|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1547 |
25.7.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1547 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Iúil 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (1). |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2023/1532, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 27 Iúil 2026 agus ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt agus le heintiteas amháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 a nuashonrú. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 10, cuirtear an dáta ‘27 Iúil 2026’ in ionad an dáta ‘27 Iúil 2025’; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1532/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 dar teideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus 3’, mar a leanas:
|
(1) |
ar an liosta dar teideal ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 7 agus 20:
|
|
(2) |
ar an liosta dar teideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear an méid a leanas in ionad iontrálacha 20:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1547/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)