|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1583 |
30.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1583 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Iúil 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(6) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Chinn an Chomhairle gur cheart an iontráil do dhuine amháin a scriosadh, agus gur cheart na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine eile agus gach eintiteas eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 12, 19.1.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/44/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 (‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)’), i gCuid A (‘Daoine’), scriostar iontráil 8 (a bhaineann le HOUEJ, Mohamad Ali).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1583/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)