European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1569

30.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1569 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna soláthar ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagail 45d(5), 45e(2), 45f(6) agus 45f(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, cruthaítear creat dlíthiúil chun ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint agus a bhailíochtú, lena n-áirítear oibleagáid ar sholáthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe an deis a sholáthar d’úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití (‘tiachóg’) ríomhdhearbhú tréithe a iarraidh, a fháil, a stóráil agus a bhainistiú gan beann ar an mBallstát ina soláthraítear na tiachóga. Is comhpháirteanna ríthábhachtacha iad ríomhdhearbhuithe tréithe chun éiceachóras Tiachóg Eorpach Céannachta Digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú (‘éiceachóras tiachóige’). Cuireann siad ar a gcumas d’úsáideoirí faisnéis a roinnt le páirtithe is úsáideoirí ar bhealach iontaofa i gcásanna úsáide éagsúla.

(2)

Leis na comhéadain ag a bhfuil Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití atá le soláthar ag soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe mar a leagtar amach in Airteagal 45g de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá ríomhdhearbhuithe tréithe d’éiceachóras na dtiachóg agus éascaítear a nglacadh tapa.

(3)

Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla nua. Chun an leibhéal comhchuibhithe is airde a áirithiú i measc na mBallstát maidir le forbairt agus deimhniú na dtiachóg, beidh na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo ag brath ar an obair a rinneadh faoi Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (2) agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha atá mar chuid de. I gcomhréir le hAithris 75 de Rialachán 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart don Choimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, más gá, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda, leis an gCreat Ailtireachta agus Tagartha agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint maidir le ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint agus tréithe in aghaidh foinsí barántúla nó idirghábhálaithe ainmnithe a fhíorú.

(4)

I gcás ina n-eisíonn soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil, nó thar a cheann, dearbhuithe foinse barántúla a mhaíonn go gcomhlíonann siad ceanglais na scéimeanna um dhearbhú tréithe a chláraítear sa chatalóg, ba cheart beartais agus nósanna imeachta maidir le ceanglais na scéimeanna sin a chomhlíonadh a bheith mar chuid den mheasúnú comhréireachta a bhunaítear le Rialachán(AE) Uimh. 910/2014.

(5)

Baineann an-tábhacht leis an gcosaint ar fhaisnéis neamhiontaofa maidir le digitiú dearbhuithe. Dá bhrí sin, maidir le ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, ba cheart a bheith in ann iad a chúlghairm, nó ba cheart bearta malartacha a chur chun feidhme chun na rioscaí a bhaineann le neamh-inchúlghairtheacht a chúiteamh. Mar thoradh ar imthosca áirithe, amhail iarraidh shainráite ón duine ar eisíodh ríomhdhearbhú tréithe dó, nó i gcás inarb eol don soláthraí go ndearnadh slándáil nó iontaofacht na ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a chur i mbaol, nó i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ba cheart don soláthraí ríomhdhearbhú tréithe a chúlghairm. Chun cearta bunúsacha an úsáideora chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí a choimirciú, go háirithe trí na rioscaí a bhaineann le nascacht agus inrianaitheacht a íoslaghdú go hiomchuí, ba cheart do sholáthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, beartais bhainistíochta cúlghairme a bhunú lena gcaomhnófar príobháideachas.

(6)

Chun comhar a éascú i measc na mBallstát agus chun éiceachóras céannachta digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú, lena n-áirítear aitheantas trasteorann agus idir-inoibritheacht ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna soláthar ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, ní mór nósanna imeachta simplithe cumarsáide riaracháin a bhunú i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear faisnéis a fhoilsiú chun na comhlachtaí ábhartha earnála poiblí a shainaithint go tapa. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na tréithe ábhartha. Dá bhrí sin, chun fíorú tráthúil, éifeachtúil agus idir-inoibritheach na dtréithe sin a áirithiú, ba cheart na fógraí ábhartha don Choimisiún a bheith i mBéarla ar a laghad toisc go n-éascaíonn sé sin inrochtaineacht, measúnú agus tuiscint leathan ar na tréithe sin agus, san am céanna, go bhfeabhsaíonn sé comhar i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha. Níor cheart, áfach, go gcruthódh aistriúchán ar dhoiciméadacht atá ann cheana ualaí riaracháin nó airgeadais míréasúnta.

(7)

Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí agus do sholáthraithe seirbhíse a fhíorú gur eisigh an comhlacht earnála poiblí sin, nó gur eisíodh thar a cheann ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na comhlachtaí earnála poiblí sin. Agus fógra á thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe i gcomhréir le hAirteagal 45f agus Iarscríbhinn VII de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, tá na Ballstáit le tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a sholáthar lena ndeimhnítear leibhéal iontaofachta agus inchreidteachta atá coibhéiseach le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe. Mar sin féin, murab ionann agus soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe, i gcás na gcomhlachtaí earnála poiblí sin, is faoi na Ballstáit atá sé an chaoi a n-áirithíonn siad go gcomhlíonann na soláthraithe na ceanglais le himeacht ama. Chun ardleibhéal muiníne a choinneáil ar bun i ndearbhuithe na hearnála poiblí ar fud an Aontais, moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, a ndea-chleachtais a chomhroinnt maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn siad iontaofacht agus inchreidteacht leanúnach tríd an nGrúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach arna bhunú de bhun Airteagal 46e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (‘an Grúpa Comhair’). Ba cheart don Choimisiún liosta soláthraithe a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú agus a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an liosta sin.

(8)

Ba cheart don Choimisiún catalóg tréithe a bhunú le cúnamh ón nGrúpa Comhair chun fíorú tréithe in aghaidh foinsí barántúla ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a éascú. Ba cheart clárú i gcatalóg na dtréithe a bheith éigeantach i gcás na dtréithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. I gcás tréithe eile, bheadh clárú roghnach.

(9)

Ba cheart don Choimisiún catalóg scéimeanna a bhunú le haghaidh an dearbhaithe tréithe le cúnamh ón nGrúpa Comhair chun eisiúint dearbhuithe ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ag soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann a éascú agus chun comhchuibhiú agus idir-inoibritheacht trasteorann na ndearbhuithe sin a éascú. Ba cheart clárú scéimeanna i gcatalóg na scéimeanna a bheith roghnach. Ba cheart d’úinéir na scéime iarrataí ar chlárú nó athruithe ar an gcatalóg a dhéanamh le haghaidh an dearbhaithe tréithe agus féadfar tréithe nach bhfuil liostaithe i gcatalóg na dtréithe a áireamh iontu. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí sin agus riachtanais idir-inoibritheachta agus chomhchuibhithe á gcur san áireamh.

(10)

Chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis fhiúntach leis an gcatalóg tréithe agus go sroichfidh sí ardleibhéal idir-inoibritheachta laistigh d’éiceachóras an ríomhdhearbhaithe tréithe, ba cheart tacar íosta faisnéise ar a laghad a sholáthar léi, amhail tuairisc shéimeantach ar an tréith, ainmspás a haitheantóra, agus cineál sonraí na tréithe. Chun na críche céanna, i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe, ba cheart tuairiscí a bheith inti ar chineálacha coiteanna ríomhdhearbhuithe tréithe agus tuairisc ar an tsamhail iontaoibhe agus ar na sásraí rialachais a chuirtear i bhfeidhm faoin scéim dearbhaithe. Ba cheart leagan amach tréithe agus scéimeanna a áireamh san fhaisnéis atá sna catalóga ionas nach ndéanfaidh athruithe ar na tréithe ná ar na scéimeanna sin difear do dhearbhuithe arna n-eisiúint de réir leaganacha sonracha.

(11)

Chun éifeachtacht fhíorú na dtréithe i gcoinne foinsí barántúla ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a áirithiú, lena n-áirítear trí idirghabhálaithe ainmnithe a sholáthraíonn sásraí fíoraithe indíreacha do sholáthraithe seirbhíse, ba cheart do na Ballstáit, laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 45e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, sásraí a bhunú lena gcuirfear ar chumas soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe fíorú tréithe a iarraidh. Leis na sásraí, ba cheart soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a bheith in ann a chinneadh cé na tréithe is féidir a fhíorú agus conas iad a fhíorú. Ba cheart a áireamh sna sásraí sin mionsonraí maidir le pointí rochtana agus prótacail seirbhíse chun bailíocht agus cruinneas tréithe a sheiceáil agus an fhéidearthacht pointe fíorúcháin aonair a thairiscint ar an leibhéal náisiúnta a mheas.

(12)

Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit na sásraí chun rochtain a fháil ar phointí fíorúcháin agus iad a úsáid le haghaidh gach ceann de na tréithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chur ar fáil do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe, ar an leibhéal náisiúnta. Leis na sásraí sin, ba cheart soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a bheith in ann tréithe sonracha a thíolacadh, arna iarraidh sin don úsáideoir, chuig pointe fíorúcháin chun an dearbhú a eisiúint agus le linn a shaolré. Ba cheart do na sásraí fíorúcháin úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha atá oiriúnach do phróiseáil uathoibríoch, agus chun freagraí a fháil a luaithe is féidir ón bpointe fíorúcháin. Leis an bhfreagairt sin, ba cheart a dheimhniú an gcomhfhreagraíonn na tréithe arna gcur i láthair ag na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe do na tréithe a stóráiltear i ndáil leis an úsáideoir sin san fhoinse bharántúil ábhartha agus ba cheart an fhoinse bharántúil a ndearnadh an fíorú ina coinne a shonrú. Chun mí-iompar a sheachaint, amhail iarrataí ar fhíorú atá neamhdhleathach nó iomarcach go follasach, féadfaidh na Ballstáit sásraí rialaithe a fhorchur maidir le húsáid na bpointí fíorúcháin, i gcás ina measann siad gurb iomchuí sin agus tosca ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear an bhfuil faisnéis sna foinsí barántúla ar cheart í a mheas mar shonraí pearsanta nó atá rúnda nó íogair ar bhealach eile faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

(13)

I gcomhréir leis na prionsabail a bunaíodh leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach (4), chun bunú catalóg tréithe agus catalóg scéimeanna le haghaidh dearbhú tréithe agus athúsáid, a mhéid is féidir, catalóga, scéimeanna agus faisnéis atá ann cheana a éascú, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as sineirgí le seirbhísí coiteanna an chórais theicniúil de bhun Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear tairseach aonair dhigiteach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (5).

(14)

Chun idir-inoibritheacht ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a fheabhsú, féadfaidh eisitheoirí dearbhuithe na prionsabail agus na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo a leanúint maidir le ríomhdhearbhú tréithe neamhcháilithe.

(15)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

(16)

D’fhonn am leordhóthanach a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit chun liosta na soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann a bhunú, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sa Rialachán seo maidir le catalóg na dtréithe, catalóg na scéimeanna le haghaidh na ndearbhuithe tréithe, agus na pointí fíoraithe tréithe, 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé a thuairim uaidh an 31 Eanáir 2025.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na caighdeáin tagartha, sonraíochtaí agus nósanna imeachta atá le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun iad a choimeád i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus leis an obair a dhéantar ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946, agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha, a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(1)

ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe;

(2)

ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann;

(3)

an liosta soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann;

(4)

catalóg tréithe agus catalóg scéimeanna le haghaidh na ndearbhuithe tréithe dá dtagraítear i bpointí (1) agus (2);

(5)

fíorú tréithe agus tagairt á déanamh d’fhoinsí barántúla nó d’idirghabhálaithe ainmnithe.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aonad tiachóige’ cumraíocht uathúil de réiteach tiachóige lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige arna soláthar ag soláthraí tiachóige d’úsáideoir aonair tiachóige;

(2)

ciallaíonn ‘úsáideoir tiachóige’ úsáideoir a bhfuil an t-aonad tiachóige faoina rialú;

(3)

ciallaíonn ‘catalóg tréithe’ stór digiteach tréithe a ndéanann an Coimisiún é a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú ar líne;

(4)

ciallaíonn ‘scéim um dhearbhú tréithe’ tacar rialacha is infheidhme maidir le cineál ríomhdhearbhaithe tréithe amháin nó níos mó;

(5)

ciallaíonn ‘cineál ríomhdhearbhaithe tréithe’ grúpa ríomhdhearbhaithe tréithe a ainmnítear go sonrach agus a dtugtar tuairisc shéimeantach air;

(6)

ciallaíonn ‘catalóg scéimeanna um dhearbhú tréithe’ stór digiteach ina liostaítear scéimeanna um dhearbhú tréithe atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanann an Coimisiún é a choinneáil ar bun [agus a fhoilsiú ar líne];

(7)

ciallaíonn ‘réiteach tiachóige’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó;

(8)

ciallaíonn ‘ásc tiachóige’ an feidhmchlár a shuiteáiltear agus a chumraítear ar ghaireas nó ar thimpeallacht úsáideora tiachóige, ar cuid d’aonad tiachóige é, agus a úsáideann úsáideoir na tiachóige chun idirghníomhú leis an aonad tiachóige;

(9)

ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trína n-úsáid;

(10)

ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann sé chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán;

(11)

ciallaíonn ‘soláthraí tiachóige’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn réitigh tiachóige;

(12)

ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad tiachóige, nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh neamhghnách sin ag baint leo go n-imreofaí tionchar an-tromchúiseach díblitheach ar an gcumas brath ar an aonad tiachóige i gcás ina gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol;

(13)

ciallaíonn ‘úinéir scéim le haghaidh an dearbhaithe tréithe’ eintiteas atá freagrach as scéim um dhearbhú tréithe a bhunú agus a choinneáil ar bun.

Airteagal 3

Eisiúint ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann

1.   Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, comhlíonfaidh siad liosta na gcaighdeán tagartha agus na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na ríomhdhearbhuithe tréithe a eisíonn siad na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Maidir le soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, i gcás ina n-eiseoidh siad ríomhdhearbhuithe tréithe a áirítear i scéimeanna atá cláraithe i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe, comhlíonfaidh siad ceanglais na scéime comhfhreagraí um dhearbhú tréithe. Beidh beartais agus nósanna imeachta arna mbunú ag eisitheoirí dearbhuithe chun comhlíonadh cheanglais na scéimeanna le haghaidh dearbhú tréithe a dheonú mar chuid den mheasúnú comhréireachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

Airteagal 4

Cúlghairm ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann

1.   Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, beidh beartais i scríbhinn acu a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus a bhaineann le stádas bailíochta nó cúlghairme a bhainistiú. Áireofar ar na beartais sin, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoinar féidir ríomhdhearbhuithe tréithe a chúlghairm gan mhoill agus bearta chun infhaighteacht na faisnéise maidir le stádas bailíochta a áirithiú.

2.   Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, is iad na heintitis sin amháin a bheidh in ann na ríomhdhearbhuithe tréithe a eisíonn siad a chúlghairm.

3.   Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, aon uair a eisítear na dearbhuithe sin a bhfuil tréimhse bhailíochta níos mó ná 24 huaire an chloig acu, déanfaidh siad iad a chúlghairm sna himthosca seo a leanas ar a laghad:

(a)

arna iarraidh sin go sainráite don duine ar eisíodh an ríomhdhearbhú tréithe dó nó, i gcás inarb infheidhme, d’ábhar an dearbhaithe;

(b)

i gcás inarb eol don soláthraí gur cuireadh slándáil nó iontaofacht ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe nó ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann i mbaol;

(c)

i gcásanna eile mar a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, nó mar a chinneann na soláthraithe ina mbeartais dá dtagraítear i mír 1.

4.   Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, bunóidh siad teicnící cúlghairme agus modhanna bainistíochta lena gcaomhnaítear agus lena gcuirtear bac ar nascacht nó inrianaitheacht príobháideachais.

5.   Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, cuirfidh siad faisnéis ar fáil do pháirtithe is úsáideoirí maidir le bailíocht nó stádas cúlghairme na ríomhdhearbhuithe tréithe atá eisithe acu ar bhealach lena n-áirithítear sláine agus barántúlacht na faisnéise sin.

Airteagal 5

Fógra a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le comhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 45f (3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chur isteach trí chóras leictreonach fógartha slán arna sholáthar ag an gCoimisiún.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi aon athrú ar an bhfaisnéis ar tugadh fógra fúithi.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na fógraí i mBéarla ar a laghad. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit aon doiciméad a thacaíonn leis na fógraí a aistriú i gcás ina gcruthódh sé sin ualach míréasúnta riaracháin nó airgeadais.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar na Ballstáit faisnéis bhreise a sholáthar.

Airteagal 6

Foilsiú liosta na gcomhlachtaí earnála poiblí

1.   Déanfaidh an Coimisiún liosta soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann a bhunú a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú ar bhonn na faisnéise a dtabharfaidh na Ballstáit fógra fúithi de bhun Airteagal 5.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir rochtain a fháil ar an liosta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus trí shuíomh gréasáin atá inléite ag an duine;

(b)

gan gá le clárú ná le bheith fíordheimhnithe;

(c)

trí úsáid a bhaint as slándáil úrscothach na sraithe iompair amháin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhealach slán agus gan moill mhíchuí:

(a)

sonraíochtaí teicniúla an liosta;

(b)

mionsonraí an URL ina bhfoilsítear an liosta;

(c)

na deimhnithe atá le húsáid chun an ríomhshíniú nó an ríomhshéala leictreonach ar an liosta a fhíorú;

(d)

mionsonraí a bhaineann leis na sásraí a úsáidtear chun athruithe amach anseo ar an suíomh nó ar na deimhnithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a bhailíochtú.

Airteagal 7

An chatalóg tréithe a chruthú agus a choinneáil ar bun

1.   Déanfaidh an Coimisiún catalóg tréithe a bhunú agus a fhoilsiú agus cuirfidh sé córas slán ar bun chun gur féidir iarrataí a dhéanamh tréithe a áireamh nó a mhodhnú i gcatalóg na dtréithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí a dhéanfar trí úsáid a bhaint as an gcóras dá dtagraítear i mír 1 chun tréith a chuimsiú nó a mhodhnú sa chatalóg tréithe, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar aon chomhairle a thabharfaidh an Grúpa Comhair. I measúnú an Choimisiúin, cuirfear san áireamh cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn cuimsiú na tréithe le bonn coiteann le haghaidh idirghníomhaíocht leictreonach shlán atá feasach ar an bpríobháideachas idir saoránaigh, gnólachtaí agus údaráis phoiblí agus cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn sé sin leis an idir-inoibritheacht a chothú. Cuirfidh an Coimisiún rialacháin earnáilsonracha san áireamh freisin i gcás inarb infheidhme.

3.   Iarrfaidh na Ballstáit go n-áireofar na tréithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 sa chatalóg tréithe i gcás ina mbraitheann na tréithe sin ar fhoinsí barántúla chun críche an dearbhaithe a dhéanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe.

4.   Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go n-áireofaí tréithe nach liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le catalóg na dtréithe i gcás ina mbraitheann na tréithe sin ar fhoinsí barántúla laistigh den earnáil phoiblí. Féadfaidh eintitis phríobháideacha a mheastar a bheith ina bpríomhfhoinse faisnéise nó a aithnítear mar fhoinse bharántúil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear cleachtas riaracháin, a iarraidh go n-áireofaí tréithe nach liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le catalóg na dtréithe i gcás ina bhfuil an t-eintiteas iarrthach freagrach as na tréithe sin.

5.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarraidh ar thréith a áireamh nó a mhodhnú sa chatalóg:

(a)

sainaithint an eintitis atá ag déanamh na hiarrata;

(b)

i gcás inarb infheidhme, tagairt do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta nó do chleachtas riaracháin faoina meastar an t-eintiteas a bhfuil an iarraidh á déanamh aige a bheith ina phríomhfhoinse faisnéise nó ina fhoinse bharántúil aitheanta.

(c)

má thagraíonn an iarraidh do thréith atá ann cheana sa chatalóg nó más tréith nua í;

(d)

ainmspás le haghaidh aitheantóir na dtréithe, a bhfuil a luach uathúil laistigh den chatalóg tréithe;

(e)

aitheantóir na tréithe, uathúil laistigh den ainmspás, agus leagan na tréithe;

(f)

tuairisc shéimeantach ar an tréith;

(g)

cineál sonraí na tréithe;

(h)

an pointe fíorúcháin don tréith ar an leibhéal náisiúnta nó nasc chuig tuairisc ar conas na hiarrataí ar fhíorú a thionscnamh.

6.   Maidir leis an iarraidh chun tréith a chuimsiú nó a mhodhnú, déanfaidh an t-iarrthóir í a shíniú nó a shéalú trí bhíthin ríomhshíniú nó ríomhshéala cáilithe nó trí bhíthin síniú nó séala leictreonach ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe.

7.   Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 agus tar éis don Choimisiún a fhíorú go n-áirítear san fhaisnéis a sholáthraítear san iarraidh chun tréith a chuimsiú nó a mhodhnú an fhaisnéis uile a liostaítear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún an tréith nó an modhnú a iarradh a chuimsiú sa chatalóg tréithe.

8.   Beidh rochtain ag an bpobal ar an gcatalóg tréithe arna séalú ag an gCoimisiún, trí chainéal slán, saor in aisce agus gan sainaithint ná fíordheimhniú roimh ré, agus foilseofar í i bhfoirm atá inléite ag meaisín agus ag an duine. Beidh feidhm chuardaigh ag an gcatalóg freisin.

9.   Foilseoidh an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla a úsáideann an Coimisiún le haghaidh na catalóige tréithe.

10.   Eiseoidh an Coimisiún aitheantóir uathúil do gach tréith atá cláraithe.

Airteagal 8

Catalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe a chruthú agus a choinneáil ar bun

1.   Déanfaidh an Coimisiún catalóg scéimeanna le haghaidh dearbhú tréithe a bhunú agus a fhoilsiú agus bunóidh sé córas slán chun gur féidir iarrataí a dhéanamh scéimeanna maidir le dearbhú tréithe a áireamh nó a mhodhnú i gcatalóg na scéimeanna le haghaidh an dearbhaithe tréithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ar scéimeanna um dhearbhú tréithe a chuimsiú nó a mhodhnú i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe, tar éis dó aon chomhairle arna soláthar ag an nGrúpa Comhair a mheas. I measúnú an Choimisiúin, cuirfear san áireamh cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn an scéim le bonn coiteann le haghaidh idirghníomhaíocht leictreonach shlán atá feasach ar an bpríobháideachas idir saoránaigh, gnólachtaí agus údaráis phoiblí agus cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn sé sin leis an idir-inoibritheacht a chothú. Cuirfidh an Coimisiún rialacháin earnáilsonracha san áireamh freisin i gcás inarb infheidhme.

3.   Féadfaidh úinéirí scéime le haghaidh dearbhú tréithe a iarraidh go gcuirfí scéimeanna le catalóg na scéimeanna. Maidir le hiarraidh chun scéim a chuimsiú nó a mhodhnú i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe, beidh an méid seo a leanas inti, ar a laghad:

(a)

ainm na scéime, arna roghnú ag an scéim le haghaidh úinéir an dearbhaithe tréithe agus atá uathúil laistigh de chatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe;

(b)

ainm agus faisnéis teagmhála na scéime le haghaidh úinéir an dearbhaithe tréithe;

(c)

stádas na scéime agus an leagan den scéim;

(d)

tagairt do dhlíthe, do chaighdeáin nó do threoirlínte sonracha, i gcás ina mbeidh eisiúint, bailíochtú nó úsáid ríomhdhearbhaithe tréithe a thagann faoi raon feidhme na scéime faoina réir;

(e)

formáid nó formáidí ríomhdhearbhaithe tréithe a thagann faoi raon feidhme na scéime;

(f)

ainmspás amháin nó níos mó, aitheantóirí tréithe, tuairiscí séimeantacha agus cineálacha sonraí gach tréithe ar cuid de ríomhdhearbhú tréithe í a thagann faoi raon feidhme na scéime, trí thagairt a dhéanamh do thréith sa chatalóg tréithe in Airteagal 7, nó do thréith a shainítear ar bhealach analógach faoi raon feidhme na scéime;

(g)

tuairisc ar an tsamhail iontaoibhe agus ar na sásraí rialachais a chuirtear i bhfeidhm faoin scéim, lena n-áirítear na sásraí cúlghairme;

(h)

aon cheanglas a bhaineann le soláthraithe na ríomhdhearbhuithe tréithe nó leis na foinsí faisnéise ar a mbraitheann na soláthraithe sin agus ríomhdhearbhuithe tréithe á n-eisiúint acu, lena n-áirítear aon fhoinse bharántúil, más infheidhme;

(i)

ráiteas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ríomhdhearbhuithe tréithe atá faoi raon feidhme na scéime le heisiúint mar ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe, mar ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, nó mar an dá rud.

4.   Ní bheidh sna scéimeanna a n-iarrtar a n-áireamh sa chatalóg ach tréithe atá inaitheanta bunaithe ar aitheantóirí uathúla. Maidir leis an iarraidh chun scéim um dhearbhú tréithe a chuimsiú nó a mhodhnú, déanfaidh an t-iarrthóir í a shíniú nó a shéalú trí bhíthin ríomhshíniú nó ríomhshéala cáilithe nó trí bhíthin síniú nó séala leictreonach ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe.

5.   Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 agus tar éis don Choimisiún a fhíorú go n-áirítear san fhaisnéis a sholáthraítear san iarraidh chun scéim dearbhaithe a chuimsiú nó a mhodhnú an fhaisnéis uile a liostaítear i míreanna 3 agus 4, féadfaidh an Coimisiún an scéim nó an modhnú a iarradh a chuimsiú i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe.

6.   Beidh rochtain ag an bpobal ar chatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe, arna séalú ag an gCoimisiún, trí chainéal slán, saor in aisce agus gan sainaithint ná fíordheimhniú roimh ré, agus beidh sí inléite ag meaisín agus ag an duine. Beidh feidhm chuardaigh ag an gcatalóg freisin agus beidh sí i bhformáid lena ráthaítear sláine agus barántúlacht.

7.   Foilseoidh an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla a úsáideann an Coimisiún le haghaidh chatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe.

8.   Eiseoidh an Coimisiún aitheantóir uathúil do gach scéim um dhearbhú tréithe atá cláraithe.

Airteagal 9

Fíorú tréithe de réir na bhfoinsí barántúla nó na n-idirghabhálaithe ainmnithe

1.   Chun gur féidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe dá dtagraítear in Airteagal 45e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ríomhdhearbhú a dhéanamh ar na tréithe dá dtagraítear in Airteagal 45e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, bunóidh na Ballstáit sásraí lena gceadófar an fíorú sin agus lena bhféadfar pointí aonair fíoraithe a chur ar fáil le haghaidh na dtréithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin i gcás ina mbraitheann na tréithe sin ar fhoinsí barántúla laistigh den earnáil phoiblí. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na nósanna imeachta chun na hiarrataí ar fhíorú a thionscnamh agus chun torthaí an fhíoraithe a fháil.

2.   Leis an sásra fíorúcháin, soláthrófar pointe rochtana inar féidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe fíorú na dtréithe dá dtagraítear in Airteagal 45e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a iarraidh go leictreonach i gcoinne foinsí barántúla nó idirghabhálaithe ainmnithe atá aitheanta ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe tréithe atá faoi réir fíoraithe ar fáil don phointe fíorúcháin arna iarraidh sin don úsáideoir. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí nó an t-idirghabhálaí ainmnithe, tríd an bpointe fíorúcháin, na torthaí fíorúcháin a chomhroinnt leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe.

3.   Leagfar amach san iarraidh ar fhíorú tréithe agus sonraí aitheantais an duine is ábhar don tréith a n-iarrann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe an fíorú ina leith.

4.   Luafar i dtoradh an dearbhaithe go heisiach cé acu a fíoraíodh nó nár fíoraíodh an tréith agus sonrófar ann an comhlacht earnála poiblí atá freagrach as an bhfoinse bharántúil nó, i gcás inarb infheidhme, an comhlacht earnála poiblí arna ainmniú chun gníomhú thar ceann na foinse barántúla ar fíoraíodh an tréith ina coinne.

5.   Féadfaidh na Ballstáit rialuithe rochtana nó sásraí fíorúcháin eile a fhorchur lena soláthraítear sláine, barántúlacht agus rúndacht chun a chinneadh gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an t-iarrthóir agus go bhfuil sé ag gníomhú arna iarraidh sin d’úsáideoir dlisteanach. Féadfaidh na Ballstáit sásraí rialaithe a fhorchur freisin maidir le húsáid na modhanna fíorúcháin, i gcás ina measann siad gurb iomchuí sin, agus tosca ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear an bhfuil sonraí pearsanta rúnda nó íogaire sna foinsí barántúla. I gcás ina mbunóidh na Ballstáit na sásraí rialaithe sin, foilseoidh siad faisnéis faoi mhéid na sásraí rialaithe mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 10

Idir-inoibritheacht agus athúsáid

1.   Chun críoch Airteagail 3 go 9, féadfaidh na Ballstáit tagairt a dhéanamh do sheirbhísí coiteanna an chórais theicniúil a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1724 agus iad a athúsáid, chomh maith leis na comhpháirteanna náisiúnta atá nasctha leo.

2.   Agus an córas fógartha slán agus liosta na gcomhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 agus na catalóga dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán seo á mbunú aige, déanfaidh an Coimisiún Eorpach tagairt do sheirbhísí coiteanna an chórais theicniúil agus déanfaidh sé iad a athúsáid, i gcás inarb iomchuí, de bhun Rialachán (AE) 2018/1724.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 6 go 9 ón 19 Lúnasa 2026..

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.

(2)   IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(7)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na gcaighdeán tagartha agus na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3

Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, eiseoidh siad a ndearbhuithe do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha de réir na sonraíochtaí le haghaidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a bhunaítear le ETSI EN 319401 v3.1.1 (2024-06) (‘ETSI EN 319401’).


IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí teicniúla maidir le heisiúint ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil dá dtagraítear in Airteagal 3 nó thar a cheann

(1)

Soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, eiseoidh siad a ndearbhuithe i bhformáid de réir ceann de na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún (1).

(2)

Chun dearbhuithe a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, déanfaidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann an méid seo a leanas:

(a)

i gcás inarb infheidhme, a fhíorú go bhfuil sé de cheart ag iarrthóir an dearbhaithe gníomhú thar ceann an duine is ábhar don dearbhú;

(b)

i gcás inarb infheidhme, céannacht na foinse barántúla a úsáidtear mar fhoinse do na tréithe a áirítear sa dearbhú a fhíorú;

(c)

ní phróiseálfaidh sé ach an tacar íosta tréithe is gá chun an fianú a eisiúint agus a bhainistiú.

(3)

Ina theannta sin, i gcás ina n-eisítear an dearbhú do Thiachóg Eorpach Céannachta Digití, déanfaidh soláthraí an dearbhaithe an méid seo a leanas:

(a)

fíordheimhniú a dhéanamh leis an aonad tiachóige;

(b)

a fhíorú nach ndéantar an t-aonad tiachóige a chúlghairm ná a chur ar fionraí.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sláine agus croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití (IO L, 2024/2979, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2979/oj).


IARSCRÍBHINN III

Fógraí dá dtagraítear in Airteagal 5

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(1)

ainm an chomhlachta earnála poiblí, agus i gcás inarb infheidhme, an uimhir chlárúcháin mar a úsáidtear i dtaifid oifigiúla í;an Ballstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe;dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta faoina mbunaítear an comhlacht earnála poiblí mar an comhlacht atá freagrach as an bhfoinse bharántúil ar ar a bonn a eisítear an ríomhdhearbhú tréithe nó a ainmnítear é chun gníomhú thar ceann an chomhlachta earnála poiblí atá freagrach as an bhfoinse bharántúil;

(2)

seoladh ríomhphoist teagmhála agus uimhir theileafóin an chomhlachta earnála poiblí;

(3)

URL an leathanaigh gréasáin le haghaidh faisnéis bhreise faoin gcomhlacht earnála poiblí;

(4)

tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta mar a shonraítear in Airteagal 45f (3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1569/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)