|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘1.
|
Aerospace Industries Organisation (AIO)
|
Seoladh 1: AIO, 28 Shian 5, Lavizan, Tehran, an Iaráin
Seoladh 2: Langare Street, Nobonyad Square, Tehran, an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: an Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL)
|
Is fochuideachta í Aerospace Industries Organisation (AIO) d’Aireacht Cosanta na hIaráine um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas agus atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar chlár diúracán balaistíoch na hIaráine.
Déanann sí maoirseacht ar roinnt fochuideachtaí a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirteanna éagsúla den chlár diúracán balaistíoch a tháirgeadh nó a sholáthar.
Dá bhrí sin, tugann Aerospace Industries Organisation (AIO) tacaíocht do Rialtas na hIaráine.
|
23.4.2007
|
|
26.
|
Marine Industries (ar a dtugtar freisin Marine Industries Organisation (MIO), Marine Industries Group (MIG))
|
Seoladh: Pasdaran Ave., PO Box 19585/ 777, Tehran, an Iaráin
Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin
Dáta clárúcháin: 1996
Príomhionad gnó: an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: Defense Industries Organisation (DIO); an Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL)
|
Is fochuideachta é Marine Industries de Defence Industries Organisation (DIO) atá liostaithe ag an Aontas, ar fochuideachta é d’Aireacht Cosanta na hIaráine um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas.
Tá baint ag Marine Industries leis an ngné mhuirí de chlár diúracán na hIaráine, lena n-áirítear trí longa a thógáil ar féidir leo diúracáin ionsaitheacha a iompar agus a sheoladh.
Dá bhrí sin, is eintiteas é Marine Industries a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus is eintiteas é a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.
|
23.4.2007
|
|
32.
|
Parto Sanat Co (ar a dtugtar freisin Parto Sanaat Co.; Parto Sanat Company; Partonsanat; Partosanat Co.; Partosanat PJSC; Yakan Parto; Bargh Va Electronic Partosanat)
|
Seoladh: No. 2417 Valiasr St., corner of 14th St., PO Box 15178 43316, Tehran, an Iaráin
|
Monaróir athróirí minicíochta atá in ann athróirí minicíochta eachtracha allmhairithe a fhorbairt agus a mhodhnú ar bhealach a fhágann gur féidir iad a úsáid i saibhriú lártheifneoirí gáis. Meastar go bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí leata núicléach.
|
26.7.2010
|
|
35.
|
Raka
|
Eintiteas comhlachaithe: Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC)
|
Is roinn é Raka de Chuideachta Leictreachais Kalaye (KEC) atá liostaithe ag an Aontas. Bunaíodh é i ndeireadh 2006 agus is é a bhí freagrach as an stáisiún saibhrithe úráiniam a thógáil in Fordow (Qom).
|
26.7.2010
|
|
41.
|
Technology Cooperation Office (TCO) of the Iranian President's Office (Oifig um Chomhar Teicneolaíochta d’Oifig Uachtarán na hIaráine) (ar a dtugtar freisin Center for Innovation and Technology Cooperation (CITC) (an Lárionad um Chomhar sa Nuálaíocht agus sa Teicneolaíocht); Presidential Center for Cooperation on Transformation and Progress) (Lárionad an Uachtaráin um Chomhar maidir le Claochlú agus Dul Chun Cinn)
|
Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin
|
Feidhmíonn Technology Cooperation Office (TCO) of the Iranian President’s Office (Oifig um Chomhar Teicneolaíochta d’Oifig Uachtarán na hIaráine) i réimsí an taighde, na biteicneolaíochta, na nanaitheicneolaíochta, an fhuinnimh in-athnuaite agus na teicneolaíochta faisnéise.
Is in 2001 a cuireadh tús lena cuid gníomhaíochtaí nuair a cuireadh an phleanáil straitéiseach de dhualgas uirthi chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha na hIaráine don nanaitheicneolaíocht a chomhordú. Is cuid d’Oifig an Uachtaráin í agus is í Oifig an Uachtaráin a dhéanann maoirseacht uirthi. Feidhmíonn sí mar mhol sa réimse sin mar aon le comhordaitheoir agus éascaitheoir nasc agus comhair. Coinníonn sí naisc leis an bpobal idirnáisiúnta, líonraí idir saotharlanna tíre, maoiníonn sí eolaithe na hIaráine, agus bíonn sí i mbun teagaisc.
Ina theannta sin, faoina hailias, an Lárionad um Chomhar sa Nuálaíocht agus sa Teicneolaíocht (CITC), tá sí ina cuid de chóras idir-rannach ina bhfuil CITC, Aireacht Faisnéise na hIaráine agus Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) faoi cheannas díreach Uachtarán na hIaráine. Chuaigh daoine aonair a bhfuil baint acu le CITC, ag gníomhú dóibh mar ionadaithe oifigiúla na hIaráine thar lear, i mbun feidhmeanna rúnda na n-oifigeach faisnéise eolaíche agus teicniúla freisin.
Tá sí freagrach as dul chun cinn teicneolaíoch na hIaráine trí naisc soláthair eachtraigh agus oiliúna ábhartha. Tugann sí tacaíocht do Rialtas na hIaráine.
|
26.7.2010
|
|
42.
|
Yeganeh Energy Sazan Atrak Part (ar a dtugtaí Yasa Part tráth) agus na fochuideachtaí seo a leanas:
|
Seoladh: Ground Floor - Building 0 – Maharat 3 Alley - Maharat Street - Bidak Industrial Area - Badranlu Rural District - Central District - Bojnord City - Northern Khorasan Province, an Iaráin Cód Poist: 9418156318
An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic príobháideach
Áit chlárúcháin: Bojnord - North Khorasan Province, an Iaráin
Uimhir chlárúcháin: 5219
|
Cuideachta a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí soláthair a bhaineann le hábhair agus teicneolaíochtaí a cheannach is gá le haghaidh cláir núicléacha agus bhalaistíocha.
|
26.7.2010
|
|
|
|
(a)
|
Arfa Paint Company (ar a dtugtar freisin ARFA; Arfa Company)
|
|
Seoladh 1: Unit 5, 9th floor, Sarve Tower, Saadat Abad, Tehran, an Iaráin
Seoladh 2: 16th km Karaj Special Road, Tehran, an Iaráin
|
Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.
|
26.7.2010
|
|
|
|
Seoladh: West Lavasani, Tehran, an Iaráin
|
Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.
|
26.7.2010
|
|
|
|
(d)
|
Hosseini Nejad Trading Co. (ar a dtugtar freisin Hosseini Nejad Trading Company)
|
|
|
Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.
|
26.7.2010
|
|
|
|
(e)
|
Iran Saffron Company (ar a dtugtar freisin Iransaffron Co.; Iran Safron; Iran Saffron; Iran Saffron Co.)
|
|
|
Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.
|
26.7.2010
|
|
57.
|
Hirbod Co (ar a dtugtar freisin HIRBOD Company)
|
Seoladh 1: Hirbod Co – Flat 2, 3 Second Street, Asad Abadi Avenue, Tehran 14316, an Iaráin
Seoladh 2 (monarcha): Tehran-Saveh Highway, km 80, Mamounieh Industrial Town, at the end of 8th Street, Asad Abadi Tehran, an Iaráin
Dáta clárúcháin: 1995
Príomhionad gnó: Tehran, an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC)
|
Tá Hirbod Co ar cheann de na cuideachtaí is mó le rá i réimse na dtáirgí cruach dhosmálta. Soláthraíonn sé táirgí cruach, lena n-áirítear i ngaireas slándála agus míleata, do go leor eintiteas de chuid na hIaráine, go háirithe Arthesh, arm na hIaráine.
Dá bhrí sin, tá Hirbod Co ag tacú le Rialtas na hIaráine agus tugann sé tacaíocht dó agus airm núicléacha agus córais seachadta arm núicléach á bhforbairt aige.
|
23.5.2011
|
|
60.
|
Paya Parto (ar a dtugtar freisin Paya Partov; National Centre for Laser Science and Technology (an Lárionad Náisiúnta um Eolaíocht agus Teicneolaíocht Léasair))
|
|
Is eintiteas é Paya Parto a dhéanann taighde ar dheighilt iseatóp cobhsaí, ar paraiméadar ríthábhachtach é chun comhpháirteanna lártheifneora a tháirgeadh, mar chuid de chlár núicléach na hIaráine. Tá dlúthbhaint aige le Atomic Energy Organisation of Iran (AEOI), a reáchtálann clár núicléach na hIaráine agus a dhéanann maoirseacht ar thionscadail aonair. Dá bhrí sin, tá Paya Parto freagrach as tacú le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.
|
23.5.2011
|
|
62.
|
Taghtiran (ar a dtugtar freisin Taghtiran Kashan Company)
|
Seoladh: Unit 2, No. 3, 2nd Alley, Asad Abadi St., Vali-e asr St., 14316 Tehran, an Iaráin
Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin
Príomhionad gnó: Tehran, an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: Defense Industries Organization (DIO)
|
Monaraíonn Taghtiran páirteanna cruach dhosmálta agus cruach carbóin d’eintitis éagsúla, lena n-áirítear na tionscail slándála agus cosanta, mar shampla Defense Industries Organization (DIO) agus saoráidí núicléacha, mar shampla, an tsaoráid tiontaithe úráiniam.
|
23.5.2011
|
|
71.
|
Institute of Applied Physics (Institiúid na Fisice Feidhmí) (IAP)
|
Eintitis chomhlachaithe: Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND); an Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha) (MODAFL)
|
Cuireann the Institute of Applied Physics (Institiúid na Fisice Feidhmí) taighde agus forbairt ar fáil do chlár núicléach na hIaráine. Tá comhpháirtíochtaí tionscadail aici le Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) atá liostaithe ag an Aontas, ar fochuideachta í den Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas agus atá ag obair chun arm a dhéanamh den chlár núicléach, clár atá faoi údarás Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha.
Tá baint ag Institiúid na Fisice Feidhmí dá bhrí sin le clár núicléach na hIaráine agus le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch na hIaráine.
|
23.5.2011
|
|
77.
|
Shahid Beheshti University
|
Seoladh 1: Daneshju Blvd., Yaman St., Chamran Blvd., P.O. Box 19839-63113, Tehran, an Iaráin
Seoladh 2: Shahid Shahriari Square, Evin, P.O. Box 19839-6311369411, Tehran, an Iaráin
|
Is eintiteas poiblí é Shahid Beheshti University atá faoi mhaoirseacht Ministry of Science, Research and Technology (an Aireacht Eolaíochta, Taighde agus Teicneolaíochta). Bíonn sé i mbun taighde eolaíoch a bhaineann le hairm núicléacha a fhorbairt.
|
23.5.2011
|
|
81.
|
Eyvaz Technic (ar a dtugtar freisin Azarsam Instrument Company)
|
Seoladh 1: No 3, Building 3, Shahid Hamid Sadigh Alley, Shariati Street, Tehran, an Iaráin
Seoladh 2: Tehran Province, Tehran, Kooy-e-Mehrzad, Kooy-e-Mehrzad,, M78Q+V2R, an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC)
|
Táirgeoir folústrealaimh a sholáthraíonn na láithreáin saibhrithe úráiniam in Natanz agus Qom/Fordow. In 2011, sholáthair sé trasduchtóirí brú do Kalaye Electric Company (Cuideachta Leictreachais Kayale) (KEC), cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.
|
1.12.2011
|
|
83.
|
Ghani Sazi Uranium Company (ar a dtugtar freisin Iran Uranium Enrichment Company; Sherkat-e Ghanisazi-ye Uranium)
|
Seoladh: 3, Qarqavol Close, 20th Street, Tehran, an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC); Cuideachta um Theicneolaíocht Lártheifneora na hIaráine)
|
Tá conarthaí táirgeachta ag Ghani Sazi Uranium Company le Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC), cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, agus le Iran Centrifuge Technology Company (Cuideachta um Theicneolaíocht Lártheifneora na hIaráine), atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.
|
1.12.2011
|
|
86.
|
Karanir (ar a dtugtar freisin Karanir Sanat, Moaser; Tajhiz Sanat; Karanir Sanat Co; Moshever Sanat Moaser; TSI; Tajis Sanat; Tajhis Sanat Industries)
|
Seoladh 1: 1139/1 Unit 104 Gol Building, Gol Alley, North Side of Sae, Vali Asr Avenue. PO Box 19395-6439, Tehran, an Iaráin
Seoladh 2: Beheshti St., Sabonuchi St., Adaee Alley, No. 2 ,Unit 301, Tehran, an Iaráin
|
Bhí baint ag Karanir le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.
|
1.12.2011
|
|
87.
|
Khala Afarin Pars (ar a dtugtar freisin PISHRO KHALA AFARIN COMPANY; Vacuum Afarin, Pars Vacuum Company)
|
Seoladh 1: Unit 5, 2nd Floor, No 75, Mehran Afrand St, Sattarkhan St, Tehran.
Seoladh 2: No. 94, 4th Floor, Unit 16, Bagherkhan St., Sattarkhan St., Tehran, an Iaráin
|
Tá baint ag an gcuideachta le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.
|
1.12.2011
|
|
88.
|
MACPAR Makina San Ve Tic
|
Seoladh: Istasyon MH, Sehitler cad, Guldeniz Sit, Number 79/2, Tuzla 34930, Iostanbúl, an Tuirc
Duine aonair comhlachaithe: Milad Jafari
|
Is cuideachta í faoi stiúir Milad Jafari atá liostaithe ag an Aontas Eorpach agus a sholáthair earraí, miotail den chuid is mó, do Shahid Hemmat Industries Group (SHIG) trí chuideachtaí caocha.
|
1.12.2011
|
|
89.
|
MATSA (Mohandesi Toseh Sokht Atomi Company (ar a dtugtar freisin Mohandesi Toseh Sanayeh Atomi (METSA))
|
Seoladh: 90, Fathi Shaghaghi Street, Tehran, an Iaráin.
Uimhir chlárúcháin: 2833278
Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 10103191030
Daoine aonair comhlachaithe: Mohammad Mohammadi (Stiúrthóir Bainistíochta)
Eintitis chomhlachaithe: Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC)
|
Is cuideachta Iaránach í MATSA (Mohandesi Toseh Sokht Atomi Company) atá faoi chonradh ag Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC), cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, chun seirbhísí deartha agus innealtóireachta a sholáthar ó cheann ceann an timthrialla breosla núicléach. Tá trealamh curtha ar fáil aici don láithreán saibhrithe úráiniam in Natanz.
|
1.12.2011
|
|
90.
|
Mobin Sanjesh (ar a dtugtar freisin Fakoor International Tehran Engineering Company (FITCO))
|
Seoladh: Entry 3, No 11, 12th Street, Miremad Alley, Abbas Abad, Tehran, an Iaráin
|
Glacann Mobin Sanjesh páirt dhíreach i ngníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Cuireann sí earraí agus seirbhísí ar fáil do chórais mhaighnéadacha a bhfuil feidhm dhíreach acu i dtionscal timthrialla breosla núicléach na hIaráine, mar shampla calabrú mais-speictriméadar.
|
1.12.2011
|
|
91.
|
Multimat lc ve Dis Ticaret Pazarlama Limited Sirketi (ar a dtugtar freisin MULTIMAT IC VE DIS TIC. PAZ. LTD. STI.; MULTIMAT IC VE DIS TICARET PAZARLAMA LIMITED SIRKETI; MULTIMAT IMPORT AND EXPORT; MULTIMAT LTD.; MULTIMAT TEHRAN; MULTIMAT TRADING COMPANY)
|
Seoladh: Guvendik Mahallesi 132/1 Sokak, Izmir, an Tuirc
Áit chlárúcháin: Izmir, an Tuirc
Dáta clárúcháin: 30.12.1996
Duine aonair comhlachaithe: Milad Jafari
Eintiteas comhlachaithe: Shahid Hemmat Industries Group (SHIG)
|
Is cuideachta í faoi stiúir Milad Jafari, atá liostaithe ag an Aontas agus a sholáthair earraí, miotail den chuid is mó, do Shahid Hemmat Industries Group (SHIG) trí chuideachtaí caocha.
|
1.12.2011
|
|
94.
|
Saman Tose'e Asia (SATA)
|
Seoladh: 4th Unit, 51 Sane'e St., N.W. of Jahan Kudak, Africa Blvd., Tehran, an Iaráin 19699-35145
|
Gnólacht innealtóireachta a bhfuil baint aige le tacaíocht a thabhairt do raon tionscadal tionsclaíoch ar mhórscála lena n-áirítear clár saibhrithe úráiniam na hIaráine, lena n-áirítear obair neamhdhearbhaithe ag an suíomh saibhrithe úráiniam in Qom/Fordow.
|
1.12.2011
|
|
97.
|
STEP Standart Teknik Parca San ve TIC A.S. (ar a dtugtar freisin SSTP, Step Standard Technical Components Industry and Trading Corporation, Step Corporation, Step Standart Teknik Parca Sanayi Ve Ticaret A.S., Step AS, Step Company, Stap Standart Tek Par San Tic AS, Step Standart Teknyk, Parca San. Ve Tyc. A.S., STEP Standart Teknik Parca San. ve Tic. A.S., Step Standart Teknik Parca Sanayi ve Ticaret Anonim Sirketi, Step A.S., Step S.A., Step Istanbul, Standart Teknik Parca San Ve Tic A.S., Standart Teknik Parca San. Ve Ticaret A.S., Standard Technical Component Industry and Trade Company, Step Standart Teknik Parca San Ve Tic As, Step Istanbul/Standart Teknik Parca San. Ve Tic. A.S.)
|
Seoladh: 79/2 Tuzla, 34940, Iostanbúl, an Tuirc
Duine aonair comhlachaithe: Milad Jafari
Eintiteas comhlachaithe: Shahid Hemmat Industries Group (SHIG)
|
Is cuideachta í faoi stiúir Milad Jafari a sholáthair earraí, miotail den chuid is mó, do Shahid Hemmat Industries Group (SHIG) trí chuideachtaí caocha.
|
1.12.2011
|
|
101.
|
Tosse Silooha (ar a dtugtar freisin Tosseh Jahad E Silo; Tosee Siloha)
|
Seoladh: NO.3. 50th st. , Kalantari sq., Seyed Jamaleddin Asadabadi Ave. (Yousefabad), Tehran, an Iaráin
|
Is cuideachta é Tosse Silooha a bhfuil baint aici le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Tá baint aici le déanamh comhpháirteanna le haghaidh gléasraí cumhachta núicléiche mar shampla túir fuaraithe, agus simléir thionsclaíocha. Tá an chuideachta ag tacú freisin le rialtas na hIaráine.
|
1.12.2011
|
|
102.
|
Yarsanat (ar a dtugtar freisin Yar Sanat; Yarestan Vacuumi; Zist Yar Sanat; Yar Sanat Co)
|
Seoladh 1: No. 101, West Zardosht Street, 3rd Floor, 14157 Tehran, an Iaráin
Seoladh 2: No. 139 Hoveyzeh Street, 15337, Tehran, an Iaráin
Seoladh 3: 15, Fatemi Eshragi Alley, Gerda Afrid Building, science and Technology Park, Tarbiat Modares University, S.S 2 – Development Center, 4th Floor, Tehran, an Iaráin
Príomhionad gnó: an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: Cuideachta Leictreachais Kalaye (KEC)
|
Is cuideachta soláthair í do Chuideachta Leictreachais Kalaye (KEC), atá liostaithe ag an Aontas Eorpach. Tá baint aici le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine, mar shampla ionstraimí le haghaidh saibhriú úráiniam.
|
1.12.2011
|
|
106.
|
Tidewater (ar a dtugtar freisin Tidewater Middle East Co; Tide Water Khavarmianeh)
|
Seoladh poist: No. 84, Vozara St., Tehran, an Iaráin
An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic phoiblí
Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin
Uimhir chlárúcháin: 12341
Príomhionad gnó: Tehran, an Iaráin
|
Faoi úinéireacht nó faoi rialú ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).
|
23.1.2012
|
|
148.
|
Iran Composites Institute (Institiúíd na hIaráine um Ábhair Chomhchodacha) (ar a dtugtar freisin Composites Research Laboratory (CRL))
|
Iran Composites Institute, Iranian University of Science and Technology, 16845-188, Tehran, an Iaráin,
Uimhir theileafóin: 98 217 3912858
Facs: 98 217 7491206
Seoladh ríomhphoist: mailto:ici@iust.ac.ir
Suíomh gréasáin: http://www.irancomposites.org
Eintitis chomhlachaithe: Ollscoil Malek Ashtar; Cuideachta um Theicneolaíocht Lártheifneora na hIaráine (ar a dtugtar freisin TESA)
|
Is lárionad taighde agus forbartha i réimse na n-ábhar comhchodach agus na struchtúr í Iran Composites Institute (Institiúid na hIaráine um Ábhair Chomhchodacha).
Bunaíodh é i gcomhar le Iran University of Science and Technology (IUST) agus tá sé mar chuid di i gcónaí. Trína cuid taighde, bíonn baint ag IUST i gclár núicléach na hIaráine. Tá sé nasctha le roinnt institiúidí acadúla Iaránacha, lena n-áirítear Ollscoil Malek Ashtar atá liostaithe ag an Aontas Eorpach agus nasctha leis an Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL), atá liostaithe ag an Aontas.
Roimh seo, bhí ceangal conartha ar Institiúid na hIaráine um Ábhair Chomhchodacha rótair lártheifneoirí IR-2M a sholáthar do Chuideachta um Theicneolaíocht Lártheifneora na hIaráine (ar a dtugtar freisin TESA), eintiteas atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.
Dá bhrí sin, tá Institiúid na hIaráine um Ábhair Chomhchodacha ag tacú le rialtas na hIaráine agus le heintitis atá faoina úinéireacht nó faoina rialú.
|
22.12.2012
|
|
151.
|
Simatec Development Company
|
|
Tá Simatec Development Company ag cuidiú le heintitis atá ainmnithe forálacha smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh ar an Iaráin a shárú agus tá sé ag tacú go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.
|
22.12.2012
|
|
153.
|
Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND)
|
Seoladh: Negarestan 3, off Pasdaran Street, Tehran, an Iaráin
Príomhionad gnó: Tehran, an Iaráin
Eintitis chomhlachaithe: an Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL)
|
Tacaíonn Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. D’aithin IAEA SPND agus is ábhair imní do IAEA na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine. Is é Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, a bhí ag reáchtáil SPND, ar cuid é den Aireacht Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL) agus atá ainmnithe ag an Aontas.
|
22.12.2012
|
|
161.
|
Sharif University of Technology
|
An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, an Iaráin
Teil. + 98 21 66 161
Seoladh ríomhphoist: info@sharif.ir
Eintitis chomhlachaithe: Aerospace Industries Organization (AIO); Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí
|
Is í Sharif University of Technology lárstóras na hIaráine um thaighde núicléach agus tá sí bunaithe in Tehran.
A mhéid a bhaineann le táirgeadh diúracán balaistíoch agus taighde fúthu, téann sí i gcomhar le Aerospace Industries Organization (AIO), atá liostaithe ag an Aontas agus a dhéanann maoirseacht ar chlár diúracán balaistíoch na hIaráine thar ceann na hAireachta Cosanta um Lóistíocht na bhFórsaí Armtha (MODAFL). Ina theannta sin, téann sí i gcomhar le Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) agus tacaíonn sí lena chuid iarrachtaí soláthair, i measc gníomhaíochtaí eile.
I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó i réimsí a bhaineann le cúrsaí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.
|
8.11.2014’
|