|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1550 |
29.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1550 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Iúil 2025
lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (1), agus go háirithe Airteagal 25(1), pointí (a), (b), (c) agus (d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun an córas TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/1543 a bhunú, is gá sonraíochtaí teicniúla, bearta teicniúla agus cuspóirí teicniúla a shainiú agus a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an chórais sin. |
|
(2) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1543, ba cheart an córas TF díláraithe a bheith comhdhéanta de chórais TF na mBallstát agus de ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus de phointí rochtana idir-inoibritheacha trína bhfuil na córais TF sin idirnasctha. Dá réir sin, ba cheart sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais eile an chórais TF dhíláraithe an creat sin a léiriú. |
|
(3) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1543, ba cheart pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bheith bunaithe ar phointí rochtana údaraithe e-CODEX mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(4) |
Féadfaidh na Ballstáit a roghnú úsáid a bhaint as na bogearraí cur chun feidhme tagartha arna bhforbairt ag an gCoimisiún mar a gcóras cúil in ionad córas náisiúnta TF. Chun idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart córais náisiúnta TF agus na bogearraí cur chun feidhme tagartha araon a bheith faoi réir na sonraíochtaí teicniúla agus na gceanglas céanna a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(5) |
Chun saincheisteanna teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hacmhainneacht agus iontaofacht an chórais TF dhíláraithe a mhaolú, is gá tairseach a bhunú le haghaidh mhéid na fianaise leictreonaí a tharchuirtear tríd an gcóras sin. Tar éis sheoladh an chórais, ba cheart faireachán a dhéanamh ar mhinicíocht agus ar mhéid na dtarchur sin, agus ba cheart an tairseach a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, chun éifeachtúlacht an chórais a uasmhéadú. |
|
(6) |
Chun idir-inoibritheacht agus éifeachtúlacht an chórais TF dhíláraithe a neartú, ba cheart úsáid chaighdeáin iomchuí ETSI a shainordú. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí amach anseo, agus, i gcás inar gá, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chaighdeáin bhreise ETSI a ghlacadh. |
|
(7) |
Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2023/1543 agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim uaidh an 25 Meitheamh 2025. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/1543, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sonraíochtaí teicniúla an chórais TF dhíláraithe
Sonraíochtaí agus ceanglais theicniúla, bearta agus cuspóirí an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 25 (1) de Rialachán (AE) 2023/1543 le haghaidh cumarsáid de réir bhrí Airteagal 19 den Rialachán sin, beidh siad mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 191, 28.7.2023, lch. 118, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1543.
(2) Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú leictreonach trasteorann sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32022R0850).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA AN CHÓRAIS TF DHÍLÁRAITHE
(dá dtagraítear in Airteagal 1)
1. Réamhrá agus raon feidhme
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo sonraíochtaí teicniúla, bearta agus cuspóirí an chórais TF dhíláraithe le haghaidh na nósanna imeachta faoi Rialachán (AE) 2023/1543.
De réir Rialachán (AE) 2023/1543, agus go háirithe Airteagal 19 de, cumasófar leis an gcóras TF díláraithe cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla, idir údaráis inniúla, agus idir údaráis inniúla agus gníomhaireachtaí nó comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais.
2. Sainmhínithe
|
2.1. |
Ciallaíonn ‘Prótacal Slánaistrithe Hipirtéacs’ nó ‘HTTPS’ cumarsáid chriptithe agus cainéil nasctha shlána; |
|
2.2. |
ciallaíonn ‘neamhshéanadh tionscnaimh’ na bearta lena soláthraítear cruthúnas shláine na sonraí agus cruthúnas thionscnamh na sonraí trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus ríomhshínithe agus ríomhshéalaí; |
|
2.3. |
ciallaíonn ‘neamhshéanadh fála’ na bearta lena soláthraítear cruthúnas go bhfuair an faighteoir beartaithe na sonraí ón tionscnóir trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus ríomhshínithe agus ríomhshéalaí; |
|
2.4. |
ciallaíonn ‘An Prótacal Simplí Rochtana Oibiachta (SOAP)’, de réir chaighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda, sonraíocht prótacail cur teachtaireachtaí chun faisnéis struchtúrtha a mhalartú agus seirbhísí gréasáin á gcur chun feidhme i líonraí ríomhaireachta; |
|
2.5. |
Ciallaíonn Aistriú Stáit Ionadaíochta (‘REST’) stíl ailtireachta chun feidhmchláir líonraithe a dhearadh, rud a bhíonn ag brath ar shamhail chumarsáide gan stát, chliant-freastalaí agus a bhíonn ag úsáid modhanna caighdeánacha chun oibríochtaí a dhéanamh ar acmhainní, nithe a léirítear i bhformáidí struchtúrtha de ghnáth; |
|
2.6. |
ciallaíonn ‘seirbhís gréasáin’ córas bogearraí atá ceaptha chun tacú le hidirghníomhú idir-inoibritheach meaisín-go-meaisín thar líonra, agus a bhfuil comhéadan aici a bhfuil tuairisc air i bhformáid mheaisín-inphróiseáilte; |
|
2.7. |
ciallaíonn ‘malartú sonraí’ teachtaireachtaí, foirmeacha, doiciméid agus fianaise leictreonach a mhalartú tríd an gcóras TF díláraithe; |
|
2.8. |
Ciallaíonn ‘API’ comhéadan feidhmchláir atá bunaithe ar chaighdeán coiteann malartaithe sonraí, lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhíse a bhaineann úsáid as réitigh shaincheaptha TF chun faisnéis agus sonraí a bhaineann le hiarrataí ar fhianaise leictreonach a mhalartú chun rochtain a fháil ar na córais TF dhíláraithe trí mhodhanna uathoibrithe; |
|
2.9. |
ciallaíonn ‘comhéadan gréasánbhunaithe’ comhéadan úsáideora atá ar fáil thar HTTPS ar an idirlíon, lena gcuirtear ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse cumarsáid shlán a dhéanamh leis na húdaráis agus faisnéis agus sonraí a bhaineann le hiarrataí ar fhianaise leictreonach a mhalartú, gan gá a mbonneagar tiomnaithe féin a bhunú; |
|
2.10. |
Ciallaíonn ‘Caighdeáin ETSI’ sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla arna bhforbairt ag Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) chun idir-inoibritheacht, slándáil agus éifeachtúlacht a áirithiú i dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Soláthraítear leo creataí, prótacail agus dea-chleachtais le haghaidh raon leathan teicneolaíochtaí, lena n-áirítear líonraí móibíleacha, cumarsáid raidió, cibearshlándáil, agus bonneagar idirlín; |
|
2.11. |
ciallaíonn ‘aschur haisfheidhme’ aschur aonfhaid a ghintear le haisfheidhm chripteagrafach nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar ionchur d’fhad treallach. Tá haisfheidhm chripteagrafach deartha chun airíonna bunúsacha slándála a chomhlíonadh, lena n-áirítear friotaíocht réamh-íomhá, friotaíocht dara réamh-íomhá, agus friotaíocht imbhuailte, lena n-áirithítear a stóinseacht i gcoinne ionsaithe inbhéartaithe agus imbhuailte; |
|
2.12. |
ciallaíonn ‘córas e-CODEX’ an córas e-CODEX a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/850; |
|
2.13. |
Ciallaíonn ‘Croístór Focal r-Cheartais an Aontais’ Croístór Focal r-Cheartais an Aontais mar a shainmhínítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/850; |
|
2.14. |
ciallaíonn ‘ebMS’ Seirbhís Teachtaireachta ebXML, ar prótacal teachtaireachtaí é arna fhorbairt faoi chreat OASIS lena gcumasaítear malartú slán, iontaofa agus idir-inoibritheach doiciméad leictreonach gnó trí úsáid a bhaint as SOAP, lena dtacaítear le comhtháthú gnólacht le gnólacht ar fud córais éagsúla; |
|
2.15. |
Seasann ‘AS4’ do Ráiteas Infheidhmeachta 4, caighdeán OASIS lena bpróifílítear ebMS 3.0; trína simplíonn sé teachtaireachtaí slána agus idir-inoibritheacha gnólacht le gnólacht trí chaighdeáin oscailte amhail SOAP agus Slándáil WS a úsáid; |
|
2.16. |
Ciallaíonn Cuspóir Ama Téarnaimh an t-am uasta is inghlactha chun seirbhís a athbhunú tar éis teagmhais; |
|
2.17. |
Ciallaíonn an Cuspóir Pointe Téarnaimh an t-uasmhéid inghlactha caillteanais sonraí i gcás teipe. |
3. Modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach
|
3.1. |
Chun críocha cumarsáide i scríbhinn idir údaráis inniúla na mBallstát, idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhíse, agus idir údaráis inniúla agus gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, bainfidh an córas TF díláraithe úsáid as modhanna cumarsáide seirbhísbhunaithe, amhail Seirbhísí Gréasáin nó comhpháirteanna in-athúsáidte eile agus réitigh bhogearraí chun críoch malartaithe sonraí. Go sonrach, beidh cumarsáid trí phointí rochtana e-CODEX i gceist leis, mar a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2022/850. Dá bhrí sin, chun malartú sonraí trasteorann éifeachtach agus idir-inoibritheach a áirithiú, tacóidh an córas TF díláraithe le cumarsáid tríd an gcóras e-CODEX. |
|
3.2. |
I bhfianaise an líon ard fianaise leictreonaí a mheastar a bheidh le tarchur tar éis Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird tríd an gcóras TF díláraithe, mar a leagtar amach in Airteagal 19(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/1543, a bhféadfadh srianta ar acmhainneacht theicniúil a bheith mar thoradh air, srianta a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcóras TF díláraithe, tarchuirfear fianaise leictreonach tríd an gcóras sin a mhéid nach mó í ná an tairseach de 25 mheigibheart (25,600 cilebheart). Déanfar fianaise leictreonach a théann thar an tairseach sin a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 19(5) den Rialachán sin. |
|
3.3. |
Ag féachaint d’Airteagal 19(6) de Rialachán (AE) 2023/1543, i gcás ina ndéantar tarchur trí mhodhanna malartacha dá bhforáiltear sa mhír sin toisc nach féidir an córas TF díláraithe a úsáid mar gheall ar cheann de na forais a leagtar amach in Airteagal 19(5) den Rialachán sin: |
|
3.3.1. |
I gcás ina mbaineann an tarchur le cumarsáid i scríbhinn, lena n-áirítear malartú foirmeacha, idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse de réir bhrí Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/1543, déanfaidh tionscnóir an tarchuir an tarchur a thaifeadadh sa chuid den chóras TF díláraithe arb é a chóras TF náisiúnta é. Áireofar san fhaisnéis thaifeadta, ar a laghad, cás nó uimhir thagartha comhaid, an dáta agus an t-am a ghabhann leis, an seoltóir agus an faighteoir, agus ainm an chomhaid agus a mhéid. |
|
3.3.2. |
I gcás ina mbaineann an tarchur le cumarsáid i scríbhinn, lena n-áirítear malartú foirmeacha, idir údaráis inniúla, chomh maith le cumarsáid i scríbhinn le gníomhaireachtaí nó comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2023/1543, déanfaidh tionscnóir an tarchuir an tarchur a thaifeadadh sa chóras TF díláraithe, go háirithe laistigh dá chóras TF náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, sna córais TF a oibríonn an ghníomhaireacht nó an comhlacht inniúil de chuid an Aontais. Áireofar san fhaisnéis thaifeadta ar a laghad cás nó uimhir thagartha comhaid, dáta agus am an tarchuir, an seoltóir agus an faighteoir, ainm an chomhaid agus a mhéid. |
|
3.3.3. |
I gcás inar tarchuireadh fianaise leictreonach de bhun Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird trí mhodhanna malartacha cumarsáide idir soláthraithe seirbhíse agus na húdaráis inniúla sa Stát eisiúna (1), nó i gcás ina ndéantar an fhianaise leictreonach a tharchur trí mhodhanna malartacha ón údarás forfheidhmiúcháin chuig na húdaráis inniúla sa Stát eisiúna faoin nós imeachta maidir le forfheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 16(9) de Rialachán (AE) 2023/1543, déanfaidh an tionscnóir an méid seo a leanas:
|
|
3.4. |
Ag féachaint d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2023/1543, déanfaidh na bogearraí cur chun feidhme tagartha an staidrimh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin a bhailiú, a tharchur nó a sholáthar ar bhealach eile i bhformáidí sonraí struchtúrtha (e.g. XML) agus neamhstruchtúrtha (e.g. PDF). I gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2023/1543, i gcás ina bhfuil an trealamh teicniúil iomchuí acu, féadfaidh tairseacha náisiúnta (3) arna n-oibriú ag na Ballstáit freisin an staidreamh sin a tharchur chuig an gCoimisiún nó a sholáthar dó trí phróiseas uathoibrithe. Eiseoidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an struchtúr sonraí agus maidir leis an modh chun an staidreamh sin a bhailiú agus a chur in iúl. |
4. Prótacail chumarsáide
|
4.1. |
Úsáidfidh an córas TF díláraithe prótacail idirlín shlána chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
4.2. |
Chun sonraí struchtúrtha agus meiteashonraí a shainiú agus a tharchur, beidh comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe bunaithe ar chaighdeáin agus ar phrótacail tionscail chuimsitheacha a bhfuil glacadh forleathan leo, amhail SOAP agus REST, go háirithe iad siúd dá dtagraíonn eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, amhail ETSI. |
|
4.3. |
Maidir leis na Prótacail Iompair agus Teachtaireachta, beidh an córas TF díláraithe bunaithe ar phrótacail shlána atá bunaithe ar chaighdeáin amhail:
|
|
4.4. |
Chun sonraí a mhalartú go rianúil agus go hidir-inoibritheach, comhlíonfaidh na prótacail chumarsáide a úsáideann an córas TF díláraithe na caighdeáin idir-inoibritheachta ábhartha. |
|
4.5. |
I gcás inarb infheidhme, bainfidh Scéimrí XML r-fhianaise úsáid as caighdeáin nó as foclóirí ábhartha, a bhfuil gá leo chun na heilimintí agus na cineálacha a shainítear laistigh den scéimre seo a bhailíochtú i gceart. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:
Chomh maith leis sin, i gcás inarb infheidhme, féadfar caighdeáin ábhartha ETSI a ionchorprú sna Scéimrí XML chun úsáid a bhaint as a sainmhínithe. |
|
4.6. |
Saineoidh an Coimisiún na sonraíochtaí le haghaidh API coiteann, a chuirfidh Stáit forfheidhmiúcháin ar fáil do sholáthraithe seirbhíse mar bhealach chun rochtain a fháil ar an gcóras TF díláraithe. A mhéid is féidir agus is réasúnta, beidh an API sin bunaithe ar ETSI TS 104 144 (‘Sainmhíniú comhéadain ar an Rialachán maidir le r-fhianaise (AE) 2023/1543 d’Údaráis Náisiúnta agus Soláthraithe Seirbhíse’). |
|
4.7. |
Maidir leis na prótacail slándála agus fíordheimhnithe, beidh an córas TF díláraithe bunaithe ar phrótacail atá bunaithe ar chaighdeáin amhail:
|
5. Cuspóirí slándála faisnéise agus bearta teicniúla ábhartha
|
5.1. |
I dtaca le malartú faisnéise tríd an gcóras TF díláraithe, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:
|
|
5.2. |
Áiritheofar le comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe cumarsáid shlán agus tarchur sonraí slán, trí chriptiú, bonneagar eochrach poiblí a úsáid le deimhnithe digiteacha le haghaidh fíordheimhniú agus malartú slán eochrach, agus prótacail teachtaireachtaí shlána amhail AS4 (ebMS), RESTful APInna agus SOAP chun rúndacht agus sláine teachtaireachtaí a choinneáil ar bun. |
|
5.3. |
Déanfar comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe a fhorbairt i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, agus cuirfear bearta riaracháin, eagraíochtúla agus teicniúla iomchuí chun feidhme chun ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú. |
|
5.4. |
Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhréir leis na ceanglais agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725. Leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha arna soláthar ag an gCoimisiún, beidh na Ballstáit in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) faoi seach, de réir mar is infheidhme. |
|
5.5. |
Déanfaidh na Ballstáit a úsáideann córas TF náisiúnta nach ionann é agus na bogearraí cur chun feidhme tagartha na bearta is gá a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme. |
|
5.6. |
Ag féachaint dá rannpháirtíocht sa chóras TF díláraithe, cuirfidh Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh na bearta is gá chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcórais TF faoi seach ceanglais Rialachán (AE) 2018/1725 agus a ngníomhartha bunaidh. |
|
5.7. |
Bunóidh na Ballstáit, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sásraí láidre chun bagairtí a bhrath agus chun freagairt ar theagmhais chun sainaithint, maolú agus téarnamh tráthúil ó theagmhais slándála a áirithiú, i gcomhréir lena mbeartais ábhartha, maidir leis an gcuid sin den chóras TF díláraithe atá faoina bhfreagracht. |
6. Criptiú fianaise (6) leictreonaí
|
6.1. |
Gan dochar do na bearta slándála dá bhforáiltear leis an gcóras TF díláraithe, féadfaidh údaráis inniúla, agus Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird á eisiúint acu, deimhniú poiblí tiomnaithe X.509 a sholáthar freisin le haghaidh criptiú neamhshiméadrach fianaise leictreonaí. |
|
6.2. |
Is é an Stáit eisiúna amháin a bheidh freagrach as eisiúint, bainistiú, fíorú, agus gach gné ghaolmhar de na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe 6.1, mar aon leis an mbonneagar eochrach poiblí comhfhreagrach. |
|
6.3. |
Gan dochar d’fhorbairtí teicneolaíocha amach anseo, tacóidh na deimhnithe poiblí le halgartaim chriptiúcháin de réir an tionscail amhail, RSA (Rivest-Shamir-Adleman) nó DHCÉ (Diffie-Hellman de réir Cuar Éilipseach) le haghaidh CCÉ (Cripteagrafaíocht de réir Cuar Éilipseach). |
|
6.4. |
Beidh an breiseán iomchuí ‘Eochairúsáide’ mar chuid de dheimhnithe poiblí, amhail ‘Príomh-rúnscríobh’ nó ‘Rúnscríobh Sonraí’ le haghaidh deimhnithe bunaithe ar RSA, agus ‘Príomh-Chomhaontú’ le haghaidh deimhnithe atá bunaithe ar CCÉ. Cuirfear deimhnithe ar fáil i bhformáid PPB (Post Príobháideachais Bhreisithe) nó RCS (Rialacha Códúcháin Sainiúla). |
|
6.5. |
I gcás inar sholáthair an t-údarás eisiúna deimhniú poiblí X.509, agus i gcás ina seolann soláthraí seirbhíse an fhianaise leictreonach arna tabhairt ar aird de bhun Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, déanfaidh an soláthraí, sula dtarchuirfear na sonraí sin tríd an gcóras TF díláraithe, an fhianaise leictreonach a chriptiú agus an deimhniú poiblí X.509 á úsáid a chuir an Stát eisiúna ar fáil. |
|
6.6. |
I gcás inar sholáthair an t-údarás eisiúna deimhniú poiblí X.509, ach nach féidir fianaise leictreonach a tharchur i bhfoirm chriptithe ar chúiseanna teicniúla nó cúiseanna inchosanta eile, agus gan dochar don fhoráil faoi Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2023/1543, féadfaidh an soláthraí seirbhíse na sonraí a tharchur gan criptiú ábhair. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse míniú réasúnaithe don údarás eisiúna. |
7. Íoschuspóirí infhaighteachta
|
7.1. |
Áiritheoidh na Ballstáit, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh go mbeidh fáil 24 uair an chloig, 7 lá in aghaidh na seachtaine ar chomhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe atá faoina gcúram, le spriocráta infhaighteachta teicniúla 98 % ar a laghad ar bhonn bliantúil, gan cothabháil sceidealaithe a áireamh. |
|
7.2. |
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh bunachar sonraí na Cúirte ar fáil 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine, ag a bhfuil spriocráta infhaighteachta teicniúla is mó ná 99 % ar bhonn bliantúil, gan cothabháil sceidealta a áireamh. |
|
7.3. |
A mhéid is féidir, le linn laethanta oibre, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil idir 20:00u agus 7:00u Am Lár na hEorpa. |
|
7.4. |
Tabharfaidh na Ballstáit, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi ghníomhaíochtaí cothabhála mar seo a leanas:
|
|
7.5. |
I gcás ina mbeidh tréimhsí cothabhála tráthrialta socraithe ag na Ballstáit, ag Eurojust nó ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, cuirfidh siad an Coimisiún agus na rannpháirtithe sa chóras TF díláraithe ar an eolas faoin am agus faoin lá nó faoi na laethanta a bheidh na tréimhsí tráthrialta seasta sin beartaithe. D’ainneoin na n-oibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7.4, i gcás nach mbeidh comhpháirteanna den chóras TF díláraithe atá faoi fhreagracht na mBallstát, Eurojust nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar fáil le linn fuinneog sheasta tráthrialta den sórt sin, féadfaidh siad a roghnú gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair. |
|
7.6. |
I gcás cliseadh teicniúil gan choinne ar chomhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe atá faoi fhreagracht na mBallstát, Eurojust nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, cuirfidh siad an Coimisiún agus na rannpháirtithe sa chóras TF díláraithe ar an eolas faoin teip sin gan mhoill, agus, más eol, faoin tráthchlár téarnaimh réamh-mheasta. |
|
7.7. |
I gcás gníomhaíochtaí cothabhála nó cliseadh teicniúil gan choinne ar chomhpháirteanna laistigh den chóras TF díláraithe faoi fhreagracht Ballstáit a bhfuil drochthionchar aige ar infhaighteacht an API agus/nó an chomhéadain ghréasánbhunaithe do sholáthraithe seirbhíse, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil go pras ar shuíomh gréasáin agus/nó cuirfidh sé in iúl í do sholáthraithe seirbhíse a oibríonn laistigh dá chríoch, gan moill mhíchuí. |
|
7.8. |
I gcás cliseadh teicniúil gan choinne i mbunachar sonraí na Cúirte, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoin neamh-infhaighteacht sin, agus más eol sin, faoin tráthchlár téarnaimh réamh-mheasta. |
|
7.9. |
I gcás briseadh seirbhíse, áiritheoidh na Ballstáit, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh téarnamh seirbhíse gasta agus gan ach líon an-bheag sonraí a chailleadh, i gcomhréir leis an gCuspóir Ama Téarnaimh tapa agus an Cuspóir Pointe Téarnaimh. |
|
7.10. |
Déanfaidh na Ballstáit, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh bearta iomchuí a chur chun feidhme chun na cuspóirí infhaighteachta a leagtar amach thuas a bhaint amach agus bunóidh siad nósanna imeachta chun freagairt go héifeachtach do theagmhais. |
8. Bunachar sonraí na n-údarás inniúil/na gCúirte (CDB)
|
8.1. |
Ag féachaint d’Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/1543, chun críocha fheidhmiú an chórais TF dhíláraithe, tá sé fíor-riachtanach bunachar sonraí údarásach a bhunú maidir leis na soláthraithe seirbhíse agus na húdaráis inniúla. |
|
8.2. |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid struchtúrtha i mbunachar sonraí údarásach na n-údarás inniúil:
|
|
8.2.1. |
Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 8.2.(c):
|
|
8.2.2. |
I gcás ina mbeidh sí ar fáil, féadfar an méid seo a leanas a áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 8.2.(c):
|
|
8.3. |
I bhfianaise riachtanais oibríochtúla an chórais TF dhíláraithe:
|
(1) Ar mhaithe le soiléireacht níos fearr, tuigfear freisin, mutatis mutandis, go bhfuil feidhm ag tagairtí d’údaráis náisiúnta inniúla maidir le comhaltaí náisiúnta Eurojust, Ionchúisitheoirí Eorpacha agus Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha, a mhéid a thugtar de chumhacht dóibh na feidhmeanna céanna a dhéanamh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
(2) Ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 19(5), go gcomhlíonfaidh tarchur trí mhodhanna malartacha cumarsáide den sórt sin na ceanglais maidir le bheith tapa, slán agus iontaofa, rud a chuirfidh ar a chumas don fhaighteoir fíordheimhneacht a shuíomh.
(3) Ba cheart ‘tairseacha náisiúnta’ a thuiscint mar ‘chórais TF’ náisiúnta atá mar chuid den chóras TF díláraithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(21) de Rialachán (AE) 2023/1543.
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) ( IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(5) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle ( IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(6) Chun amhras a sheachaint, tá an téarma ‘fianaise leictreonach’ teoranta don sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2023/1543.
(7) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(8) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) ( IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(9) Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181 ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023L1544).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1550/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)