eisiatar ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le pointí (d) go (g) d’Airteagal 12.1 agus i gcomhréir le hAirteagal 12.2 den Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide.
(33) Rialachán (AE) 2020/1818 maidir le Tagarmharcanna, Airteagal 12(1).
(34) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sé ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí a tháirgeann ceimiceáin’).
(35) Colún 3 ÚBE: Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta - Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Cuideachtaí mianadóireachta agus cairéalachta a eisiatar ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le pointí (d) go (g) d’Airteagal 12.1 agus i gcomhréir le hAirteagal 12.2 den Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide.
(36) Tá an ceanglas seo maidir le nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - teimpléad 1 riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide.
(37) Tá an ceanglas seo maidir le nochtadh ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Tagarmharcanna Aeráide), Airteagal 12.1.
(38) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sé ó tháscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Éagsúlacht inscne an Bhoird’).
(39) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh faoi réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar a leagtar amach leis an táscaire ‘Meán-chóimheas ualaithe idir comhaltaí boird baineanna agus fireanna’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
IARSCRÍBHINN II
treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide atá le fáil in Iarscríbhinn I den Mholadh seo
Leis an Iarscríbhinn seo, soláthraítear treoir phraiticiúil maidir le cur i bhfeidhm an chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide (TD-FBM) a leagtar síos in Iarscríbhinn I den Mholadh seo.
Tugtar treoraíocht phraiticiúil san Iarscríbhinn seo lena soiléirítear cur i bhfeidhm ceanglas áirithe maidir le nochtadh inbhuanaitheachta atá le fáil sa chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta dheonaigh le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Féadfaidh gnóthais agus páirtithe leasmhara eile an treoraíocht cur chun feidhme maidir leis an gCaighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta arna fhoilsiú ag EFRAG a cheadú.
Tríd an treoraíochta atá le fáil san Iarscríbhinn seo a sholáthar, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide a éascú ar bhealach costéifeachtach, agus inúsáidteacht agus inchomparáideacht na faisnéise inbhuanaitheachta arna tuairisciú a áirithiú. Trí shoiléireacht agus cinnteacht níos mó a chur ar fáil, rannchuideoidh an treoraíocht seo le cuspóir an Choimisiúin na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a shimpliú agus ualaí riaracháin ar ghnóthais atá bainteach le tuairisciú inbhuanaitheachta a laghdú.
An treoraíocht san Iarscríbhinn seo, ní dhéanann sí na forálacha a leagtar síos sa Mholadh ón gCoimisiún a leathnú ná ní chuireann sí leo ar bhealach ar bith ná sa caighdeán deonach um thuairisciú inbhuanaitheachta le haghaidh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide in Iarscríbhinn I den Mholadh sin. Níl sé d’aidhm ag an Iarscríbhinn seo ach cúnamh a thabhairt do ghnóthais le cur chun feidhme praiticiúil na gceanglas ábhartha maidir le nochtadh.
Bunmhodúl: Treoraíocht
|
1. |
Tá an treoraíocht atá le fáil sna ranna thíos ceaptha chun cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh inbhuanaitheachta atá le fáil i míreanna 21 go 43 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide a éascú. |
|
2. |
Tá an treoraíocht thíos beartaithe mar chuid d’éiceachóras lena bhféadfaí forbairt treoracha tacaíochta breise ag EFRAG a áireamh freisin, uirlisí digiteacha breise agus tacaíocht cur chun feidhme (gníomhaíochtaí oideachasúla, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara) arb éard is aidhm dó tuiscint ar roinnt de na gnéithe teicniúla sa treoraíocht a éascú. |
|
3. |
Tacaíonn an treoraíocht seo le gnóthais nach mian leo an Bunmhodúl a chur i bhfeidhm. |
1.1. Treoraíocht don Bhunmhodúl – Faisnéis ghinearálta
B1 – An Bunús leis an Ullmhú
|
4. |
Le linn dó tuairisciú ar fhoirm dhlíthiúil an ghnóthais i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta faoi mhír 24(e)(i), féadfaidh an gnóthas roghnú as ceann amháin de na struchtúir ghnóthais seo a leanas:
|
|
5. |
Le linn dó tuairisciú ar chó(i)d NACE an ghnóthais faoi mhír 24(e)(ii), is aicmiúcháin iad cóid NACE (Nomenclature statistique des activités économiques dans l’Union européenne [Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha san Aontas Eorpach]) ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a úsáidtear san Aontas Eorpach. Cuirtear creat caighdeánaithe ar fáil leo chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú ina n-earnálacha, rud a chumasaíonn inchomparáideacht agus comhthuiscint i measc thíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh. |
|
6. |
Tá an cód NACE comhdhéanta de líon digití idir 2 go 5 ag brath ar an leibhéal sainiúlachta lena sainaithnítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch. Is féidir teacht ar an liosta de chóid NACE sa doiciméad seo a leanas: Rialachán (AE) 2023/137.
|
|
7. |
Agus líon na bhfostaithe á thuairisciú faoi mhír 24(e)(v), is éard is coibhéis lánaimseartha (FTE) ann líon na bpost lánaimseartha i ngnóthas. Is féidir í a ríomh trí uaireanta sceidealaithe d’fhostaí a roinnt (líon iomlán uaireanta oibre an chloig sa tseachtain) ar líon uaireanta an fhostóra le haghaidh seachtain oibre lánaimseartha (líon iomlán uaireanta an chloig arna ndéanamh ag fostaithe lánaimseartha). Mar shampla, fostaí a oibríonn 25 uair an chloig gach seachtain le haghaidh cuideachta inarb ionann an tseachtain lánaimseartha agus 40 uair an chloig, is ionann sin agus 0.625 FTE (i.e. 25/40 uair an chloig). |
|
8. |
Is ionann an líon foirne agus líon na ndaoine a fhostaíonn gnóthas arna thuairisciú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe nó mar mheán ar fud na tréimhse tuairiscithe. |
|
9. |
Agus tuairisciú á dhéanamh ag an ngnóthas ar thír na bpríomhoibríochtaí agus ar shuíomh na sócmhainní suntasacha faoi mhíreanna 24(e)(vi) agus (vii), nochtfaidh sé an fhaisnéis sin le haghaidh gach ceann dá
láithreáin
agus úsáid á baint as an tábla thíos:
|
|
10. |
Tá coinne leis go mbeidh geoshuíomh gnóthais ina phointe luachmhar sonraí do pháirtithe leasmhara chun rioscaí agus deiseanna atá bainteach leis an FBM a mheasúnú, go háirithe i ndáil le saincheisteanna inbhuanaitheachta an oiriúnaithe don athrú aeráide , an uisce, na n-éiceachóras agus na bithéagsúlachta. |
|
11. |
Cuirfear an geoshuíomh ar fáil i bpointí spásúla le haghaidh aonaid aonair nó pointí polagáin lena sainmhínítear teorainneacha an tsuímh níos mó nach bhfuil cuma aonaid air, amhail feirm, mianach nó saoráid. Féadfaidh an gnóthas braisle pointí a chur ar fáil freisin chun ceadú do shainaithint éasca an limistéir lena mbaineann. Cuirfear na pointí spásúla ar fáil mar chomhordanáidí, ag a bhfuil cúig ionad dheachúlacha (e.g. 0 ° 00′ 0.036″). |
|
12. |
Agus geoshuíomh láithreán atá faoina úinéireacht, atá ar léas aige, nó a bhainistíonn sé á nochtadh ag an ngnóthas, áireoidh sé comhordanáidí na láithreán sa tábla a thaispeántar i mír 73. Féadfaidh an gnóthas úsáid a bhaint as uirlisí mapála gréasáin le comhordanáidí láithreán atá faoina úinéireacht, ar léas dó, nó faoina bhainistíocht a shainaithint. Féadfaidh an gnóthas úsáid a bhaint freisin as aon uirlis nó ardán iomchuí bogearraí le himlíne limistéir nó láithreán níos mó a bhunú a thuilleadh. |
|
13. |
I ndáil le mír 25, is féidir éicilipéid chláraithe ó scéim lipéadúcháin náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó de chuid an Aontais Eorpaigh, a áireamh le deimhniúchán i ndáil le hinbhuanaitheacht, a chomhfhreagraíonn le príomhghníomhaíocht FBM. Mar shampla, cumhdaítear le hÉicilipéad an Aontais Eorpaigh táirgí sonracha, amhail teicstílí agus coisbhearta, cumhdaigh (e.g. clúdaigh urláir adhmaid), táirgí glantacháin agus cúraim phearsanta, trealamh leictreonach, nó troscán. Féadfaidh an gnóthas Grúpaí Táirgí d’Éicilipéad an Aontais Eorpaigh agus an Chatalóg Táirgí a cheadú le tuilleadh faisnéise a fháil. |
B2 – Cleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe
|
14. |
Féadfaidh gnóthais úsáid a bhaint as an teimpléad seo a leanas chun tuairisciú ar phointí sonraí B2.
|
|
15. |
Más comharchumann é an gnóthas, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:
|
Treoraíocht don lucht saothair féin, d’oibrithe sa slabhra luacha, do phobail dá ndéantar difear agus do thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh
|
16. |
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta atá bainteach le cearta sóisialta agus cearta an duine, déan tagairt d’Fhoscríbhinn B chun liosta a fháil de shaincheisteanna inbhuanaitheachta féideartha. D’fhéadfadh an liosta sin cuidiú lena shainaithint cé acu atá na beartais, cleachtais nó tionscnaimh amach anseo dírithe ar aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha a théann i bhfeidhm ar chearta an duine nó atá siad teoranta do ghrúpaí sonracha páirtithe leasmhara dá ndéantar difear (mar shampla, oibrithe sa slabhra luacha réamhtheachtach). Mar chuid den nochtadh sin féadfaidh gnóthais nochtadh freisin cé acu atá nó nach bhfuil próiseas i bhfeidhm acu chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin atá bainteach le cearta an duine. |
1.2. Treoraíocht Bunmhodúil – Méadracht Chomhshaoil
B3 – Fuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa
Tionchair ar an aeráid: úsáid fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa
|
17. |
De réir mhíreanna 29 agus 30, tuairiscíonn an gnóthas ar a thionchair aeráide , agus faisnéis á cur ar fáil faoina úsáid fuinnimh agus faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa . Níl an treoraíocht seo maidir le nochtadh B3 ina pointe sonraí breise a ghabhann leis na nochtaí ar a dtugtar tuairisc i míreanna 29 (maidir le hídiú fuinnimh) agus 30 (maidir le hastaíochtaí GCT), ach ina ionad sin, athbhunaítear léi cuspóir uileghabhálach agus cuirtear comhthéacs ar fáil léi do Bhun-nochtadh B3. |
Tomhaltas fuinnimh
|
18. |
Is é an t-ídiú fuinnimh atá taobh thiar go mór de na
tionchair
i ndáil le haeráid. Dá bhrí sin, is rud ábhartha é an chainníocht a nochtadh anuas ar an gcineál – e.g. breoslaí iontaise amhail gual, ola agus gás le hais
fuinneamh in-athnuaite
– agus ar an meascán fuinnimh arna ídiú. Samplaí de nochtaí fuinnimh is ea an t-ídiú iomlán fuinnimh arna mhiondealú de réir breoslaí iontaise agus leictreachais. Féadfar miondealuithe eile a thuairisciú amhail an leictreachas ceannaithe nó féinghinte a ídiú ó fhoinsí in-athnuaite. Seo a leanas sampla den fhaisnéis arna hiarraidh i mír 29.
|
|
19. |
I gcás ina gceannaíonn an gnóthas breoslaí iontaise (e.g. gás nádúrtha, ola) nó breoslaí in-athnuaite (e.g. bithbhreoslaí, amhail bithdhíosal agus bitheatanól) chun leictreachas, teas nó fuarú a ghiniúint dá ídiú aige féin, ní foláir dó an comhaireamh dúbailte a sheachaint. Dá bhrí sin, ní choinníonn an gnóthas cuntas ar luach fuinnimh an bhreosla cheannaithe ach mar ídiú breosla, ach ní choinníonn sé cuntas ná ní dhéanann sé tuairisc ar an leictreachas agus tomhailt teasa arna táirgeadh ón mbreosla sin arís eile. I gcás na giniúna leictreachais ó fhuinneamh in-athnuaite amhail grianfhuinneamh nó fuinneamh gaoithe – agus i gcás nach gá aon bhreosla a úsáid – coinníonn an gnóthas cuntas ar an méid leictreachais arna ghiniúint agus arna ídiú mar ídiú leictreachais.
|
|
20. |
Ní fhritháireoidh an gnóthas a ídiú fuinnimh lena tháirgeadh fuinnimh fiú má dhíoltar an fuinneamh a ghintear ar an láthair le tríú páirtí agus má úsáideann an tríú páirtí é. Seachnóidh an gnóthas comhaireamh dúbailte an ídithe fuinnimh freisin, agus é ag nochtadh ídiú fuinnimh féinghinte. Má ghineann an gnóthas leictreachas ó fhoinse breosla neamh-inathnuaite nó inathnuaite agus má ídíonn sé an leictreachas ginte ansin, ní dhéanfar an t-ídiú fuinnimh a chomhaireamh ach uair amháin faoin ídiú breosla. Is féidir sciar an fhuinnimh in-athnuaite a ríomh bunaithe ar ráthaíochtaí tionscnaimh, deimhniúcháin fuinnimh in-athnuaite nó ídiú leictreachais mar a shloinntear sa bhille leictreachais. Féadfar tagairt a dhéanamh sa bhille leictreachais d’aonaid leictreachais, agus an céatadán leictreachais a shonrú ann arna chur ar fáil ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite, agus is féidir go mbeidh cuma na fíorach thíos air. |
|
21. |
Agus an fhaisnéis maidir le hídiú fuinnimh á ullmhú is gá faoi mhír 29, eisiafaidh an gnóthas na bunábhair agus na breoslaí nach ndóitear chun críocha fuinnimh. Is féidir leis an ngnóthas a ídíonn fuinneamh mar bhunábhair faisnéis maidir leis an ídiú sin a nochtadh ar leithligh ó na nochtaí a cheanglaítear. |
Tiontú idir aonaid dhifriúla fuinnimh
|
22. |
Tuairisceoidh na gnóthais a n-ídiú fuinnimh i dtéarmaí an fhuinnimh deiridh, a thuigtear mar an méid fuinnimh a chuirtear ar fáil don ghnóthas, mar shampla, an líon Meigeavatuaireanta (MWh) leictreachais arna gceannach ón ngal fóntais a fhaightear ó ghléasra tionsclaíoch in aice láimhe nó díosal a cheannaítear ag stáisiúin pheitril. Tagraítear leis an leictreachas go sainráite don teas, gal agus fuarú. Áirítear le breoslaí aon rud a dhóitear, e.g. gás, gás nádúrtha, bithmhais, etc. |
|
23. |
Sonraítear i mír 29 MWh mar an rogha aonaid le hídiú fuinnimh a thomhas. I gcás an bhreosla nó na bithmhaise, is gá tiontú chuig MWh i gcás sonraí in aonaid eile amhail luach fuinnimh (e.g. kJ, Btu), toirt (e.g. lítir, m3) nó mais (e.g. tonaí méadracha, tonaí gearra). |
|
24. |
I gcás an ídithe breosla arna thomhas de réir maise (e.g. adhmad, gual), ba cheart don ghnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
25. |
I gcás breosla leachtach, ba cheart do na gnóthais an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|||||||||||||
Astaíochtaí gás ceaptha teasa
|
26. |
I gcás astaíochtaí comhlána gás ceaptha teasa (GCT) ag eascairt as gníomhaíochtaí an ghnóthais, cuireann an ceanglas i mír 30 leis na sainmhínithe agus rialacha a bhaineann le Prótacal GCT, arb é an príomhchaighdeán cuntasaíochta i gcás astaíochtaí GCT é. Faoi mhír 30, tuairisceoidh gnóthais ar a gcuid astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2. Cumhdaítear le hAstaíochtaí GCT Raon feidhme 1 astaíochtaí díreacha ó fhoinsí rialaithe nó faoi úinéireacht. Is astaíochtaí indíreacha GCT iad astaíochtaí Raon feidhme 2 ag éirí as gníomhaíochtaí na cuideachta tuairiscithe (óir díorthaítear ó fhuinneamh ídithe an ghnóthais é), a tharlaíonn mar sin féin ag foinsí faoi úinéireacht nó faoi rialú cuideachta eile. Tugtar treoraíocht bhreise sna ranna thíos faoi conas astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2 a ríomh. |
|
27. |
Féadfar astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2 a thuairisciú san fhormáid seo a leanas.
|
|
28. |
Is caighdeán domhanda é Prótacal GCT chun astaíochtaí GCT a thomhas, a thuairisciú agus a bhainistiú, agus comhsheasmhacht agus trédhearcacht á n-áirithiú an tráth céanna. Cumhdaítear leis an gcaighdeán corparáideach treoraíocht maidir le hastaíochtaí Raon feidhme 1, Raon feidhme 2 agus Raon feidhme 3 le haghaidh cuideachtaí agus eagraíochtaí eile (eagraíochtaí neamhrialtasacha, rialtas, etc.). |
|
29. |
Chun cuntas ceart ar astaíochtaí gnóthais a áirithiú, leagtar amach liosta prionsabal tuairiscithe i bPrótacal GCT:
|
|
30. |
Mar mhalairt ar Phrótacal GCT, féadfaidh gnóthais dul i muinín ISO 14064-1, dá n-oirfeadh sé níos fearr dá n-éilimh thuairiscithe. |
|
31. |
Agus astaíochtaí GCT á dtuairisciú, is den tábhacht é na teorainneacha iomchuí a shocrú chun a áirithiú go bhfuil an fardal GCT ceart agus chun comhaireamh dúbailte astaíochtaí a sheachaint. Sainmhínítear i bPrótacal GCT an dá phríomhchineál teorainneacha – teorainneacha eagraíochtúla nó oibríochtúla.
|
|
32. |
Le Prótacal GCT freisin tugtar isteach treoraíocht chomh maith le céimeanna le leanúint chun astaíochtaí GCT a shainaithint, a ríomh agus a rianú, mar a léirshamhlaítear san íomhá thíos (2). |
|
33. |
Tá uirlisí difriúla forbartha le tionscnaimh phríobháideacha agus phoiblí chun cuidiú le gnóthais a bhfardal astaíochtaí GCT a fhorbairt agus chun dúshláin a éascú atá bainteach lena ullmhú. Tá tacar áireamhán molta GCT á choinneáil ar bun ag EFRAG ar a shuíomh gréasáin. |
Treoraíocht maidir le hastaíochtaí suíomh-bhunaithe Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2
|
34. |
Áirítear le gnáthastaíochtaí Raon feidhme 1 CO2 (chomh maith le CH4 agus N2O) astaíochtaí atá bainteach le dóchán breosla (mar shampla i gcoireáin, foirnéisí, feithiclí, etc.) agus astaíochtaí éalaitheacha ón aerchóireáil agus ó phróisis thionsclaíocha. |
|
35. |
Áirítear le Raon feidhme 2 suíomhbhunaithe astaíochtaí ón leictreachas, teas, gal, agus fuarú arna gceannach nó arna sealbhú agus arna n-ídiú ag an gcuideachta tuairiscithe. Léirítear inti meándlús astaíochtaí na n-eangaí ar a dtarlaíonn an t-ídiú fuinnimh agus úsáidtear sonraí fachtóirí astaíochta atá mar mheán ar fud na heangaí den chuid is mó inti. Baineann gnáthfhoinsí astaíochtaí Raon feidhme 2 le haon trealamh lena n-ídítear leictreachas (innill leictreacha, soilse, foirgnimh, etc.), teas (téamh i bpróisis thionsclaíocha, foirgnimh, etc.), gal (próisis thionsclaíocha) agus fuarú (próisis thionsclaíocha, foirgnimh, etc.). |
|
36. |
Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ar roinnt bealaí, lena n-áirítear leis an gcur chuige ríomha, tomhas, nó meascán den tomhas agus ríomhanna. Tá cur chuige coitianta amháin bunaithe ar ríomh le húsáid fachtóirí astaíochta (FA) – lena bhféadfaí poitéinseal téimh dhomhanda (PTD) an GCT a áireamh. Is féidir tomhas díreach agus braiteoirí á n-úsáid (sreabhadh agus tiúchan) a chur i bhfeidhm freisin. Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na modhanna is coitianta.
|
|
37. |
Sa tábla thuas tugtar isteach na téarmaí seo a leanas:
|
|
38. |
Déantar achoimre sa tábla thíos ar fhoinsí neamh-uileghabhálacha inar féidir le gnóthais fachtóirí astaíochta (FA) agus poitéinseal téimh dhomhanda (PTD) a rochtain go héasca. Féadfaidh gnóthais tagairt a dhéanamh freisin d’fhoinsí údarásacha náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith níos ábhartha dá gcúinsí.
|
|
39. |
Is féidir leis na gnóthais tuilleadh treoraíochta agus uirlisí a fháil freisin faoin gcaoi chun gníomhú agus tuairisciú ar a gcuid astaíochtaí GCT agus tionchair aeráide trí ghabháil chuig suíomh gréasáin Mol Aeráide FBM. |
Sampla de ríomh astaíochtaí Raon feidhme 1
|
40. |
Ídíonn Cuideachta A ola bhreosla Uimh. 4 i gcoireán tionsclaíoch. I gcás a cuntasaíochta airgeadais, coinníonn sí súil ar a costais, agus chun críocha na cuntasaíochta GCT, coinníonn sé súil ar thoirteanna (m3) mar a léirítear ina gcuid admhálacha breosla. Is ó na hadmhálacha a dhéantar toirteanna bliantúla na hola breosla arna gceannach a chinneadh, agus coinníonn sé súil freisin ar an bhfardal ola breosla an chéad lá den bhliain de réir an fhéilire. In 2023 cheannaigh sé 100 m3 d’ola bhreosla. Ar bhonn a taifead, an 1 Eanáir 2023 bhí 2.5 m3 ina thaiscumair aige, agus an 1 Eanáir 2024 bhí 1 m3 aige. Dá bhrí sin, cinneann sé (trí cheannach agus tomhas an fhardail) le linn 2023 gur ídigh sé 101.5 m3 d’ola bhreosla. |
|
41. |
Agus leas á bhaint as liosta fachtóirí astaíochta IPCC (Tábla 2.3, leathanach 2.18), déanann sé meastachán ar a fhachtóir astaíochta gur cumasc leath is leath den ola dhíosail agus den ola iarmharach ag 75.75 t CO2/TJ, agus trí staidreamh foilsithe a úsáid maidir le fuinneamh, déanann sé amach gurb ionann a ghlanluach calrach a bhreosla agus 0.03921 TJ/m3. I bhfianaise GWP CO2 GWP a bheith cothrom le haon, is é seo a leanas a astaíocht CO2 don fhoinse shonrach Raon feidhme 1:
101.5 m3 * 0.03921 TJ/m3 * 75.75 t CO2/TJ * 1 = 301.5 t CO2 |
|
42. |
Chun críche na hiomláine sa sampla sin, déantar na hastaíochtaí CH4 agus N2O a ríomh freisin. Agus liosta fachtóirí astaíochta an IPCC á sheiceáil, taispeántar gurb amhlaidh a leanas faoi seach iad, 3 kg de CH4/TJ agus 0.6 kg de N2O/TJ, agus is ionann na hastaíochtaí dá réir agus:
Astaíochtaí CH4 = 101.5 m3 * 0.03921 TJ/m3 * 3 kg CO2/TJ * 29.8 = 0.36 tCO2e Astaíochtaí N2O = 101.5 m3 * 0.03921 TJ/m3 * 0.6 kg CO2/TJ * 273 = 0.65 tCO2e |
|
43. |
Mar atá luaite, cuireann na hastaíochtaí CH4 agus N2O tuairim is 1 tCO2e le luach CO2 301.5 tCO2, arb é timpeall ar 0.3 % den iomlán. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil sé sin go maith laistigh den earráid tuairiscithe inghlactha, agus mar sin is féidir nár ríomhadh agus nár tuairiscíodh í. Díorthaítear poitéinseal téimh dhomhanda le haghaidh CH4 agus N2O ón Séú Tuarascáil Mheasúnachta ó IPCC, Caibidil 7SM. |
Sampla de ríomh astaíochtaí Raon feidhme 2
|
44. |
Áitíonn Cuideachta A foirgneamh oifige 2 000 m2 i bPáras, mar a n-íocann sí as an leictreachas arna ídiú le haghaidh téamh agus fuarú lárnach, soilsiú, ríomhairí agus trealamh leictreach eile amhail fearais. I gcás a chuid billí fóntais, tá meastachán déanta aige gur ídigh an foirgneamh 282 MWh de leictreachas in 2022. Trí fhachtóir astaíochta dar luach 73 g coibhéiseach CO2/kWh don Fhrainc in 2022 a úsáid, rinne sé an meastachán seo a leanas ar a astaíochtaí Raon feidhme 2 dá ídiú leictreachais i bhfoirgnimh
|
|
45. |
Is féidir gur mian le gnóthais freisin a gcuid figiúirí Raon feidhme 2 margadh-bhunaithe a chur ar fáil. Sna fachtóirí astaíochta le haghaidh astaíochtaí Raon feidhme 2 margadh-bhunaithe léirítear na socruithe conarthacha atá ag an ngnóthas lena chuid soláthróirí fuinnimh. Is féidir lena gcuid soláthróirí leictreachais nó teasa fachtóirí astaíochta margadh-bhunaithe a chur ar fáil, chomh maith le tacaíocht a fháil ó cheannach Deimhnithe um Shaintréithe Fuinnimh nó Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (CCCanna) nó ó úsáid fachtóirí astaíochta meascáin iarmharaigh (AIB, 2024). |
B4 – Truailliú an aeir, an uisce agus na hithreach
Treoraíocht maidir leis na gnóthais ar gá dóibh tuairisciú ar thruailliú agus maidir leis na truailleáin ar gá do ghnóthais tuairisciú orthu.
|
46. |
Le mír 32 suitear go nochtfaidh an gnóthas na truailleáin a astaíonn sé leis an aer, uisce agus ithir ina chuid oibríochtaí féin, más gá an fhaisnéis sin a thuairisciú cheana féin de réir an dlí do na húdaráis inniúla nó de réir Córais Bainistíochta Comhshaoil. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an gnóthas measúnú ar dtús an dtuairiscíonn sé an fhaisnéis sin cheana féin, mar cheanglas dlíthiúil nó ar bhonn saorálach. Má thuairiscíonn sé faisnéis cheana féin maidir le hastaíochtaí truailleán (nó éilítear air déanamh amhlaidh de réir an dlí), cuirfidh an gnóthas faisnéis bhreise ar fáil ansin faoi na hastaíochtaí sin, de réir na gceanglas atá le fáil i mír 32. Mar sin féin, mura dtuairiscíonn an gnóthas an fhaisnéis sin go fóill (agus ní éilítear air déanamh amhlaidh de réir an dlí), éilítear air a shloinneadh gurb amhlaidh atá. |
|
47. |
Go ginearálta, tá coinne leis go mbeidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le gnóthais arb oibreoirí i suiteáil thionsclaíoch nó i ndianfheirm beostoic a chumhdaítear leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus Tógáil Beostoic (IED 2.0 - Treoir 2024/1785/AE), lena leasaítear an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (IED - Treoir 2010/75/AE). Beidh feidhm ag IED 2.0 maidir le tuairim is 75 000 suiteáil san Eoraip, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí amhail breosla a dhó i gcoireáin ag a bhfuil cumhacht rátáilte ar mó ná 50 MW é, teilgean i dteilgcheártaí miotail, próiseáil miotal neamhfheiriúil, táirgeadh an aoil, monaraíocht táirgí ceirmeacha trí bhácáil, táirgeadh táirge cosanta plandaí nó bithicídí, tógáil aon mheascáin de mhuca nó éanlaith in ionannas le 380 aonad beostoic nó níos mó, súdaireacht seithí, seamlais, etc. Sna cásanna sin, ní mór don tsuiteáil tuairisciú cheana féin don údarás inniúil maidir leis na truailleáin a scaoiltear san aer, san uisce agus san ithir, agus bíonn na sonraí ar fáil go poiblí leis an Rialachán maidir leis an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (RTAT - Rialachán 2024/1244/AE), a thagann in ionad an Chláir Eorpaigh ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach - Rialachán 166/2006/CE). Na cuideachtaí a oibríonn i níos mó ná saoráid amháin, ní gá dóibh tuairisciú maidir lena n-astaíochtaí comhdhlúite uile-chuideachta faoin EPRTR, óir nach dtuairiscíonn siad ach ar leibhéal saoráide amháin. Éilítear sa Chaighdeán an méid iomlán truailleán a thuairisciú ó gach saoráid. Cosúil leis sin, na cuideachtaí ar leo saoráid, ach nach n-oibríonn inti, ní gá dóibh tuairisciú don E-PRTR, ach tá coinne leis go léireoidh siad a n-astaíochtaí faoi úinéireacht saoráide ina dtuarascáil inbhuanaitheachta. |
|
48. |
Ar an gcaoi chéanna, má sainaithníodh gnóthas nach foláir dó faireachán a dhéanamh agus tuairisciú a thabhairt maidir le truailleáin a liostaítear in E-PRTR faoi Chóras Bainistíochta Comhshaoil, amhail mar shampla, Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) nó deimhniúchán ISO 14001. Is gnéithe ábhartha i bprionsabal iad don ghnóthas lena gcur san áireamh ina thuarascáil inbhuanaitheachta. |
|
49. |
Mura bhfuil ach saoráid amháin ag gnóthas, nó mura n-oibríonn sé ach i saoráid amháin, agus má tá na sonraí truaillithe ar fáil go poiblí cheana féin, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don doiciméad ina gcuirtear faisnéis den sórt sin a chur ar fáil in ionad é a thuairisciú uair amháin eile. Ar an gcaoi chéanna, má fhoilsíonn an gnóthas tuarascáil uile-eagraíochta amhail mar shampla, tuarascáil EMAS lena n-áirítear sonraí truaillithe, is féidir leis é a chur san áireamh sa tuarascáil inbhuanaitheachta mar thagairt. |
|
50. |
Chun faisnéis maidir le truailleáin a thuairisciú sa tuarascáil inbhuanaitheachta, ba cheart don ghnóthas an cineál ábhair truailleáin atá á thuairisciú a thabhairt le fios i dteannta an mhéid arna astú san aer, san uisce agus san ithir in aonad maise oiriúnach (e.g. t nó kg). |
|
51. |
Is féidir teacht ar shampla thíos den chaoi a bhféadann gnóthais faisnéis a chur i láthair maidir lena chuid astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir arna roinnt ar an gcineál truailleáin.
|
|
52. |
Maidir leis na cineálacha truailleán is gá a mheas agus tuairisciú á dhéanamh faoi mhír 32, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh do na príomhthruailleáin seo a leanas a chumhdaítear faoi láthair de réir dhlí an Aontais. Mar sin féin, déanfaidh gach gnóthas machnamh ar na truailleáin shonracha a chumhdaítear leis an reachtaíocht ina ndlínsí faoi seach. |
|
53. |
Samplaí de phromhthruailleán arna n-astú ar an aer (Treoir (AE) 2024/299; Rialachán (AE) 2024/1244; Aerthruailliú ó phríomhearnálacha, CE, 2024; Is iad seo a leanas foinsí agus astaíochtaí aerthruailleán san Eoraip, An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 2022): ocsaídí sulfair (Sox/SO2 – e.g. ó ghiniúint fuinnimh agus téamh sa mhonaraíocht), ocsaídí nítrigine (NOx/NO2 – e.g. ón iompar), comhdhúile soghalaithe orgánacha neamh-mheatáin (NMVOC – e.g. ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta), aonocsaíd charbóin (CO – e.g. ó bhreosla iontaise a dhóchán), amóinia (NH3 – e.g. cur agus stóráil aoiligh), ábhar cáithníneach (PM10 – e.g. ó dhóchán sa mhonaraíocht, iompar, gníomhaíochtaí talmhaíochta), trom-mhiotail (Cd, Hg, Pb, As, Cr, Cu, Ni, Zn), POPanna (iomlán PAHanna, HCB, PCBanna, dé-ocsainí/fúráin), substaintí ídithe ózóin ‘ODS’ (clórafluaracarbóin ‘CFCanna’, hidreaclórafluaracarbóin ‘HCFCanna’, halóin), carbón dubh (BC – e.g. ón ídiú fuinnimh), etc. |
|
54. |
I measc na mórfhoinsí astaíochtaí aerthruailleán san earnáil phríobháideach (ag a mbíonn tionchar mór freisin ar an slabhra luacha ina iomláine) áirítear na cinn seo a leanas: (a) giniúint an leictreachais ó bhreosla iontaise nó dóchán bithmhaise (a d’fhéadfaí a dhéanamh go seachtrach, a dháileadh trí eangach náisiúnta, agus a ídiú ansin feadh ghníomhaíochtaí an tslabhra luacha); (b) dóchán breosla iontaise nó bithmhaise do-aistrithe a dhíriú laistigh de ghníomhaíochtaí nó próisis thionsclaíocha gnóthais, nó oibriú innealra dho-aistrithe nó gníomhaíochtaí eile óna dteastaíonn dóchán breosla; (c) iompar (lasta, bóithre, iarnród, loingeas agus eitlíocht, feithiclí seachbhóthair amhail na cinn úd a úsáidtear sa talmhaíocht nó san fhoirgníocht); (d) próisis thionsclaíocha (ní dhíorthaíonn na hastaíochtaí eile uile as dóchán breosla agus a tharlaíonn le linn próisis thionsclaíocha); (e) talmhaíocht (beostoc agus bainistíocht aoiligh, táirgeadh barr amhail iarmhairtí barr a dhó, cur aoiligh agus leasachán); (f) diúscairt na dramhaíola (e.g. líonadh talún, loscadh dramhaíola nó dó faoin aer, nó múiríniú). |
|
55. |
Tá sampla thíos de mhodheolaíocht shimplí chun fardal astaíochtaí aerthruailleán cuideachta a fhorbairt, agus astaíochtaí na n-aerthruailleán faoi seach a ríomh. Tá an mhodheolaíocht seo roinnte sna céimeanna seo a leanas; gan mapáil
an tslabhra luacha
a áireamh de réir an Chaighdeáin TD-FBM, tá an fhaisnéis is gá faoin gCeanglas maidir le Nochtadh le tuairisciú ar leibhéal na cuideachta tuairiscithe: (1) foinsí astaíochtaí a shainaithint laistigh den slabhra luacha (2) modheolaíochtaí a shainaithint chun astaíochtaí a chainníochtú, (3) sonraí gníomhaíochta a bhailiú, (4) fachtóirí astaíochtaí a shainaithint, agus (5) astaíochtaí a chainníochtú. Tugtar leis an treoraíocht mapáil ar fhoinsí truailleán le modheolaíochtaí chun faisnéis a ríomh maidir le hastaíochtaí ag díorthú as na príomh-aerthruailleáin (sa tábla thíos). (3)
|
|
56. |
Tá sampla thíos de mhodh ríomha le haghaidh astaíochtaí truailleán aeir agus úsáid á baint as an modh don mhonaraíocht a leagtar amach thuas. Sa sampla faoi thrácht, is é Mp an chainníocht d’ábhar M a úsáidtear i (nó a tháirgtear trí)
slabhra luacha
cuideachta agus úsáid á baint as próiseas p (tonaí, lítir); Is é EFk,p an fachtóir astaíochta le haghaidh thruailleán k i gcás phróiseas p (táirgeadh aonaid g-1); Is astaíochtaí iad Emk,p de thruailleán sonrach k i gcás phróiseas p (g).
Emk,p = Mp * EFk,p |
|
57. |
Mar shampla, chuirfeadh monaróir seacláide meánmhéide a tháirgeann 1 750 tona seacláide in 2022 an fachtóir astaíochta réamhshocraithe 2 i bhfeidhm chun a chuid astaíochtaí NMVOCanna a ríomh, rud as a dtiocfadh an ríomh seo leanas:
1 750 tona seacláide * 2 (fachtóir astaíochta NMVOCanna) = 3 500 tona astaíochtaí NMVOCanna. |
|
58. |
D’fhéadfadh iompar a bheith ina fhoinse shuntasach truaillithe aeir eile laistigh d’oibríochtaí dílse agus ar leibhéal
an tslabhra luacha
. Sa chás sin, chun meastachán a dhéanamh ar astú truailleáin shonraigh ón iompar de bhóthar, mar shampla, beidh ar an eintiteas an fhoirmle seo a leanas a úsáid, i gcás inarb é FCv,f an t-ídiú breosla de chineál feithicle v a úsáideann breosla f (kg); Is é EFk,v,f an fachtóir astaíochta le haghaidh thruailleán k i gcás chineál feithicle v agus bhreosla f (g feithicil-km-1); Is é Emk,v,f an fachtóir astaíochta le haghaidh an thruailleán sonrach k i gcás chineál feithicle v agus bhreosla f (g).
Emk,v,f = FCv,f * EFk,v,f |
|
59. |
Mar shampla, feithicil tráchtála éadrom (FTÉ) a oibrítear ar dhíosal a thaistil 2 800 km san iomlán in 2022, tháirg sí an méid astaíochtaí PM10 seo a leanas (fachtóir astaíochta PM10 dar luach 1,52 g/kg):
2 800 km * 1,52 = 4 256 gram d’astaíochtaí PM10. |
|
60. |
Is foinse chriticiúil bhreise d’astaíochtaí aeir é dóchán breosla. Sa chás sin, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ina shampla d’fhoirmle, i gcás inarb é FCn an breosla n a ídítear laistigh den chatagóir foinse (Gj); Is é EFk an fachtóir astaíochta le haghaidh thruailleán k sin (g/Gj); agus is astaíochtaí iad Emk,p de thruailleán sonrach k (g).
Emk = FCn * EFk; |
|
61. |
Mar shampla, beidh fachtóir astaíochta 0,67 le haghaidh SO2 ag cuideachta a ídíonn 3 000 000 gram de bhreosla in 2020, rud as a dtiocfaidh an méid seo a leanas:
3 000 000 * 0,67 = 2 010 000 gram d’astaíochtaí SO2. ó dhócháin breoslaí in 2020. |
|
62. |
Samplaí de phríomhthruailleáin san uisce (Rialachán (AE) 2024/1244; Treoir 2000/60/CE; Treoir 2006/118/CE; Treoir 91/676/CEE; Treoir 2010/75/AE; agus leasú ar Threoir 2024/1785; Is iad seo a leanas scaoiltí truailleán tionsclaíoch san uisce san Eoraip, EEA, 2024): nítrigin (N), fosfar (P), trom-mhiotail (Cd, Hg, Pb chomh maith le As, Cr, Cu, Ni, Zn), POPanna agus lotnaidicídí, BTEX (beinséin, tolúéin, eitilbeinséin, xiléiní) agus Comhdhúile Soghalaithe Orgánacha (CSOnna) eile, substaintí a théann i bhfeidhm go diúltach ar chothrom na hocsaigine (arna dtomhas le paraiméadair amhail BOD, COD, etc.), carbón iomlán orgánach (TOC), etc. |
|
63. |
Féadfar lotnaidicídí agus cothaithigh (e.g. N agus P) a scaoileadh trí ghníomhaíochtaí talmhaíochta (Príomhfhoinsí an truaillithe uisce, EEA, 2023; Introduction to Freshwater Quality Monitoring and Assessment - Technical Guidance Document, UNEP, 2023) (e.g. aoileach nó leasachán neamhorgánach a chur). Féadfaidh tiúchana trom-mhiotal teacht as scaoiltí mianadóireachta agus fuíolluisce. Is táscaire cineálach é TOC ar éilliú an uisce le hábhar orgánach lena gcuirtear in iúl ábhar beo a bheith i láthair, mar shampla san fhuíolluisce, ach uisce dromchla agus screamhuisce freisin (gnáthleibhéil tiúchana is lú ná 10 mgl-1 agus 2 mgl-1, faoi seach). Is tásc forleathan é COD ar eisiltigh thionsclaíocha nó camras a bheith i láthair, ag a bhfuil luachanna atá níos ísle ná 20 mgl-1 de ghnáth in uiscí neamhthruaillithe agus fuíolluiscí tionsclaíocha a shroicheann luachanna suas le 60 000 mgl-1. Is gnách go n-úsáidtear BOD chun truailliú le hábhar orgánach a chinneadh in uiscí dromchla chomh maith le héifeachtúlacht na cóireála séarachais, agus is iondúil go mbaineann luachanna leis thart ar 2 mgl-1 in uiscí neamhthruaillithe agus 10 mgl-1 agus níos mó in uiscí truaillithe. Is féidir scaoileadh CSOnna teacht as doirtí san uisce. |
|
64. |
A mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht a úsáidtear chun astaíochtaí chun uisce a thomhas, molann EEA (Calculating emissions to water – a simplified method [Astaíochtaí chun uisce a ríomh – modh simplithe] (Tuarascáil 3/2022 ó ETC/ICM)) teicníc shimplí meastacháin atá comhchosúil leis an gceann a úsáidtear i gcás na dtruailleán aeir réamhluaite. San fhoirmle thíos, is é ARa an ráta gníomhaíochta le haghaidh ghníomhaíocht a (lena roghnú bunaithe ar an ngníomhaíocht nó próiseas ar leith; e.g. féach Mp i ríomh na n-astaíochtaí aeir thuas); Is é EFp,a an fachtóir astaíochta le haghaidh thruailleán p i gcás ghníomhaíocht a; agus is é Emissionsp,a astaíochtaí ó thruailleán sonrach p i gcás ghníomhaíocht a.
Emissionsp,a = ARa * EFp,a |
|
65. |
Is samplaí de phromhthruailleáin arna n-astú san ithir (Rialachán (AE) 2024/1244; Treoir 86/278/CEE) iad: N, P, trom-mhiotail (e.g. sloda séarachais a chur ar thalamh), BTEX agus CSOnna, POPanna agus lotnaidicídí eile. |
|
66. |
Ar an iomlán, is iad na táirgí nó na seachtháirgí ó phróisis thionsclaíocha foinsí an truaillithe ithreach ag an earnáil phríobháideach (e.g. táirgeadh ceimiceán, fuinneamh, monaraíocht teicstílí), doirtí trí thimpiste táirgí a dhíorthaítear as peitreal, beostoc agus gníomhaíochtaí talmhaíochta (e.g. uisciú le fuíolluisce neamhchóireáilte, tógáil éanlaithe), táirgeadh agus cóireáil an fhuíolluisce, táirgeadh agus próiseáil miotal agus mianraí, agus iompar (Global assessment of soil pollution: Tuarascáil, An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, 2021). |
|
67. |
Tá roinnt lámhleabhar forbartha chun tacú le cuideachtaí a gcuid astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir a ríomh, mar shampla is amhlaidh san Astráil (Emission Estimation Technique Manual for Soft Drink Manufacture, National Pollution Inventory) agus san Afraic Theas (TA Guide to Reporting and Estimating Emissions for the IPWIS) a chuirtear roinnt beag roghanna meastacháin ar fáil d’eintitis, ag brath ar a gcuid féidearthachtaí: tomhas díreach (e.g. sampláil, córas faireacháin leanúnaigh), maischothromaíocht, ríomhanna innealtóireachta, fachtóirí astaíochta (an fhoirmle chéanna thuas i gcás astaíochtaí aeir agus uisce), etc. Is é seo a leanas an cur chuige ginearálta chun astaíochtaí den sórt sin a ríomh: 1) na foinsí astaíochtaí laistigh den tsaoráid a shainaithint (dóchán, monaraíocht, galú tuaslagóirí, stóráil, éalaitheach); 2) stoc a dhéanamh den fhaisnéis atá ar fáil; 3) an modh is oiriúnaí don phróiseas sonrach faoi mheastóireacht, an fhaisnéis atá ar fáil, agus na huirlisí tomhais is féidir a shealbhú chun na sonraí is gá a fháil, na nithe uile sin a shainaithint sa liosta de mhodhanna meastacháin; 4) na sonraí is gá a bhailiú le haghaidh gach modha; agus 5) astaíochtaí a ríomh. Tugtar roinnt foirmlí agus samplaí sna lámhleabhair le haghaidh gach modha ríomha astaíochtaí. |
|
68. |
Is féidir teacht ar liosta fachtóirí astaíochta le haghaidh truailleáin aeir ag leathanach gréasáin tiomanta na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. Cé go mbaintear úsáid níos coitianta as fachtóirí astaíochta le haghaidh thruailliú an aeir, chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte roinnt áirithe díobh ar fáil maidir le scaoileadh uisce dromchla agus diúscairt ar talamh le haghaidh próisis shonracha. Féadfar fachtóirí astaíochta breise le haghaidh POPanna a cheadú ar leathanach gréasáin na Sraithe Straitéisí maidir le Sainaithint agus Cainníochtú Scaoiltí Dé-ocsainí, Fúrán agus POPanna Neamhbheartaithe Eile. |
|
69. |
Ní mór a thabhairt faoi deara nach mbeidh feidhm ag na ceanglais faoi mhír 32 ach amháin maidir le FBManna a oibríonn in earnálacha ar leith. Gnóthais atá páirteach i soláthar seirbhísí (e.g. oibriú i saoráidí comhoibre nó i saoráidí comhroinnte nó go cianda), mar shampla, is iondúil nach n-áirítear iad faoi raon feidhme an nochta seo. Os a choinne sin, is iondúil a bhaineann
tionchair
le gnóthais a thugann faoi ghníomhaíochtaí táirgthe (e.g. ceimiceáin) i dtéarmaí an truaillithe, agus is amhlaidh dá bhrí sin a bhfuil coinne leis go dtuairisceoidh siad faoin nochtadh seo. Sa tábla thíos (atá oiriúnaithe ó
Threoirleabhar d’Úsáideoirí EMAS
) tugtar samplaí de thionchair earnálacha, lena n-áirítear i gcás seirbhísí oifige, nach bhféadfadh na gnéithe atá bainteach le truailliú a bheith ina ngnéithe suntasacha.
|
B5 – Bithéagsúlacht
Treoraíocht maidir leis an gcaoi a ndéantar láithreáin a shainaithint i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó atá gar do limistéir den sórt sin
|
70. |
Sonraítear i mír 33 go nochtfaidh an gnóthas na láithreáin a oibríonn sé atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, nó atá gar do limistéir den sórt sin . Sainmhínítear limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de le sainrialachán um chosaint an dúlra ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá siad sin comhdhéanta de limistéir a bhaineann leis an líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta (‘PLBanna’) chomh maith le limistéir eile faoi chosaint a ainmnítear mar limistéir a dteastaíonn cosaint speisialta ina leith ó údaráis rialtasacha (e.g. limistéir faoi chosaint foraoise nó limistéir atá laistigh de cheantair abhantraí). |
|
71. |
Chun limistéir faoi chosaint agus limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de a shainaithint, féadfaidh an gnóthas bunachair sonraí a cheadú amhail An Bunachar Sonraí Domhanda um Limistéir faoi Chosaint (WDPA) (ar bunachar sonraí domhanda é chun cuidiú le limistéir mhara agus talún faoi chosaint a shainaithint), an Bunachar Sonraí Domhanda um Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, agus Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt. Féadfaidh an gnóthas uirlisí a úsáid freisin amhail an Uirlis Chomhtháite um Measúnú na Bithéagsúlachta (IBAT). |
|
72. |
Le Gar , i gcomhthéacs B5 – Bithéagsúlacht, tagrófar do limistéar a fhorluíonn (go páirteach) nó atá in aice le limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de . |
|
73. |
Taispeántar sa tábla seo a leanas conas is féidir faisnéis maidir le
láithreáin
i
limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de
nó gar dóibh a chur i láthair.
|
Treoraíocht maidir leis an gcaoi chun talamhúsáid a ríomh agus a thuairisciú
|
74. |
Tuigtear ‘limistéar séalaithe’ mar limistéar ina bhfuil an ithir bhunaidh clúdaithe (e.g. bóithre, foirgnimh, carrchlóis), á tiontú ina hithir neamhscagach agus óna dtagann tionchar ar an gcomhshaol. |
|
75. |
Is éard atá i limistéar glas nó ‘ limistéar atá dírithe ar an dúlra ’ limistéar a chaomhnaíonn nó a athbhunaíonn an dúlra go príomha. Féadfaidh limistéir ghar-nádúrtha/ghlasa a bheith suite ar láithreán na heagraíochta, agus d’fhéadfaí a áireamh leo díonta, aghaidheanna, córais draenála uisce nó gnéithe eile atá deartha, oiriúnaithe nó bainistithe ar mhaithe le cur chun cinn na bithéagsúlachta. Féadfaidh limistéir ghar-nádúrtha a bheith suite lasmuigh de láithreán na heagraíochta freisin, má tá siad faoi úinéireacht nó faoi bhainistíocht na heagraíochta, agus é mar phríomhfheidhm acu an bhithéagsúlacht a chur chun cinn. |
|
76. |
Taispeántar sa tábla seo a leanas conas is féidir faisnéis maidir le
talamhúsáid
a chur i láthair (EMAS, 2023).
|
B6 – Uisce
Treoraíocht faoin gcaoi le haistarraingtí uisce agus ídiú uisce a ríomh agus a thuairisciú
|
77. |
Baineann aistarraingt uisce leis an méid uisce a tharraingíonn gnóthas isteach ina theorainneacha eagraíochtúla ó fhoinse ar bith le linn na tréimhse tuairiscithe. Ar bhonn praiticiúil, i gcás an chuid is mó gnóthas baineann sé sin leis an méid uisce a bhaintear ón líonra soláthair phoiblí uisce mar a thugtar le fios sna billí fóntais. Mar sin féin, i gcás inarb infheidhme, áirítear leis an aistarraingt uisce freisin na méideanna uisce a bhaintear ó fhoinsí eile amhail screamhuisce ó thoibreacha an ghnóthais féin, uisce a bhaintear ó aibhneacha nó lochanna nó uisce a fhaigheann gnóthais eile. I gcás sonrach na gnóthais a oibríonn sa talmhaíocht, d’áireofaí leis an aistarraingt uisce fearthainne má bhailítear go díreach é agus má stórálann an gnóthas é. |
|
78. |
Is féidir sonraí aistarraingthe uisce a aisghabháil ó thomhais le sreabh-mhéadair nó billí uisce; go deimhin féin, ar bhonn praiticiúil i gcás an chuid is mó gnóthas baineann aistarraingt uisce leis an méid uisce a bhaintear ón líonra soláthair phoiblí uisce mar a thugtar le fios sna billí fóntais. I gcásanna nach bhfuil tomhais dhíreacha indéanta nó ina meastar nach leordhóthanach iad, agus dá bhrí sin gur gá iad a chomhlánú, is féidir sonraí maidir le haistarraingt uisce a mheas, mar shampla, le samhlacha ríomha, agus le caighdeáin an tionscail. |
|
79. |
Mar shampla, i gcás oifig chomhroinnte nó spás oibre comhionaid, b’fhéidir gur modh féideartha chun an
aistarraingt uisce
a ríomh aistarraingt uisce fhoriomlán an fhoirgnimh a fháil ón mbille fóntais agus an aistarraingt uisce a ríomh in aghaidh an
fhostaí
leis an gcothromóid seo a leanas:
Aistarraingt uisce in aghaidh an fhostaí sa lá (L) = aistarraingt bhliantúil uisce (L) / líon fostaithe san fhoirgneamh comhroinnte iomlán x líon laethanta oibre). D’fhéadfadh an gnóthas an aistarraingt uisce in aghaidh an fhostaí a iolrú ar líon a fhostaithe agus an líon laethanta a d’oibrigh siad sa bhliain tuairiscithe leis an líon iomlán is gá sa phointe sonraí. Le sampla uimhriúil a dhéanamh tríd an bhfoirmle atá beartaithe a chur i bhfeidhm, is é 1 296 m3 (a chomhfhreagraíonn do 1 296 000 L) an aistarraingt bhliantúil uisce a fhaightear ón mbille uisce de spás ionaid comhoibre, ar ionad comhoibre é ina n-oibríonn 100 fostaí ó chuideachtaí difriúla le chéile go ceann líon measta 240 lá sa bhliain. Is féidir an toimhde maidir leis an meánlíon laethanta a oibrítear a bhunú ar staidreamh náisiúnta, mar shampla. Sa chás sin ba í seo a leanas an aistarraingt uisce in aghaidh an fhostaí: aistarraingt uisce in aghaidh an fhostaí ar bhonn laethúil = 1 296 000 L / (100x240) = 54 L |
|
80. |
Má ghlactar leis anois gurb ionann líon na bhfostaithe ag an ngnóthas tuairiscithe agus 25, agus go n-úsáideann siad an spás ionaid comhoibre go ceann 220 lá sa bhliain, b’ionann aistarraingt bhliantúil uisce an ghnóthais agus an aistarraingt uisce in aghaidh an fhostaí arna hiolrú ar a líon fostaithe agus líon na laethanta a oibrítear, dá bhrí sin 54Lx25x220 = 297 000 L (a chomhfhreagraíonn do 297 m3). |
|
81. |
D’fhéadfadh an ríomh sin a bheith úsáideach nuair is féidir bille uisce an fhoirgnimh chomhroinnte a rochtain. Tá roinnt teorainneacha ag an modh ríomha simplí sin, óir nach meastar leis, mar shampla, difríochtaí úsáide idir páirteanna difriúla an fhoirgnimh (e.g. i bhfoirgneamh sheacht n-urlár d’fhéadfaí sé urlár a thabhairt d’oifigí agus urlár amháin do cheaintín nó bialann), a d’fhéadfadh an gnóthas a réiteach má tá sonraí breise ar fáil, rud a bheachtaíonn a thuilleadh an bunríomh a thugtar thuas mar shampla. |
|
82. |
Bealach malartach le sonraí
aistarraingthe uisce
a fháil sa sampla d’oifigí comhroinnte nuair nach féidir an bille uisce a fháil ab ea iad a ríomh le sreabhrátaí daingneán agus sonraí áitíochta á n-úsáid mar ionchuir phríomha. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ina fhoirmle fhéideartha:
Iomlán na haistarraingthe uisce = ∑(Sreabhráta×Líon Úsáidí sa Lá×Líon Laethanta sa Bhliain×Áitíocht) i gcás inarb amhlaidh:
|
|
83. |
Foinse bhreise fhéideartha a d’fhéadfadh tacú le tuairisciú ar aistarraingt uisce le haghaidh gnóthais a oibríonn in oifigí comhroinnte is ea Táscaire Leibhéal (Leibhéil) JRC 3.1: Lámhleabhar úsáideora um ídiú uisce de réir céime úsáide chomh maith le doiciméid ghaolmhara bhreise agus bileoga ríomha (féach Doiciméid na Roinne PG | Biúró Táirgí (europa.eu)). Thairis sin, d’fhéadfadh an gnóthas Doiciméad Tagartha EMAS d’earnáil an Riaracháin Phoiblí agus Doiciméad Tagartha EMAS d’earnáil na Foirgníochta a cheadú, chomh maith le córais rátála agus deimhniúcháin amhail, lena bhféadfaí tásca úsáideacha a chur ar fáil ina gcuid modheolaíochtaí faoin gcaoi leis an ríomh a bheachtú a thuilleadh le haghaidh aistarraingt uisce in oifigí agus spásanna comhroinnte. |
|
84. |
Chuir siad samplaí ar fáil chun aistarraingt uisce a fháil i gcás inar féidir le gnóthais a oibríonn in earnálacha difriúla oifigí comhroinnte a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, le coigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach don chás earnálach agus eintiteas-sonrach ina n-oibríonn an gnóthas. D’fhéadfaí EMAS ‘éasca’ le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide agus Doiciméid Tagartha Earnálacha (DTEnna) EMAS a cheadú le haghaidh modheolaíocht FBM agus earnáil-sonrach agus táscairí maidir le tarraingt siar uisce chomh maith le caighdeáin agus tagarmharcanna tionscail. |
|
85. |
Is é atá in ídiú uisce an méid uisce a tharraingítear isteach i dteorainneacha an ghnóthais nach scaoiltear ná nach bhfuiltear ag beartú a scaoileadh ar ais sa timpeallacht uisce ná le tríú páirtí. Baineann sé sin go hiondúil le huisce arna ghalú – e.g. i bpróisis theirmeacha fuinneamh amhail triomú nó táirgeadh cumhachta – uisce atá leabaithe i dtáirgí – e.g. i dtáirgeadh bia – nó uisce chun críocha uisciúcháin – e.g. a úsáidtear sa talmhaíocht nó le háitreabh cuideachta a uisciú. |
|
86. |
Ciallaíonn sceitheadh uisce , mar shampla, an méid uisce a aistrítear go díreach chuig dobharlaigh fála amhail lochanna nó aibhneacha, an séarach poiblí nó chuig cuideachtaí eile le haghaidh úsáid uisce in ord tosaíochta. Is féidir glacadh leis mar aschur uisce an ghnóthais. |
|
87. |
Is féidir
ídiú uisce
a ríomh dá bhrí sin mar an méid seo a leanas:
Ídiú uisce = Ionchuir Uisce – Aschuir Uisce nó is é sin le rá: Ídiú uisce = (Aistarraingt uisce) – Sceití uisce. I gcás gnóthais a aistarraingíonn uisce ón ngréasán uisce phoiblí agus uathu amháin, agus a sceitheann isteach sa séarach é, beidh an t-ídiú uisce gar do nialas, agus is amhlaidh dá bhrí sin a fhágfar amach as an tuarascáil é. Ar bhonn níos ginearálta, baineann infheidhmeacht an cheanglais maidir le nochtadh i leith ídiú uisce le faisnéis atá iarrtha de réir an dlí, atá tuairiscithe cheana féin, agus/nó atá cuibhiúil don earnáil. |
|
88. |
Is féidir radharc scéimreach ar an ngaol idir
aistarraingt uisce
,
ídiú uisce
agus sceitheadh uisce a fheiceáil san íomhá thíos.
|
|
89. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis mhínitheach bhreise a chur ar fáil leis an aistarraingt nó ídiú uisce a chur i gcomhthéacs. Mar shampla, féadfaidh an gnóthas a chur i dtábhacht má bhailítear agus má úsáidtear an fhearthainn mar ionadaí don uisce ón sconna nó má sceitear an t-uisce i bpáirtithe eile le haghaidh úsáid in ord tosaíochta. |
|
90. |
Is féidir teacht thíos ar shampla faoin gcaoi ina bhféadann gnóthais faisnéis chainníochtúil maidir lena n-aistarraingtí, sceití agus ídiú uisce arna roinnt ar
shuíomh
an láithreáin.
|
Treoraíocht maidir lena fháil amach an n-oibríonn an gnóthas i limistéar atá faoi ardstrus maidir le huisce
|
91. |
Féadfaidh an gnóthas dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla uisce (e.g. údaráis náisiúnta nó réigiúnacha) na háite (na n-áiteanna) ina n-oibríonn sé chun a mheasúnacht ar acmhainní uisce a mhúnlú i gcás an tsuímh shonraigh (na suíomhanna sonracha), lena n-áirítear na limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce a shainaithint. Féadfaidh an gnóthas na huirlisí atá ar fáil go poiblí agus saor in aisce a cheadú freisin, arb uirlisí iad lena leagtar amach ar léarscáil an ganntanas uisce ar bhonn domhanda. Uirlis amháin den sórt sin is ea Aqueduct Water Risk Atlas de chuid WRI, ina gcuirtear léarscáil idirghníomhach ar fáil den táscaire struis maidir le huisce (an ‘bhonnlíne struis uisce’, lena dtomhaistear an cóimheas idir an t-éileamh iomlán ar uisce agus na soláthairtí uisce dromchla agus screamhuisce in-athnuaite atá ar fáil) ar leibhéal fo-abhantraí. A bhuí leis an uirlis sin, féadfaidh na gnóthais an bhonnlíne struis uisce a cheadú, bonnlíne atá socraithe le haghaidh abhantracha éagsúla ar fud an domhain. Má tá luachanna an táscaire bonnlíne struis uisce os cionn 40 %, is léiriú é sin ar limistéar ina bhfuil ardstrus maidir le huisce. |
|
92. |
Mar léiriú, taispeántar sa léarscáil thíos na príomh-abhantracha ar leithinis na hIbéire agus a n-aicmiú struis maidir le huisce de réir Aqueduct WRI.
Tá roinnt abhantrach ar leithinis na hIbéire le feiceáil san íomhá seo, i dteannta a n-aicmiú de réir an struis maidir le huisce. Tá an chuid is mó den chuid theas den leithinis i limistéar ina bhfuil ardstrus suntasach maidir le huisce – cé is moite d’abhantrach Guadiana (a bhfuil dath buí uirthi). Dá réir sin, má tá oibríochtaí ag an ngnóthas laistigh d’abhantrach Guadalquivir (e.g. réigiún na hAndalúise, ina bhfuil leibhéal suntasach ardstruis maidir le huisce), b’éigean don ghnóthas a ídiú uisce a dhí-chomhbhailiú don réigiún/abhantrach sin. Ach más rud é go dtarlaíonn a chuid oibríochtaí laistigh de chuid theas d’abhantrach Guadiana (ina bhfuil strus íseal maidir le huisce), níor ghá sa chás sin a ídiú uisce a dhí-chomhbhailiú don réigiún/abhantrach sin. |
|
93. |
Uirlisí féideartha eile ar féidir le gnóthais a cheadú lena suíomh a fháil amach i limistéir ina bhfuil strus maidir le huisce is iad an léarscáil statach (agus tacar sonraí gaolmhar) arna cur ar fáil ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) Innéacs Saothraithe Uisce plus (WEI+) don samhradh agus Criosanna Moirfeolaíochta Uirbeacha (UMZ) agus an léarscáil idirghníomhach Innéacs dúshaothraithe uisce plus (WEI+) le haghaidh ceantair abhantraí (1990-2015), ina gcuirtear i láthair an táscaire struis maidir le huisce WEI+ lena dtomhaistear ídiú uisce mar chéatadán d’acmhainní fíoruisce in-athnuaite ar leibhéal fo-abhantraí. Is iondúil go léiríonn luachanna WEI+ atá comhionann le 40 % nó níos mó cásanna ardstruis maidir le huisce. Is fiú a chur i dtábhacht go mbunaíonn Uiscerian WRI a tháscaire bonnlíne struis uisce ar an éileamh ar uisce, agus tá táscaire EEA ar strus maidir le huisce WEI+ bunaithe ar an ídiú uisce. |
B7 – Úsáid acmhainní, geilleagar ciorclach agus bainistiú dramhaíola
Treoraíocht maidir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh
|
94. |
Agus faisnéis á nochtadh maidir lena tháirgí, úsáid ábhar agus bainistiú dramhaíola, féadfaidh an gnóthas faisnéis a chur ar fáil i ndáil le
prionsabail an gheilleagair chiorclaigh
. Cuirtear in iúl sna míreanna thíos prionsabail an gheilleagair chiorclaigh. Tugtar breac-chuntas thíos ar na príomhphrionsabail den gheilleagar ciorclach agus cuirtear na príomhphrionsabail a chuireann an Coimisiún Eorpach san áireamh i gcló iodálach.
Dramhaíl agus truailliú a dhíothú – is féidir é sin a dhéanamh trí fheabhsuithe ar phróisis agus freisin trí ábhair dhearthóireachta ar leibhéal inúsáidteachta, ath-inúsáidteachta, indeisitheachta, díchóimeála agus athmhonaraithe. Táirgí agus ábhair a chur i gcúrsaíocht (ag a luach is airde) – is iad an ath-inúsáidteacht agus an athchúrsáil na príomhrudaí do chúrsaíocht táirgí, ach feabhsaítear an méid sin má thugtar aird faoi leith ar chiorclaíocht ag an gcéim dearthóireachta le haghaidh fadhbanna amhail in-úsáidteacht, in-athúsáidteacht, indeisitheacht, athmhonarú agus díchóimeáil. Is féidir tosca amhail áireamh bithábhar agus a n-athchúrsaíocht tríd an timthriall bitheolaíoch a mheas freisin, mar shampla trí úsáid a bhaint as cumhdaigh in-bhithmhillte barr in ionad plaisteach sa talmhaíocht. An dúlra a athghiniúint – aon uair is féidir, ba cheart do ghníomhaíochtaí daonna féachaint le dúlra a athghiniúint agus príomhfheidhmeanna éiceolaíocha a fheabhsú nó a athchóiriú (i.e. sruthchúrsaí, soláthar gnáthóg, rialú teirmeach, etc.) a d’fhéadfadh a bheith caillte de bharr gníomhaíochtaí daonna roimhe seo. |
Treoraíocht faoin nginiúint iomlán dramhaíola agus dramhaíl arna hatreorú chuig athchúrsáil nó athúsáid
|
95. |
Féadfaidh na gnóthais nach ngineann ach dramhaíl tí na ceanglais i mír 38 a fhágáil ar lár. Sna cásanna sin, ní luafaidh an gnóthas ach amháin go ngineann sé an cineál dramhaíola sin. |
|
96. |
Ar thuairisciú dó faoin dramhaíl ghuaiseach i gcomhréir le mír 38(a), comhlíonann an gnóthas na ceanglais maidir le dramhaíl radaighníomhach de tháscaire uimhir 9 ó Thábla #1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe (RNAI) (4). Is féidir an táscaire RNAI seo (cóimheas idir tonaí dramhaíola radaighníomhaí agus guaisí ) a ríomh trí leas a bhaint as an uimhreoir agus an t-ainmneoir a chuireann an gnóthas ar fáil agus iad ag tuairisciú de réir mhír 38(a). |
|
97. |
Ní mór do FBManna dramhaíl radaighníomhach agus ghuaiseach a nochtadh má ghintear dramhaíl den sórt sin ina gcuid oibríochtaí. Braitheann an infheidhmeacht ar ábhair ghuaiseacha nó radaighníomhacha a bheith i láthair sna próisis ghnó. |
|
98. |
Moltar do ghnóthais a
ndramhaíl ghuaiseach
a aicmiú trí úsáid a bhaint as an gCatalóg Dramhaíola Eorpach, nó CDE i mbeagán focal (Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE maidir leis an liosta dramhaíola de bhun Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), lena ndéantar dramhaíl a chatagóiriú de réir cineáil. Aon dramhaíl a mharcáiltear le réiltín (*), aicmítear mar dhramhaíl ghuaiseach sa CDE í, de ghnáth trí thagairt a dhéanamh do ‘substaintí guaiseacha a choinneáil faoi smacht’. Mar shampla:
|
|
99. |
Mar sin féin, meastar an dramhaíl a bheith guaiseach má tá ceann amháin nó níos mó de na tréithe guaiseacha inti a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir Réime Dramhaíola (Treoir 2008/98/CE). De ghrá na tagartha, cuirtear i láthair thíos anseo iad i dteannta le picteagraim faoi seach chun cuidiú le hairíonna guaiseacha a shainaithint amhail inadhainteacht, tocsaineacht agus creimtheacht, óna bhféadfaí dramhaíl a aicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach. |
|
100. |
Baineann airíonna guaiseacha leis an dramhaíl radaighníomhach freisin, nó féadann airíonna guaiseacha a bheith aici, rud a fhágann gur dramhaíl ghuaiseach atá inti, is é sin airíonna carcainaigineacha, só-ghineacha nó tocsaineacha don atáirgeadh. Mar sin féin, tá substaintí radaighníomhacha faoi réir rialacháin ar leithligh laistigh den Aontas Eorpach (Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle). Ba cheart gur feasach do na cuideachtaí a úsáideann ábhair radaighníomhacha ag a bhfuil an cumas dramhaíl radaighníomhach a ghiniúint atá faoi réir rialachán an Aontais faoi sin. Ba cheart an dramhaíl radaighníomhach a shainaithint bunaithe ar láithreacht radanúiclídí ar leibhéil os cionn tairseacha imréitigh rialála. |
|
101. |
Is féidir an dramhaíl radaighníomhach a bheith i láthair in éagsúlacht earraí amhail trealamh míochaine, taighde agus tionsclaíoch, braiteoirí deataigh, nó slodaí. |
|
102. |
Cuirtear picteagraim ghuaise le haghaidh gach aicme guaise i láthair thíos.
Picteagraim lena léirítear airíonna guaiseacha, Iarscríbhinn V, ón Rialachán maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú (CLP)(CE) Uimh. 1272/2008. |
|
103. |
Agus faisnéis á cur i láthair maidir lena giniúint dramhaíola nó maidir le hatreorú ón diúscairt, b’fhearr don ghnóthas faisnéis den sórt sin a thuairisciú in aonaid meáchain (e.g. kg nó tonaí). Mar sin féin, dá measfadh an gnóthas na haonaid mheáchain a bheith ina n-aonad míchuí, féadfaidh siad mar mhalairt rogha an mhéadracht réamhluaite a nochtadh i dtoirteanna (e.g. m3) ina ionad sin. |
|
104. |
Agus faisnéis á nochtadh maidir leis an méid bliantúil iomlán arna atreorú chuig athchúrsáil nó athúsáid, ba cheart don ghnóthas a thabhairt san áireamh an dramhaíl a shórtáiltear agus a sheoltar chuig oibritheoirí athchúrsála nó athúsáide (e.g. an méid dramhaíola a chuirtear i gcoimeádán athchúrsála nó sórtáil na dramhaíola ina catagóirí áirithe ábhar agus a seachadadh chuig saoráidí cóireála dramhaíola) seachas an dramhaíl a dhéantar a athchúrsáil nó a athúsáid go héifeachtach. |
|
105. |
Agus faisnéis á nochtadh maidir le dramhaíl, féadfaidh an gnóthas na táblaí seo a leanas a oiriúnú.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
106. |
I measc na samplaí den dramhaíl ghuaiseacha a d’fhéadfadh gnólachtaí beaga a ghiniúint tá ceallraí, olaí úsáidte, lotnaidicídí, trealamh ina bhfuil mearcair le fáil agus lampaí fluaraiseacha. |
|
107. |
Féadfaidh an gnóthas tuilleadh miondealuithe breise a chur ar fáil, lena sonraítear cineálacha breise dramhaíola atá neamhghuaiseach agus guaiseach . Ar dhéanamh amhlaidh dó, féadfaidh sé machnamh ar an liosta tuairiscí dramhaíola atá le fáil i méadracht shóisialta na Catalóige Dramhaíola Eorpaí. |
Treoraíocht faoin mais-sreabhadh bliantúil d’ábhair ábhartha a úsáidtear
|
108. |
Is táscaire é an mais-sreabhadh bliantúil atá ailínithe le ceanglais EMAS maidir le héifeachtúlacht an tomhaltais ábhar, agus léirítear leis tuilleamaíocht gnóthais ar ábhair shonracha ina chuid oibríochtaí (e.g. adhmad agus cruach do thionscal na foirgníochta). Ní foláir don ghnóthas faisnéis a chur ar fáil anseo maidir leis na hábhair a úsáideann sé, lena n-áirítear idir na hábhair a cheannaítear ó sholáthróirí agus iad siúd a fhoinsítear go hinmheánach ón táirgeadh. Le mais-sreabhadh bliantúil na n-ábhar ábhartha a d’úsáid sé a ríomh, ní foláir don ghnóthas na príomhábhair shonracha a shainaithint ar dtús ar a mbraitheann a chuid oibríochtaí, agus nach foláir éifeachtúlacht ábhartha a mheas ina leith (e.g. éifeachtúlacht ábhartha an adhmaid). Má úsáidtear cineálacha difriúla ábhar, beidh ar an ngnóthas an mais-sreabhadh bliantúil a chur ar fáil ar leithligh (i.e. an meáchan iomlán i gcás gach ábhair ábhartha a úsáidtear, e.g. tonaí adhmaid a cheannaítear) le haghaidh gach príomhábhair ar bhealach iomchuí, mar shampla tríd an mbealach ina gcuirtear i bhfeidhm iad a úsáid (Treoir Úsáideora EMAS). Tiocfaidh sreabhadh maise na n-ábhar ábhartha a úsáidfear ó shuim mheáchan gach ábhar a úsáidtear, lena n-áirítear amhábhair, ábhair chúnta, ábhair ionchuir, táirgí leathchríochnaithe, nó cinn eile nach iad (cé is moite d’fhoinsí fuinnimh agus uisce). Is fearr an táscaire sin a shloinneadh in aonaid meáchain (e.g. cileagraim nó tonaí), toirte (e.g. m3) nó aonaid mhéadracha eile as a mbaintear úsáid go coitianta san earnáil. |
Treoraíocht faoin gcaoi chun próisis mhonaraíochta, foirgníochta agus /nó pacáistíochta a shainaithint
|
109. |
Le próisis mhonaraíochta, foirgníochta agus/nó phacáistithe a shainaithint, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh do na gníomhaíochtaí sin a thagann faoi réir Roinn C – Monaraíocht, Roinn F – Foirgníocht chomh mhaith le hAicme O82.92 ‘Gníomhaíochtaí pacáistithe’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/137. |
1.3. Treoraíocht Bunmhodúil – Méadracht Shóisialta
B8 – Lucht saothair – Saintréithe ginearálta
|
110. |
Is é líon na bpost lánaimseartha i ngnóthas atá sa choibhéis lánaimseartha (FTE). Is féidir é a ríomh trí uaireanta sceidealaithe an chloig d’fhostaí a roinnt (líon iomlán iarbhír uaireanta oibre an chloig sa tseachtain) ar líon uaireanta an chloig an fhostóra le haghaidh seachtain oibre lánaimseartha (líon iomlán uaireanta an chloig arna ndéanamh ag fostaithe lánaimseartha). Mar shampla, fostaí a oibríonn 25 uair an chloig gach seachtain le haghaidh cuideachta inarb ionann an tseachtain lánaimseartha agus 40 uair an chloig, is ionann sin agus 0.625 FTE (i.e. 25/40 uair an chloig). |
|
111. |
Is ionann an líon foirne agus líon na ndaoine a fhostaíonn gnóthas arna thuairisciú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe nó mar mheán ar fud na tréimhse tuairiscithe. |
Treoraíocht faoin gcaoi chun faisnéis faoi chineálacha conarthaí fostaithe a chur i láthair
|
112. |
Taispeántar sa tábla seo a leanas an chaoi a bhféadfaí faisnéis maidir le
fostaithe
a chur i láthair de réir an chineáil conartha fostaíochta.
|
|
113. |
Taispeántar sa tábla seo a leanas conas is féidir faisnéis maidir le
fostaithe
a chur i láthair de réir inscne.
|
|
114. |
I roinnt Ballstát den Aontas Eorpach, is féidir le daoine iad féin a chlárú go dlíthiúil mar dhuine den tríú hinscne, ar minic is inscne neodrach í, a bheidh le catagóiriú mar ‘eile’ sa tábla thuas. Má tá sonraí á nochtadh ag an ngnóthas i dtaobh fostaithe i gcás nach indéanta sin, féadfaidh sé an méid sin a mhíniú agus tabhairt le fios nach infheidhme í an chatagóir ‘eile’. Tá feidhm ag an gcatagóir ‘neamhthuairiscithe’ maidir le fostaithe nach nochtann a bhféiniúlacht inscne. |
|
115. |
Taispeántar sa tábla seo a leanas conas is féidir faisnéis maidir le
fostaithe
a chur i láthair de réir tíortha.
|
|
116. |
Féadfaidh sainmhínithe agus cineálacha conarthaí fostaíochta a bheith difriúil ag brath ar an tír. Má tá fostaithe ag an ngnóthas ag obair i níos mó ná tír amháin, úsáidfidh sé na sainmhínithe arna sainordú i ndlíthe náisiúnta na dtíortha ina bhfuil na fostaithe bunaithe chun sonraí ar leibhéal tíre a ríomh. Déanfar sonraí den sórt sin ar leibhéal tíre a shuimiú ansin chun na figiúirí iomlána a ríomh, agus neamhshuim á déanamh d’aon difríocht idir sainmhínithe dlíthiúla náisiúnta. |
|
117. |
Tagraítear le láimhdeachas fostaithe d’fhostaithe a imíonn ón ngnóthas go deonach nó mar gheall ar dhífhostú, dul ar scor nó bás le linn seirbhíse. |
|
118. |
D’fhonn an ráta
láimhdeachais
a ríomh, ba cheart an fhoirmle thíos a úsáid.
|
B9 – Lucht saothair – Sláinte agus sábháilteacht
Treoraíocht faoin ráta timpistí intaifeadta a bhaineann leis an obair
|
119. |
Ar bhunús na toimhde go n-oibríonn oibrí lánaimseartha amháin 2 000 uair an chloig sa bhliain, léirítear leis an ráta an líon timpistí a bhaineann leis an obair in aghaidh 100 oibrí lánaimseartha in imeacht achar bliana. Murar féidir leis an ngnóthas an líon uaireanta an chloig a oibrítear a ríomh go díreach, féadfaidh sé é sin a mheas ar bhonn na ngnáthuaireanta nó na n-uaireanta caighdeánacha oibre. |
|
120. |
D’fhonn an ráta timpistí
intaifeadta a bhaineann leis an obair
de chuid
fostaithe
a ríomh, ba cheart an fhoirmle thíos a úsáid.
Sampla |
|
121. |
Thuairiscigh cuideachta A trí thimpiste a bhain leis an obair sa bhliain tuairiscithe. Tá 40
fostaí
ag cuideachta A, agus líon iomlán 80 000 uair an chloig (40 x 2 000) d’obair déanta in aon bhliain amháin.
Is é an ráta timpistí intaifeadta a bhaineann leis an obair 3/80 000 x 200 000 = 7.5. |
Treoraíocht maidir le líon na mbásanna de thoradh gortuithe atá bainteach leis an obair agus drochshláinte atá bainteach leis an obair
|
122. |
Eascraíonn gortuithe agus drochshláinte atá bainteach leis an obair as neamhchosaint ar chontúirtí ag an obair. |
|
123. |
Maidir leis an teilea-obair, baineann gortuithe agus drochshláinte leis an obair má tá an gortú nó drochshláinte bainteach go díreach le comhlíonadh na hoibre seachas leis an timpeallacht atá le fáil i gcoitinne sa bhaile. |
|
124. |
Maidir le gortuithe agus drochshláinte a tharlaíonn le linn do dhuine a bheith ag taisteal chun na hoibre, meastar iad a bheith bainteach leis an obair má bhí an fostaí ag déanamh gníomhaíochtaí oibre tráth an ghortaithe nó na drochshláinte. Timpistí a tharlaíonn le linn taistil, nach bhfuil faoi chúram an ghnóthais (i.e. timaistear tráthrialta chuig an obair agus uaithi), tá siad faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, lena rialaítear a gcatagóiriú faoi cé acu a mheastar nó nach meastar iad a bheith bainteach leis an obair. |
|
125. |
Meastar meabhairghalar a bheith bainteach leis an obair má thug an fostaí fógra go saorálach faoi, agus má eisíodh agus má tugadh fógra freisin i bhfoirm foirm mheastóireachta ó ghairmí ceadúnaithe cúraim sláinte gurb amhlaidh a bhaineann an tinneas faoi thrácht leis an obair. Maidir le fadhbanna sláinte a eascraíonn as caitheamh tobac, mí-úsáid drugaí agus alcóil, neamhghníomhaíocht coirp, aistí bia míshláintiúla, agus tosca síceasóisialta nach mbaineann leis an obair, ní mheastar go bhfuil siad bainteach leis an obair. |
|
126. |
Féadfaidh an gnóthas básanna de bharr gortuithe atá bainteach leis an obair a chur i láthair ar leithligh ó na básanna úd de bharr drochshláinte atá bainteach leis an obair. |
B10 – Lucht saothair – Luach saothair, cómhargáil agus oiliúint
Treoraíocht maidir le luach saothair: pá íosta
|
127. |
Tagraítear le ‘pá íosta ’ don chúiteamh íosta ar fhostaíocht in aghaidh uair an chloig nó aonad eile ama. Ag brath ar an tír, d’fhéadfaí an pá íosta a shocrú go díreach sa dlí nó trí mheán comhaontuithe cómhargála . Tagróidh an gnóthas don phá íosta is infheidhme don tír ar a dtuairiscíonn sé. |
|
128. |
I gcás na catagóire pá is ísle, seachas intéirnigh agus printísigh, feidhmíonn pá íosta mar an bonn leis an bpá bunleibhéil a ríomh. Dá bhrí sin, áirítear le pá bunúsach pá atá comhionann leis an bpá íosta chomh maith le haon íocaíocht sheasta bhreise a thugtar mar ráthaíocht d’fhostaithe sa chatagóir sin. |
Treoraíocht maidir le luach saothair: an bhearna chéatadánach idir fostaithe baineanna agus fireanna
|
129. |
Leis an méadracht don bhearna chéatadánach idir fostaithe baineanna agus fireanna tugtar aghaidh ar phrionsabal an chomhionannais inscne, ina sainordaítear pá comhionann as obair chomhionann. Sainmhínítear an bhearna phá mar an difríocht idir meánleibhéil phá idir fostaithe baineanna agus fireanna arna sloinneadh mar chéatadán den mheánleibhéal pá ag fostaithe fireanna. |
|
130. |
D’fhonn an mhéadracht sin a ríomh, déanfar gach
fostaí
a áireamh sa ríomh. Ina theannta sin, ba cheart do dhá mheánríomh
pá
ar leithligh a bheith ann i gcás fostaithe baineanna agus fireanna. Féach an fhoirmle thíos:
|
|
131. |
Ag brath ar bheartais luach saothair an ghnóthais, tagraítear le
hollphá
do gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
|
132. |
Is é an pá comhlán suimiú na n-eilimintí uile is infheidhme a liostaítear thuas. |
|
133. |
Is é an
meán-ollphá
in aghaidh uair an chloig an t-ollphá seachtainiúil/bliantúil arna roinnt ar an meánlíon uaireanta an chloig a oibrítear gach seachtain/bliain.
Sampla |
|
134. |
Tá X fostaí fireann agus Y fostaí baineann san iomlán ag cuideachta A. Is é €15 an t-ollphá in aghaidh uair an chloig d’fhostaithe fireanna, agus is é €13 an t-ollphá in aghaidh uair an chloig d’fhostaithe baineanna. |
|
135. |
Is é meánleibhéal ollphá in aghaidh uair an chloig na bhfostaithe fireanna suim a gcuid íocaíochtaí comhlána in aghaidh uair an chloig arna roinnt ar líon iomlán na bhfostaithe fireanna. Is é meánleibhéal ollphá in aghaidh uair an chloig na bhfostaithe baineanna suim a gcuid íocaíochtaí comhlána in aghaidh uair an chloig arna roinnt ar líon iomlán na bhfostaithe baineanna. |
|
136. |
Is í an fhoirmle a úsáidtear leis an mbearna
phá
chéatadánach idir
fostaithe
fireanna agus baineanna
|
Treoraíocht maidir le cumhdach na cómhargála
|
137. |
Is iad na fostaithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe cómhargála na daoine aonair sin a bhfuil oibleagáid ar an ngnóthas an comhaontú a chur i bhfeidhm ina leith. Má chumhdaítear fostaí le níos mó ná aon chomhaontú cómhargála amháin, ní gá é a chomhaireamh ach aon uair amháin. Mura gcumhdaítear aon duine de na fostaithe le comhaontú cómhargála, is é nialas an céatadán a thuairiscítear. |
|
138. |
Déantar céatadán na
bhfostaithe
a chumhdaítear le comhaontuithe
cómhargála
a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas.
|
|
139. |
Féadfar an fhaisnéis a theastaíonn de réir an cheanglais seo maidir le nochtadh a thuairisciú mar rátaí cumhdaigh má tá cumhdach na cómhargála idir 0-19 %, 20-39 %, 40-59 %, 60-79 % nó 80-100 %. |
|
140. |
Ní hé is aidhm don cheanglas sin an céatadán fostaithe a ndéanann comhairle oibreacha ionadaíocht dóibh nó atá i gceardchumainn a fháil, dhá ní is féidir a bheith éagsúil. Is féidir go mbeidh an céatadán fostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála níos airde ná an céatadán fostaithe i gceardchumann i gcás ina mbeidh feidhm ag na comhaontuithe cómhargála maidir le comhaltaí ceardchumainn agus comhaltaí nach comhaltaí ceardchumainn iad araon. |
1.4. Treoraíocht Bunmhodúil – Méadracht Iompair Gnó
B11 – Ciontuithe agus fíneálacha mar gheall ar éilliú agus breabaireacht
|
141. |
Tagann éilliú agus breabaireacht faoi shaincheist inbhuanaitheacht an iompair gnó . |
|
142. |
De réir mhír 43, tuairisceoidh an gnóthas ar líon iomlán na gciontuithe agus an méid iomlán fíneálacha ar dhlíthe frith- éillithe agus frith bhreabaireachta . |
Treoraíocht maidir le ciontuithe
|
143. |
Tagraítear le ciontuithe ar dhlíthe frith- éillithe agus frith bhreabaireachta a shárú d’aon fhíorasc i gcúirt choiriúil in aghaidh duine aonair nó gnóthais i ndáil le cion coiriúil a bhaineann le héilliú agus breabaireacht, mar shampla i gcás ina gcuirtear na cinntí cúirte sin sa taifead coiriúil de Bhallstát an Aontais Eorpaigh ina ndéantar an ciontú. |
Treoraíocht maidir le fíneálacha
|
144. |
Tagraítear leis na fíneálacha arna n-eisiúint in aghaidh dlíthe frith- éillithe agus frith bhreabaireachta a shárú do phionóis éigeantacha airgeadaíochta de thoradh sáruithe ar dhlíthe frith-éillithe agus frithbhreabaireachta a ghearrann cúirt, coimisiún nó údarás eile rialtais, a íoctar le státchiste poiblí. |
Modúl Cuimsitheach: Treoraíocht
|
145. |
Tá an treoraíocht atá le fáil sna ranna thíos ceaptha chun cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh inbhuanaitheachta atá le fáil i míreanna 44 go 65 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta deonach le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide a éascú. |
|
146. |
Tá an treoraíocht thíos beartaithe mar chuid d’éiceachóras lena bhféadfaí forbairt treoraíochta breise maidir le tacaíocht ag EFRAG a áireamh freisin, uirlisí digiteacha breise agus tacaíocht do chur chun feidhme (gníomhaíochtaí oideachasúla, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus araile), arb éard is aidhm dó tuiscint ar roinnt de na gnéithe teicniúla sa treoraíocht a éascú. |
|
147. |
Tá an treoraíocht seo ceaptha chun tacú le méadracht a ullmhú sa Mhodúl Cuimsitheach. |
1.5. Treoraíocht maidir leis an Modúl Cuimsitheach – Faisnéis ghinearálta
C1 – Straitéis: Samhail Ghnó agus Inbhuanaitheacht – Tionscnaimh Ghaolmhara
|
148. |
Agus tuairisc á tabhairt ar na príomhghaolmhaireachtaí idir tomhaltóirí agus soláthróirí faoi mhír 47 (c), nochtfaidh an gnóthas líon measta na soláthróirí, agus a gcuid earnálacha agus limistéir gheografacha ghaolmhara (i.e. tíortha). |
C2 – Tuairisc ar chleachtais, beartais agus tionscnaimh amach anseo chun aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe
|
149. |
Féadfaidh gnóthais úsáid a bhaint as an teimpléad seo a leanas chun tuairisciú ar phointí sonraí C2.
|
1.6. Treoraíocht maidir leis an Modúl Cuimsitheach – Méadracht Chomhshaoil
Ábhar machnaimh agus tuairisciú á dhéanamh ar astaíochtaí GCT faoi B3 (Bunmhodúl)
|
150. |
Agus cinneadh á dhéanamh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí é Raon feidhme 3 a nochtadh tar éis mhír 50, féadfaidh an gnóthas a chuid astaíochtaí GCT iomlána faoi Raon feidhme 3 a scagdhealú bunaithe ar na 15 chatagóir Raon feidhme 3 arna sainaithint ag Prótacal GCT leis na meastacháin iomchuí agus tuairisciú tríd an bhfaisnéis sin a áireamh leis trí thagairt a dhéanamh di. Ceadaítear leis sin do shainaithint agus nochtadh a chatagóirí suntasacha Raon feidhme 3, bunaithe ar mhéid a chuid astaíochtaí measta GCT agus critéir eile arna gcur ar fáil ag an gCaighdeán Corparáideach Cuntasaíochta agus Tuairiscithe do Phrótacal GCT (Raon feidhme 3) (Leagan 2011, lch. 61 agus 65-68) nó EN ISO 14064-1:2018 Iarscríbhinn H.3.2, amhail caitheamh airgeadais, tionchar, rioscaí agus deiseanna gaolmhara aistrithe, nó tuairimí páirtithe leasmhara. |
|
151. |
Na FBManna a oibríonn le próisis mhonaraithe, agraibhia, foirgníochta réadmhaoine agus phacáistíochta, is dócha go mbainfidh catagóirí suntasacha Raon feidhme 3 leo (Nóta Teicniúil CDP: Ábharthacht Chatagóirí Raon feidhme 3 de réir Earnála, 2024), a d’fhéadfaí a mheas mar ábhartha don tuairisciú in earnáil an ghnóthais. |
C3 – Spriocanna laghdaithe GCT agus aistriú aeráide
|
152. |
Is féidir le laghduithe ar astaíochtaí a bheith ina ndúshlán agus deis do ghnóthas, óir is minic a éilíonn sé athruithe ar fhíorchás straitéiseach agus oibríochtúil na gnólachta. Leis an sprioc chun astaíochtaí a laghdú, is féidir go mbeidh gá le tosaíochtaí straitéiseacha agus airgeadais. Leis an dícharbónú, is féidir go mbeidh infheistíocht tosaigh thábhachtach de dhíth mar shampla ar fhlít feithiclí a leictriú, teicneolaíochtaí nua a chur chun feidhme leis an ídiú fuinnimh a laghdú nó línte nua táirgí a fhorbairt nach mbraitheann an oiread céanna ar ábhair atá dian ar charbón. Ar an taobh eile de, má chuirtear réitigh ísealcharbóin chun feidhme le laghdú ar astaíochtaí GCT a bhaint amach, is féidir costais an fhuinnimh agus na n-ábhar ceannaithe a laghdú go mór. Is minic a fheiceann na gnóthais atá ag tabhairt faoi aistear dícharbónúcháin coigeartuithe tábhachtacha atá le cur i gcrích ar a samhlacha gnó nó ar a n-oibríochtaí laethúla. Mar shampla, féadfaidh gur gá do ghnóthas seirbhísí lóistíochta agus seachadta a bhainistiú flít a athdhearadh le bristeacha féideartha ar sheirbhís a íoslaghdú de bharr an ghá chun feithiclí a luchtú ar bhonn tráthrialta. Aon ghnóthas monaraíochta earraí tomhaltais atá ag beartú comhpháirt dá tháirge a ionadú le rogha malartach inbhuanaithe ísealcharbóin, d’fhéadfadh a bheith air am agus acmhainní a leithdháileadh don nuálaíocht táirgí agus don chuardach le haghaidh soláthróirí nua. Féadfaidh na hiarrachtaí sin, ar a seal, costais a laghdú, ábhair nua a rochtain, láithreacha oibre nua a chruthú agus maoiniú breise a mhealladh, rud a chruthaíonn ní hamháin gur dúshlán é astaíochtaí GCT a laghdú, ach gur deis straitéiseach gnó é freisin. Sa chomhthéacs sin, is tomhas tábhachtach iad spriocanna le haghaidh laghduithe ar GCTanna ar an bhfreagairt don ghá atá le haistriú inbhuanaithe, óir cuireann siad ar a gcumas do ghnóthais an t-athrú a bhainistiú ar bhealach córasach, rialaithe agus eagraithe. |
|
153. |
Is gealltanas í sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT chun astaíochtaí GCT an ghnóthais a laghdú i mbliain éigin amach anseo i gcomparáid leis na hastaíochtaí arna dtomhas le linn bonnbhliain roghnaithe. Gníomhaíochtaí a bhféadfadh sé go dtiocfadh laghduithe astaíochtaí astu lena n-áirítear, mar shampla, leictriú, leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, forbairt táirgí inbhuanaithe, etc. Éilíonn Nochtadh C3 go nochtann an gnóthas spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT i gcás a astaíochtaí Raon feidhme 1 agus Raon feidhme 2. |
|
154. |
Ní chuirfear aistrithe agus astaíochtaí seachanta san áireamh mar laghdú ar ollastaíochtaí GCT an ghnóthais. Tá sé sin amhlaidh de bharr idirdhealú tábhachtach idir cleachtais chuntasaíochta le haghaidh astaíochtaí comhlána GCT (cuntasaíocht fardail) agus aistrithe GCT agus astaíochtaí seachanta (bunaithe ar thionscadal nó cuntasaíocht idirghabhála). Tá ollastaíochtaí GCT an ghnóthais ceaptha chun astaíochtaí iarbhír a scaoiltear sa chomhshaol a rianú, rud a sholáthraíonn bonnlíne chomhsheasmhach agus inchomparáide chun spriocanna GCT a shocrú. Ar an láimh eile de, baineann astaíochtaí seachanta agus aistrithe dé-ocsaíde carbóin, le sainghníomhaíochtaí tionscadail an ghnóthais, rud a chiallaíonn go ndéantar a chuntasaíocht ar leithligh ó astaíochtaí comhlána GCT. |
|
155. |
Leis an gcleachtas sin a leanúint, ní foláir don ghnóthas idirdhealú a dhéanamh idir a astaíochtaí comhlána GCT agus tionchair eile nach bhfuil gafa ann, amhail aistrithe GCT agus astaíochtaí seachanta. Tagraíonn aistrithe do tharraingt GCT as an atmaisféar de thoradh gníomhaíochtaí an duine d’aon ghnó. D’fhéadfaí a áireamh i measc samplaí de na gníomhaíochtaí sin fás plandaí (aistriú CO2 atmaisféaraigh trí fhótaisintéis) agus gabháil dhíreach CO2 ón aer, agus is iondúil a nasctar iad le stóráil leantach CO2. Is iondúil go dtagraítear d’astaíochtaí seachanta GCT mar astaíochtaí a tharlódh ina mhalairt de chás, ach nár tharla de bharr gníomhaíochtaí an ghnóthais. Féadfar a áireamh leo sin táirgí agus teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach lena laghdaítear an t-éileamh ar a gcoibhéisí atá dian ar charbón, mar shampla réitigh insliúcháin i bhfoirgneamh ina seachnaítear an t-éileamh ar sheirbhísí fuinnimh ansin. Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na coincheapa a bhaineann le haistrithe carbóin agus astaíochtaí seachanta a aimsiú sa Treoraíocht i ndáil le Prótacal GCT maidir le hEarnáil na Talún agus Aistrithe. |
|
156. |
Is ionann bonnbhliain agus bliain ar féidir astaíochtaí GCT reatha an ghnóthais a thomhas lena hais. Go ginearálta, ba cheart don bhonnbhliain a bheith mar bhliain le déanaí agus ionadaíoch ar astaíochtaí GCT ina mbíonn sonraí infhíoraithe le fáil. |
|
157. |
Is í an spriocbhliain an bhliain amach anseo ina bhfuil sé mar aidhm ag an ngnóthas dearbhmhéid nó méid céatadánach de laghduithe ar astaíochtaí GCT a bhaint amach. Ba cheart tréimhse idir 1 bhliain amháin agus 3 bliana a bheith i gceist leis ón mbonnbhliain go dtí sprioc ghearrthéarmach. Féadfar spriocanna níos fadtéarmaí a chur san áireamh freisin, mar shampla, le haghaidh tréimhsí idir 20 agus 30 bliain (e.g. 2040 nó 2050). Moltar do ghnóthais spriocluachanna a áireamh don spriocbhliain ghearrthéarmach 2030 ar a laghad, agus más indéanta, don bhliain fhadtéarmach 2050. Ó 2030 ar aghaidh, moltar an bhonnbhliain agus an spriocbhliain a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT tar éis gach tréimhse 5 bliana. |
|
158. |
Le sprioc a shocrú, ba cheart do ghnóthais an fhianaise eolaíochta atá ann cheana maidir le maolú ar GCT a thabhairt san áireamh. Molann an SBTi sprioc thras-earnála maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT -42 % faoi 2030 agus -90 % faoi 2050 (agus 2020 mar bhonnbhliain). Tá bealach cuíchóirithe socraithe spriocanna á mholadh ag SBTi freisin le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide (6). Is ann do chonairí sonracha freisin de réir earnála, agus féadfaidh na gnóthais iad a mheas agus a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT á socrú acu. |
|
159. |
Le laghdú tapa ar astaíochtaí díreacha agus indíreacha araon a bhaint amach, tá roinnt gníomhartha simplí ann is féidir leis an ngnóthas a ghlacadh. Féadann roinnt gníomhaíochtaí a bheith éasca, ach mar sin féin is féidir laghdú suntasach ar astaíochtaí teacht leo agus tacaíocht don ghnóthas chun a chuid spriocanna a bhaint amach. Mar shampla, tiocfaidh laghdú ar astaíochtaí ó leictriú an fhlít feithiclí trí fheithiclí a ritheann ar bhreoslaí iontaise a ionadú le feithiclí leictreacha, a luaithe a bheidh an flít roimhe ionadaithe. Is féidir go gciallaíonn sé sin laghdú suntasach ar astaíochtaí, go háirithe le haghaidh gnó a bhraitheann ar an iompar. Ar an gcaoi chéanna, is bealach éifeachtach simplí agus gníomh dícharbónúcháin indéanta é timaistir agus taistil ghnó i gcarr a ionadú le malairtí ísealcharbóin amhail rothair nó iompar poiblí. Limistéar eile sofhuascailte is ea athbhreithniú a dhéanamh ar bhainistíocht fuinnimh inmheánach agus í a thabhairt cothrom le dáta chuig trealamh atá tíosach ar fhuinneamh, agus an chothabháil a chomhtháthú le gnáthoibríochtaí gnó. Trí threalamh agus innealra a chothabháil go tráthrialta, agus iad a ionadú le malairtí níos tíosaí ar fhuinneamh i gcás inar féidir, is féidir leis an ngnóthas a ídiú fuinnimh a laghdú. Is féidir trealamh amhail coirí, córais teileachumarsáide, teaschaidéil, aerchóireáil, etc. a áireamh leis an trealamh den sórt sin. Trí chothabháil thráthrialta is féidir a n-oibriú éifeachtúil a áirithiú, caitheamh agus cuimilt a íoslaghdú agus an dramhaíl a íoslaghdú. Trí chórais a uathoibriú freisin agus amadóirí a úsáid chun tréimhsí úsáide a shainiú, beidh an gnóthas in ann astaíochtaí an trealaimh sin a ísliú níos faide fós. |
|
160. |
Tacar gníomhartha faoi láthair agus amach anseo is ea plean aistrithe aeráide don mhaolú ar an athrú aeráide, atá beartaithe le bheith ag teacht le samhail, straitéis agus oibríochtaí gnó an ghnóthais, leis an bpríomhsprioc dhomhanda uileghabhálach chun an téamh domhanda a theorannú chuig 1.5 °C. Agus sprioc laghdaithe GCT mar bhonn taca faoi atá comhoiriúnach leis an sprioc sin, is é an tábhacht a bhaineann le plean aistrithe a bheith i bhfeidhm gur féidir tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbogfaidh an gnóthas i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus rian á choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta. Feidhmíonn plean aistrithe mar shásra don chuntasacht agus trédhearcacht, rud a thug leid do ghnóthais conairí inchreidte a fhorbairt leis an athrú aeráide a mhaolú trína ghníomhartha. |
|
161. |
D’fhéadfaí tacú le plean aistrithe inchreidte a chur ar bun don ghnóthas le heilimintí amhail (a) freagrachtaí agus róil shoiléire a shainaithint; (b) an plean a chomhtháthú le straitéis gnó agus pleanáil airgeadais an ghnóthais; (c) lena n-áirítear faisnéis maidir le luamháin agus conairí an dícharbónúcháin chomh maith le táscairí inchainníochtaithe ar féidir faireachán a dhéanamh orthu trí thréimhsí réamhshainithe; (d) ceadú d’athbhreithniú agus nuashonrú tráthrialta tar éis comhairliúcháin le páirtithe leasmhara de réir mar is cuí; agus (e) iomláine a chuid oibríochtaí féin a chumhdach agus, an oiread agus is féidir, an slabhra luacha nó míniú a thabhairt ar bhealach eile maidir le haon teorannú. |
|
162. |
Féadfaidh gnóthais a nochtann spriocanna i gcomhréir le Rialachán EMAS Iarscríbhinn IV B (d) a spriocanna laghdaithe GCT a úsáid chun ceanglas TD-FBM a chomhlíonadh má tá spriocanna den sórt sin socraithe aige. Féadfaidh an gnóthas tacú freisin leis an nochtadh seo trí chur chun feidhme chóras bainistíochta comhshaoil EMAS agus nascadh le EN ISO 14001:2015 mar a leagtar amach le Rialachán EMAS Iarscríbhinn II B A.6.2.1 agus B.5 (cuspóirí comhshaoil). |
Treoraíocht faoin gcaoi chun próisis mhonaraíochta, foirgníochta agus /nó pacáistíochta a shainaithint
|
163. |
Le próisis mhonaraíochta, foirgníochta agus/nó phacáistithe a shainaithint, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh do na gníomhaíochtaí sin a thagann faoi réir Roinn C – Monaraíocht, Roinn F Foirgníocht chomh maith le hAicme O82.92 ‘Gníomhaíochtaí pacáistithe’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/137. |
C4 – Rioscaí aeráide
|
164. |
Is iad na guaiseacha atá bainteach leis an aeráid is cúis leis na rioscaí fisiceacha atá bainteach leis an aeráid a eascraíonn as na tionchair a bhíonn ag an athrú aeráide ar an ngnóthas. Is féidir iad a aicmiú ina nguaiseacha géara, a eascraíonn as teagmhais ar leith (amhail triomaigh, tuilte, frasaíocht as cuimse agus falscaithe), agus ina nguaiseacha ainsealacha (amhail teochtaí athraitheacha, ardú ar leibhéal na mara agus creimeadh ithreach), a eascraíonn as athruithe níos fadtéarmaí ar an aeráid (Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún). Tá feidhm ag rioscaí fisiceacha de bharr guaiseacha atá bainteach leis an aeráid, neamhchosaint shócmhainní agus ghníomhaíochtaí an ghnóthais ar na guaiseacha sin, agus a íogaire atá an gnóthas ar na guaiseacha sin. Is samplaí de ghuaiseacha atá bainteach leis an aeráid iad tonnta teasa, minice mhéadaithe na dteagmhas adhaimsire, ardú ar leibhéal na mara, tuilte tobdhíle lochanna oighreacha agus athrú ar phatrúin frasaíochta agus ghaoithe. Is féidir rioscaí fisiceacha atá bainteach leis an aeráid a shainaithint agus a shamhaltú le cásanna aeráide ina meastar treochtaí astaíochtaí arda amhail IPCC SSP5-8.5. |
|
165. |
Féadfaidh teagmhais aistrithe a bhaineann le haeráid (de réir Mholtaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, (TCFD), 2017) a bheith bunaithe ar bheartais agus ar dhlí (e.g. oibleagáidí feabhsaithe tuairiscithe astaíochtaí), ar theicneolaíocht (e.g. costais an aistrithe chuig teicneolaíocht astaíochtaí níos ísle), ar mhargadh (e.g. costas méadaithe na n-amhábhar) agus ar cháilmheas (e.g. cás méadaithe páirtithe leasmhara). |
|
166. |
Tagraítear le Rioscaí comhlán a bhaineann leis an aeráid do rioscaí fisiceacha comhlána agus rioscaí aistrithe comhlána a d’fhéadfadh a bheith i gceist de thoradh neamhchosaint sócmhainní agus gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais ar ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid. |
1.7. Treoraíocht maidir leis an Modúl Cuimsitheach – Méadracht Shóisialta
C5 – Saintréithe breise (ginearálta) den lucht saothair
|
167. |
Leis an gcóimheas idir mná agus fir a fháil amach, roinn an líon
fostaithe
baineanna ar an líon fostaithe fireanna ar leibhéal bainistíochta. Gheofar amach an cion idir mná agus fir i do chuideachta uaidh sin.
|
|
168. |
Meastar an leibhéal bainistíochta mar an leibhéal faoi bhun an bhoird stiúrthóirí mura bhfuil sainmhíniú sonrach le húsáid ag an ngnóthas. |
|
169. |
Mar shampla, má tá 28 fostaí baineann agus 84 fostaí fireann ar leibhéal bainistíochta, bheadh an cóimheas idir fir agus mná ag 1:3, rud a chiallódh go mbeadh triúr fear ann in aghaidh gach mná ar leibhéal bainistíochta. |
|
170. |
Ba iad seo a leanas na tosca ábhartha le tabhairt san áireamh ag gnóthas agus cinneadh á dhéanamh an líon oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe sealadacha a nochtadh nó gan é a nochtadh de réir mhír 60: (1) an cóimheas idir fostaithe agus oibrithe féinfhostaithe agus sealadacha, go háirithe i gcás tuilleamaíocht shuntasach agus/nó mhéadaitheach nó (2) nuair is mó an riosca ó thionchair shóisialta dhiúltacha ar oibrithe féinfhostaithe nó deonacha i gcomparáid le fostaithe an ghnóthais é féin. |
|
171. |
Taispeántar sa tábla seo a leanas an chaoi a bhféadfaí faisnéis a chur i láthair maidir le daoine féinfhostaithe gan phearsanra atá ag obair go heisiach don ghnóthas agus do na hoibrithe sealadacha arna gcur ar fáil ag gnóthais atá gafa den chuid is mó le gníomhaíochtaí fostaíochta.
|
|
172. |
Is féidir le gnóthais tagairt a dhéanamh do Chód NACE O78 le haghaidh oibrithe sealadacha arna soláthar ag gnóthais a bhíonn gafa go príomha le ‘gníomhaíochtaí fostaíochta’. |
C6 – Faisnéis bhreise maidir lena lucht saothair féin - Beartais agus próisis um chearta an duine
|
173. |
Na gnóthais ag a bhfuil próiseas díchill chuí i bhfeidhm do chearta an duine, is féidir leo freagairt go dearfach (TÁ) agus d’fhéadfaidís soiléiriú a thabhairt maidir le hinneachar na mbeartas agus/nó na bpróiseas leis an roghchlár aníos. |
C7 – Teagmhais dhiúltacha thromchúiseacha a bhaineann le cearta an duine
|
174. |
Tagraítear le ‘teagmhas deimhnithe ‘ do chaingean dlí nó gearán a chláraítear leis an ngnóthas nó leis na húdaráis inniúla trí phróiseas foirmiúil, nó cás de neamh-chomhlíonadh arna shainaithint ag an ngnóthas trí nósanna imeachta bunaithe. Ar nósanna imeachta bunaithe chun cásanna neamhchomhlíonta a shainaithint is féidir iniúchtaí ar chóras bainistíochta, cláir faireacháin fhoirmiúla, nó sásraí casaoide a áireamh. |
1.8. Treoraíocht maidir leis an Modúl Cuimsitheach – Méadracht Iompair Gnó
C8 – Ioncaim ó earnálacha áirithe agus eisiamh ó thagarmharcanna tagartha an Aontais Eorpaigh
|
175. |
Is breoslaí iontaise, arna sainiú in Airteagal 2(62), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, iad na foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh atá bunaithe ar charbón amhail breoslaí soladacha, gás nádúrtha agus ola. |
|
176. |
Tagraítear le táirgeadh ceimiceán do na gníomhaíochtaí a liostaítear faoi Roinn C Rannán 20.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/137, i.e. monarú lotnaidicídí agus táirgí agraiceimiceacha eile. |
|
177. |
Mar a shainmhínítear le hAirteagal 12.1 de Rialachán Tarmligthe Rialachán (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, is iad seo a leanas na cuideachtaí a eisiatar ó na Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras:
|
C9 – Cóimheas éagsúlachta inscne sa chomhlacht rialachais
|
178. |
Tagraítear leis an gcomhlacht rialachais don údarás cinnteoireachta is airde i gcuideachta. Ag brath ar an dlínse ina bhfuil an chuideachta suite, agus ar a haicmiúchán mar eintiteas dlítheanach, is féidir leis an gcomhlacht rialachais bheith éagsúil de réir formáide. |
|
179. |
Ar bhunús na gceanglas atá le fáil in RNAI, déantar cóimheas éagsúlachta inscní an
chomhlachta
rialachais a ríomh mar chóimheas meánach idir comhaltaí boird baineanna agus fireanna.
Sampla |
|
180. |
Tá comhlacht rialachais ar FBM áirithe comhdhéanta de sheisear comhaltaí, lena n-áirítear triúr ban. Is é a haon an cóimheas éagsúlachta inscne – tá ball fireann amháin ann le haghaidh gach baill bhaineann. |
(1) Prótacal Gáis Ceaptha Teasa. Caighdeán Corparáideach Cuntasaíochta agus Tuairiscithe Phrótacal GCT – Eagrán Leasaithe. Institiúid Acmhainní an Domhain & Comhairle Dhomhanda na nGnóthas um Fhorbairt Inbhuanaithe.
(2) Prótacal Gáis Ceaptha Teasa. Caighdeán Corparáideach Cuntasaíochta agus Tuairiscithe Phrótacal GCT – Eagrán Leasaithe. Institiúid Acmhainní an Domhain & Comhairle Dhomhanda na nGnóthas um Fhorbairt Inbhuanaithe.
(3) SEI agus CCAC (2022). Treoir Phraiticiúil do Ghnólachtaí maidir le Measúnú um Astaíochtaí Aerthruailleán. Institiúid Comhshaoil Stócólm (SEI) agus An Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain (CCAC).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla, C/2022/1931, IO L 196, 25.7.2022, lgh. 1–72.
(5) D’fhéadfaí gluaisteáin, árachas sláinte príobháideach, árachas saoil agus cláir folláine a áireamh i measc na samplaí.
(6) Tairgeann SBTI acmhainní freisin do FBManna chun spriocanna eolaíocht-bhunaithe a shocrú.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1710/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)