European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1561

30.7.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1561 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1542 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i dtaca le beartais díchill chuí maidir le ceallraí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), forchuirtear oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí ar oibreoirí eacnamaíocha lena gcumhdaítear foinsiú, próiseáil agus trádáil cóbailt, graifíte nádúrtha, litiam agus nicile a úsáidtear chun ceallraí a mhonarú. Tá na hoibleagáidí díchill chuí sin le cur i bhfeidhm ón 18 Lúnasa 2025.

(2)

Tráth a bhíonn an tírdhreach geopholaitiúil ag síorathrú, ní mór dúshláin éagsúla a shárú, lena n-áirítear dúshláin maidir le foinsiú amhábhar. Mar thoradh air sin, teastaíonn am ó mhonaróirí ceallraí chun anailís a dhéanamh ar a slabhraí soláthair agus, i gcás inar gá, chun iad a choigeartú.

(3)

Áirítear ar na hoibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1542 ceanglais lena gcumhdaítear fíorú tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Mar sin féin, tá ainmniú comhlachtaí faoina dtugtar fógra den sórt sin ag tógáil níos mó ama ná mar a bhí coinne leis. Le scéimeanna díchill chuí arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1542, d’éascófaí obair oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Mar sin féin, ní mór scéimeanna díchill chuí lena dtugtar aghaidh ar amhábhair atá i gceallraí a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme, agus, ina dhiaidh sin, iad a chur tríd an bpróiseas aitheantais coibhéise ag an gCoimisiún.

(4)

Chun dóthain ama a chur ar fáil chun fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, ba cheart dáta chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1542 a chur siar 2 bhliain.

(5)

Le Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos rialacha agus oibleagáidí chun a áirithiú go sainaithneoidh cuideachtaí drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol ina n-oibríochtaí féin, in oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu lena slabhraí gníomhaíochtaí, in oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, agus go dtabharfaidh siad aghaidh ar na drochthionchair sin.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1542, tá an Coimisiún le treoirlínte a fhoilsiú a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na gceanglas díchill chuí maidir le ceallraí. Ina theannta sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1760, tá an Coimisiún le treoirlínte a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le treoraíocht agus dea-chleachtais maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh. Ós rud é go bhfuil comhsheasmhacht idir Rialachán (AE) 2023/1542 agus Treoir (AE) 2024/1760 tábhachtach le haghaidh cuideachtaí sa slabhra soláthair ceallraí, ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar na dátaí faoi seach le haghaidh fhoilsiú agus chur ar fáil na dtreoirlínte sin.

(7)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, chomh maith le drochthionchar ceallraí agus ceallraí dramhaíola ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1542 a leasú dá réir.

(9)

I bhfianaise phráinn an ábhair agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe is féidir, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(10)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1542

Leasaítear Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2023/1542 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an dáta ‘18 Lúnasa 2027’ in ionad ‘18 Lúnasa 2025’;

(b)

i mír 5, cuirtear an dáta ‘26 Iúil 2026’ in ionad ‘18 Feabhra 2025’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2025.

(3)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1542/oj).

(4)  Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1561/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)