European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1545

31.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1545 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Cornus alba, Cornus sanguinea, Populus alba, Populus nigra, Populus tremula, Sorbus aucuparia agus Taxus baccata le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha in aghaidh lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ar an liosta tá na géinis Cornus L., Populus L., Sorbus L. agus Taxus L.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach gcuimsítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go gcuimseofaí iad sa liosta sin tar éis measúnú riosca iomlán breise.

(4)

An 31 Márta 2023, chuir an Ríocht Aontaithe (5) trí iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas (‘na plandaí ábhartha’):

plandaí Cornus alba, Cornus sanguinea agus Sorbus aucuparia le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 10 mm an trastomhas acu;

plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 5 bliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu;

plandaí Cornus alba, Cornus sanguinea agus Sorbus aucuparia le haghaidh plandú atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu; agus

plandaí Sorbus aucuparia le haghaidh plandú i ndamhna fáis agus suas le 15 bliana d’aois agus nach mó ná 190 mm an trastomhas acu.

Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis na hiarrataí sin.

(5)

An 1 Feabhra 2024, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (6). Shainaithin an tÚdarás Discula destructiva, Meloidogyne fallax, Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus víreas fáinnebhall an Phlanda trátaí, mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin.

(6)

An 23 Bealtaine 2024, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí Sorbus aucuparia de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (7). Shainaithin sé Entoleuca mammata agus Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin.

(7)

An 7 Lúnasa 2023, chuir an Ríocht Aontaithe ceithre iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas (‘na plandaí ábhartha eile’):

gearrthóga/beangán nódaithe Populus nigra agus Populus tremula atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 12 mm an trastomhas acu;

plandaí Populus alba, Populus nigra agus Populus tremula le haghaidh plandú atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu;

plandaí Populus alba, Populus nigra agus Populus tremula le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 15 bliana d’aois agus nach mó ná 120 mm an trastomhas acu;

plandaí Taxus baccata le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 4 mm an trastomhas acu;

plandaí Taxus baccata le haghaidh plandú atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 20 mm an trastomhas acu; agus

plandaí Taxus baccata le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 15 bliana d’aois agus nach mó ná 100 mm an trastomhas acu.

Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis na hiarrataí sin.

(8)

An 29 Eanáir 2025, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí Taxus baccata de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (8). Shainaithin sé Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaid atá ábhartha do na plandaí sin.

(9)

An 26 Feabhra 2025, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí Populus alba, Populus nigra agus Populus tremula de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (9). Shainaithin sé Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) agus Entoleuca mammata mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin.

(10)

Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sna sainchomhaid faoi seach le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil ard-dóchúlacht ann go mbeidh na plandaí ábhartha, chomh maith leis na plandaí ábhartha eile, saor ó na lotnaidí sin, ar choinníoll go gcuirtear na bearta maolaithe riosca ábhartha i bhfeidhm.

(11)

Ar bhonn na dtuairimí sin, meastar go laghdaítear an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí ábhartha, chomh maith leis na plandaí ábhartha eile, a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an riosca lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin.

(12)

Maidir leis an riosca fíteashláintíochta a bhaineann le tabhairt isteach i gcríoch an Aontais plandaí móra Populus alba, Populus nigra, Populus tremula, Sorbus aucuparia agus Taxus baccata le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá 15 bliana d’aois, arb iad na tráchtearraí a bhféadfadh an riosca fíteashláintíochta is airde a bheith ag baint leo iad, meastar go bhfuil an riosca sin laghdaithe go leibhéal inghlactha, agus dá bhrí sin tá údar maith ann le teacht ar an gconclúid maidir leis an riosca fíteashláintíochta a bhaineann le tabhairt isteach san Aontas gach planda Populus alba, Populus nigra, Populus tremula, Sorbus aucuparia agus Taxus baccata le haghaidh plandú, gan beann ar a méid, a n-aois, iad a bheith fréamhlom nó i ndamhna fáis, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, go bhfuil an riosca sin laghdaithe go leibhéal inghlactha.

(13)

Dá réir sin, plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 10 mm an trastomhas acu; plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 5 bliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu; plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu; níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí ardriosca iad plandaí Populus alba, Populus nigra, Populus tremula, Sorbus aucuparia agus Taxus baccata le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(15)

Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid theicniúla, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha agus na plandaí ábhartha eile a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar an riosca a bhaineann le tabhairt isteach na bplandaí sin inti a áirithiú.

(16)

Liostaítear Meloidogyne fallax agus Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Bemisia tabaci (Daonraí Eorpacha) agus Entoleuca mammata mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus víreas fáinnebhall an phlanda trátaí liostaithe anois mar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

(17)

Níl Discula destructiva ar an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 go fóill. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán ar an lotnaid a chur ar fáil chun a chinneadh an gcomhlíonann sí na coinníollacha chun í a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na ceanglais shonracha ábhartha, agus ba cheart, dá bhrí sin, Discula destructiva agus na ceanglais comhfhreagracha a chur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(5)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(6)  Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2024. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 22(3), e8657. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8657.

(7)  Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2024. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Sorbus aucuparia ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 22(6), e8837. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8837.

(8)  Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2025. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Taxus baccata ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 23(2), e9277. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9277.

(9)  Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2025. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Populus alba, Populus nigra agus Populus tremula ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 23(3), e9305. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9305.


IARSCRÍBHINN I

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Cornus L.’:

Cornus L., seachas:

plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú, atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 10 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú i ndamhna fáis, atá suas le 5 bliana d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; agus

plandaí Cornus alba agus Cornus sanguinea le haghaidh plandú, atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Populus L.’:

Populus L., seachas plandaí Populus alba, Populus nigra agus Populus tremula, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Sorbus L.’:

Sorbus L., seachas plandaí Sorbus aucuparia, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’;

4.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Taxus L.’:

Taxus L. seachas plandaí Taxus baccata le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’.


IARSCRÍBHINN II

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála ‘ Albizia julibrissin Durazzini, plandaí fréamhloma suanacha beagnaithe le haghaidh plandú, nach mó ná 2,5 cm an trastomhas acu’ ó Iosrael:

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód AC

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

‘Cornus alba agus Cornus sanguinea,

plandaí le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 10 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

plandaí le haghaidh plandú i ndamhna fáis, atá suas le 5 bliana d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus

plandaí le haghaidh plandú atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois, agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.

ex 0602 10 90

ex 0602 90 45

ex 0602 90 46

ex 0602 90 48

an Ríocht Aontaithe

(a)

Ráiteas oifigiúil ina luaitear an méid seo a leanas:

(i)

go bhfuil na plandaí saor ó Discula destructiva;

(ii)

go bhfuarthas an láithreán táirgthe saor ó Discula destructiva le linn cigireachtaí oifigiúla a rinneadh ag amanna iomchuí, ó thús an tséasúir fáis deiridh;

(iii)

gur cuireadh córas i bhfeidhm chun a áirithiú gur glanadh na huirlisí agus an t-innealra le bheith saor ó ithir agus ó bhruscar plandaí agus go ndearnadh iad a dhíghalrú le bheith saor ó Discula destructiva, sular tugadh isteach sa láithreán táirgthe iad; agus

(iv)

díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun Discula destructiva a aimsiú, lena n-áirítear sampláil agus tástáil randamach;

(b)

cuimsítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”:

(i)

an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún”; agus

(ii)

‘sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1545/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)