European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1555

28.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1555 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277 (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin.

(2)

Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/1277 go dtí an 31 Iúil 2025. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2026.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/1277 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9, an chéad mhír, de Chinneadh (CBES) 2021/1277, cuirtear an dáta ‘an 31 Iúil 2026’ in ionad ‘an 31 Iúil 2025’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277 I, 2.8.2021, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1277/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1555/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)