|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1557 |
25.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1557 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2025
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a mhéid a bhaineann le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183, pointe (b) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5, fomhír 6, pointe (a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3), socraítear rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus socraítear praghsanna ionadaíocha in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine. |
|
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán tráthrialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha a shocrú i gcás táirgí earnáil na feola éanlaithe clóis agus earnáil na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
|
(3) |
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Elisabeth WERNER
Ard-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/510/oj.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus lena socraítear praghsanna ionadaíocha in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás ubh-albaimine, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/1484/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
|
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
|
0207 12 90 |
Éanlaith den speiceas Gallus domesticus, nach bhfuil gearrtha ina bpíosaí, a chuirtear i láthair mar “sicíní 65 %”, iad reoite |
249,0 |
0 |
BR |
|
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
341,7 |
0 |
BR |
|
0207 14 60 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
165,0 |
0 |
BR |
(1) Ainmníocht arna socrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an mionscagadh geografach i ndáil le staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1470/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1557/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)