European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1534

23.7.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1534 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

maidir le maoluithe sealadacha ar fhorálacha áirithe de Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 87(2), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), foráiltear go bhfuil an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

(2)

Níl na fógraí uile de bhun Airteagal 66(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2226 faighte ag an gCoimisiún, atá ar cheann de na coinníollacha maidir le cinneadh a dhéanamh faoi thús oibríochtaí EES.

(3)

Ní cheadaítear le Rialachán (AE) 2017/2226 ach tús iomlán a chur le hoibríochtaí, rud lena gceanglaítear ar na Ballstáit uile tús a chur le EES a úsáid go hiomlán le haghaidh na náisiúnach tríú tír uile atá faoi réir clárú in EES agus EES a úsáid go comhuaineach ag a bpointí trasnaithe teorann uile. Mar sin féin, is toisc riosca d’athléimneacht EES ina iomláine agus do shreafaí paisinéirí ag na teorainneacha seachtracha é tús iomlán a chur le hoibríochtaí fheidhmiúlachtaí uile EES ag gach pointe trasnaithe teorann ag an aon am amháin.

(4)

Chun a áirithiú go ndéanfar EES a sheoladh go rianúil, chun é a chur i bhfeidhm go tráthúil sna Ballstáit uile, chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt do na Ballstáit chun tús a chur le EES a úsáid laistigh de thréimhse ama atá sainithe go soiléir agus chun coigeartuithe teicniúla agus oibríochtúla a éascú agus tús á chur acu le EES a oibriú, is gá rialacha a leagan síos maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES ar lena linn ba cheart na Ballstáit a bheith in ann feidhmiú céimneach EES a roghnú. Chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna coigeartuithe sin sreafaí taistil agus buaiceanna séasúracha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh tionchar éigin a bheith ag tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES ar na Ballstáit i dtéarmaí ualach oibre méadaithe ag na pointí trasnaithe teorann, ba cheart tréimhse theoranta 180 lá a bheith i gceist le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí.

(5)

Chun tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EESa chumasú, is gá maolú go sealadach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá feidhm ag rialacha eile a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226 nach ndéantar difear dóibh leis an Rialachán seo mar a fhoráiltear sa Rialachán sin. Go háirithe, tá feidhm ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226 maidir leis na sonraí atá ar taifead in EES i rith an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES agus meastar, dá bhrí sin, go bhfuil na sonraí sin iontaofa agus cruinn. Ina theannta sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear do bhailíocht na bhfógraí a rinne na Ballstáit cheana féin de bhun Airteagal 66(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2226.

(6)

Ballstáit nach bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as EES go hiomlán ón uair a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart dóibh tús a chur de réir a chéile le EES a oibriú chun sonraí na náisiúnach tríú tír a thaifeadadh atá faoi réir clárú in EES ag pointe trasnaithe teorann amháin nó níos mó, nó ag ceann amháin nó níos mó de lánaí na bpointí trasnaithe teorann sin ar dhul isteach agus imeacht dóibh. Más féidir agus más infheidhme, ba cheart do na Ballstáit comhcheangal de phointí trasnaithe teorann aeir, talún agus mara a chuimsiú. Chun seoladh rialaithe EES a áirithiú agus chun amanna feithimh fada a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus iad a sheachaint, i gcás inarb ábhartha, agus más gá, ba cheart do na Ballstáit feidhmiúlachtaí uile EES a úsáid de réir a chéile agus sonraí na náisiúnach tríú tír uile atá faoi réir clárú in EES a thaifeadadh de réir a chéile. Chun a áirithiú go mbainfear lánúsáid as EES ag gach pointe trasnaithe teorann san Aontas, i gcás ina roghnaíonn na Ballstáit tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart é a chur chun feidhme i gcéimeanna, lenar cheart na híoscheanglais a bheidh le baint amach ag na Ballstáit a leagan síos. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann dlús a chur leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó tús iomlán a chur le hoibriú EES ó thús oibríochtaí EES. Ba cheart sonraí a phróiseáil de réir a chéile in EES agus lánurraim á tabhairt do chearta na n-ábhar sonraí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus níor cheart aon chineál idirdhealaithe ná próifílithe a bheith mar thoradh uirthi, go díreach nó go hindíreach, de réir bhrí an Rialacháin sin. I gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, treoir phraiticiúil bhreise a thabhairt maidir le próiseáil sonraí pearsanta in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí.

(7)

Chun cur in úsáid rianúil EES a éascú, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), plean ardleibhéil um fheidhmiú céimneach a fhorbairt chun treoraíocht a sholáthar do na Ballstáit agus do Europol maidir le cur in úsáid EES a phleanáil agus a chur i gcrích le linn an túis a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí (‘plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach’). Ba cheart do eu-LISA an plean sin a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Coimisiúin, do na Ballstáit agus do Europol. Leis an bplean sin, ba cheart spriocanna feidhmíochta agus infhaighteachta Lárchóras EES a dheimhniú chomh maith leis an straitéis maidir le mionlochtanna feidhmiúla, mórlochtanna feidhmiúla agus lochtanna feidhmiúla blocála a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart nósanna imeachta teagmhasacha a léiriú ann agus ba cheart treoir a thabhairt do na Ballstáit agus do Europol maidir le feidhmiú Lárchóras EES. Ba cheart an plean sin a bheith glactha ag Bord Bainistíochta eu-LISA. Ba cheart plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach a chur san áireamh sna cinntí ó na Ballstáit tús a chur le hoibríochtaí nó dlús a chur leo.

(8)

Chun cur in úsáid rianúil EES a éascú, ba cheart do gach Ballstát plean náisiúnta um fheidhmiú céimneach a fhorbairt i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le eu-LISA agus an plean sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás gach céime den tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart a chuimsiú sna pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach an fhaisnéis faoi na tairseacha agus na ceanglais a leagtar síos, go háirithe an méid seo a leanas: (i) an dáta a mheastar óna n-oibreofar EES ag pointí trasnaithe teorann; (ii) an céatadán measta den líon measta trasnuithe teorann atá le clárú in EES as líon iomlán na náisiúnach tríú tír atá faoi réir clárú in EES; agus (iii) i gcás inarb infheidhme, na feidhmiúlachtaí bithmhéadracha a bhfuiltear ag súil lena n-oibriú ag pointí trasnaithe teorann. Ba cheart do eu-LISA a mheas an bhfuil na pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach comhsheasmhach go teicniúil le plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach agus ba cheart dó a dheimhniú nach bhfuil aon easnaimh theicniúla iontu a d’fhéadfadh tuilleadh moille a chur ar thús oibríochtaí EES. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar chomhleanúnachas foriomlán na bpleananna náisiúnta uile um fheidhmiú céimneach agus ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gach plean náisiúnta um fheidhmiú céimneach na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Agus a bpleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach á n-ullmhú acu, moltar do na Ballstáit comhordú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, le hoibreoirí an bhonneagair ina bhfuil pointí trasnaithe teorann lonnaithe. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát tús a chur le hoibriú EES nó feidhmiúlachtaí bithmhéadracha EES a úsáid ag pointe trasnaithe teorann sonrach, ba cheart don Bhallstát sin na hoibreoirí bonneagair atá ina n-óstach ar an bpointe trasnaithe teorann sin a chur ar an eolas faoi sin. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha míosúla a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do eu-LISA maidir le cur chun feidhme a bpleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach. Ba cheart a shainaithint sna tuarascálacha míosúla sin dialltaí agus bearta ceartaitheacha, i gcás ina raibh gá leo, chun comhlíonadh na dtairseacha agus na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún soláthar pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach agus tuarascálacha míosúla ag na Ballstáit a éascú.

(9)

Ós rud é go bhféadfadh na sonraí atá ar taifead in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith neamhiomlán, ba cheart doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil go córasach ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh le linn na tréimhse sin. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta neamhiomláine fhéideartha na dtaifead ar dhul isteach/imeacht nó na dtaifead ar dhiúltú cead isteach a chur san áireamh. I gcás nach bhfuil aon sonraí EES ábhartha ann, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a mheas go mbeidh forlámhas ag stampaí. I gcás ina bhfuil stampa ar iarraidh, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a mheas go bhfuil forlámhas ag na sonraí atá ar taifead in EES. I gcás ina bhfuil neamhréireacht idir an comhad aonair ina bhfuil sonraí bithmhéadracha agus an stampa, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a mheas go bhfuil forlámhas ag sonraí EES. I gcás ina bhfuil neamhréireacht idir an comhad aonair gan sonraí bithmhéadracha agus an stampa nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, cibé acu atá forlámhas ag an stampa nó ag sonraí EES.

(10)

Ós rud é go bhféadfadh na sonraí atá ar taifead in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith neamhiomlán, níor cheart do na húdaráis náisiúnta na torthaí a sholáthraítear leis an áireamhán uathoibrithe maidir le huasfhad an fhanachta údaraithe atá fágtha ag náisiúnaigh tríú tír atá cláraithe in EES a chur san áireamh. Ar an gcuma chéanna, agus a gcúraimí á gcur i gcrích ag na húdaráis náisiúnta, níor cheart dóibh an sásra uathoibrithe a chur san áireamh chun an easpa taifead ar imeacht tar éis dháta éaga an fhanachta údaraithe nó na taifid inar sáraíodh uasfhad an fhanachta údaraithe, nó na liostaí a ghintear de dhaoine a shainaithnítear mar rófhantóirí a shainaithint nó a mharcáil.

(11)

Chun an t-am is gá a sholáthar do na Ballstáit chun dul in oiriúint do thús oibríochtaí EES, le linn na gcéad 60 lá den tús a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí EES, níor cheart úsáid feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag pointí trasnaithe teorann a bheith sainordaitheach. Moltar do na Ballstáit, áfach, úsáid a bhaint as na feidhmiúlachtaí sin le linn na tréimhse sin chun tacú le haistriú oibríochtúil rianúil agus chun brath agus réiteach tráthúil aon saincheisteanna cur chun feidhme a chumasú. Faoin 90ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí ESS, oibreoidh gach Ballstát EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag leath dá phointí trasnaithe teorann ar a laghad. Níor cheart soláthar sonraí bithmhéadracha a bheith ina choinníoll maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir clárú in EES ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha.

(12)

Chun freastal ar an ngá EES a chur in úsáid de réir feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag pointí trasnaithe teorann, níor cheart fíorú bithmhéadrach náisiúnach tríú tír atá faoi réir clárú in EES a dhéanamh ach amháin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha.

(13)

Chun comhleanúnachas oibríochtaí na hidir-inoibritheachta idir an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), arna bhunú le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (6) agus EES a áirithiú, níor cheart rochtain dhíreach a fháil ar VIS ach ag pointí trasnaithe teorann nach n-oibrítear EES acu. Ag pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES, ba cheart do na húdaráis teorann úsáid a bhaint as an idir-inoibritheacht idir EES agus VIS.

(14)

Ba cheart náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a gcuid sonraí le taifeadadh in EES a chur ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí maidir le próiseáil a gcuid sonraí i bhfoirm teimpléid dá bhforáiltear in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226. San fhaisnéis atá le soláthar do na náisiúnaigh tríú tír sin, ba cheart tagairt a dhéanamh don tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Ba cheart na náisiúnaigh tríú tír sin a chur ar an eolas sa teimpléad faoin oibleagáid atá orthu sonraí bithmhéadracha a sholáthar ag pointí trasnaithe teorann i gcás inarb ionann an oibleagáid sin agus coinníoll maidir le dul isteach, faoi na hiarmhairtí a bhaineann le gan sonraí bithmhéadracha a sholáthar, is é sin nach mbeidh siad in ann fad an fhanachta údaraithe atá fágtha a fhíorú trí mhodhanna uathoibrithe, agus faoin bhféidearthacht an uirlis áireamháin gearrfhanachta atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin a úsáid.

(15)

Chun léiriú a thabhairt ar thús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar shuíomh gréasáin EES, agus í a oiriúnú nuair is gá.

(16)

Ba cheart don Choimisiún, agus ról á thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, na hábhair faisnéise dá chuid a forbraíodh i gcomhthéacs Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2017/2226 a oiriúnú, chun an feachtas faisnéise a chur i gcrích a ghabhann le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES.

(17)

Le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, leis an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/2226, ní bheidh náisiúnaigh tríú tír in ann fad beacht a bhfanachta údaraithe a fhíorú go leictreonach.

(18)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’oibleagáidí aeriompróirí, muiriompróirí agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste mar a leagtar amach in Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (7) (‘An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme’) agus Treoir 2001/51/CE ón gComhairle (8). I ndáil leis sin, ba cheart d’iompróirí na stampaí a ghreamaítear de dhoiciméid taistil a fhíorú. Chun cumarsáid éifeachtach le hiompróirí a áirithiú maidir le EES a chur i bhfeidhm ar bhealach difreáilte ag na pointí trasnaithe teorann, rud a dtairbheodh taistealaithe de, tá sé ríthábhachtach go mbeidh cur chuige trédhearcach ag na Ballstáit maidir le EES a chur in úsáid ag na pointí trasnaithe teorann atá acu.

(19)

Foráiltear le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 12a de Rialachán (AE) 2016/399 maidir le hidirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha maidir le tús oibríochtaí EES. Chun go bhféadfar tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, is gá maolú ar na hAirteagail sin chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag an idirthréimhse ná ag na bearta idirthréimhseacha ach amháin tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart. Ba cheart gan feidhm a bheith ag an maolú sin 5 bliana agus 180 lá tar éis an dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí faoi mar a chinn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

(20)

Chun a áirithiú nach ndéanfaidh údaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, cinntí atá bunaithe go heisiach ar shonraí atá ar taifead in EES, ba cheart dóibh a chur san áireamh go bhféadfadh tacair sonraí neamhiomlána a bheith i gcomhaid aonair a chláraítear in EES. Ba cheart gan feidhm a bheith ag an maolú sin 5 bliana agus 180 lá tar éis an dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 chun an tréimhse choinneála 5 bliana le haghaidh tacair sonraí a léiriú a bhfuil an taifead ar imeacht in easnamh ina leith mar a leagtar amach in Airteagal 34(3) den Rialachán sin. Taifid ar dhul isteach agus ar imeacht a chruthaítear le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, níor cheart iad a úsáid le haghaidh tuairisciú uathoibrithe, ná le haghaidh próisis uathoibrithe, lena n-áirítear ceadú uathoibrithe ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(21)

Agus comhlíontacht na bhforálacha i Rialachán (AE) 2017/2226 maidir le sonraí a leasú agus luath-léirscriosadh sonraí á n-áirithiú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na sonraí neamhiomlána a chomhlánú a mhéid is ceadmhach le hinfhaighteacht theoranta na dtacar sonraí atá ar taifead in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.

(22)

Níor cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) rochtain a fháil ar shonraí atá ar taifead in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES chun anailísí riosca agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh, mar go bhféadfadh anailísí riosca míthreoracha agus measúnuithe leochaileachta míthreoracha a bheith mar thoradh ar neamhiomláine na sonraí.

(23)

Chun bainistiú éifeachtach na dteorainneacha seachtracha a áirithiú le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha seo a leanas. Ag na pointí trasnaithe teorann nach n-oibrítear EES acu, déanfar seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 de réir mar is infheidhme an lá roimh an dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226. Ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES, ba cheart seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2016/399 chomh maith leis na maoluithe sonracha ó na Rialacháin sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le fíorú ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ionas gur féidir tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Ba cheart na seiceálacha teorann sin a dhéanamh gan dochar d’fhíoruithe sealbhóirí víosa trí mhéarloirg a úsáid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(24)

Chun gur féidir coigeartú éifeachtach a dhéanamh ar shocruithe teicniúla agus eagraíochtúla le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES i ngach Ballstát agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina gcliseann ar Lárchóras EES, ar chórais náisiúnta nó ar bhonneagar cumarsáide, ar cásanna iad a chuireann isteach go mór ar oibriú EES, nó chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla as a n-eascraíonn trácht chomh dian sin go n-éiríonn an t-am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit uile, is cuma cé acu a thosaíonn siad ag úsáid EES go hiomlán nó de réir a chéile, oibríochtaí EES ag pointí trasnaithe teorann áirithe a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Níor cheart do na Ballstáit an fhéidearthacht sin a úsáid ach amháin nuair atá fíorghá leis an bhfionraí sin agus ar feadh na tréimhse ama is giorra is féidir. I gcás fionraí pháirteach, ba cheart clárú sonraí bithmhéadracha in EES a chur ar fionraí. I gcás fionraí iomlán, níor cheart aon sonraí a thaifeadadh in EES. Níor cheart go ndéanfadh fionraí den sórt sin difear d’oibleagáidí maidir leis an amlíne chun tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ach d’fhéadfadh sí difear sealadach a dhéanamh do na tairseacha clárúcháin.

(25)

Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí breise a bhaineann le cur in úsáid EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit go léir, in imthosca eisceachtúla as a n-eascraíonn trácht atá chomh dian sin go n-éiríonn an t-am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach, chun clárú sonraí bithmhéadracha in EES a chur ar fionraí go dtí tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart. Ba cheart fionraí den sórt sin a bheith indéanta ar feadh tréimhse theoranta 90 lá tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart. Ba cheart 60 lá a chur leis an tréimhse sin go huathoibríoch má tá sonraí bithmhéadracha i níos lú ná 80 % de na comhaid aonair a chláraítear in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.

(26)

Ba cheart do eu-LISA tuarascálacha a eisiúint i ndáil le staidreamh maidir le húsáid EES, rud ar cheart na nithe seo a leanas a dhéanamh leis: feidhmíocht EES a mheas, measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na mBallstát le plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach agus leis na pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach, réimsí le feabhas a chur orthu a shainaithint, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo maidir leis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, agus tacú le cinnteoireacht a bhaineann le tuilleadh forbartha agus optamaithe a dhéanamh ar EES. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 63(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, foilseoidh eu-LISA staidreamh maidir le húsáid EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí. Thairis sin, ba cheart do eu-LISA leanúint dá thuairisciú tráthrialta do Bhord Bainistíochta eu-LISA. Ba cheart do Bhord Bainistíochta an Chláir de chuid eu-LISA faireachán a dhéanamh ar an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí.

(27)

Ba cheart an obair ullmhúcháin a bhaineann le plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach agus leis na pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach a spreagadh le dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí EES, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (EU) 2017/2226, a chur san áireamh i bplean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach agus sna pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach. Tá na coinníollacha uile a liostaítear san Airteagal sin le comhlíonadh in am trátha ionas go mbeidh an Coimisiún in ann an cinneadh a ghlacadh lena socrófar an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí EES roimh thús na hoibre ullmhúcháin sin, agus an Treochlár Idir-inoibritheachta a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 5 Márta 2025 á chur san áireamh. Go háirithe, tá gach fógra de bhun Airteagal 66(1), pointe (c), den Rialachán sin le fáil ag an gCoimisiún in am trátha. Ba cheart tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, agus ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ón dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí EES de réir mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán(AE) 2017/2226. Ós rud é go bhforáiltear leis an Rialachán seo do mhaoluithe sealadacha, ba cheart scor d’fheidhm a bheith aige 180 lá ón dáta sin. Mar sin féin, na forálacha lena bhforáiltear do mhaoluithe ó chur i bhfeidhm na hidirthréimhse agus na mbeart idirthréimhseach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2226, ó rochtain ar shonraí EES agus ó fhíorú a bheith á dhéanamh ag iompróirí ar stampaí a ghreamaítear de na doiciméid taistil, chomh maith leis na forálacha maidir le EES a chur ar fionraí, ba cheart feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse theoranta tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart.

(28)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha a leagan síos maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES agus maidir le maoluithe ar Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2016/399, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(29)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(30)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (12). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(31)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (13) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (14).

(32)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (15), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (16).

(33)

Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (18).

(34)

Maidir leis an gCipir, is é atá i bhforálacha an Rialacháin seo a bhaineann le VIS forálacha a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003. Chun EES a oibriú, ní mór rochtain éighníomhach ar VIS a dheonú. Ós rud é nach bhféadfaidh ach na Ballstáit sin a chomhlíonann na coinníollacha a bhaineann le VIS EES a oibriú ag tús oibríochtaí EES, ní oibreoidh an Chipir EES ó thús na n-oibríochtaí. Tá an Chipir le nascadh le EES a luaithe a chomhlíonfar coinníollacha an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/2226.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus thug sé tuairim uaidh an 10 Márta 2025.

(36)

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha dochta maidir le rochtain ar EES, chomh maith leis na cosaintí is gá don rochtain sin le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES agus ar feadh tréimhse shonraithe tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart. Coimeádtar leis freisin cearta an duine aonair i ndáil le rochtain, ceartú, comhlánú, léirscriosadh agus sásamh, go háirithe an ceart leigheas breithiúnach a fháil agus an ceart go ndéanfadh údaráis neamhspleácha phoiblí maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí ESS. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun dínite daonna, an toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe, an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.

(37)

Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES), arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2017/2226, ag teorainneacha na mBallstát ag a n-oibrítear EES i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin agus maidir le maoluithe sealadacha ó fhorálacha áirithe de Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2016/399 (EES).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES’ an tréimhse 180 lá dar tús an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí EES a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(2)

ciallaíonn ‘údaráis náisiúnta’ na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(3)

ciallaíonn ‘líon measta trasnuithe teorann’ líon trasnuithe teorann a mheasann Ballstát a bheith déanta ag náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 le haghaidh an Bhallstáit sin bunaithe ar mheán bliantúil den líon iomlán trasnuithe teorann ag na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/2226 ag náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal chuig an mBallstát sin le haghaidh gearrfhanachta, arna ríomh le haghaidh an 2 bhliain féilire roimh an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí EES arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Airteagal 3

Pleananna um fheidhmiú céimneach agus tuairisciú

1.   Faoin 25 Lúnasa 2025, cuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) plean ardleibhéil um fheidhmiú céimneach ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit, chomh maith le Europol, maidir leis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES (‘plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach’), agus na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(2) go (5) á gcur san áireamh. Leis an bplean sin, tacófar le hoibriú éifeachtach leanúnach Lárchóras EES trí spriocanna feidhmíochta agus infhaighteachta Lárchóras EES a dheimhniú, chomh maith leis an straitéis maidir le mionfhabhtanna feidhmiúla, mórfhabhtanna feidhmiúla agus fabhtanna feidhmiúla blocála a d’fhéadfadh a bheith ann, léireofar ann nósanna imeachta teagmhasacha agus tabharfar treoir ann do na Ballstáit agus do Europol maidir le feidhmiú Lárchóras EES.

Glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach.

2.   Faoin 24 Meán Fómhair 2025, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le eu-LISA, forbróidh gach Ballstát plean náisiúnta um fheidhmiú céimneach maidir leis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES (an ‘plean náisiúnta um fheidhmiú céimneach’), agus plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach á chur san áireamh, agus tarchuirfidh sé an plean sin chuig an gCoimisiún. I gcás nach dtosóidh Ballstát ag feidhmiú EES go hiomlán ón uair a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, sonrófar ina phlean náisiúnta um fheidhmiú céimneach conas atá na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 le comhlíonadh.

Breithneoidh eu-LISA an bhfuil na pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach comhsheasmhach go teicniúil le plean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach agus deimhneoidh sé nach bhfuil aon easnaimh theicniúla iontu a d’fhéadfadh tuilleadh moille a chur ar thús oibríochtaí EES. Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar chomhleanúnachas foriomlán na bpleananna náisiúnta uile um fheidhmiú céimneach agus ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gach plean náisiúnta um fheidhmiú céimneach na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát tús a chur le hoibriú EES nó feidhmiúlachtaí bithmhéadracha EES a úsáid ag pointe trasnaithe teorann sonrach, déanfaidh an Ballstát sin na hoibreoirí bonneagair atá ina n-óstach ar an bpointe trasnaithe teorann sin a chur ar an eolas faoi sin.

3.   Ón 30ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, soláthróidh na Ballstáit tuarascálacha míosúla do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do eu-LISA ina ndeimhneofar cur chun feidhme a bpleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach nó ina sainaithneofar dialltaí agus bearta ceartaitheacha i gcás inar ghá sin chun na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 a chomhlíonadh.

4.   Éascóidh an Coimisiún soláthar pleananna náisiúnta gonta um fheidhmiú céimneach agus tuarascálacha míosúla ó na Ballstáit.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an staidreamh is gá chun go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme phlean ardleibhéil eu-LISA um fheidhmiú céimneach agus ar na pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach, i gcomhréir le hAirteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2017/2226.

6.   I gcás inar gá, tabharfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, treoir phraiticiúil bhreise maidir le próiseáil sonraí pearsanta in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.

Airteagal 4

Tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES

1.   De mhaolú ar Airteagal 66(6) de Rialachán (AE) 2017/2226, le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, úsáidfidh na Ballstáit EES mar a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo.

2.   Ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, tosóidh gach Ballstát de bheith ag úsáid EES ar dhul isteach agus ar imeacht do dhaoine ag pointe trasnaithe teorann amháin nó níos mó agus, más féidir agus más infheidhme, le meascán de phointí trasnaithe teorann aeir, talún agus mara, chun sonraí na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a thaifeadadh agus a stóráil. Faoin 30ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, cláróidh gach Ballstát in EES 10 % ar a laghad den líon measta trasnuithe teorann sa Bhallstát sin.

Le linn an chéad 60 lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, féadfaidh na Ballstáit EES a oibriú gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, agus féadfaidh na húdaráis náisiúnta comhaid aonair gan sonraí bithmhéadracha a chruthú nó a nuashonrú.

3.   Faoin 90ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí ESS, oibreoidh gach Ballstát EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag leath a phointí trasnaithe teorann ar a laghad. Cláróidh gach Ballstát in EES 35 % ar a laghad den líon measta trasnuithe teorann don Bhallstát sin. Beidh sonraí bithmhéadracha i gcomhaid aonair na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a chlárófar in EES.

4.   Faoin 150ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, oibreoidh gach Ballstát EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag a phointí trasnaithe teorann uile agus déanfaidh sé 50 % ar a laghad den líon measta trasnuithe teorann don Bhallstát sin a chlárú in EES.

5.   Faoin 170ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, oibreoidh gach Ballstát EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag a phointí trasnaithe teorann uile, agus cláróidh siad in EES na náisiúnaigh tríú tír uile dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226.

6.   Diúltuithe cead isteach, a chinnfear ag pointe trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES, taifeadfar in EES iad, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226.

Chun críche na míre seo, i gcás ina n-oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, taifeadfar diúltuithe cead isteach le sonraí bithmhéadracha.agus, i gcás ina n-oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, taifeadfar diúltuithe cead isteach gan sonraí bithmhéadracha.

7.   Ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, úsáidfidh Europol EES mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2017/2226.

Airteagal 5

Maoluithe eile ar Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2016/399

1.   De bhreis ar na rialacha a leagtar amach in Airteagal 4, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES gan beann ar an gcaoi a roghnóidh na Ballstáit tús a chur le EES a oibriú.

2.   Déanfaidh údaráis teorann doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a stampáil ar dhul isteach agus imeacht do dhaoine.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí stampála dá dtagraítear in Airteagal 42a(1), an dara fomhír, agus in Airteagal 42a(2), (5) agus (6) de Rialachán (AE) 2016/399 sna Ballstáit a oibríonn EES.

3.   Chun na sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh agus a cheadú in EES, déanfaidh na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 23 go 29, 31, 32, 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2017/2226 an méid seo a leanas:

(a)

a mheas go bhfuil forlámhas ag stampaí i gcás nach bhfuil aon sonraí EES ábhartha ann;

(b)

a mheas go bhfuil forlámhas ag sonraí EES:

(i)

i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir an comhad aonair ina bhfuil sonraí bithmhéadracha agus an stampa; nó

(ii)

i gcás ina bhfuil stampa ar iarraidh;

(c)

a chinneadh ar bhonn cás ar chás cé acu ag an stampa nó ag na sonraí EES atá an forlámhas:

(i)

i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir an comhad aonair gan sonraí bithmhéadracha agus an stampa a greamaíodh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo; nó

(ii)

i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Ní dhéanfaidh údaráis náisiúnta ná Europol cinntí a dhéanfadh dochar do dhaoine aonair, ar cinntí iad atá bunaithe go heisiach ar gan an dul isteach nó an t-imeacht líomhnaithe a bheith cláraithe in EES.

4.   In éagmais stampa a bheith greamaithe den doiciméad taistil agus de chomhad aonair a cruthaíodh in EES le haghaidh náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Bhallstáit, féadfaidh na húdaráis náisiúnta a thoimhdiú nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír na coinníollacha a bhaineann le dul isteach nó fanacht sna Ballstáit, nó nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír a thuilleadh iad.

Ní bheidh feidhm ag an toimhde dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le náisiúnaigh tríú tír a dhéanann, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte a chur ar fáil a léiríonn go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, nó go bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta aige nó aici.

Féadfar an toimhde dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhréagnú i gcás ina gcuirfidh an náisiúnach tríú tír ar fáil, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte, amhail ticéid taistil nó cruthúnas go raibh an náisiúnach tríú tír lasmuigh de chríoch na mBallstát nó cruthúnas ar dháta éaga ceada chónaithe nó víosa fadfhanachta, a bhí aige nó aici roimhe sin, a léiríonn gur urramaigh sé nó sí na coinníollacha a bhaineann le fad gearrfhanachta.

I gcás ina mbréagnófar an toimhde dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh na húdaráis náisiúnta a úsáideann EES ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas, a mhéid a cheadaítear leis an Rialachán seo:

(a)

comhad aonair don náisiúnach tríú tír sin a chruthú in EES, más gá;

(b)

an taifead is déanaí ar dhul isteach/imeacht don náisiúnach tríú tír sin a nuashonrú trí na sonraí atá in easnamh a iontráil;

(c)

comhad aonair atá ann cheana don náisiúnach tríú tír sin a léirscriosadh i gcás ina ndéantar foráil in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/2226 maidir leis an léirscriosadh sin.

5.   Ní bhainfidh údaráis teorann úsáid as an idir-inoibritheacht idir EES agus VIS dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 ach amháin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES. Leanfaidh údaráis teorann de VIS a rochtain go díreach:

(a)

ag na pointí trasnaithe teorann nach n-oibrítear EES acu;

(b)

i gcás ina gcuirtear EES ar fionraí de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo.

6.   Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta agus Europol neamhaird ar na nithe seo a leanas:

(a)

torthaí an áireamháin uathoibrithe lena soláthraítear faisnéis maidir le huasfhad an fhanachta údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b)

an liosta a ghintear go huathoibríoch de rófhantóirí agus a iarmhairtí, go háirithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (c) agus (h), Airteagal 12(3), Airteagal 16(4), Airteagal 34(3), Airteagal 50(1), pointí (i) agus (k), agus Airteagal 63(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/2226.

7.   Chun críocha Airteagail 45 agus 48 de Rialachán (AE) 2017/2226, ní mheasfar oibríochtaí próiseála sonraí EES a dhéanfaidh Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a bheith neamhdhleathach ná neamhchomhlíontach le Rialachán (AE) 2017/2226.

8.   Déanfar céannacht náisiúnach tríú tír agus clárú náisiúnach tríú tír roimhe sin de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226 a fhíorú i leith na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) den Rialachán sin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, lena n-áirítear trí chórais féinseirbhíse, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

9.   I dteannta na faisnéise sonraí dá dtagraítear in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226 atá le cur isteach ag na Ballstáit sa teimpléad chun faisnéis a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) den Rialachán sin maidir le próiseáil a sonraí pearsanta in EES, forlíonfaidh na Ballstáit an teimpléad sin tráth a bheidh comhad aonair an duine lena mbaineann á chruthú leis an bhfaisnéis seo a leanas:

‘Tabhair do d’aire go bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta á fheidhmiú de réir a chéile. Le linn na tréimhse seo [ón …], d’fhéadfadh sé nach mbaileofaí do shonraí pearsanta, lena n-áirítear do shonraí bithmhéadracha, chun críocha an Chórais Dul Isteach/Imeachta ag teorainneacha seachtracha gach Ballstáit. Má tá bailiú na faisnéise sin éigeantach agus má roghnaíonn tú gan í a sholáthar, diúltófar cead isteach duit. Le linn an fheidhmithe de réir a chéile, ní chuirfear do shonraí go huathoibríoch le liosta rófhantóirí. Ina theannta sin, ní bheidh tú in ann a sheiceáil cá fhad eile a bheidh tú údaraithe le fanacht trí shuíomh gréasáin EES ná an trealamh atá le fáil ag pointí trasnaithe teorann a úsáid. Is féidir leat fad d’fhanachta údaraithe a fhíorú trí úsáid a bhaint as an uirlis áireamháin gearrfhanachta atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/schengen/border-crossing/short-stay-calculator_ga.

Tar éis an Córas Dul Isteach/Imeachta a bheith feidhmithe de réir a chéile, déanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil mar a leagtar amach ar bhealach eile san fhoirm seo.’.

10.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin EES dá dtagraítear in Airteagal 50(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.

11.   San fheachtas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2017/2226 a bheidh ag gabháil le tús oibríochtaí EES, léireofar na coinníollacha sonracha ag na pointí trasnaithe teorann. Áiritheofar leis an bhfeachtas faisnéise sin go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha in iúl dóibh siúd a ndéanfar difear dóibh agus cuirfear san áireamh ann na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún, agus ról á thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, na hábhair don fheachtas faisnéise sin a oiriúnú laistigh de thréimhse ama réasúnta, sula gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus na hábhair sin á n-ullmhú acu.

12.   Cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Airteagal 11(3), Airteagal 12(1) agus (2), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2226, chomh maith le cur i bhfeidhm Airteagal 8(9) de Rialachán (AE) 2016/399.

13.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 12a de Rialachán (AE) 2016/399, beidh feidhm ag an idirthréimhse agus ag na bearta idirthréimhseacha a leagtar amach sna hAirteagail sin ón gcéad lá tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart.

14.   Ag na pointí trasnaithe teorann nach n-oibrítear EES acu, déanfar seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 de réir mar is infheidhme an lá roimh an dáta óna bhfuil EES le tús a chur le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Ag na pointí trasnaithe teorann ag a n-oibrítear EES, déanfar seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2016/399.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ag na pointí trasnaithe teorann ina n-oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1), pointe (f)(i), de Rialachán (AE) 2016/399 agus, chun críocha EES amháin, ag na forálacha maidir le fíorú náisiúnach tríú tír ar bhonn sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f)(ii), agus Airteagal 8(3), pointí (a) agus (g), den Rialachán sin.

Chun críocha an Rialacháin seo, cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Airteagal 9(3) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/399.

15.   De mhaolú ar Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2017/2226, leanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir de chuid eu-LISA dá ghníomhaíochtaí go dtí go mbeidh an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí oibríochtaí EES thart. Go háirithe, déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir de chuid eu-LISA faireachán ar an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, lena n-áirítear cobhsaíocht Lárchóras EES, agus molfaidh sé gníomhaíochtaí breise i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 6

Rochtain ar shonraí EES

1.   Déanfar neamhiomláine fhéideartha na sonraí atá ar taifead in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí, de bharr oibríochtaí athraitheacha EES i ngach Ballstát le linn na tréimhse sin, a chur san áireamh mar a leanas:

(a)

ag údaráis náisiúnta agus Europolagus rochtain á fáil acu ar na taifid ar dhul isteach agus imeacht atá cláraithe in EES agus a dtascanna á bhfeidhmiú acu;

(b)

ag na húdaráis náisiúnta agus sonraí EES á gcur in iúl acu i gcomhréir le hAirteagail 41 agus 42 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(c)

ag Láraonad ETIAS chun críoch fíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 25a(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(d)

ag na húdaráis inniúla, ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais chun críche tuairiscithe agus staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226.

2.   Fíoróidh iompróirí na stampaí a ghreamófar de na doiciméid taistil d’fhonn a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme agus faoi Threoir 2001/51/CE ar feadh na tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES. De mhaolú ar Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, féadfaidh iompróirí tús a chur le húsáid na seirbhíse gréasáin dá dtagraítear san Airteagal sin ón 90ú lá ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES.

Le linn tréimhse 180 lá tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, leanfaidh iompróirí d’fhíorú a dhéanamh ar na stampaí a ghreamaítear de dhoiciméid taistil, i dteannta an tseirbhís gréasáin a úsáid de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, d’fhonn a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus faoi Threoir 2001/51/CE.

3.   Agus na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 52 de Rialachán (AE) 2017/2226 i ndáil le sonraí pearsanta atá ar taifead in EES a chur i gcrích á gcomhlíonadh ag na Ballstáit, ní chomhlánóidh siad na sonraí pearsanta ábhartha ach a mhéid is féidir agus aird á tabhairt ar infhaighteacht theoranta na dtacar sonraí a bhaileofar le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. I gcás inarb infheidhme, déanfar tagairt sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 52(4) den Rialachán sin do na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(2) go (4) den Rialachán seo lenar féidir comhaid neamhiomlána a chlárú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 63(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2226, ní bheidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d’fhonn na sonraí atá ar taifead in EES a cheadú le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES chun anailísí riosca nó measúnuithe leochaileachta a dhéanamh.

Airteagal 7

EES a chur ar fionraí

1.   Le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, féadfaidh na Ballstáit oibríochtaí EES ag pointí áirithe trasnaithe teorann a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcás ina gclisfidh ar Lárchóras EES, ar chórais náisiúnta, nó ar bhonneagar cumarsáide sa chaoi go gcuirfear isteach go mór ar oibríochtaí EES, nó in imthosca eisceachtúla as a n-eascróidh an oiread sin tráchta go mbeidh am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach.

I gcás fionraí pháirteach, baileoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 16 go 20 de Rialachán (AE) 2017/2226, cé is moite de shonraí bithmhéadracha.

I gcás fionraí iomlán, cuirfidh na Ballstáit oibríochtaí EES ar fionraí go hiomlán agus ní bhaileoidh siad aon sonraí dá dtagraítear in Airteagail 16 go 20 den Rialachán sin.

Sa dá chás, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA go pras, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 6 uair an chloig ó thús fhionraí oibríochtaí EES, faoin gcúis atá le EES a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán agus faoi fhad ionchasach nó iarbhír na fionraí sin. Más ábhartha i bhfianaise imthosca áitiúla na bpointí trasnaithe teorann, cuirfidh na Ballstáit oibreoirí bonneagair a bhfuil na pointí trasnaithe teorann á n-óstáil acu agus iompróirí ar an eolas faoin bhfionraí sin.

A luaithe a thiocfaidh deireadh leis an staid ba chúis leis an bhfionraí, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA go pras. I gcásanna ina ndearna siad oibreoirí bonneagair a bhfuil na pointí trasnaithe teorann á n-óstáil acu agus iompróirí a chur ar an eolas faoin bhfionraí, cuirfidh na Ballstáit in iúl dóibh go bhfuil deireadh tagtha leis an staid ba chúis leis an bhfionraí.

2.   I gcás ina gclisfidh ar Lárchóras EES, tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit go pras faoin gcúis atá leis an gcliseadh sin agus faoin bhfad a mheastar a mhairfidh sé. Tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit go pras freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. Deimhneoidh na Ballstáit uile go pras don Choimisiún agus do eu-LISA nuair a chuirfear tús arís le hoibríochtaí EES.

3.   Le linn tréimhse 90 lá tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, féadfaidh na Ballstáit oibríochtaí EES a chur ar fionraí go páirteach mar a thagraítear dó i mír 1, an dara fomhír, ag pointe áirithe trasnaithe teorann ar feadh 6 uair an chloig ar a mhéad i gcúinsí eisceachtúla as a n-eascraíonn an oiread sin tráchta a fhágann go mbíonn an t-am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach. Le linn fionraí pháirteach den sórt sin, beidh na Ballstáit díolmhaithe óna n-oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a mhéid a bhaineann le sonraí bithmhéadracha a chlárú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA go pras, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 6 uair an chloig ó thús na fionraí páirtí, faoin gcúis atá leis an bhfionraí agus faoi fhad measta nó iarbhír na fionraí sin.

4.   Más rud é, le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, go bhfuil sonraí bithmhéadracha i níos lú ná 80 % de na comhaid aonair a chláraítear in EES, cuirfear síneadh 60 lá go huathoibríoch leis an tréimhse 90 lá dá dtagraítear i mír 3.

5.   Faoin 10ú lá tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, soláthróidh eu-LISA staidreamh don Choimisiún a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún a fhíorú ar baineadh amach an céatadán sin dá dtagraítear i mír 4. Faoin 30ú lá tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi thoradh a fhíoraithe.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh EES i bhfeidhm mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3 den Rialachán seo ón 26 Iúil 2025.

2.   Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige 180 lá ón dáta a thiocfaidh EES i bhfeidhm mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226. Mar sin féin:

(a)

scoirfidh Airteagal 5(13) agus Airteagal 6(1), (3) agus (4) d’fheidhm a bheith acu 5 bliana agus 180 lá ón dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b)

scoirfidh Airteagal 6(2), an dara fomhír, d’fheidhm a bheith aige 360 lá ón dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(c)

scoirfidh Airteagal 7(3) agus (4) d’fheidhm a bheith acu 330 lá ón dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(d)

scoirfidh Airteagal 7(5) d’fheidhm a bheith aige 210 lá ón dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2025.

(2)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2226/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99). http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1726/oj).

(6)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) a bhunú (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/512/oj).

(7)   IO L 239, 22.9.2000, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2000/922/oj.

(8)  Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001, lena bhforlíontar forálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme (IO L 187, 10.7.2001, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/51/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/oj).

(12)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).

(13)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.

(14)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).

(15)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(16)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).

(17)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(18)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).

(19)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1534/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)