European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1542

31.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1542 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2025

lena sonraítear na módúlachtaí, an struchtúr agus na táscairí measúnaithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta atá le tarchur de bhun Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (1), agus go háirithe Airteagal 3b(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 Cuntais Eacnamaíochta na Talmhaíochta san Aontas Eorpach trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an modheolaíocht agus na teorainneacha ama chun na cuntais talmhaíochta a tharchur.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 3b(3) de Rialachán (CE) Uimh. 138/2004, tarchuirfidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta chuig an gCoimisiún (Eurostat) den chéad uair faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

(3)

Tá gá le comhchaighdeáin tuairiscithe cáilíochta a áirithiú le haghaidh malartú sonraí agus meiteashonraí a bhaineann le cáilíocht. Is féidir an gá sin a chomhlíonadh trí na módúlachtaí, an struchtúr agus na táscairí measúnaithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta a shonrú. Ba cheart na caighdeáin a bheith ina rannchuidiú le comhchuibhiú an dearbhaithe cáilíochta agus an tuairiscithe cáilíochta.

(4)

D’fhormheas an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an Struchtúr Meiteashonraí Comhtháite Aonair (2) mar chaighdeán meiteashonraí. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh a n-údaráis staidrimh náisiúnta na coincheapa staidrimh a liostaítear ann i bhfeidhm nuair a bheidh meiteashonraí tagartha agus tuarascálacha cáilíochta á dtiomsú acu agus nuair a bheidh meiteashonraí agus tuarascálacha cáilíochta á malartú acu (3). Le cur i bhfeidhm an Struchtúir Meiteashonraí Chomhtháite Aonair, cuirtear le comhchuibhiú an dearbhaithe cáilíochta agus an tuairiscithe cáilíochta, agus ar an gcaoi sin cuidítear leis na ceanglais cáilíochta staidrimh a chomhlíonadh, ar ceanglais iad a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena soláthraítear creat tagartha sainordaitheach le haghaidh staidreamh Eorpach.

(5)

Tá caighdeán tarchurtha seanbhunaithe ag an gCóras Staidrimh Eorpach mar a d’fhormheas an Coiste um an gClár Staidrimh in 2006. Sonraítear sa chaighdeán sin go mbeidh na sonraí agus na meiteashonraí do gach réimse staidrimh ag teacht isteach i limistéar glactha coiteann sa Choimisiún (Eurostat) ionas gur féidir faireachán agus seiceáil uathoibríoch a dhéanamh orthu, mar aon leis na sonraí agus na meiteashonraí sin a sheachadadh go huathoibríoch chuig an spriocthimpeallacht táirgthe. Ba cheart an caighdeán sin a úsáid le haghaidh na dtuarascálacha arna dtarchur faoin Rialachán seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Módúlachtaí

1.   Tarchuirfidh gach Ballstát tuarascáil cháilíochta chuig an gCoimisiún (Eurostat) den chéad uair maidir leis an mbliain tagartha 2023 agus le haghaidh gach bliain tagartha dar críoch 8 agus 3 ina dhiaidh sin.

2.   Cuirfear na tuarascálacha cáilíochta faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) trí chaighdeán tarchurtha an Chórais Staidrimh Eorpaigh a úsáid.

Airteagal 2

Struchtúr

1.   Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil aonair cháilíochta faoi bhráid an Choimisiúin ina gcumhdófar na sonraí uile ó chlár tarchurtha Chuntais Eacnamaíochta na Talmhaíochta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

2.   Leagtar amach struchtúr agus ábhar mionsonraithe na dtuarascálacha cáilíochta in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, tagrófar sna tuarascálacha sin d’aon chás nár comhlíonadh na caighdeáin cháilíochta iomchuí agus/nó nár cuireadh coincheapa staidrimh i bhfeidhm i gceart, agus tabharfar cúiseanna leis na cásanna sin.

Airteagal 3

Táscairí measúnaithe

Maidir le cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí tarchurtha, déanfar measúnú orthu i ndáil leis an tacar táscairí cáilíochta agus feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2025

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 33, 5.2.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/138/oj.

(2)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/quality/quality-monitoring/quality-reporting.

(3)  Moladh (AE) 2023/397 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 maidir le tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta don Chóras Staidrimh Eorpach, lena n-ionadaítear Moladh 2009/498/CE maidir le meiteashonraí tagartha don Chóras Staidrimh Eorpach (IO L 53, 21.2.2023, lch. 104, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/397/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj).


IARSCRÍBHINN I

STRUCHTÚR AGUS ÁBHAR NA dTUARASCÁLACHA CÁILÍOCHTA

Sna tuarascálacha cáilíochta beidh sonraí agus meiteashonraí a bhaineann le cáilíocht i gcomhréir leis na critéir cháilíochta agus na coincheapa staidrimh seo a leanas. Mura bhfuil coincheap staidrimh ar leith ábhartha d’oibríocht staidrimh, ba cheart an coincheap a choinneáil sa tuarascáil cháilíochta agus na focail ‘Ní bhaineann le hábhar’ agus míniú gearr ag gabháil leis.

Cur i láthair staidrimh

Tuairisc ar na sonraí scaipthe.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Tuairisc ar shonraí

Córas aicmiúcháin

Cumhdach earnála

Coincheapa agus sainmhínithe staidrimh

An t-aonad staidrimh

An pobal staidrimh

Limistéar tagartha

Cumhdach ama

Buntréimhse

Aonad tomhais

An t-aonad tomhais a úsáidtear chun na luachanna sonraí a thomhas.

Tréimhse thagartha

An tréimhse ama nó an pointe ama a bhfuil an bharúil thomhaiste beartaithe chun tagairt a dhéanamh di/dó.

Sainordú institiúideach

Dlí, sraith rialacha nó sraith fhoirmiúil eile treoracha lena sanntar an fhreagracht agus an t-údarás d’eagraíocht chun staidreamh a bhailiú, a phróiseáil agus a scaipeadh.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Gníomhartha dlí agus comhaontuithe eile

Comhroinnt sonraí

Rúndacht

Maoin sonraí lena léirítear a mhéid a d’fhéadfadh nochtadh neamhúdaraithe na sonraí sin dochar nó díobháil a dhéanamh do leas na foinse nó leas páirtithe ábhartha eile.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Rúndacht – beartas

Rúndacht – cóireáil sonraí

Beartas eisiúna

Rialacha maidir le sonraí staidrimh a scaipeadh chuig na páirtithe leasmhara uile.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Féilire eisiúna

Rochtain ar an bhféilire eisiúna

Rochtain úsáideoirí

Minicíocht an scaipthe

An t-eatramh ama a dhéantar an staidreamh a scaipeadh i gcaitheamh tréimhse ama áirithe.

Inrochtaineacht agus soiléireacht

Na coinníollacha agus na módúlachtaí trínar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil ar shonraí, úsáid a bhaint astu agus iad a léirmhíniú.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Eisiúint nuachta

Foilseacháin

Bunachar sonraí ar líne

Eile

Doiciméadacht maidir leis an modheolaíocht

Iomláine meiteashonraí – ráta

Doiciméadacht cháilíochta

Bainistíocht cháilíochta

Córais agus creataí atá i bhfeidhm laistigh d’eagraíocht chun cáilíocht táirgí agus próiseas staidrimh a bhainistiú.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Dearbhú cáilíochta

Measúnú cáilíochta

Ábharthacht

A mhéid a chomhlíonann an fhaisnéis staidrimh riachtanais reatha na n-úsáideoirí agus na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith acu.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Riachtanais úsáideoirí

Sásamh úsáideoirí

Iomláine

Iomláine sonraí – an ráta le haghaidh táirgeoirí

Cruinneas agus iontaofacht

Is éard atá i gceist le cruinneas na sonraí a ghaire atá na ríomhanna nó na meastacháin do na luachanna beachta nó na fíorluachanna a raibh sé beartaithe iad a thomhas leis an staidreamh.

Is éard atá i gceist le hiontaofacht sonraí a ghaire atá an luach measta tosaigh don luach measta ina dhiaidh sin.

Tráthúlacht agus poncúlacht

Is éard is tráthúlacht ann an fad ama idir an teagmhas nó an feiniméan ar a dtugtar tuairisc sna sonraí agus infhaighteacht na sonraí.

Is éard is poncúlacht ann an t-aga moille idir an spriocdháta faoinar cheart sonraí a bheith seachadta agus seachadadh iarbhír na sonraí.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Tráthúlacht

Aga moille – na chéad torthaí le haghaidh táirgeoirí

Poncúlacht – seachadadh agus foilsiú le haghaidh úsáideoirí

Poncúlacht – seachadadh agus foilsiú le haghaidh táirgeoirí

Comhleanúnachas agus inchomparáideacht

Leordhóthanacht an staidrimh lena chomhcheangal go hiontaofa ar bhealaí éagsúla agus le haghaidh úsáidí éagsúla agus a mhéid is féidir difríochtaí idir staidreamh a chur i leith difríochtaí idir fíorluachanna na saintréithe staidrimh.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Inchomparáideacht – geografach

Inchomparáideacht – le himeacht ama agus fad na n-amshraitheanna inchomparáide le haghaidh úsáideoirí

Fad na n-amshraitheanna inchomparáide le haghaidh táirgeoirí

Comhleanúnachas – trasréimse

Comhleanúnachas – staidreamh fobhliantúil agus bliantúil

Comhleanúnachas – Cuntais Náisiúnta

Comhleanúnachas – inmheánach

An costas agus an t-ualach

An costas a bhaineann le táirge staidrimh a bhailiú agus a tháirgeadh agus an t-ualach ar fhreagróirí.

Athbhreithniú ar shonraí

Aon athrú ar luach staidrimh a eisítear don phobal.

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Athbhreithniú ar shonraí – beartas

Athbhreithniú ar shonraí – cleachtadh

Athbhreithniú ar shonraí – dearbhmhéid meánach

Próiseáil staidrimh

Áirítear leis an gcoincheap sin na fochoincheapa seo a leanas:

Sonraí foinse

Minicíocht an bhailithe sonraí

Bailiú sonraí

Bailíochtú sonraí

Tiomsú sonraí

Coigeartú


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ CÁILÍOCHTA AGUS FEIDHMÍOCHTA CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR CHÁILÍOCHT SHONRAÍ AGUS MHEITEASHONRAÍ CHUNTAIS EACNAMAÍOCHTA NA TALMHAÍOCHTA

Úsáidfear na fochoincheapa seo a leanas ó Iarscríbhinn I mar tháscairí measúnaithe.

Iomláine meiteashonraí – ráta

Cóimheas idir an líon eilimintí meiteashonraí a sholáthraítear agus an líon iomlán eilimintí meiteashonraí is infheidhme.

Iomláine sonraí – an ráta le haghaidh táirgeoirí

An cóimheas idir an líon ceall sonraí a sholáthraítear agus an líon ceall sonraí a éilíonn Eurostat.

Aga moille – na chéad torthaí le haghaidh táirgeoirí

An líon laethanta ó lá deireanach na tréimhse tagartha go dtí lá foilsithe na gcéad torthaí, ar leibhéal mionsonraithe na tuarascála táirgeora.

Poncúlacht – seachadadh agus foilsiú le haghaidh táirgeoirí

An líon laethanta idir dáta seachadta na sonraí agus an spriocdháta don seachadadh mar a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

Fad na n-amshraitheanna inchomparáide le haghaidh táirgeoirí

An líon tréimhsí tagartha in amshraith ón sos deireanach.

Athbhreithniú ar shonraí – dearbhmhéid meánach

Meán na ndearbh-athbhreithnithe ar phríomhtháscaire thar thréimhse ama.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1542/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)