|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1581 |
29.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1581 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2025
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (1) agus go háirithe Airteagail 16 agus 20 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (2), agus go háirithe Airteagail 13(1) agus 16 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/612 ón gCoimisiún (3), cuirtear roinnt coigeartuithe isteach maidir le feidhmiú an bhearta coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach a fhorchuirtear de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (4). Ceann de na coigeartuithe ab ea caidhp 15 % a thabhairt isteach ar an sciar den mhéid foriomlán a d’fhéadfadh aon tír onnmhairiúcháin aonair a sholáthar i gcatagóir 17 (‘Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail’). |
|
(2) |
Rinneadh catagóir 17, áit a raibh an Úcráin ar an onnmhaireoir is mó chuig an Aontas go stairiúil, a ‘domhandú’ in 2022 tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, toisc nach raibh an Úcráin in ann an táirge a onnmhairiú a thuilleadh, agus chruthaigh sé sin baol go mbeadh ganntanas soláthair ann d’úsáideoirí an Aontais (5). Sa chleachtas, chiallaigh sé sin go ndearnadh cuótaí tírshonracha na Ríochta Aontaithe, na Tuirce agus na Cóiré a bhí ann cheana a chumasc leis an gcuóta do thíortha eile (‘cuóta iarmharach’), chun cuóta aonair a bhunú ina ionad sin a bheadh ar fáil do gach tionscnamh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún, rinneadh foráil maidir leis an bhféidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar dhomhandú an chuóta i bhfianaise fhorbairt na sreafaí trádála sna catagóirí sin agus i bhfianaise chur i bhfeidhm na cosanta i leith na hÚcráine a bheith curtha ar fionraí, nó i bhfianaise éifeachtaí a bhaineann le brú amach míchuí a shainaithint (6). |
|
(4) |
Sainaithníodh in imscrúdú an athbhreithnithe brú amach míchuí soláthróirí traidisiúnta áirithe i gcatagóir 17. Dá bhrí sin, thug an Coimisiún caidhp 15 % isteach sa chatagóir sin (7). Mar sin féin, de réir na faisnéise atá ar fáil, tá tionchar ag an gcaidhp tíre sin ar shreafaí trádála traidisiúnta comhpháirtithe trádála áirithe, rud a chuireann srian lena rochtain ar mhéideanna saor ó dhleacht chuig leibhéil atá faoi bhun a leibhéal trádála stairiúil. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart an chaidhp tíre 15 % a bhaint chun trádáil thraidisiúnta na gcomhpháirtithe trádála sin a chaomhnú, le héifeacht ón 1 Lúnasa 2025. |
|
(6) |
Chun brú amach míchuí soláthróirí traidisiúnta a chosc agus sreafaí trádála stairiúla á caomhnú ag an am céanna, measann an Coimisiún gurb iomchuí na cuótaí tírshonracha a thabhairt isteach arís don Ríocht Aontaithe, don Tuirc agus don Chóiré, agus an cuóta iarmharach a athbhunú. Ós rud é go bhfuil an baol ann go ndéanfaí soláthróirí traidisiúnta a bhrú amach go míchuí laistigh den chuóta iarmharach sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí caidhp 40 % in aghaidh an tionscnaimh a thabhairt isteach. |
|
(7) |
Rochtain tionscnamh áirithe ar mhéideanna saor ó dhleacht a chomhfhreagraíonn dá dtrádáil thraidisiúnta, ba cheart í a athbhunú go pras, rud ba cheart a dhéanamh ón 1 Lúnasa 2025 ar aghaidh sa chás áirithe seo. |
|
(8) |
Ós rud é nárbh fhéidir an t-athrú sin a thabhairt isteach ag tús ráithe coimirce, cinnfear cuótaí tírshonracha na Ríochta Aontaithe, na Tuirce agus na Cóiré agus an cuóta maidir le ‘tíortha eile’ le haghaidh na ráithe 1.7.2025-30.9.2025 trí na méideanna saor ó dhleacht atá fágtha atá ar fáil faoin gcuóta dhomhandaithe an 1 Lúnasa 2025 a leithdháileadh ar bhonn pro rata, mar a léirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, atá bunaithe ar shreafaí trádála traidisiúnta in aghaidh an tionscnaimh. |
|
(9) |
Mar a cuireadh in iúl i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/612 (aithris (72)), aicmíodh catagóir 17 faoi ghrúpa 2 (brú suntasach allmhairiúcháin). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil sé iomchuí rochtain ar an gcuóta iarmharach a thabhairt do shealbhóirí cuótaí tírshonracha le linn na ráithe deiridh de bhliain choimirce. Chun na críche sin, ceartaítear na táblaí ábhartha sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159. |
|
(10) |
Cuóta na Ríochta Aontaithe – Thuaisceart Éireann de chuid chatagóir 17, ós rud é nach mbaintear úsáid as ach i gcás earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann trí iompar díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a chuirtear i saorchúrsaíocht i gcríoch Thuaisceart Éireann, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2840 (8), ní bheidh tionchar ag na hathruithe ar bhainistiú cuótaí chatagóir 17 ar an gcuóta sin. Thairis sin, ní dhéanann cuóta na Ríochta Aontaithe – Thuaisceart Éireann difear do leithdháileadh pro rata méideanna ar chuótaí tríú tíortha. |
|
(11) |
Thairis sin, ba cheart don Rialachán seo roinnt míchruinneas eile a sainaithníodh tar éis fhoilsiú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/612 ón gCoimisiún a cheartú. |
|
(12) |
Mar a cuireadh in iúl i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/612 (aithris 76), i gcatagóir 4B (‘Leatháin Mhiotalacha Bhrataithe’), chuir páirtithe leasmhara fianaise dhiongbháilte i láthair a léirigh go bhfuil coinneáil an status-quo ag teacht le leas an Aontais. Dá bhrí sin, aicmíodh catagóir 4B faoi ‘Ghrúpa 4’ (gan aon bhrú allmhairiúcháin). Dá bhrí sin, ar mhaithe le cruinneas, baintear caidhp i gcatagóir 4B. |
|
(13) |
Ina theannta sin, chun a áirithiú go n-urramófar ceanglais Airteagal 1, mír 7, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159, ceartaítear fonótaí 1, 2, 6, 9, 10, 15, 16, 18, 19 agus 23 in Iarscríbhinn IV.1. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Choimircí arna bhunú faoi Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2015/478 agus faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2015/755 faoi seach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(5): ‘5. I gcás ina mbeidh an taraif-chuóta ábhartha faoi mhír 2 ídithe i gcás tír shonrach amháin, féadfar allmhairí ón tír sin i gcomhair catagóirí áirithe táirgí a dhéanamh faoin gcuid a bheidh fágtha den taraif-chuóta don chatagóir chéanna táirgí. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo ach amháin le linn na ráithe deiridh de gach bliain de chur i bhfeidhm an taraif-chuóta chinntithigh. I gcás chatagóirí táirgí 1A, 2, 3B, 4A, 5, 6, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 24, 25B agus 26 ní cheadófar tuilleadh rochtana ar an gcuid a bheidh fágtha den taraif-chuóta. I gcás catagóirí táirgí 1B, 3A, 9, 10, 12, 27 agus 28, ní cheadófar ach rochtain ar mhéid sonrach laistigh de mhéid an chuóta ráta taraife a bhí ar fáil ar dtús sa ráithe dheiridh. I gcatagóir táirge 4B, ní cheadófar do thír onnmhairiúcháin ar bith, ina haonar, níos mó ná 30 % de mhéid an taraif-chuóta iarmharaigh a úsáid a bhí ar fáil ar dtús sa ráithe dheiridh de gach bliain de chur i bhfeidhm na mbeart.’ |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(7): ‘7. 13 % atá in uasmhéid allmhairí i gcás chatagóirí 1A agus 2; i gcás chatagóir 16, 15 %; i gcás chatagóirí 6, 7 agus 13, 20 %; i gcás chatagóirí 4A, 5 agus 14, 25 %; i gcás chatagóirí 3B, 20 21, 25B agus 26, 30 % in aghaidh na tíre den chuóta saor ó dhleacht atá ar fáil ag tús na ráithe a bhunaítear in Iarscríbhinn IV.1 a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm aige maidir le tíortha a allmhairíonn tríd an gcuóta ‘Tíortha eile’. Thairis sin, 40 % in aghaidh na tíre den chuóta saor ó dhleacht atá ar fáil an 1 Lúnasa 2025, sin é an t-uasmhéid allmhairiúcháin i gcás chatagóir 17 i ndáil le tíortha ar tríd an gcuóta iarmharach atá siad ag allmhairiú. Tá feidhm ag an uasmhéid allmhairí maidir le tíortha nach bhfuil cuóta tírshonrach acu agus tá sé infheidhme i ngach ráithe.’ |
|
(3) |
Cuirtear mír 8 le hAirteagal 1: ‘8. Maidir leis an tréimhse idir 1.8.2025 agus 30.9.2025, an méid a bheidh fágtha den chuóta atá ar fáil an 1 Lúnasa 2025 i gcás Chatagóir 17, déanfar é a leithdháileadh ar na cuótaí éagsúla de réir na bhfigiúirí pro rata in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo’. |
Airteagal 2
Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 1 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8601 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8602 Ón 1.7 go dtí an 30.6: I gcás na hÉigipte: 09.8450, i gcás Vítneam: 09.8451, i gcás na Seapáine: 09.8452, i gcás na Téaváine: 09.8453, i gcás na hAstráile: 09.8454, i gcás na hEilvéise: 09.8455, i gcás na Stát Aontaithe: 09.8456, i gcás na Libia: 09.8457, i gcás Cheanada: 09.8458 agus i gcás na hAilgéire: 09.8459’; |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 2 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8661 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8662’; |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 6 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8609 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8610 Ón 1.7 go dtí an 30.6: I gcás na Tuirce: 09.8430, i gcás Vítneam: 09.8431, i gcás na Téaváine: 09.8432 agus i gcás na Túinéise: 09.8422’; |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 7 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8611 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8612 Ón 1.4 go dtí an 30.6: I gcás na Síne*: 09.8581, i gcás na Cóiré (Poblacht na Cóiré)*: 09.8582, i gcás na hIndia*: 09.8583 agus i gcás na Ríochta Aontaithe*: 09.8584 *I gcás ídiú a gcuótaí sonracha i gcomhréir le hAirteagal 1.5’; |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 9 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8615 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8616 Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na hIndia: 09.8423, i gcás na Tuirce: 09.8424 agus i gcás na Seapáine: 09.8419’; |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 10 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8617 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8618 Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na hIndia: 09.8425, i gcás na hIndinéise: 09.8426, i gcás na Cóiré (Poblacht na Cóiré): 09.8427 agus i gcás na Tuirce: 09.8418’; |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 15 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8627 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8628 Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na hAilgéire: 09.8428, i gcás na hÉigipte: 09.8429 agus i gcás na Síne: 09.8417’; |
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 16 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8629 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8630 Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na Síne: 09.8436, i gcás na Téaváine: 09.8437 agus i gcás na Stát Aontaithe: 09.8415’; |
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 18 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8633 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8634 Ón 1.7 go dtí an 30.6: I gcás na Malaeisia: 09.8460, i gcás na hAilgéire: 09.8461, i gcás na hÉigipte: 09.8462, i gcás na Boisnia agus na Heirseagaivéine: 09.8463, i gcás na Cóiré (Poblacht na Cóiré): 09.8464, i gcás na Seapáine: 09.8466, i gcás na hIndinéise: 09.8465, i gcás na Seirbia: 09.8467 agus i gcás Vítneam: 09.8468’; |
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 19 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8635 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8636 Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na Síne: 09.8448, i gcás na hEilvéise: 09.8469 agus i gcás Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha: 09.8409’; |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta 23 in Iarscríbhinn IV.1: ‘Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8643 Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8644 Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na Síne: 09.8442, i gcás na Seirbia: 09.8443 agus i gcás na Boisnia agus na Heirseagaivéine: 09.8449’; |
|
(12) |
Cuirtear an tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo in ionad Thábla IV.1 dar teideal ‘Méideanna na dtaraifchuótaí’ a bhaineann le catagóir táirgí 17 in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún; |
|
(13) |
Cuirtear an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo in ionad Thábla IV.2 dar teideal ‘Méideanna na dtaraifchuótaí domhanda agus iarmharacha in aghaidh na ráithe’ a bhaineann le catagóir táirgí 17 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún; |
|
(14) |
Cuirtear an tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo in ionad Thábla IV.3 dar teideal ‘Uasmhéid cuóta iarmharaigh atá inrochtana sna ráithí deireanacha do thíortha a bhfuil cuóta tírshonrach acu’ a bhaineann le catagóir táirgí 17 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún. |
Airteagal 3
An téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 mar Iarscríbhinn VI é.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Lúnasa 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 83, 27.3.2015, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/478/oj.
(2) IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/612 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 2025/612, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/612/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha in aghaidh allmhairí táirgí cruach áirithe ( IO L 31, 1.2.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/159/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 167, 24.6.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/978/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 167, 24.6.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/978/oj), aithris (19).
(7) Féach roinn 6.3.3. de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/612 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 2025/612, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/612/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2840 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 2023/2840, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2840/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimhir Tháirge |
Catagóir an táirge |
Cóid AC |
Leithdháileadh de réir tíre (i gcás inarb infheidhme) |
Bliain 8 |
Dleachtráta breise |
Uimhreacha ordaithe |
|||
|
Ón 1.8.2025 go dtí an 30.9.2025 |
Ón 1.10.2025 go dtí an 31.12.2025 |
Ón 1.1.2026 go dtí an 31.3.2026 |
Ón 1.4.2026 go dtí an 30.6.2026 |
||||||
|
Méid an taraif-chuóta (glantonaí) |
|||||||||
|
17 |
Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail |
7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90 |
an Úcráin |
31 662,59 |
31 662,59 |
30 974,27 |
31 318,43 |
25 % |
09.8891 |
|
an Ríocht Aontaithe |
tá na méideanna le ríomh mar a shainítear in Airteagal 1(8) |
27 506,58 |
26 908,61 |
27 207,60 |
25 % |
09.8897 |
|||
|
An Tuirc |
tá na méideanna le ríomh mar a shainítear in Airteagal 1(8) |
22 892,27 |
22 394,61 |
22 643,44 |
25 % |
09.8892 |
|||
|
An Chóiré (Poblacht na Cóiré) |
tá na méideanna le ríomh mar a shainítear in Airteagal 1(8) |
5 335,16 |
5 219,18 |
5 277,17 |
25 % |
09.8893 |
|||
|
Tíortha eile |
tá na méideanna le ríomh mar a shainítear in Airteagal 1(8) |
12 555,44 |
12 282,49 |
12 418,96 |
25 % |
||||
|
An Ríocht Aontaithe (go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe) |
14 254,99 |
14 254,99 |
13 945,10 |
14 100,05 |
25 % |
09,8499 |
|||
(1) Ón 1.7 go dtí an 31.3: 09.8635
Ón 1.4 go dtí an 30.6: 09.8636
Ón 1.7 go dtí an 30.6: i gcás na Síne: 09.8448, i gcás na hEilvéise: 09.8469 agus i gcás Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha: 09.8409
IARSCRÍBHINN II
|
Uimhir Tháirge |
Leithdháileadh de réir tíre (i gcás inarb infheidhme) |
Bliain 8 |
|||
|
Ón 1.8.2025 go dtí an 30.9.2025 |
Ón 1.10.2025 go dtí an 31.12.2025 |
Ón 1.1.2026 go dtí an 31.3.2026 |
Ón 1.4.2026 go dtí an 30.6.2026 |
||
|
Méid an taraif-chuóta (glantonaí) |
|||||
|
17 |
Tíortha eile |
tá na méideanna le ríomh mar a shainítear in Airteagal 1(8) |
12 555,44 |
12 282,49 |
12 418,96 |
IARSCRÍBHINN III
|
Catagóir an táirge |
Cuóta nua cionroinnte i dtonaí |
|
Ón 1.4.2026 go dtí an 30.6.2026 |
|
|
17 |
Gan aon rochtain ar an gcuóta iarmharach i R4 |
IARSCRÍBHINN IV
‘IARSCRÍBHINN VI
|
Tír |
Ón 1.8.2025 go dtí an 30.9.2025 |
|
Leithdháileadh pro rata na méideanna saor ó dhleacht atá fágtha atá ar fáil faoin gcuóta domhandaithe an 1.8.2025 |
|
|
An Ríocht Aontaithe |
40,28 % |
|
An Tuirc |
33,52 % |
|
An Chóiré (Poblacht na Cóiré) |
7,81 % |
|
Tíortha eile |
18,39 % |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1581/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)