|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1582 |
1.8.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1582 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2025
maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5362)
(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a rialú dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil. |
|
(5) |
Go háirithe, ceanglaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 criosanna srianta a bhunú de réir bhrí Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 sa Bhallstát sin, agus cinntear leis na limistéir a liostaítear ina nIarscríbhinní faoi seach mar chriosanna den sórt sin. |
|
(6) |
Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318, thug an Iodáil fógra don Choimisiún faoi 25 ráig bhreise d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i gcúigí Nuoro agus Sassari, i réigiún na Sairdíne, chomh maith le ráig bhreise amháin i réigiún na Lombairde, ráigeanna a tuairiscíodh idir an 25 Meitheamh agus an 17 Iúil 2025. Mar fhreagairt ar na ráigeanna sin, bhunaigh an Iodáil criosanna srianta agus criosanna faireachais, chomh maith le criosanna srianta breise, i gcúigí Nuoro agus Sassari, i réigiún na Sairdíne, chomh maith le criosanna cosanta agus faireachais i réigiún na Lombairde, criosanna ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, tá crios faireachais bunaithe ag an Iodáil i limistéar a bhfuil teorainn aige leis an bhFrainc, mar fhreagairt ar an ráig a dheimhnigh an Fhrainc an 12 Iúil 2025 i réigiúin gar do theorainn na hIodáile. |
|
(7) |
Méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus na criosanna faireachais, chomh maith leis an crios srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá siad bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid an chreasa cosanta agus an chreasa faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (5) agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh. |
|
(8) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, go háirithe Airteagal 69 de, foráiltear go bhféadfaidh údarás inniúil Ballstáit úsáid a bhaint as vacsaíniú próifiolacsach éigeandála i gcás inar gá le haghaidh rialú éifeachtach galair liostaithe in ainmhithe ar coimeád. Chuige sin, tá an t-údarás inniúil le criosanna vacsaínithe a bhunú agus plean oifigiúil vacsaínithe a chur chun feidhme a chomhlíonann ceanglais shonracha. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (6), lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429, leagtar síos, inter alia, na rialacha sonracha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit agus vacsaíniú próifiolacsach éigeandála á úsáid acu i mbó-ainmhithe chun galar liostaithe a chosc nó a rialú. Sa Rialachán Tarmligthe sin, tá na coinníollacha faoina bhféadfar gluaiseacht ainmhithe vacsaínithe agus a dtáirgí a cheadú, freisin. In Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin, leagtar síos coinníollacha sonracha maidir le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ionfhabhtú le galar an chraicinn chnapánaigh. |
|
(9) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/140 ón gCoimisiún (7) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais. Go háirithe, leagtar amach ann na ceanglais nós imeachta agus theicniúla faoi Airteagal 8 chun go ndéanfaidh na Ballstáit rochtain éigeandála a iarraidh ar vacsaíní, lena n-áirítear vacsaíní le haghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, ó bhainc vacsaíní. |
|
(10) |
An 1 Iúil 2025 rinne an Iodáil a phlean oifigiúil um vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ionfhabhtú ghalar an chraicinn chnapánaigh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuimsítear sa phlean faisnéis maidir le raon feidhme geografach agus riaracháin na gcriosanna vacsaínithe, an líon bunaíochtaí agus an líon ainmhithe atá le vacsaíniú, agus fad tréimhse an vacsaínithe, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. D’iarr an Iodáil dáileoga vacsaíne leordhóthanacha ar bhanc vacsaíní an Aontais freisin, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/140 chun tús a chur le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála i gcríoch iomlán réigiún na Sairdíne. |
|
(11) |
Na coinníollacha faoina bhfuil an Iodáil chun vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a chur i bhfeidhm, chomh maith leis na bearta maolaithe riosca a dhéanfar maidir le gluaiseacht ainmhithe vacsaínithe agus a dtáirgí, leagtar siad na coinníollacha sin in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. I gcomhréir leis na coinníollacha sin, féadfar vacsaíniú a chur chun feidhme i gcriosanna vacsaínithe I nó II, de réir dheimhniú an ionfhabhtaithe le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. |
|
(12) |
D’fhéadfadh sé gur ghá cineál, méid agus fad tréimhse chriosanna vacsaínithe I agus II a choigeartú i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise dhul chun cinn na bhfeachtas vacsaínithe, agus go háirithe leibhéal athraitheach an chumhdaigh vacsaíne a bhaintear amach á chur san áireamh. I gcás inarb iomchuí nó i gcas inar gá, d’fhéadfadh sé gur ghá crios vacsaínithe I a dhéanamh de chrios vacsaínithe II nó cuid de, nó a mhalairt, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 agus bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag údaráis inniúla na mBallstát atá buailte. Dá réir sin, is gá na dátaí a athraítear ó chineál amháin creasa vacsaínithe go cineál eile creasa vacsaínithe a léiriú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
(13) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair agus an riosca gur féidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh leathadh trí bhó-ainmhithe atá ionfhabhtaithe go fochliniciúil, is gá toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí na mbó-ainmhithe sin ó aon láthair laistigh de chrios cosanta, crios faireachais nó crios srianta breise chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlínte seachtracha na gcriosanna srianta breise san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin. Chuige sin, b’éigean limistéir shonracha i gcríocha na hIodáile a shainaithint inar cheart bearta feabhsaithe a chur i bhfeidhm, amhail na bearta is infheidhme i gcriosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar críocha iad óna mbeidh toirmeasc freisin ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe lasmuigh d’imlínte seachtracha na limistéar sin nó níos faide go dtí dáta áirithe. |
|
(14) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise, chomh maith le criosanna vacsaínithe, ba cheart na limistéir sin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad tréimhse na mbeart sin a shocrú, i gcomhar leis na Ballstáit sin. |
|
(15) |
Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart na criosanna srianta agus na criosanna vacsaínithe a shainiú go beacht i dtéarmaí a raoin feidhme gheografaigh agus a bhfad tréimhse chun leathadh breise an ghalair san Iodáil nó chuig na Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha a chosc. I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Chinnidh seo a luaithe is féidir. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfaidh an Iodáil an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
bunóidh údaráis inniúla na mBallstát sin láithreach criosanna srianta, lena gcuimseofar na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
|
(b) |
bunóidh údarás inniúil na mBallstáit sin láithreach criosanna vacsaínithe i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin; |
|
(c) |
cuimseoidh na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith leis na criosanna vacsaínithe dá dtagraítear i bpointe (b) ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(d) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise, chomh maith leis na criosanna vacsaínithe, go cuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Áiritheoidh an Iodáil go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais nó na criosanna srianta breise a leagtar amach in Iarscríbhinn I chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
1. Cuirfidh an Iodáil na bearta is infheidhme i bhfeidhm maidir le criosanna srianta breise, sa limistéar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus le haghaidh na dtréimhsí ama a shonraítear san Iarscríbhinn sin, i gcomhréir le i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
2. Beidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh den limistéar sin san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin, le haghaidh na dtréimhsí ama a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318.
Airteagal 5
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2025 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil (IO L, 2025/1318, 1.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1318/oj).
(5) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/140 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais (IO L 23, 2.2.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/140/oj).
IARSCRÍBHINN I
Cuid A: Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Réigiún na Sairdíne IT-LSD-2025-00001 IT-LSD-2025-00003 IT-LSD-2025-00004 IT-LSD-2025-00005 IT-LSD-2025-00006 IT-LSD-2025-00007 IT-LSD-2025-00008 IT-LSD-2025-00009 IT-LSD-2025-00010 IT-LSD-2025-00011 IT-LSD-2025-00012 IT-LSD-2025-00013 IT-LSD-2025-00014 IT-LSD-2025-00015 IT-LSD-2025-00016 IT-LSD-2025-00017 IT-LSD-2025-00018 IT-LSD-2025-00019 IT-LSD-2025-00020 IT-LSD-2025-00021 IT-LSD-2025-00022 IT-LSD-2025-00023 IT-LSD-2025-00024 IT-LSD-2025-00025 IT-LSD-2025-00026 IT-LSD-2025-00027 |
Protection zone: Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.24291, Long. 9.22451 (2025/4), Lat. 40.392626, Long. 9.018567 (2025/5), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.22246, Long. 9.19132 (2025/7), Lat. 40.335997, Long. 9.123835 (2025/8), Lat. 40.28903, 9.102816 Long.(2025/9), Lat. 40.209698, Long. 9.177213 (2025/10), Lat. 40.24404, Long. 9.13817 (2025/11), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.319967 Long. 9.100123 (2025/13), Lat. 40.3451 Long. 9.2594 (2025/14), Lat. 40.3121, Long. 9.2046 (2025/15), Lat. 40.34778, Long. 9.16083 (2025/16), Lat. 40.24096, Long. 9.093 (2025/17), Lat. 40.35071, Long. 9.132964 (2025/18), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.725228, Long. 9.485748 (2025/20), Lat. 40.467998, Long. 9.151939 (2025/21), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.24569, Long. 9.20289 (2025/23), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.280527, Long. 9.116003 (2025/26), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27). |
18.8.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.24291, Long. 9.22451 (2025/4), Lat. 40.392626, Long. 9.018567 (2025/5), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.22246, Long. 9.19132 (2025/7), Lat. 40.335997, Long. 9.123835 (2025/8), Lat. 40.28903, Long. 9.102816 (2025/9), Lat. 40.209698 Long. 9.177213 (2025/10), Lat. 40.24404, Long. 9.13817 (2025/11), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.319967, Long. 9.100123 (2025/13), Lat. 40.3451, Long. 9.2594 (2025/14), Lat. 40.3121, Long. 9.2046 (2025/15), Lat. 40.34778, Long. 9.16083 (2025/16), Lat. 40.24096, Long. 9.093 (2025/17), Lat. 40.35071, Long. 9.132964 (2025/18), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.725228 Long. 9.485748 (2025/20), Lat. 40.467998, Long. 9.151939 (2025/21), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.24569, Long. 9.20289 (2025/23), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.280527, Long. 9.116003 (2025/26), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27) |
19.8.2025 - 4.9.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.24291, Long. 9.22451 (2025/4), Lat. 40.392626, Long. 9.018567 (2025/5), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.22246, Long. 9.19132 (2025/7), Lat. 40.335997, Long. 9.123835 (2025/8), Lat. 40.28903, Long. 9.102816 (2025/9), Lat. 40.209698, Long. 9.177213 (2025/10), Lat. 40.24404, Long. 9.13817 (2025/11), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.319967, Long. 9.100123 (2025/13), Lat. 40.3451, Long. 9.2594 (2025/14), Lat. 40.3121, Long. 9.2046 (2025/15), Lat. 40.34778, Long. 9.16083 (2025/16), Lat. 40.24096, Long. 9.093 (2025/17), Lat. 40.35071, Long. 9.132964 (2025/18), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.725228, Long. 9.485748 (2025/20), Lat. 40.467998, Long. 9.151939 (2025/21), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.24569, Long. 9.20289 (2025/23), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.280527, Long. 9.116003 (2025/26), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27)), excluding the areas included in the protection zone. |
4.9.2025 |
|
|
Réigiún na Lombairde IT-LSD-2025-00002 |
Protection zone: Those parts of the region of Lombardy, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.197941, Long. 10.814533(2025/2). |
25.7.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Lombardy, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.197941, Long. 10.814533 (2025/2) |
26.7.2025 - 11.8.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Lombardy, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.197941, Long. 10.814533 (2025/2), excluding the areas included in the protection zone. |
11.8.2025 |
|
|
Réigiún Valle d’Aosta FR-LSD-2025-00017 |
Surveillance zone: Those parts of the region of Valle d’Aosta, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.739081, Long 6.309311 (FR-LSD-2025-00017). |
5.9.2025 |
Cuid B: Crios srianta breise
|
Limistéar riaracháin |
Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Réigiún na Sairdíne |
The entire territory of the region of Sardinia, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
4.9.2025 |
IARSCRÍBHINN II
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 3
|
Limistéar riaracháin |
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 3 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Réigiún na Sairdíne |
The entire territory of the region of Sardinia |
4.9.2025 - 30.9.2025 |
IARSCRÍBHINN III
Cuid A: Crios vacsaínithe II
The entire territory of the region of Sardinia until 30.9.2025.
Cuid B: Crios vacsaínithe I
The entire territory of the region of Sardina as of 1.10.2025.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1582/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)